Sin Teilgthe a’ Beatha Flatha is Uaisle Gael

Séamas Mór Ó Muimhneacháin

Sin teilgthe a’ beatha flatha is uaisle Gael,
A n-eirbeall scartha amach a’ fuaimint tís,
An deireadh orthu ‘ghaibh ní braitear buan in aois
Chun feirme ‘ghlacadh i gceart don chuaine roimhe.

Is deireanach dealbh thaistil sluaite díobh
Le heitim de bharra mara i mbualadh an rí,
Gan leisce go gcaithfid seasamh suas ‘na bhflít
Le sceilimis catha i dtreasaibh trua gan tim.

Le seilbh ó ghaibh na galla ghluais thar toinn
Is ag ligean a mbrat amach i gcluantaibh aoil,
do dheileadar astu in aistear uathu sinn
Sa leirg is measa ar shleasaibh fuara fraoigh.

Tá feiste acu ag caitheamh beatha suairc le fíon,
Is geideal ar eachaibh meara i mbuaic gach claí
I ndeifir nach feas cén capall bhuafas díobh
Ar leigean an tseannaigh fhada rua dá chloí.

Freagra