An Influenza

Fonn: An Paidrín Páirteach

le Gael na nGael

Bhí Gael na nGael ina luí ar leabaidh leis an aicíd seo, ach nuair a fuair sé an chéad fhaoiseamh do dhein sé an laoi so sular fhág sé an leabaidh.

Sin agaibh mo scéal gan bhaos gan mhailís,
Fé mar theagmhaíonn tráth dhom,
Ag caitheamh mo ré is gach lae ar feadh mí
Traochta in anaoibh cráite;
Ar leabaidh go faon sin céim nár thaitíos,
Taobh le fallaíbh bána,
Gan aiteas, gan éacht, gan spéis i bhfastaoimh
Ná im chéird do bheathaíodh ál dom.

Maithidh dom saor má théim ar mearaí
Ag scéith mo dhreachtín gháibhthigh,
Le mairbheacht géag is méara lag-bhríodh
Ná féadaim ceart scríobh láithreach;
Ag casachtaigh ghéir ó thaobh mo scart thíos
Do bhéireann tachtaithe bráid dom,
Mo chreatalach daonna go léir i gcreathaíbh
Le héigean neart gnímh dásacht’.

An mhascalach shéimh mar chéile ghaobh linn
Is dhéin liom taití tráthach,
Is eaglach léi-se tré na cathaidhe
Gur baol gurab aicíd bháis dom-
An t-allas go léir ag teacht ‘na chaisíbh,
Is mo thaobha ar fad síos báite,
Crapaid mo ghéaga i bpéinibh daithí
‘S is féig lag gach snaidhm chnámha liom.

D’athrú, mo léan, mo ghné, go cas críon,
Is ní éistim aistí áthais,
Ní thagann óm béal aon bhréithre clasbhínn-
Sin féith mo rannaíocht tráite;
Má leanann gan faothamh an taom so i bhfad díom
Gléastar mh’aibíd láithreach
Go ndeachainn lem ghaoltha fá chré na gceall mín
Is cé dhéanfaidh glan-laoi báis dom?

Is ainnis an scéal d’fhear céirde mar sinn
Nuair thréigeann ealaíon ghnáthach,
De dheascaibh bheith tréimhse ‘plé le scraistíocht
Gan spré ná teacht puínn fáltais;
Gan talamh gan tréad, gan lao, gan martaíocht,
Gan gléasadh air each faoi ch’ráiste,
Ach go dealbh, má théann mo scéal chun faillí
Muna léir dom dea-ghníomh cáirde.

Le harad-thoil Dé dá dtéinn ón aicíd
Saor gan easpa sláinte,
D’fhanfainn ón scléip do dhéinid gaigí
Ag glaochar hallaíbh tábhairne;
Atharach saoil is méinn ar fad linn,
Is bhéarfainn tacaíocht árd leis,
Gan Aifreann Dé do thréigeadh i bhfaillí
Ná éisteacht an Phaidrín Pháirtigh

Scéal an Tí Dhóite

Ins an tseanaimsir i bhfad siar roim an tráth so go bhfuilim ag trácht air, bhíodh a lán trioblóide i mBaile Mhúirne. Ní raibh aon phíléirí ann ná lucht airm chun ceart a sheasamh. Bhí dhá pháirtí mhóra bruíne sa pharóiste – muintir Loingsigh agus muintir Thuama, agus bhíodh an scéal go breac eatortha go minic. Sea, níorbh fhéidir don rialtas an dlí do chur i bhfeidhm ina cheart ann, cé go raibh duine acu ann chun órdaithe agus decráite do fheidhmiú. Do cinneadh leis an rialtas tigh Airm do dhéanamh sa pharóiste, agus is i mBaile Mhic Thíre do foirgneadh an tigh Airm nó an bhearraic. Bhí an foirgneamh nua déanta, agus tháinig suim éigin saighdiúirí ann agus ba mhór an cur trí chéile é i measc na ndaoine, agus mar ábhar cainte. An lá tháinig na saighdiúirí nó an lá ina dhiaidh, nílim cinnte ciaca den dá lá, do thárla go raibh sochraid i gcóngar don bhall.

Bhí tigh tábhairne ar Bhéal an Ghearrtha ag Tadhg Bán Ó Tuama. Tar éis na sochraide do casadh seisear fear ar a chéile agus chuadar isteach i dtigh Thaidhg Bháin ag ól – triúr de mhuintir Thuama agus triúr de thaobh mhuintir Loingsigh – beirt Loingseach agus fear gaoil dóibh. D’fhanadar ann scaitheamh maith agus d’réir mar a bhíodar ag ibhe na dí bhí an misneach ag éirí dhóibh. Chuir duine acu i gcéill don chuid eile gur mhaith an rud an bhearraic do dhó timpeall ar na saighdiúirí. D’éist an chuid eile leis an scéal agus dúradar gur laochda an bheart é dá mb’fhéidir é a dhéanamh. Is amhlaidh a chuireadar ar crannaibh le chéile féachaint ciaca buíon do dhófadh í, agus do thit an crann ar mhuintir Loingsigh. Is iad an triúr de mhuintir Loingsigh bhí ann – bhí Conchubhar Dubh Ó Loingsigh ós na hUllánaibh agus Seán Mac Amhlaoibh Uí Looingsigh, agus fear de mhuintir Mhurchadha go dtugtaí Seán na bPiléar air. Ní bhfuaras ainmneacha an trír de pháirtí mhuintir Thuama bhí ann. Sea, ar Chonchubhar Dubh Ó Loingsigh do thit an crann, chun dul agus an bhearraic do dhó. Deirfiúr do Sheán na bPiléar a bhí pósta ag Conchubhar Dubh, agus bhí sé tonn mhaith san aois an uair sin. “Sea,” arsa Seán na bPiléar le fear a dheirféar, “pé duine a raghaidh chun na bearraice do loscadh má beirtear air, lámhacfar láithreach é nó déanfar é ionnarbadh i rith a shaoil ar chuma ná luífidh a shúil go deó ar fhód ghlasuaine na hÉireann. Imigh-se abhaile,” arsa Seán na bPiléar, “agus raghad-sa thar do cheann chun an bheart a dhéanamh. Má beirtear orm-sa féin ní haon mhéala mé. Táim-se scurtha díomhaoin, ach tá bean agus clann ina gcúram ort-sa.”

Sin mar a bhí. Do scaipeadar go léir. D’fhan an Piléarach agus fuair sé sciléad agus cúpla fód maith tine agus píce dhá bheann agus sámhthach mhór fhada ann. Fear tréan dob ea é, nárbh fhoirist eagla ná faitíos a chur air. Bhí an drom briste san oíche an uair sin agus na daoine go léir ina gcodladh. Bhí an bhearraic tógtha ar chliathán an bhóthair ar an dtaobh thuaidh agus a haghaidh ó dheas agus na saighdiúirí ina gcodladh. Bhí an forfhaire ag spaisteóireacht soir agus siar ar aghaidh na bearraice amach. Tháinig an Piléarach go dtían pháirc ar an dtaobh thuaidh den armlainn. D’éalaigh sé isteach go falla an taoibh thuaidh den bhearraic agus do cheartaigh sé fód teine ar bheannaibh an phíce. Tigh cinn-tuighe dob ea an bhearraic, ach bhí sé déanta in aoirde mhaith. Do theann an Piléarach isteach le bun an fhalla agus do sháith sé an píce in áirde sa díon agus chuir an tine ann, dar leis. D’éalaigh sé ó thuaidh arís go háirdeallach, aireach, go dtí an claí thuaidh, agus nuair fhéach sé tar n-ais is amhlaidh a bhí an tine múchta. Do buaileadh ina aigne nuair nár rith leis ar dtúis, gurb amhlaidh a bhí sé i ndán do breith ins an ghníomh air, dá dtéadh sé tar n-ais arís agus iarracht eile a thabhairt fé. Tháinig machtnamh eile dho.

“Sea,” ar seisean leis féin, “má imím gan an tine bhur sa díon ní chreidfidh éinne uair gur thánag ar aon chor chun an bheart do dhéanamh, agus déarfaidh muintir Thuama gur mheáta an mhaise agam é, agus déarfaidís dá mb’orthu féin a thitfeadh an crann go raghaidís ar aghaidh.”

Tar éis an mhachtnaimh go léir ní baol go dtréigfeadh an Piléarach. Do raghadh sé i ngleic an anama ar dtúis. Do ghlac sé meanma chroí láidir. Siúd tar n-ais é chun bun falla na bearraice agus thug sé togha na haire gur chuir sé tine ath-uair go daingean sa díon. D’imith sé go tapaidh ansan agus thug sé aghaidh soir suas ar Chnoc na nUllán agus an bhearraic ina dóighear lasrach ina dhiaidh.

Sea, nuair do fríth scéal na bearraice lár n-a mháireach agus an chinniúin do ghaibh í, bhí ionadh mór ar na daoine conas a dódh í. Gidh go raibh an forfhaire ag déanamh na faire ar aghaidh an tí amach níor mhothaigh sé dada. Is iad na saighdiúirí a bhí istigh do chonaic an tine ar dtúis agus phreabadar amach as na leapacha. Siúd amach iad. Níorbh fhéidir leó faic a dhéanamh chun na lasrach do chur ar gcúl. Ní raibh aon chóir ná oirnéis acu chuige. Dob éigean dóibh imeacht leó féin arís lár n-a mháireach agus níor fhilleadar riamh ó shin, moladh le Dia. Ní raibh aon chathú ina ndiaidh. Is mó duine a ghuidh “Imeacht Géanna an Oileáin” orthu, is é sin, imeacht gan teacht. Bhí suaimhneas aigne ar na daoine ina ndiaidh mar nárbh fhios dóibh cad a dhéanfadh na ropairí úd dá lonaídís sa pharóiste. Ach is sean-fhocal é “ná bíonn an sólás gan an dólás ina aice.” Mar sin a bhí an scéal ag muintir na bearraice do loscadh.

Fuarthas amach go raibh an seisear fear so i bhfochair a chéile ag ól i dtigh an tábhairne i mBéal an Gheárrtha an oíche sin, agus go rabhadar déanach ann. Do tógadh láithreach le hamhras iad ó theagmhaigh dóibh bheith chomh leadránach timpeall an bhaill mar nárbh fholáir nó go raibh lámh éigin acu i loscadh na bearraice. Sea, do gabhadh iad – lán an tseisir in éineacht, agus Tadhg Bán, fear an tábhairne, mar aon leó – agus do seóladh le chéile iad go príosún Chorcaí den iarracht san. Do bhí buairt agus cur-trí-chéile go tiubh ina ndiaidh sa bhaile, agus na daoine go léir ag feitheamh go neamh-fhoidhneach féachaint cad a thiocfadh as dóibh anois. Bhíodar istigh sa charcair agus seidhleoir an phríosúin gach maidin ag rith ó dhuine go duine acu agus ag maoidheamh leo go raibh a leithéid seo – ag cur ainm ar fhear éigin acu – chun scéith ar an gcuid eile acu agus a phárdún le fáil aige féin, agus go gcrochfadh sé an chuid eile acu; agus “dá mba mise thusa,” a deireadh sé, “bheadh an chéad scéal agam féin, agus thabharfainn mo mhuineál féin saor ar dtúis.” Bhíodh na séidhleóirí ó dhuine go duine acu gach lá a d’iarraidh go bhféadfaidís fear éigin díobh a bhogadh chun foinse an scéil do nochtadh dhóibh. Dob fhéidir leo a dtoil d’imirt ansan orthu agus díoltas an tóiteáin d’agairt orthu. Ach bhí na fir ró-sheasamhach ró-dhílis dá chéile agus measaim féin gur mhór an cúnamh chun iad a choinneáil chomh seasamhach dá chéile an dá pháirtí do bheith ann agus ná tabharfadh aon taobh díobh le rá don taobh eile go ndéanfaidís féin an bheart shalach san; d’fhulaingeoidís bás ar dtúis. Ní thabharfadh muintir Thuama le rá do mhuintir Loingsigh go ndéanfaidís é, ná nú lú ná mar a thabharfadh muintir Loingsigh le rá do mhuintir Thuama gurb iad féin do dhéanfadh é. Do sheasuíodar díreach dílis dá chéile agus theip aon lúb-ar-lár d’fháil in éinne acu, ach amháin an t-amhras a bheith orthu.

Fé dheireadh thiar thall dob éigin tosnú ar iad a ligint amach ina nduine is ina nduine, ach thóg sé trí mhí déag sular tháinig an duine deireannach acu amach. Bhí mac mis d’fhear an tábhairne ó Bhéal an Gheárrtha ina chónaí i Mághchromtha nuair a thánag-sa ann. Tadhg Ó Tuama dob ea é agus Tadhg Bán a thugtaí air mar an gcéanna.

Do ghlaoití i ndiaidh a shean-athar é. D’inis sé sin dómh-sa, i gcaitheamh na haimsire dá raibh a shean-athair sa phríosún go bhfuair iníon do bás, agus gur iarr sé cead teacht go dtí an tsochraid agus go dtiocfadh sé thar n-ais arís tar éis na sochraide. Fuair sé an cead. Tháinig sé abhaile, agus tar éis adhlacadh na h-iníne do bhuail sé an bóthar tar n-ais chun Corcaí gur shroich an príosún, agus measaim féin gur mhór an cúnamh do chun é scaoileadh abhaile an bheart san, nuair a fuarthas chomh seasmhach dá ghealúintí é. Gurab é sin scéal an tí dhóite ó thúis go deire.

Ag Tosnú ar an gCeird

Is ea, thosnaíos ar mo chuardaibh amach in éineacht lem athair agus cúpla buachaill eile ba shine ná mise, do bhí ag tabhairt a dtéarma dho. Bhí duine acu san go raibh a théarma tabhartha aige ach beagán beag a bheith ag teastáil de, agus b’shin é fáth gur cuireadh chómh hóg mé chun na hoibre, d’fhonn go mbeinn ábalta ar chúnamh éigin do thabhairt dom athair nuair a bheadh an buachaill eile as a théarma. Do bhíodh taithí agam dá dhéanamh ar an gcéird ar feadh tamaill sa bhaile sular imíos amach in aon chor agus nuair a castaí orm na comrádaithe a bhí agam ar scoil do bhídís ag formad liom agus leis an saol breá a bhí agam nuair ná raibh aon chúram scoile orm.

Is maith is cuimhin liom an chéad lá riamh a ghabhas amach ón mbaile ag dul chun oibre le cois m’athar agus an bheirt eile. Suas ar an Sliabh Riabhach a chuamar go tigh Thaidhg Uí Ríordáin. Tadhg Búistéara a tugtaí air, mar fear den chéird sin dob ea é. Bhí beirt dearthár acu ina gcónaí ar an Sliabh Riabhach – Seán Búistéara, agus Tadhg, agus dá fheirm thailimh acu agus iad neamh-spleách compórdach ann. Is ró-mhaith is cuimhin liom go raibh sean-duine críona ann ina aoire bó, go dtugtaí Dómhnall Mór air. Lá des na laethantaibh a bhíos ann shuigh an seanduine síos do féin agus tharraing sé chuige peidhre bróg agus thosnaigh sé ar athbhoinn a chur fúthu, agus nuair a bhí gach ní i bhfoirm is i bhfaobhar aige, agus an snáth céarach déanta agus é ag tosnú ar na boinn d’fhuaghadh, níorbh fhada gur scaoil sé chughainn an chéad véarsa den “Spailpín Fánach,” agus do chríochnaigh sé siar go bun é, agus ba neamh-már do é. Gidh go raibh sé cnag-aosta go maith do bhían guth ar áilneacht aige, agus geallaim duit gur thugas-sa togha na haire dho an fhaid a bhí sé dhá rá dhúinn.

Sea anois, nuair a bhíos-sa scartha leis an scoil agus m’aghaidh agam dá thabhairt amach fán dtuaith ag tosnú lem chéird, tháinig aidhm agam ar an méid eolais a thugas liom ón scoil do chosnamh agus go choimeád beó im aigne. Ar bheith ag léigheadh filíochta is ea thugas m’aghaidh ar dtúis. Filíocht Bhéarla dob ea ghlacas chugham. Ba chúis fé ndear dom san mar ná rabhas ábalta ar an nGaedhilg do léigheadh an uair sin, ná ar feadh i bhfad ina dhiaidh san. Ní raibh sí dá múineadh ins na scoileannaibh lem linn-se agus dá mbeadh b’í ba rogha liom-sa. Do léigheas an chuid ab fhearr den fhilíocht Bhéarla ós na húdaraibh fónta. I dtaobh is gur i mBéarla do chumadar í, filíocht Ghaelach dob ea í ar a shon san, mar atá saothar Thomáis Dáibhís agus filíocht Dhonnchadh Mac Finín Mhac Cárthaigh, agus an leabhar náisiúnta spiridiúil úd, “The Spirit of the Nation.” Dála an Athar Peadair, mar a deir sé ina scéal féin, nuair a tháinig aon chuimhneamh ina aigne i rith a shaoil, gur ar bheith ina shagart a chuimhnigh sé. B’shin é díreach mo dhála-sa mar sa bhfilíocht a bhí mo dhúil-se agus b’shin é an fáth gur thógas an aidhm sin chomh luath im shaol. Tháinig cuisle na filíochta líonmhar go maith óm athair. Bhí beirt againn-ne fileata, agus deirfiúir a bhí againn nár mhair críonna – scoláire matih sa Bhéarla dob ea í. Chomh fada agus a chuaigh oideachas na scoile náisiúnta, bhí togha an eolais uirthi agus bhí sí i gcumas véarsa Béarla do chumadh go sár-mhaith, agus níl aon dabht agam dá maireadh sí go haimsir Chonnradh na Gaedhilge do chur ar bun, ná go n-iompódh sí socar chuisle na filíochta chun taoibhe na Gaedhilge, mar bhí an Ghaidhilg aici ón gcliabhán mar a bhí againn go léir. Ach tá an méid seo le rá agam anois, gur bear athair go dtáinig triúr clainne uaidh do bhí fileata. Sin é an fáth go ndúirt go dtáinig sí lán uaidh. I dtaobh mo dheartháir Tadhg níor chúm sé puinn filíochta, ach an méid a chúm sé dhi bhí sí cruinn blasta ina dhiaidh.

Sea anois, d’fhágamair tigh Thaidhg Bhúistéara agus sean-duine na mbróg do dheisiú, agus chuamair soir ar na hUllánaibh go tigh Dhiarmuda Óig Uí Loingsigh. Thugamair formhór na seachtaine ansan ag obair, mar bhí fear an tí féin agus ceathrar nó cúigear mac ann. Do chríochnaíomar ann agus thugamair ár n-aghaidh anoir tar n-ais, agus nuair a thánamar go Béal an Ghearrtha, bhí sean-bhóthar ag gabháil siar trí Bhaile Mhic Thíre agus ag dul siar síos go Carraig an Adhmaid. Bhí seana-chabhlach ar thaobh an bhóthair sin, tamall beag siar ó Bhéal an Ghearrtha, agus dúirt m’athair gurbh é sin an Tigh Dóite.

M’óige

Tháinig m’athair go Baile Mhúirne ar tóraíocht daoine minteartha dho. De mhuintir Liatháin dob ea a mháthair agus de mhuintir Thuama dob ea a máthair sin. Ansan ar thaobh a athar do bhí sean-mháthair de mhuintir Iarfhlatha aige. De threibh na bhfilí do b’ea í – de mhuintir Dháith, mar Pádraig Uí Iarfhlatha. Chuaigh an bhean so ó dheas agus phós sí fear de mhuintir Chruadhlaoich. Bhí ceathrar mac ag an mnaoi sin – Diarmuid, Conchubhar, Tadhg agus Seán – b’shin é m’athair-se. An méid de shliocht na gCruadhlaoigheach do tháinig ón gceantar san, bhíodar san go léir gaolmhar do mhuintir Iarfhlatha Bhaile Mhúirne. Thosnaigh m’athair ar obair i mBaile Mhúirne i measc a ghaoltha. Do phós sé mo mháthair, Máire Ní Loingsigh, Máire Sheáin Donnchaidh mar a tugtaí uirthi. D’fhan sé i dtigh athar a chéile chun gur rugadh mise agus mo dheartháir Tadhg, dob óige ná mise de dhá bhliain. Ansan chuaigh sé siar go bun Doire na Sagart chun cónaithe. Fuair sé tigh ó Sheán Ó hIarfhlatha – feirmeoir mór tábhachtmhar do bhí ansan agus do bhí ana-chóngrach i ngaol dom athair. Bhí an tigh seo ar theorainn an dá bhaile dá ngoirthear Doire na Sagart agus an Doirín Álainn. Bhí an tigh seo ag gabháil le hÓ hIarfhlatha agus thug sé dom athair é gan cíos gan íoc gan féarach; agus príbhléidí eile do lean é mar atá, féar bó sa gheimhreadh chun bainne dhúinne, ó Lá Samhna go Lá Bealtaine, agus talamh chun garraí, agus féar cúpla gabhar sa tséasúr, na pribhléidí seo go léir in aisce.

Sea anois, caithfidh mé Dómhnall Ó Ceócháin do bhréagnú anso, ach ní raibh leigheas ag Dómhnall air. Dúirt Dómhnall i leabhar “Saothar Dámh-scoile Mhúscraighe Uí Fhloinn,” gur ar Dhoire na Sagart a rugadh mise, ach ní mar sin a bhí an scéal. Ag Muileann Bhaile Mhúirne do rugadh mé, timpeall na bliana 1861, agus is ann do rugadh mo dheartháir Tadhg, sa tigh go dtugtaí an Muileann Beag air. B’shin é tigh mo shean-athar, Seán Ó Loingsigh, Seán Donnchaidh mar a glaoití air – agus is ar bhaile fearainn an tSléibhe Riabhaigh atá an muileann san. Do bhí an dá mhuileann ann – an Muileann Mór agus an Muileann Beag. Muileann meilthe arbhair an Muileann Mór agus muileann túcála dob ea an Muileann Beag. Is cuimhin liom an Muileann Mór a bheith ag meilth arbhair ag líon tí Albanach do chónaigh ann lem linn-se. Siséalaigh an sloinne bhí orthu agus sin iad an treibh dheireannach d’oibrigh an muileann meilthe.

Ag seo véarsa a chúm fear ag cur slán leis an muileann túcála:-

“A mhuilinn túcála, is amh a chodlann it- chlúid,
Is airgead bán de bhárr an tsrotha ag teacht chúgham;
Ní hionann is an áit ná fuil ach cága ‘s portaithe dubha,
Is go bhfeicim gach lá an áit go stopann an long.”

Fear dob ea é seo d’oibrigh sa mhuileann túcála agus gur ghlac cathú é ina dhiaidh, agus bhí sé an tráth so ag obair thiar ar na Millíníbh teórantach le Cúil Aodha, ag fear d’ár b’ainm Cormac Colltais. Duine muinteartha dos na ridiríbh dob ea an Cormac so. Thóg sé chuige féin leirg mhór den talamh so na Millíní agus thosnaigh sé ar shaothrú mór a dhéanamh ar an dtalamh, agus dhein cúpla tigh maith d’fhoirgneamh ann, agus gheárr sé canáil nó trínse doimhin trí chuid den talamh so. Do bhíodh bád aige á oibriú ann agus sin é an long go raibh fear an mhuilinn túcála ag tagairt do agus na portaithe dubha is na cága. D’éirigh an Cormac so cortha dhen bhall. Is amhlaidh a dhein sé dá fheirm den áit agus chuir sé chun dá thineóntaí iad, duine acu Conchubhar Aindrias Uí Chéileachair agus an duine eile Dómhnall Ó Seitheacháin, agus bhíodar compórdach go maith ann tamall. D’imigh sliocht Dhómhanill Uí Sheitheacháin agus ní le haon easnamh ná leathlán d’imíodar. Chuadar chun cónaithe soir ar Cheantar Chorcaí, ach táid muintir Chéileachair fós ann ar na Millíníbh.

Sea, d’aistrigh m’athair agus mo mháthair siar go bun Doire na Sagart, agus mise agus Tadhg. Do bhíomar chomh hóg san nár chuimhin liom-sa an t-aistriú san. Do rugadh an chuid eile den ál ar Dhoire na Sagart. Nuair éiríomar suas in aois dul go scoil do chuamar suas go scoil an tSléibhe Riabhaigh, Scoil an Chumair mar a thugaimís uirthi, fé chúram agus fé oideachas Dhiarmuid Uí Mhuimhneacháin, fear deas, lách agus duine uasal ar a bhallaibh. Is iomaí scoláire a thagadh chun scoil Dhiarmuid Uí Mhuimhneacháin nár airigh aon fhocal Béarla riamh sa bhaile aige féin óna mhuintir. Nuair a bhíodh an ceacht ag an Máistir á mhúineadh dhóibh sa Bhéarla, is trí Ghaedhilg a chaitheadh sé é mhíniú dhóibh, mar ná tuigfidís ar a mhalairt de shlí é, chun go mbeidís sealad ar an scoil; agus féach gur mó fothram a chloiseamair blianta ina dhiaidh san ar an “Bilingual Teaching”; agus an mhuintir a bhí ag déanamh an fothram sin gur dhóigh leat gur ab iad a chuir “an fia sa bhuidéal,” agus an “Bilingual Teaching” ar siúl sarar rugadh a leath. Ach ní raibh na scoláirí go léir mar sin, ach cuid acu. Do bhí an Béarla le clos againn-ne sa bhaile mar bhí sé agem athair agus agem mháthair. Do labhraidís linn-ne i gcónaí é, agus ní labhraidís eatortha ach an Ghaedhilg.

Bhí an Béarla ana-mhaith agem athair, agus is é fáth fé ndear an méid sin, chuaigh sé ar scoil tamall beag éigin agus é ó. Is dócha nárbh fhada é; agus mar atá ráite cheanna agam, chaith sé suim mhaith dá aimsir i dtigh Bhálding agus an méid Béarla d’airigh sé ansan d’airigh sé ina cheart é, agus nuair a tháinig sé go Baile Mhúirne ar dtúis is ar thigh Sheáin Uí Iarfhlatha a thug sé aghaidh toisc é bheith chomh gairid i ngaol do. Bhí líon tí mór clainne ansúd. Bhí naonúr nó deichiúir acu ann, agus togha scoláire dob ea gach duine acu san, i mBéarla agus i nGaedhilg mar a chéile. Is é fáth go raibh an t-oideachas san ar an líon tí seo seachas aon líon tí eile san aimsir sin, mar do mhúin a n-athair scoil i dtosach a shaoil agus tamall eile dá aimsir bhí sé ag déanamh gnótha don Ridire Colltais – gnó éigin estáit. Do rith sé chun saibhris. Feirmeoir tábhachtmhar dob ea é an uair seo, agus do chloiseas go raibh an muileann mór aige agus é dá oibriú i mbliain na gorta, nó aimsir an droch-shaoil. D’airíos go roinneadh a bhean mór-chuid de mhin choirce an mhuilinn ar na bochtaibh. B’áit mhór lem athair bheith ina bhfochair sarar phós sé, agus dála an scéil ó chianaibh, d’airigh sé an Béarla dá úsáid sa tigh sin agus dá labhairt i gceart ann. Sin iad na fátha go raibh an Béarla aige gan aon tslipéid ná lúb ar lár air chun é úsáid. Bhí féith na filíochta go maith ann agus chúm sé roinnt amhrán ina óige. Amhráin cheantair dob ea iad, agus ba chómthartha go rabhadar go maith a rá go raibh meas ag muintir an cheantair orthu. Bhíodar spórtúil go maith. Inseann Seán Ó Cuíll i leabhar do chuir sé i gcló roinnt blianta ó shin, lán chuid de shaol m’athar le linn a óige, agus na hamhráin a chúm sé agus na fátha le’r cumadh iad. Bhí an stair sin ag Seán go cruinn, mar do fuair sé an cúntas óna athair féin, ó Mhícheál Ó Cuíll. Dob é Mícheál Ó Cuíll an t-aon fhear amháin is mó go raibh d’amhránaibh m’athar de ghlan-mheabhair aige, dárbh eól dómh-sa i mBaile Mhúirne.

Deireadh muintir Iarfhlatha gurb uathu féin a thug m’athair an fhilíocht toisc gur de mhuintir Iarfhlatha a shean-mháthair. B’fhéidir an ceart a bheith acu, ach tá fhios an méid seo agam go raibh Seán Ó Cruadhlaoich éigin i gCill na Martra, ba shine go mór ná m’athair, agus fear mór Gaedhilge dob ea é. Do mhair sé in aimsir Sheáin Máistir Uí Chonaill. Do bheadh san timpeall aimsir mo shean-athar-sa. Do scríobh Seán Máistir barántas ar thinncéir do dheisigh buidéal duibh do agus ná tabharfadh thar n-ais an buidéal do. An lucht leanúna filíochta agus labhrann sé go ró-mhinic ar an Seán Ó Cruadhlaoich seo in aiste an bharántais sin. Tá an barántas so le fáil im leabhar filíochta-sa.

Bhí colceathrar dom athair i gCill na Martra, fear ná maireann anois, agus dúirt sé liom gur fhan scríbhinní i ndiaidh an tSeáin seo, agus nuair a chuaigh m’athair go Baile Mhúirne gur rug sé leis na scríbhinní sin ag triall ar chlainn Sheáin Uí Iarfhlatha. Tá fhios agam ná fuil tásc ná tuairisc orthu san le fada d’aimsir, mar ná maireann éinne de mhuintir Iarfhlatha. Chuaigh feirm Sheáin Uí Iarfhlatha do mhac iníne dho. Fear de Chlainn tSuibhne dob ea é. Ní mhaireann an fear san anois agus dá maireadh féin, ní bheadh aon tuairisc aige orthu, mar níobh fhear leabhar é. Feirmeoir maith dob ea é, agus b’fhéidir nár bheag do san. B’fhéidir nárbh fhearra dho riamh é, mar san aimsir sin ní leanadh puinn éadála lucht leabhar do léigheadh, ní hionann is an aimsir seo.

Mar a dúrt chuas go scoil an Chumair agus mé ana-óg agu gudh go rabhamair in ár gcónaí ar Dhoire na Sagart, is mó dem shaol a chaithinn ag an Muileann Beag i bhfochair mo shean-athar agus mo shean-mháthar ná mar a chaithinn ar Dhoire na Sagart. Ní raibh scoil an Chumair ach tuairim agus míle suas ón Muileann. Sin é an fáth fé ndear mé a dhul chómh hóg ann. Ach ní raibh sé geallta dhom puinn aimsire a chaitheamh ar scoil. Ó ba mise an té ba shine ar an ál, dob fhada lem athair go rabhas ach timpeall dhá bhliain déag go leith nuair a chaitheas í fhágaint. Ní rabhas na trí bliana déag slán nuair a cuireadh leis an gcéird mé, agus is dócha nárbh fhearr liom riamh é, mar bíonn fuath ag formhór na ndaoine óg don scoil, agus is dócha gurbh é an dáltha céanna agam-sa é. Is dóichí gur sásta liom go mór cead mo chos a bheith agam fén dtuath ná bheith ag dreisiú ar cheachtanaibh scoile do Dhiarmuid Ó Muimhneacháin – an duine uasal saoithiúil úd gur labhras cheanna air. D’fhan mo dheartháir Tadhg im dhiaidh-se ar an scoil mar bhí sé níos óige ná mise.

Comhghleic

Tá muileann mór thuaidh i mBóthar Mhassy, agus tá an ghlaise d’oibíodh an muileann san ag rith le taobh an bhóthair, agus an tráth úd ní raibh falla ná fál idir an ghlaise agus an bóthar ach do bhí cos-chonair ann chun coisithe do shiúl air. Lá áirithe dá raibh Máire Ní Chonaill ag siúl fan ghlaise an Mhuilinn do tharla go raibh oifigeach na saighdiúirí ag teacht ina coinnibh ar an gcos-chonair mar an gcéanna. Theagmhaigh dóibh bualadh i gcoinnibh a chéile agus do leag sé máthair an tsagairt isteach in imeall na glaise. Ní raibh sé de chineáltacht ann ná de dheigh-bhéasaibh air filleadh thar n-ais agus í thógaint amach agus a leath-scéal féin a ghabháil léi. Is dóigh liom ná raibh puinn díobhála ins an turainn a fuair sí agus dá ndeineadh sé aon tsuim de ná raghadh an scéal ní ba shia, ach nuair a chonaic sí bodachúlacht an oifigigh, d’éirigh an fhuil uasal in uachtar an uchta aici agus measaim gur lean sí go dtí an t-armlann é chun go bhfuair sí a ainm agus a sheóladh. Tháinig sí abhaile agus d’inis sí don tsagart an scéal agus dúirt sí go gcuirfeadh sí scéala chun Uáitéir mar gheall ar ar thit amach di. Dúirt an sagart léi gan é bhac, go raibh Uáitéar olc a dhóthain roimis seo, agus gan bheith dá spriocadh chun toirmisc – go raibh sé ar a shuaimhneas anois agus é fhágaint mar sin. Dúirt sí ná leigfeadh sí an bheart ar lár ar aon chor leis an oifigeach, agus mura dtroidfeadh Uáitéar é, go scríobhfadh sí go Ciarraí chun a cáirde ag insint an scéil dóibh. Fear ab ea Uáitéar do throid roimis sin cóimhghleic go minic ar arm tine, agus gan aon chol aige leis, agus bhí sé buach gach uair, ach bhí an obair tabhartha suas aige an tráth so. Do throid sé i Sasana turas agus bhuaigh sé an cluiche ansan leis. Sea, chuir sí scéala chun Uáitéir. Chomh luath agus do nocht sí an bheart do, agus chuir sí ainm agus seoladh an oifigigh chuige, ní raibh an mheátacht tagaithe air fós, ná go dtriallfadh sé an cluiche arís. Chomh luath in Éirinn agus do léigh sé litir na máthar, láithreach bonn do scríobh sé dúshlán chun an oifigigh dá rá go gcaithfeadh sé comhrac éinfhir do thabhairt dó i ndíol an mhasla do thug sé dá mháthair. Ghlac an t-oifigeach an dúshlán cé gur choir in aghaidh na dlí an uair sin an comhrac éinfhir do throid ar arm tine. Aon bheirt a cheapadh ar chóimhghleic do throid ar arm tine is amhlaidh a théidís i mball éigin caoithiúil nó cúl le faobhar chun é throid i gan fhios don Rialtas. Is é ball gur cinneadh leó an chóimh-ghleic do throid ná thuas in aice reilg Chluain Droichead, i mball dá dtugtar an tSeanntóir air. Do hainmníodh an lá agus an t-am chun na h-ócáide. Do bhí fear thiar i gCiarraí ar cheanntar Chinn Mhara dárbh ainm Seán Sigirsún. Fear gaoil do Bhálding dob ea é, agus aon uair roimis sin do throid Bálding is é an Sigirsúnach do dheineadh tánaiste, nó ‘second’, dó. Bhí sé de cháil ar an Sigirsúnach go raibh sé lán-oilte agus eólgaiseach ar arm tine d’úsáid. Do chuir Bálding scéala láithreach chun Seán Sigirsún chun teacht chuige chun tánaiste do dhéanamh do. Do tháinig lá na troda agus ní raibh an Sigirsúnach tagaithe. Bhíodar ar an bhfód agus bhí an talamh tómhaiste agus geárrtha dhóibh. Tháinig an uair agus ní raibh Seán Sigirsún tar éis teacht. Do glaodh orthu chun troda agus dúirt Bálding ná raibh a thánaiste féin tagaithe. Dúirt an t-oifigeach mura raibh sé ullamh chun troda go gcaithfeadh sé féin bua an chatha d’fháil. “Sea,” arsa Bálding, “ní bhéarfair leat choíche chomh saor san í.” Do ghlaoidh sé láithreach ar a ghíománach chun tánaiste do dhéanamh dó. Ní raibh an tarna dul suas aige nuair ná raibh an Sigirsúnach aige. Ach do bhí taithí mhaith ag an ngíománach ar arm tine agus dhein sé an gnó. Mícheál Ó hÉalaighthe ab ainm do. Measaim gurb é an tslí a throididís an chóimhghleic le harm tine, gurb amhlaidh a bhíodh a dhá gcliathán iompaithe le chéile acu agus gan aon radharc acu ar a chéile agus gurb é an tánaiste do thógadh cuimse do gach duine acu – mar is cosúil dá mbeadh a n-aghaidh ar a chéile ná raghadh aon díobh gan marú. Sea, do ghlaoidh Bálding ar a ghíománach, agus an t-oifigeach ar a thánaiste féin. Sheasaíodar an oiread san slí ó chéile agus thóg gach tánaiste cuimse dá mháistir féin. Chaitheadar an chéad iarracht agus chuaigh piléar an oifigigh i leath-bhéal Bhálding agus amach trína phluic. Dhún sé a bhéal láithreach. Shín sé an t-arm thar n-ais chun an tánaiste mar bhíodar chun caitheamh an dara h-uair.

“Tóg cuimse níos ísle,” arsa Bálding leis an ngíománach. Is mar sin do bhí. Thóg sé an chuimse níos ísle. Chom luath is d’imigh an t-urchar nuair a chaitheadar an dara huair d’fhiafraigh Bálding dá chuímseoir conas a bhí an scéal gabhtha.
“Tá sé ar lár,” arsa an cuímseóir.

Lena linn sin phreab Bálding agus a ghíománach isteach sa chráiste a bhí acu agus as go bráth leo, mar bhí eagal air go bhfeicfí rian na fola air;- mar ba chuid de rialacha na comhghleice pé acu a thabharfadh an chéad fhuil leis go mbeadh an bua aige. B’fhéidir gur mhaith a dhein sé é mar b’fhéidir go lámhachfadh duine éigin des na saighdiúirí é, mar bhí sé ina aonar. Sea, do thit an t-oifigeach agus dob éigean dóibh é thabhairt leó ar chómhlainn isteach go Maghchromtha agus fuair sé bás tar éis teacht abhaile dho, ach bhain Uáitéar Bálding sásamh de, de bhárr na heasonóra do thug sé dá mháthair. Tháinig an Sigirsúnach um thráthnóna agus bhí díomá air ná raibh sé tagaithe ní ba thúisce, mar dúirt sé dá mb’é féin a bheadh ag déanamh tánaiste do Uáitéar go mbeadh an t-oifigeach ar lár ar an gcéad iarracht – nár ghá an dara babhta ar aon chor.

Sea anois, dob é Uáitéar do fuair an t-estát ar dtúis, agus fear áirleógach, árd-intinneach, árd-aidhmeannach dob ea é, agus do rith sé an t-estát i bhfiachaibh, agus ní raibh díol aige ar na fiachaibh – bhí sé briste. Bhía dheartháir – an Dochtúir – i gCorcaigh, agus cáil mhór air do dhochtúir. Tháinig sé agus ghlan sé na fiacha go léir agus ghlac sé an t-estát chuige féin. Thóg sé tigh breá nua sa chúinne thiar thuaidh den estát sa bhaile fearainn dá ngoirtear Gort an Imill. D’imigh Uáitéar agus fuair sé post ins chléireach in oifig an Rí i Sasana. Ansúd a chuir sé síos a shaol uile go bhfuair sé bás. Do phós an Dochtúir iníon do Dhochtúir Ó Deághaidh ó Thrá Lí. Bhí beirt iníon acu den phósadh. Fuair a bhean bás. Phós sé an dara huair bean des na Herribcibh (Herrick) agus b’í sin máthair an mhic úd go bhfuil labhartha agam roimh ré air. Bhí duine des na hiníonachaibh pósta ag fear de mhuintir Súilleabháín Béarra – Seán Mac Muircheartaigh dob ainm do. Duine uasal ab ea é. Níor mhair sé críonna. D’fhág sé triúr mac agus iníon ina dhiaidh. Pé estát a bhí acu thiar i mBéarra tar éis bháis an athar do chuadar chun deiridh ann. Mar atá ráite cheana agam, bhí mac an Dochtúra tar éis bháis d’fháil agus chuir sé fios siar ar an iníon agus ar a clainn agus thánadar aniar ó Bhéarra – ó Chéim an tSreangáin – sin é an ainm a bhí ar an áit gur chónaíodar thiar i mBéarra. Seán, Muircheartach, agus Hoirbeárd, ainmneacha na clainne. Thánadar aniar ó Bhéarra agus iad go hóg – ní rabhadar puinn níos mó ná bheith ina leanaí. Do tógadh i measc na dtinóntaithe iad agus is fánach a chloisidís aon fhocal ach Gaedhilg mhaith bhríomhar bhlasta, ach an méid Béarla airídí ina dtigh féin. Ní labhradh a sean-athair – an Dochtúir féin – lena chomharsana ach Gaedhilg agus níor dheacair dó san, mar bhí sí go líofa aige. D’airíos go minic nár lú leis an sioc ná bheith ag éisteacht le héinne ag labhairt Bhéarla agus gan de Bhéarla acu ach cumasc bréan. Sea, do cailleadh an Dochtúir agus é tonn mhór san aois agus tá sé curtha i gCeallúir an tSéipéile i gCill na Martra mar is ann atá tuama na mBálding. Bhí muintir Shúilleabháin éirithe suas um an dtaca so, agus chuireadar suas gnó ime ar mhargadh Chorcaí, agus mar gheall ar sin, thugaidís a lán dá saol i gCorcaigh ag féachaint i ndiaidh an ghnótha san. Bhí an té ba shine acu – Muircheartach – ina ghiúistís. Bhí tigh cúirte i mBaile Mhúirne an tráth san agus thagadh sé chun suí sa chúirt sin, agus is minic a chonac ag teacht ann é maidean lae na cúirte. Fear mór árd ab ea é agus féasóg fhada fhionna-rua air. Ach níor mhair sé críonna – tháinig easláinte air agus do cailleadh luath é. Bhí Seán agus Hoirbeárd i mbun an ghnótha ansan. Chun Hoirbeárd – an té b’óige acu – thit an t-estát tar éis bás Mhuircheartaigh agus chónaigh Seán formhór a shaol i gCorcaigh. Do chaitheadh Hoirbeárd cuid mhaith dá aimsir sa bhaile ar Ghort an Imill agus dála a dheartháir – Muircheartach – fuair sé teideal giúistíse agus ba ghnáthach leis suí i gCúirt Bhaile Mhúirne Is cuimhin liom bheith ag obair in éineacht lem athair theas ar an Meall, baile beag é seo atá ar estát Uí Shúilleabháin. Ní raibh ach beirt fheirmeóirí ina gcónaí ar an Meall – Diarmuid Ó Súilleabháin agus Seán Ó Duinní – Seán Léan, mar a tugtaí air. Ach lá des na laethantaibh dá rabhamair ann ag obair, chuaigh Seán Léan go Maghchromtha le gnó éigin. Tar éis teacht abhaile dho, bhí sé féin agus m’athair ag caint lena chéile ar a suaimhneas cois na tine. Bhí Connradh an Tailimh ar siúl an uair sin agus an “No Rent Manifesto” dá chur i bhfeidhm ar na Tiarnaíbh Tailimh. Dúirt Seán leis an dtáilliúir, ar seisean, “An bhfuil fhios agat cé bhí ag caint liom i Maghchromtha inniu?”
!Ní fheadar,” arsa m’athair.
“An Máistir” – mar ba ghnáth leóa thabhairt ar an dTiarna Tailimh – arsa Seán, “agus nuair a chonaic sé mé, ghlaoidh sé orm agus seo mar a dúirt sé liom, ‘A Sheáin,’ ar seisean, ‘cad fáth ná díolann sibh an cíos?’
‘Is dóigh, a mháistir,’ arsa mise leis, ‘ní ligfeadh Párnell dúinn é.’
‘Dóigh mhaise, a Sheáin,’ ar seisean, ‘dá mbeadh Párnell thiar ar an gcúl-lochta agaibh, caithfead-sa mo chíos d’fháil.'”
Do bhíos ag éisteacht agus gan gíog agam dá labhairt, agus nuair airíos an chaint ghonta fheidhmiúil sin, agus dá óige bhíos, do luigh breáthacht na cainte orm ar shlí ná féadfainn í dhearmad an fhaid mhairfinn. Agus féach go raibh an Ghaedhilg chomh maith ag an máistir agus a bhí sí ag an dtineóntaí. Mar atá ráite cheana agam do tógadh clann iníne Bhálding i measc na dtineóntaithe agus bhí an teanga dúchais ar a dtoil acu gan aon aistear.

Báldingí Ghort an Imill

Dúirt go raibh tigh Bhálding cóngrach do thigh uncail m’athar. Bhí aon mhac amháin ag an ndochtúir. Chuir sé féin agus m’athair aithne ar a chéile ana-luath agus d’éirigh caradas agus caidreamh eatarthu. Fear mór fiaigh agus gadhar dob ea Bálding óg. Bhíodh gadhair fhiaigh aige chun an tsionnaigh d’fhiach, agus míolchoin chun na ngiorraithe d’fhiach, agus is é m’athair a bhíodh ina fhear láimhe deise aige in gach aon bhall agus ar gach aon ócáid. Bhí sé oiriúnach go maith chuige sin mar ghnó, mar fear éadrom fuinniúil ab ea é, agus árd-choisí nárbh fhéidir tuirse a chur air le linn a óige, agus do lean an misneach san aige chun go raibh sé críonna go maith.

Do bhíodh na míolchoin ag Bálding dá rith ar gach tionól fiaigh do bhíodh ins na ceantraibh mórthimpeall Chontae Chorcaí. Bhí na coin ar fheabhas aige agus do bhuadh sé ana-chuid cluichí fiaigh leó. Ach ní raibh sé faid-saolach – do cailleadh óg é. Gidh go raibh sé pósta le bean-uasail ó Chairbreacha – de mhuintir Dhrisceóil ó Chorabórdaí nó Mount Plesant mar a tugtar sa Bhéarla air – do phós sé i gan fhios dá athair agus nuair airigh an t-athair é, ag seo mar a dúirt sé: “Níl aon spré aici, ach ní mheánn sé brobh, mar bean uasal is ea í.” Sea, mar a dúirt do cailleadh óg é, agus níor fhan aon muiríon ina dhiaidh. Do chuir san críoch leis na Báldingíbh agus nuair a chuaigh sé gan sliocht, thit an ainm.

Séamas Bálding athair an dochtúra. Bhí sé seo pósta le Máire Ní Chonaill ó Dhoire Fhionnáin. Áintín do Dhómhnall Ó Conaill ab ea í agus bhí a deirfiúr Eibhlín Dubh Ní Chonaill pósta le hArt Ó Laoghaire, an laoch stairiúil úd do chónaigh ar Ráth Luíoch le hais Maghchromtha agus do thit i gCarraig an Ime le harm na nGall. D’réir mar atá ráite thuas agam colceathracha dob ea clann Shéamais Báldaing agus Dómhnall Ó Conaill. Do bhí ceathrar mac ag Séamas Bálding, an Dochtúir Herbert, Uáitéar agus Conall agus Annraoi, agus beirt iníon – Beití agus Bríde – b’iad san an líon tí. Do chuaigh an t-eastát ar dtúis do Uáitéar agus bhí post san arm ag Conall agus an dochtúir i gCorcaigh, agus sagart dob ea Annraoi. Bhí sé sin i Mághchromtha agus is ann a fuair sé bás. Tá sé curtha istigh i Séipéal Maghchromtha ar thaobh na láimhe clé den althóir ar an dtaobh istigh de ráil thosaigh an tSéipéil. Do bhí an mháthair tráth i Maghchromtha i dteannta an Athar Annraoi. Ní fiosach dom an ar cuairt a bhí sé ann ná an raibh sí cónaitheach ann.

Mo Shinsear

Is é is mian liom mo scéal féin agus mo bheatha féin d’innsint anso chomh soiléir agus chomh fírinneach agus is féidir liom, chomh fada siar agus a théann mo chuimhne ó laethibh mo naointeachta go n-uige seo, mar aon le a lán béaloidis a chluineas ó shean-daoinibh le linn m’óige – daoine de líne aoise m’athar agus mo shean-athar mar an gcéanna – de scéalthaibh a tháinig anuas chucha féin, ó aimsir imchian, ós na glúnaibh a tháinig rómpa, agus go raibh na scéalta acu ar buan-chongbháil ina stór-chiste go ceanúil le mór-urraim dá n-ársacht.

Ar dtúis ní foláir dom cuid de scéal m’athar d’insint ar dhálaibh a óige. Do rugadh m’athair i bparóiste Chill na Martra agus de mhuintir Chruadhlaoich Chairbreach dob ea é. Ó cheantar an Tóchair le hais Dhún Maonmhuighe is ea thánadar go Cill na Martra ar dtúis agus ghéaguíodar as san gur chuaigh cuid acu ó thuaidh go Cill Chóirne agus tá a síolrach anois ins na ceanntaraibh sin fós le feiscint agus iad tábhchtmhar go maith ann. Do bhí muintir Chruadhlaoich ana-líonmhar i gCairbreacha tamall dá saol agus táid fós leis. Do bhí sealúchas ar dhá bhaile déag ar fhichid fearainn tailimh acu, ó Dhroichead na Banndan, fan na habhann sa cheantar d’ár b’ainm Coill Sealach do, ar chíos bheag ó Mhac Cárthaigh Riabhach, agus dob é iomláine an chíosa san naoi bpúint a ceathair agus tistiún (£9 4s. 4d.) sa mbliain. Do bhíodh cleamhnaistí go minic idir Chlanna Chruadhlaoich agus an Chlann Chárthaigh ins an aimsir sin, ach ní ghábhadh iad d’ainmniú anso. D’réir gach cúntais agus gach cruatain dár rug ar mhuintir na hÉireann, d’fhulaing muintir Chruadhlaoich go maith – in aimsir bhainríona Eibhlís, tré Chogadh Gael le Galla – a gcion féin de. D’réir stair na haimsire sin, do chaill a lán acu a gcuid tailimh in aimsir bhainríona Eibhlís. Is é mo bharúil féin gurab é an tráth san a thánadar go Cill na Martra chun cónaithe. Dúirt cheanna gur rugadh m’athair i gCill na Martra. Do cailleadh a athair agus a mháthair agus é ana-óg. Bhí beirt deartháir aige ba shine ná é féin – Conchubhar agus Tadhg – agus sara dtáinig aon tuis, toirt ná taidhbhse ann do cuireadh le táilliúireacht é. Thug sé a théarma d’fhear d’árbh ainm Diarmuid Ó Cathasaigh. Is amach go tithibh na bhfeirmeoirí a théidís i gCill na Martra ná in Uíbh Laoghaire ná go raibh a shiúl ann i gcaitheamh na haimsire sin. Do chuala dá insint go minic é gur oibrigh sé i dtigh Mháire Bhuí Ní Laoghaire – an bhan-fhile – ag béal Chéim an Fhia agus nárbh aon leas-ainm Máire Bhuí do thabhairt uirthi mar go raibh sí buí dáiríribh. Bhí sí pósta ag Séamas de Búrca agus bhí ealtha mhaith chlainne acu, agus ba mhaith an líon tí iad in aimsir na mBuachaillí Bána. Bhíodar seasamhach agus dílis dos na Buachaillíbh Bána agus do chúm Máire Bhuí amhrán – Cath Chéim an Fhia – le croí-chúthracht dóibh. Ach ba dhéanaí go mór an tráth gur oibrigh m’athair i dtigh Mháire Bhuí ná bliain na mBuachaillí Bána.

An fhaid a bhí sé ag tabhairt a théarma is fánach oíche Shathrain ná go dtagadh sé go tigh a uncail – Conchubhar Ó Cruadhlaoich – a chónaigh i nGort an Imill, díreach ar an dtaobh eile de theorainn thalamh tí mhóir Dhochtúir Bálding nó Maolagán mar ba cheart dom a thabhairt air. Bhí clann mhac a uncail ag éirí suas ar a nós féin, agu timpall a aoise féin, agus bhíodar leanúnach ar a chéile, ní nárbh ionadh, agus nuair a bhíodh oíche Dé Sathairn agus oíche Dé Domhnaigh caite agus ina bhfochair, d’imíodh sé arís ar maidin Dé Luain i mbun a chéirde féin.

Réamhrá

le Tórna

Seo mar do iarr mo chara “Gael na nGael” orm réamhrá, nó díonbhrollach a ndúirt sé féin, do scríobh don leabhar so:

A chara mo chléibh, is a chraobh na saoithe ar fad,
Fáth tearman téim, is réigh gan mhoill mo cheast;
Seo agat mo shaothar déanach pinn go beacht
Is cuir maise ar mo scéal uait féin le díonbhrollach.

Déarfaidh tú, a léitheoir oillte, gur duine gan scairt do dhiúltódh dá leithéid d’achuiní; agus cé nách mór le maoidheamh as a bhfuair mo chroí-se dhen taise, níor fhéadas gan rud do dhéanamh ar mo shean-chara; agus do chuireas an freagra so chuige:

Dámadh maise leat é, is dá ndéineadh díomsa raic,
Do threabhfainn duit maolchnoic Bhéarra is Bhaoi na leac;
Acht ó bhraithim nách é ba réiteach d’fhuigheal na gceast
Gheobhair paitean dod shaothar léir mar dhíonbhrollach.

Agus seo anois mé d’iarraidh mo gheallúint do chómhlíonadh, beagán slí agam agu mórán le rá agam! Ó tharla an scéal mar sin, ní déarfaidh mé i dtaobh an leabhair féin acht gur léas é, agus gut thaitin sé liom thar bárr. Deir an seanfhocal gur “fada cuimhne seannleibh,” agus is fada siar a théann cuimhne Phádraig Uí Chruadhlaoich. Do bhí an chaoi aige, agus é ag taithí a chéirde, ar a lán béaloideasa agus sean-aimsireachta do bhailiú chuige, agus gheibhmíd gearra-chuid dá thoradh san tsaothar so óna láimh. Is suimiúil agus is tábhachtach an cúntas a thugann sé dhúinn ar Mhuinntir Iarlaithe, an cine úd gue uathu, de réir deallraimh, a tháinig sruth na filíochta chuige féin.

Nách sóil sásta an saol a bhíodh in iargúlthacht na tíre le linn óige Phádraig? Bhíodh dóthain le n-ithe is le n-ól ag cách; lucht céirde go flúirseach; obair i gcaitheamh an lae, má ba sclábhaíocht féin é, agus rince is ceol is scéalaíocht istoíche. Dob eól dóibh maireachtain go macánta, bheith sásta lens gcuid den tsaol, annró agus cruatan d’fhulang go foighneach dá dtagaidís orthu, agus a dtéarma saoil do thabhairt “i ngreann Dé agus na gcómharsan.” Acht tháinig ré na n-inneall is na heacnamaíochta idirnáisiúnta orthu, agus an Béarla mar ghiolla leó araon, agus chuireadar san deireadh leis an saol breá nádúrtha úd, mar

“Do rugadar na comharsain
Dob fhearr a shiúlaigh féar.”

B’fhéidir go raibh maitheas éigin ar dtúis ins na hinnill agus san eacnamaíocht a leanann iad, acht do leathadar pláigh agus meathlú ar dhúichíbh Éireann, d’fhág ar bheagán daoineí, agus an beagán san féin in umar an dealbhais. Agus cé shéanfaidh, an taca so ló, nách iad na rudaí céanna atá ag tiomáint an domhain mhóir inniu in ainm an diabhail bhuí féin?

Tá an seana-shaol úd imithe, agus ní mheasaim “go mbeidh a leithéid ann arís.” Acht an scríbhneóir agus an staraía bheidh ag bailiú eólais ar an saol san, gheobhaidh “lán an mhála” dhe san leabhar so Phádraig. Fágaim-se feasta fútha é, agus fé bhreithiúnas an léitheóra tuigsionaigh.

Is fada siar a théann aitheantas agus caidreamh idir mé féin agus “Gael na nGael.” Is dócha nár mhiste dhom roinnt bheag de thoradh an chaidrimh sin do lua anso. San bhliain 1924, nuair a bhí “Éarna” á chur amach againn ón gColáiste Ollscoile anso i gCorcaigh, do chuireas cóip ag triall air. Sidé an rann buíochais a sheóil sé chugham dá bhárr:

Sin buíochas a léigim ar phrataing síos sonn
Chun an té do chuir “Éarna” ag taisteal faoim beann;
Guím séan ar a shaothar i ngleacaireacht peann,
Is faid saoil dó ón Aonmhac gan easpa faoi ghreann.

Do chuireas-sa an freagra so chuige:

Is séan ceart ar Éarna,” agus admhaím amhail,
Le buíochas an “Ghaeil Ghluis” is achuiní peann
Gur shaothraigh sí in éifeacht ‘s i mbainistí rann;
Dá éis sin ní baol di anaithí an domhain.

Tá a scéal féin dá insint ag an dréachtín seo:

“San bhliain 1924 agus an tOireachtas i gCorcaigh, tháinig ‘Gael na nGael’ go dtícruinniú de Chumann na hÉigse ann. Ar mbeith ar fán agus ar fiarlaoid dó san chathair, faid gach nfhaid, rug an tuirse greim air agus dúirt sé:

“Ó, is duine mé tá ag strereacht
Ó tháinig foinse an lae orm
Ar fuaid sráide cúnga caola,
‘S gan aon neach am fheighil,
Ó Shráid na Banríona aosta
Mar a bhfaca an Grianán gaelach,
Go dtug mo chosa saor mé
Go dtí St. Marie’s of the Isle.”

Nuair do chuala Torna san do bhreathnaigh nach cathair mar tuairisc í Corcaigh, acht mar sin féin gurbh fheárr an tOileán ‘ná an tuairisc sin, agus dúirt dá fhormoladh:

‘Sé an ball is breátha in Éire é,
Bíd creabhair i mbarr na ngéag ann,
Damhas ag cága ar aoltoir
Is aeríocht ag gadhair;
dream de mhnáibh le naofacht
‘Na gceann ar árdscoil léinn ann,
‘S dá ngabhthá fána ndéin sin
Níor bhaol duit cos tinn,

Do thabharfaí cáca ar mhéis duit
Is cannta ‘n arán bhreá ghléigeal,
‘S dá mb’fhonn leat árthach tae leis
Go léimfeá le meadhair;
‘S dar leam dob fhearr ‘ná straeracht
Gan mheabhair tré lánaí caola,
‘S gan ann de bharr an scéil duit
Acht céim ort do chaill.”

Seo guí Nollag a chuir sé chugham, 1927:

A ollaimh ghlic an bhrollaigh ghil ‘s an úrchoí fhéil,
Den bhorbhfhuil ba chosnamhach ‘s dob fhiúntaí ar Ghaeil,
Togaraim an Nollaig duit le súgaíocht séin,
Le soilbhreas i gCrota thoir fá dhlúithdhíon Dé.

Agus greagra air uaim-se:

A lonnabhile chobharthaigh ‘s a chúl dín éigs’,
Soilbh liom do mholadh-sa ‘s do dhlúthaí shéin;
An Nollaig seo nára Nollaig dhuit i gcúinsí léin,
Acht socaireacht is cothrom ort i gcúrsaí an tsaoil.

I bhfómhar na bliana 1928, thugas féin agus an tOllamh Osborn Ó hAmhairgin cuairt lae ar Uíbh Laoghaire. Do scríobhasm tamall roimh ré ag triall ar Phádraig, dá rá leis go rabhamair ar intinn glaoch chuige ar an dturas, agus gan dearmad gan bheith istigh rómhainn. Agus bhí an cheathrú so san leitir:

A fharaire chóir, de phór na nGael-bhuíon nglic,
Bíodh reacaireacht beóil i gcóir ‘s i ngléas saoi agat,
Le barra gach ceóil ná leófadh daonnaí a lot,
Chun Uí Aimhirgin treóin is Tórna Déardaoin liot.

Sidé an freagra fuaireamar uaidh ‘na thigh féin:

A charaidigh is córaí scéimh is crut,
Go bhfuil aitheasc do bheóil mar nótaí séise ar chruit,
Is aibidh bheadh romhat ar bórd mo chéirde istigh,
Is roimh Aimhirgin treón, is bíodh mór mo mhéinne libh.

Agus mar bhuille scoir tabharfaidh mé an bheannacht do chuireas chuige leis an Ollamh Tomás Ó Raithile, chun Tomás do chur in aithne dhó. Mí na Lúnasa san bhliain 1925 a tharla san:

A scafaire do scagadh as an bpríomhfhuil druadh,
Mo ghaithlean-sa gan faic uirthi dhot tíos ar cuairt
Is calmach ‘na haice dhuit dá díon ar fhuacht
Taiscidh dhom an Raithleach so i bhfuílibh saoi.

Sidé an freagra thug sé orm:

A chara dhil is aibidh oilte i ndlí na saoi
‘S is freagarthach ar meamram do scríobhfadh suain
Do ghaithlean-sa do ghlacas-sa go sítheach suairc,
Is geallaim duit nach eagal dise síon ná fuacht

Is an faraire mear meanmnach do scaoilis uait
Ó Raithile, fear snasta go bríomhar buan,
An caradas do snaíomh linn ní scaoilfeadh luath
Nó go dtagaidh orainn gairim eile ó chríoch na huaighe.

Ní beag an méid sin, is dóigh, ar shon go bhfuil tuilleadh mór san mhála! Acht is leór é chun a thaispeáint go bhfuil féith na filíochta go tréan agus go nádúrtha i bPádraig Ó Cruadhlaoich. Fuair daoine eile ciúta na filíochta as leabhraibh, nó as láimhscíbhinní. Tháinig sí chuige-sean óna shinsir. Agus an dúchas a bhí ann fuair sé cothú agus neartú ó bhéaloideas an bhaill ‘na rugadh é. Ní raibh paróiste Bhaile Mhúirne riamh gan filí agus filíocht, agus do bhíodh meas agus lorg ag an bpobal ar shaothar na bhfilí sin, ó ghlúin go glúin. Agus ní taise dhóibh inniu féin é. Nach iad a chothaíonn Dámhscoil Mhúscraí, mar a bhfuil daoine óga, Dia á mbeannacha, á n-ullmhú féin chun leanúint ar lorg dúchais na sean. Go n-éirí leó.

Sin paitean cumais deachtaithe de bhárr mo mhéar
Dod leabharsa, a fhir chanta ghlic de rás na nGael;
Cead reatha dhó ‘sna fearannaibh seo Fáilbhe is Néill
Mar thaitneamh do gach pearsa chirt nurb áil leis é.

Cuimhne Sean-Leinbh

le Pádraig Ó Cruadhlaoich

Clár an Leabhair

Réamhrá
Mo Shinnsear
Báldaingí Ghort an Imill
Coimhghleic
M’óige
An Tosnú ar an gCéird
Scéal an Tí Dhóite
Scoileanna Rince
Turas go Garbhleitir
Scéal Leitir Ceanainn
Diarmuid Tory agus Seán Dearg
An tAthair Breathnach agus Seósamh Colltais
Tadhg na nAlt
Fuadach Mná
Páirc na Croiche i mBaile Mhúirne
Mac Finín Duibh i gCiarraí
Scéal ar Dhuine a ghoid Caora
Tadhg Mac Tomáis Uí Iarlaithe
Muintir Iarlaithe
Ag Fágaint Bhaile Mhúirne Dhom
I gCorcaigh Dom
Connradh an Tailimh
Dúnmharú Pháirc an Fhíonuisce
Mo Shaol i gCorcaigh
Mar a Theip ar an Ridire Colltais
Ag cur fúm i Maghchromtha
An Sean-Oireachtas
Dámh-scoil Mhúscraí

Feirmeoir agus Buachaill

Mórán blianta ó shin, bhí feirmeoir ann, is ba ana-dheacair d’aon tseirbhíseach é do shásamh. Dá gcuirfidís an cnoc so ar an gcnoc úd thall ba dhóigh leis nárbh aon obair dhóibh é. Bhí aon bhuachaill amháin aige go háirithe, is cheap sé ina aigne sásamh a bhaint de de chionn an luíod oibre a dheineadh sé. Thug sé ós comhair na cúirte é.

Do glaodh suas ar an bhfeirmeoir chun fianaire do thabhairt uaidh, is féachaint cad do bhí le rá aige. Dúirt sé ná raibh fonn air dadamh do dhéanamh is go ngabhadh sé:-
“An cómhgar chun an bhídh
‘S an timpeall chun na hoibre.”

Dúirt an giúistís go raibh san dona go leor, is glaodh suas ar an mbuachaill chun é féin do chosaint, má bhí aon ní le rá aige.

Dúirt an buachaill leo gan cluas do thabhairt don chééad scéal go mbéargadh an dara scéal orthu. Chuir sé in iúil dóibh go raibh easpa bídh ag cur air go dian, is go raibh sé oiriúnach ar obair do dhéanamh is gur mar seo bhíodh an cúrsa acu:-
“An t-uachtar d’fhear an tí
‘S an t-íochtar d’fhear na hoibre,
Éigse moch & luí déanach,
beagán le nithe & mórán do dhéanamh.”

Agus ar seisean, “Dá dhonacht é an bia atá an gléas atá agam chun oibre do dhéanamh seacht n-uaire níos measa.”

“‘Siad so iad, a dhaoine uaisle”:-
“Sluasad mhaol mhanntach is leath-bheann ar phíce,
Seana-bhota briste, & bruscarnach aoiligh
Capall caol árd i gcoinnimh cnocáin gan iarann,
Buachaill caol seanda ‘s is gann fhaightear bia dho.”

“Dar ndóigh,” arsa an giúistís, “níl éinne in Éirinn do thabharfadh milleán duit de dheascaibh do chuid díomhaointis.”

Do órdaigh sé don bhfeirmeoir dul abhaile ‘s an buachaill do ghlacadh arís ina sheirbhís, is gléas fónta oibre d’fháil dho ‘s a dhóithin le n-ithe is le n-ól, ‘pé scéal é, is gur gairid go raghadh an buachaill i bhfeabhas chun a ghnótha do dhéanamh.