An Peidhleacán

B’é Pádraig Mac Suibhne, nó an Suibhneach Meann a scríobh an dáin seo. Rugadh agus tógadh é i gCúil Aodha agus bhí an-eolas aige ar an ndúthaigh, ar scéalta a bhain leis an áit, na daoine agus an stair a bhain leis. Bhí an-bhaint aige le Dáimhscoil Mhúscraí agus tá baint fós ag a iníon, Beitsí, leis. Uncail ab ea é le beirt fhile eile de chuid Mhúscraí, Dónal agus Peadar Ó Liatháin.
Sa dáin seo, déanann sé cur síos ar pheidhleacán agus an tslí ina chuir sé fé gheasaibh é gur dhearmad sé go raibh sé i láthair Dé. Is cosúil is go bhfuil An Suibhneach ag déanamh pearsanú ar an bpeidhleacán chun a rá nách bhfuil air cur suas ná troid i gcoinneabh cúrmaí an tsaoil agus is dócha gur bhreá leis an bhfile a bheith ina pheidhleacán chun an tsaoirseacht sin a fháil.

Peidhleacán thuirling lem thaoibh
Maidin lae saoire ag Aifreann,
Is a bhrata ildathach do bhí
Dá mannar go maíteach tharamsa.

Bhreathnaíos é geallaim duit, cruinn,
Radas-sa gnaoi agus taitneamh dó,
Chailleas san Aifreann suim
Gur bhraitheas óm mhéar mo phaidrín.

Leagas-sa bas ar mo chroí
Labhras go caoin is go cneasta leis
Aitheasc beag gairid do ríomhas
‘D taobh taisteal don chill chun cathaithe.

An feas duit a phreabaire an ghrinn,
Aitheas do ghnímh am Aifrinn,
Ag mealladh is ag dalladh na líon
Is á dtarraingt ón íbirt bheannaithe.

Níl ortsa peaca ná teimheal,
Níl ortsa dlí na nAitheanta,
Níl ortsa freagairt, is fíor,
Don anam, fáiríor, nár shealbhaís.

Ní thagann ach aithríoch don chill,
Ní teach é chun grinn ná reacaireacht,
Ná tarraing ort fearg an rí
Ach bailigh gan mhoill ón eaglais.

Freagra