Solas

le Seán Ó Ríordáin

11/12 Márta 1968: Meán oíche
“Chaitheas an tráthnóna agus an oíche ag éisteacht leis an raidió. Thit an oíche diaidh ar ndiaidh agus leath an doircheacht ach níos lasas an solas. Oíche thatneamhach raidió ab ea í. An rud is annamh is iontach. Tá caighdeán an raidió tite chomh híseal le blianta beaga anuas ná bíonn súil ag duine le faic a thuilleadh.” (Sliocht as dialanna an Ríordánaigh)

Do thit an oíche diaidh ar ndiaidh
Go dtí gur mhúch an uile rud,
Do dhein comhdhubh de dhubh is geal,
Do chaill cathaoireacha a gcruth,
Do chuaigh an seomra ar ceal,
Do shloigh an dubh an uile chruth:
I mbroinn na doircheachta tá domhan,
Is féidir liom é bhraith lem láimh,
Níl fanta ach a chuimhne agam,
Is leisc lem chuimhne é athchruthú.

Do lasas solas is de gheit
Do saolaíodh seomra im shúil,
Do phreab cathaoireacha as dubh,
Do las mo mhéaranna ina riocht,
Is do chruthaigh solas domhan.

Do mhúchas solas is do mhúch
Mo dhá láimh is a raibh
Le feiscint roimis sin den mbith.

Nuair a bheidh mo sholas múchta ar fad
Fágfad domhan im dhiaidh ‘na riocht,
Ach fágfad é sa doircheacht.

Freagra