An Deamhan

le Séamas Ó Céilleachair

“Is dearbh dó a bhréithre,”
Do scréach an deamhan go hárd liom
“Tá gean is gáire is aobhacht
Is séan ar dhrom an tláis seo.

“Glac in am a chomhairle
Tá an ceart ‘na bheola ag cogar,
Fear stiúir é fé mhuir-eolas
‘Dir tonnta ar seol go socair.

“Fé gheataí dubha an smachta
Taoi nascaithe mar ghabhairín,
An gceapann siad gur gealt tú
I gcarcar-cheangal dallta?”

Freagra