Máire Bhuí Ní Laoghaire
Ar amhráintí mhóra Mhúscraí, bheadh ort Cath Chéim an Fhia a chur go hard ann. Seo an seod ba mhó a chum Máire Bhuí Ní Laoghaire mar gheall ar chath idir na buachaillí bána agus na Sasanaigh. Chaill sí duine dá clann sa chath agus is oiriúnach an chloch cuimhneacháin an amhrán so ina dhiaidh aige.
De ghnáth, ní chloistear ach véarsaí 1, 2, 3, 5, 6 ach tá leagan iomlán den dáin anseo agam toisc gur álainn an teanga atá le léamh ann.
Bhí agus tá sé le fáil go fairsing i Múscraí ag leithéidí Peaití Tadhg Pheig Ó Tuama, Nell Ní Chróinín, Diarmuidín Maidhcí.
Chomh maith chéanna, faightear lasmuigh den cheantar agus lasmuigh den chontae fiú ag Nioclás Tóibín, mar shampla.
Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)
Léirigh Seán Ó Cróinín scéal agus béaloideas an chatha (Marbhnú an Fhir nár Rugadh Riamh) san Irish Independent i 1963
Cois abhann Ghleanna an Chéama in Uíbh Laoghaire sea bhímse
Mar a dtéann an fia san oíche chun síor chodladh sóil
Ag machnamh seal liom féinig, ag déanamh mo smaointe.
Ag éisteacht i gcoilltibh le binn ghuth na n-eon
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar
Is glór na n-each ag teacht le sians
Le fuaim an airm do chrith an sliabh
‘S níor bhinn linn a nglór
Thánadar go namhadmhar mar a thiocfadh garda de chonnaibh nimhe
Agus cumha mo chroí na sár-fhir d’fhágadar gan treoir.
Níor fhan fear, bean ná páiste i mbun áitrimh ná tí acu
Ná gártha goil do bhí acu ‘s na mílte olagón
Ag féachaint ar an ngarda go láidir ‘na dtimpeall
Ag lámhach ‘s ag líonadh ‘s ag scaoileadh ‘na dtreo
An liú gur lean i bhfad i gcian; ‘sé dúirt gach flaith ‘nár mhaith leis triall
Gluaisíg go mear tá an cath dá riar agus téimís ‘na chóir
Thánadar na sáirfhir, guím áthas ar Chlannaibh Gael
‘S thiomáineadar na Páinigh le fánaig ar seol.
Ba ghairid uainn go dtáinig lámh láidir inár dtimpeall
Do scaipeadar ár ndaoine ar gach muilinn faoin gceo
Bhí an Burrach ‘na bhumbáile ‘cu, Barnett agus Beecher,
Hedges agus Faoitigh, is na mílte eile leo.
A Rí na bhFeart go lagaidh iad gan chliú, gan mheas, gan rath, gan séan.
Go tinte meara i measc na bpian gan faoiseamh go deo,
Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as an dtóir
Ach bheith ag déanamh grinn de ‘s á insint ar só.
Is an bhliain seo anois atá againn, beidh rás ar gach smíste,
Cuirfeam insa díg iad, dríb orthu is fóid,
Ní iarrfam cúirt ná stáitse, beidh árdchroch ‘na suí againn
Is an chnáib go slachtmhar snímhte le díoltas ‘na chomhair;
Is acu ‘tá an tslat, is olc í a riail,
I gcóistíbh greanta is maith é a ngléas,
Gach sórd le caitheamh – fleadh ‘gus féasta- ag béaraibh ar bórd,
Gurbh é deir gach údar cruinn liom sara gcríochna seiad deire Fhómhair
Ins a leabhar so Pastorína go ndíolfaid as an bpóit.
Do bhí Smith ar a thár in airde, ar ard leachainn fhraoigh dhuibh,
Ba ghránna a bhí a ghnaoi ‘s gan tinte ar a thóin nár bheireadh crídh is fearr iad,
An t-ál so Chailbhin choithigh
Nár ghéill riamh do Chríost ach púimp agus póit
Beidh na sluaite fear ag teacht gan chiach,
Ar longaibh mara is fada é a dtriall,
‘S an Francach Théas nár mheathlaigh riamh, i bhfaobhar is i gcóir.
Beidh cathracha á stríocadh agus tinteacha á lasadh leo
Tá’n cairde fada díolta ‘s an líon rith ina gcomhair.
‘S a Chlanna Gaeil na n-Árann,
Ná stánaíg is ná stríocaíg,
Is gearr anois gan mhoill go mbeidh críoch le bhur ngnó
Tógaíg suas bhúr gcráiste tá an t-ál so le díbirt,
Go hifrinn á díreadh idir thínteachaibh teo.
Bíodh bhur bpící glana i gceart ‘s i ngléas,
Téigí chun catha ná fanaíg ‘siar,
Tá cabhair ag teacht le toil ó Dhia agus léiríg na póirc;
Sáig isteach go dána, in áitreamh a dtáinig romhaibh
Is mithid daoibh é fháil ‘s tá ‘n cairde maith go leor.
Stadfad feasta dem dhántaibh táim láimh leis an gcríonacht,
Tá iomarca den drochchroí agam do bhuíon na mbolg mór
Ní gean dom a thuilleadh a rá leo , nár fearr don mbuíon é,
Anh ár agus sceimhle go dtigidh ar a gcór;
Nára dian dóibh stad ar sheal dá ngléas,
Nára dian dóibh carraig, cnoc ná sliabh,
Mar a mbíodh an sionnach mear dá fiach
Is a ghéim acu ar seol;
Beidh gach sáirfhear croíúil ‘s a phíce ‘gus a shleá ‘na dhóid
Gan súil le sásamh choiche ná díol as go deo.