Gein gan Teimheal

An t-Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, S.P. do chúm.Untitled654

A Mháthair Aon-Mhic Dé na gcumhacht,
Táim lán de mhórtais croí
Ag trácht im’ smaointe ar ní thar meoin,
Do ghabháil-se, a stór gan teimheal
A ghein gan teimheal, a ghein gan teimheal
Is ionadh shaoil tú i gceart,
A ghein gan teimheal, mo ghrá mo chroí
A mháthair rí na bhfeart.

Curfá
A ghein gan teimheal, a ghein gan teimheal,
Beir leat mé suas chun Dé
I radharc na soilse, i radharc an aoibhnis,
I radharc an trír ‘na n-aon.

Do fágadh daoine ag tíocht i mbrón
An bháis, le fóirneart fíl
Do sháraigh Íosa an íde romhat-sa
A pháis ba ghlórmhar díon.
A ghein gan teimheal, a ghein gan teimheal,
Is ionadh naomh tú ar neamh,
Do thugais dóibh an Slánaitheoir,
‘S don chine daonna ar fad.

Curfá

Do mheall an aonspiorad meabhair na mná,
Chuaigh nimh trí lár a croí,
Ach do chas an feall ar a namhaid i dtráth,
Den nimh dhein grá neamhní.
A ghein gan teimheal, a ghein gan teimheal,
Is ionadh deamhan tú thíos
Do shál ar cheann do namhad go teann,
‘S a tháinte fann dá dhroim.

Curfá

Freagra