Brollach le Scéalaíocht Amhlaoibh Uí Loingsigh

An Scéalaíocht féin mar PDF le fáil anseo

Foinse: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (Donncha & Seán Ó Cróinín)

“Loc aimsir pearsa agus tugaid déanmha don leabharsa”

Saothar bliana go fírinneach nár mhiste a thabhairt ar an méid a thóg mo dheartháir, Seán, síos ó bhéalaithris Amhlaoibh Uí Loingsigh (‘Fruí Chanaí’), ó thosach Meithimh na bliana 1943 go dtí deireadh na Bealtaine sa bhliain 1944. Do bhí Seán san am san ina bhailitheoir lánaimsire ag Coimisiún Béaloideasa Éireann, agus Co. Chorcaí go léir mar fhearann pinn aige. Timpeall 1,600 leathanach lámhscríbhinne atá fén gcnósach san, agus, in aimsir chogaidh agus chiondála, b’fhéidir nárbh olc an gnó bliana é.

D’fhéadfaí an roinnt seo a dhéanamh ar an ábhar atá ann: Scéalta, Seanachas, Amhráin, Ranna agus Téarmaíocht. Is iad na scealta is raisiúla, agus dob fhéidir iad san, leis, a roinnt ar an gcuma so: mionscéalta nó eachtraithe aitiúla, scéalta fiannaíochta, agus scéalta ‘idirnáisiúnta,’ go bhfuil insint éigin orthu le fáil
amuigh agus i mbaile. Tá breis agus leathchéad den tsaghas deireanach acu so sa chnósach, agus sin iad atá i gcló anso san uimhir mhéadaithe seo de Bhéaloideas. Rud éigin fé bhun 1,000 leathanach atá fúthu so i LSS. an Choimisiúin, agus fágann san go bhfuil geall leis oiread eile de chaint Amhlaoibh Uí Loingsigh fós le teacht, an té mhairfidh leis. Agus cé gur greannmhar le rá é, ní móide go bhfeicfí an leabhar so féin go ceann tamaill eile mura mbeadh an bás.

Nuair a cailleadh mo dheartháir i mbliain a 1965, chuir Séamus Ó Duilearga mar dhualgas orm tuairisc a scríobh ina thaobh, agus go háirithe ar an obair a bhí déanta aige mar bhailitheoir don Choimisiún. B’shin cúram nárbh áil liom agus ná hiarrfainn, anois ná an uair sin, agus go deimhin, ní ró-mhaith an araí a bhí orm chuige an tráth san. Ach ar ball ba thuigithe dhom nár chuí dhom gan iarracht a dhéanamh ar an mír sin de stair an Choimisiúin a bhreacadh agus, dá éislinní é, tháinig an cúntas i gcló in Imleabhar xxxii den irisleabhar so. I dteannta an chúntais cuireadh athchló ar roinnt shamplaí den obair iriseoireachta a bhíodh ar siúl ag Seán, maraon le blúire beag den bhailiú a bhí déanta aige don Choimisiún. B’é solaoid a toghadh chuige seo ná eachtra fiannaíochta a thóg sé síos ó Amhlaoibh Ó Loingsigh: ‘Mar a tháinig Oscar ar an bhFéinn.’ Mar thuille leis an méid sin, cuireadh trí cinn eile de chomrádaithe an scéil sin i gcló in Imleabhar xxxiii fén dteideal ‘Trí Scéal ó Mhúscraighe.’ As san gur iarr Séamus orm oiread a chur in eagar as na LSS. agus a líonfadh imleabhar méadaithe de Bhéaloideas mar chuimhniú míos ar na mairbh. Fúm féin a fágadh rogha agus togha an ábhair a dhéanamh.

‘Bua imeartha is gach cleas ‘ ag Amhlaoibh
Cé ná rabhas gan ábhar mearathaill agam agus deich míle fichead de leathanaigh scríbhinne ar dheis mo láimhe, mar sin féin níor rogha ó réiteach agam é, agus measaim gur dheineas an rud a dhéanfadh Seán féin dá mbeadh sé sa chás cheanna. Ba chuimhin liom cad é mar urraim a bhí aige d’Amhlaoibh, do shaibhreas agus do chruinneas na Gaeilge a bhí aige, agus do mhéad agus d’iomadúlacht an eolais a bhí ina cheann aige. Níorbh urraim gan bhunús í. Ba le hAmhlaoibh a bhí sé ag obair nuair a stop an bailiú i mbliain a 1944, agus nuair a fhill sé arís ar an ngnó i mbliain a 1959 agus dhírigh ar bheith ag tógaint na lúb a bhí le fada ar lár, níl fiafraí ar an gconachlann ba bhun leis an machnamh tosaigh atá sa Leabhar Cinn Lae aige:

“Bhi litir fachta agam ó Stiúrthóir an Choimisiúin Bhéaloideasa á iarraidh orm dul go Baile Átha Cliath chun dul i gcomhairle leis i dtaobh an phoist seo go bhfuilim ‘na bhun
arís tar éis bheith ar an bhfán le cúig bliana déag! Is mó cor a chuireann an saol de agus is mó cor a chuireas-sa féin díom ón lá úd gur chrothas lámh le hAmhlaoibh Ó Loingsigh do bhíodh ansúd thiar ar mhullach Chúil Aodha…. Ní fhaca Amhlaoibh riamh o shin ná ní fheicfead choíche arís mar do cailleadh é sa bhliain 1947. Tráchtfaidh mé ar an bhfear iontach úd arís ar ball. Bhí seó Éireann scéalta agus seanachais aige agus is aige do bhí an Ghaoluinn ba bhinne agus ba chruinne dár airíos riamh…”

Agus ar ball arís deir sé:

“Togha seanchaí ab ea Amhlaoibh bocht agus is trua ná maireann sé anois. Is mó oíche shuairc do thugas ina thigh agus is mó scéal breá do thógas síos uaidh…”

B’fhíor dó san, mar níl aon dabht ná gur mó seisiún a bhí acu le chéile: duine acu ag cur de ‘sna briathra foistineacha fáigiúla a bhíodh acu sa tsean-racht,’ agus an duine eile ag beartú an phinn nó ag freastal an eideafóin. Níorbh annamh faillí a dhéanamh sa scríbhneoireacht le grianaíocht an tseanachais nó le déine na hargóna, ach b’shiúd é Dónal, deartháir Amhlaoibh, ag tabhairt an scéil anuas chun tailimh athuair: ‘ Níl aon ní á chur sa leabhar!’ a deireadh sé – agus théadh an peann ag obair arís. Né beag dá bhuíochas atá ag dul do Dhónal gur deineadh suas le dhá mhíle leathanach a bhreacadh sa tréimhse úd; agus ní hamháin gur choinnibh sé an goradh te leis an mbeirt eile ach is mó ciúta a chaith sé féin isteach eatarthu, mar níl aon bhaol go raibh sé maol ná mall. Agus ós annamh bean gan rud le rá aici, bhíodh buille sa chath ag Siobhán, an deirfiúr, de réir mar oiriúnaíodh an ócáid. Ach b’é Amhlaoibh an máistir, an príomhéigeas, agus nuair a labhradh sé níor ghá a rá le héinne eile bheith ina thost. Siúd is go bhfuil sé ráite ná faigheann file ná fáidh cion ina dhúthaigh féin níorbh shine an údáltha Amhlaoibh, agus ní hamhlaidh ná go raibh sé fileata agus fáigiúil a dhóthain. Ach b’fhéidir gurb é an braon iasachta a mheas sé a bheith ina threabhchas i bhfad siar ba thrúig dó gan an seanfhocal a shárú!

Loingsigh Bhaile Mhúirne
Sin é an cúntas a thug se féin, tráth, ar an muintir dár díobh é:

‘Tá sé ráite go bhfuil muintir Loingsigh sa pharróiste le mórán aimsire. Meastar gur ón nGaillimh a thánadar so, agus pé acu fíor nó bréag deiridís gurb amhlaidh a theitheadar de dheascaibh bruíonta a bhíodh acu insa’ Ghaillimh le dream éigint eile. Do ghéillfinn iarracht do so, mar ní mór ná go bhfuil an ród céanna leanta acu i mBaile Mhúirne.
‘Bhí sé ráite gurb iad na háiteanna i mBaile Mhúirne gur chuireadar fúthu: Gort an Acra, na hUlláin, agus ina dhiaidh san bhíodar scaipithe ar na Ceapacha, Cúm na Cloiche, Gort na Tiobratan, na Foithirí, agus Baile Mhic Íre (Bailtíocha fearainn iad so). Bhí fear acu ar na Milliní (i gCúil Aodha) agus ba leis an baile go léir.
‘D’fhanadar i mBaile Mhúirne agus táid siad ann ó shin.”

Agus d’inis se an eachtra bheag so ar an ocáid chéanna:

‘Bhi Dónal Ó Loinsigh éigint ag déanamh mustair as na Dónail nuair a bhí braon ólta aige i Sráid Máchromtha tráthnóna éigint:
“Táid na Donail ina mbeathaigh fós,” ar seisean.

‘Bhí fear de mhuintir Éalaithe ag éisteacht leis, agus dúairt leis:

“Mo mhairg!
Is táid na Dónail meata
Ó imigh Dónal Shíle an mhaide,’
Dónal Mháire ina aice,
Dónal an Áth Leacaigh
Agus Dónal Beag na gCeapach.”‘

‘Dónal an Áth Leacaigh,’ b’shin é sean athair Amhlaoibh, mar is ar an Áth Leacach a bhí a sheanamhuintir chun conaigh; ach d’aistríodar ó dheas, ce nár mhór an t-aistriú dhóibh é, agus ar an bhfeirm a thógadar ar an dtaobh theas de Chrois Chúil Aodha is ea chónaigh Conchúr (‘Canaí Mháire Ní Dhuinnín’), athair Amhlaoibh. Neill Ní Dhuinnín, ón gClaedigh, ag bun an Dá Chích, a bhí pósta aige sin, agus bhí muiríon maith mór orthu, triúr mac agus mórsheisear iníon: Amhlaoibh, Dónal agus Seán; Neill, Maighréad, Máire, Nóra, Síle, Siobhán agus Eibhlís.

Chuadar chun na scoile náisiúnta a bhí láimh leo ar Cúil Aodha, mar a mbíodh Seán Máistir Ó hIarlaithe agus Donacha Ó Loingsigh (‘Donacha an Chéama’) agus bean Uí Shuibhne ag múineadh an tráth san. Bhíodar ag cur díobh ‘gan easpa gan iomarca,’ agus scaipe ag teacht orthu de réir a chéile ar ball nuair a tháinig a mithidí orthu chun pósta. Níor phósadar go léir, áfaigh, agus sa tseana-nid a cailleadh Dónal agus Siobhán.

B’é Amhlaoibh a fuair an t-áitreabh ón athair, agus phós sé Máire Ní Ríordáin, bean aneas ó Chluainte Chárthaigh i bparóiste Chill na Martra. Ceathrar clainne a bhí acu: Conchúr, Dónal, Máire agus Eibhlín. Cailleadh Eibhlín go hóg sa bhliain 1946, ach tá an triúr eile go leathan láidir: an bheirt bhuachaillí sa tseanabhaile, agus Máire ag múineadh i meanscoil i gCo. Luimní.

An saol ar Cúil Aodha le linn óige Amhlaoibh
An t-ochúi lá de Mhí na Nollag, Lá le Muire gan Teimheal, sa bhliain 1872, a rugadh Amhlaoibh Ó Loingsigh. An té a bhaineann le ‘saol iomlán na fichiú aoise’ is deacair dó, uaireanta, a shamhlú cad é mar shaghas saoil a bhí acu ar an dtuaith in Éirinn céad bliain ó shin, ná conas a mhaireadar in aon chor in éagmais na sócmhainní a réitíonn beart dúinn inniu. Cé nách i mBaile Mhúirne atá an talamh is measa in Éirinn, níl sé go léir ar leibhéal, ná baol air; agus más fíor gur mór ag Dia osna an sclábhaí, ní foláir nó bhí tímpireacht aingeal ós cionn gach acra achrannaigh de tráth ná raibh d’arm chuige ach an rán earraigh nó an céachta báin. Ach tógadh muiríonacha móra ann i dtithe beaga, agus go minic ar bheagán fáltais. Is fíor ná raibh easpa ábhar tine orthu agus, mara n-aireófaí blianta úd an drochshaoil, ní raibh éinne acu i ngátar bíg ná dí (ní gá aon aird a thabhairt ar an áilteoir a dúirt gur ‘greada tine gan bia a bhíodh acu in iarthar Bhaile Mhúirne!’ ). Drochsholas a bhíodh acu istoíche, áfaigh, agus ní sa bhfíor-sheanashaol amháin. Déanach go maith san aimsir a tháinig na lampaí ola, agus caoch go leor a bhíodh cuid acu san féin. Roimis sin, bhídís i dtaoibh le coinnle géire, nó leis an ngeaitire giúise, fiú amháin.

Ní raibh aon chuimhneamh ar raidió ná ar theilifís acu, agus ní háirithe a mbíodh de leabhraibh ná de pháipéir nuachta acu ar feadh i bhfad. Ní raibh d’fhoghlaim orthu ach an méid a phiocadar suas sa scoil náisiúnta. Ach níor fhág san go mba dhearóil an saol acu é ná go mb’fholamh a gceann ó oghmaibh. Bhíodh rince agus rangás acu, bhíodh ceol agus amhráin acu, bhíodh scéalaíocht agus seanachaíocht acu. B’fhéidir, dá mbeadh fios an scéil i gceart againn, go rabhadar chomh sásta lena saol, agus chomh suaimhneasach ina n-aigne, agus atá mórchuid de lucht na haimsire seo, dá mhéid atá le maíomh againn.

Mar le rud, do bhí saibhreas acu ná fuil fáil go réidh anois air, sin é saibhreas teangan agus seanachais agus béaloideasa. Bhí san ag óg agus ag aosta, agus bhí sé fuinte ginte iontu ó dhúchas; agus d’fhan sé acu chun go ndeaghaidh sruth an tsaoil i gcoinnibh na Gaeilge. Pé bua atá ag gabháil leis an mBéarla, agus tá mórán, ní hé ‘labhra diamhair ár ndúchais’ é. Ba dheacair pobal ní ba ‘liteartha’ ná ní ba léannta fháil ná pobal na Gaeilge, nuair a bhí an teanga ina neart. Bhí tarrac ar phrós agus ar fhilíocht acu, rud a fhág neart agus gontacht agus fáigiúlacht ina gcuid cainte acu atá tar éis ceiliúr go mór ó shin. Tá sceal ar Fhranncach a dhúisigh maidean éigin agus fios fachta trína shuan aige gur prós agus nách caint a bhí á labhairt lena shaol aige! Ní chuirfinn thairis é, mar Fhranncach. Ach bhí aithne agam féin ar mhórán seandaoine agus dhéanfainn dánaíocht ar a rá nách caint ná prós a bhíodh á labhairt go minic acu ach filíocht! Ní raibh aon leigheas acu air. San ochtú céad déag bhí suas le dhá chéad duine i Múscrai a bhíodh ag ceapadh véarsaí agus amhrán, agus níorbh aon fhilí bata iad, ach filí féithe go raibh rud le rá acu agus iad ábalta ar é rá go fuinte faobharach. Tá cuid dá ndéantús súd i gcló go fánach, agus mór chuid de ná fuil. Ach sa tsaol atá caite bhíodar beagbheann ar chló ná ar pháipéar: bhí na véarsaí ina gceann acu, agus iad ar tarrac acu gach aon ré solais. Bhí Aogán acu agus Eoin Rua, muintir Iarlaithe agus Liam na Buile, agus áireamh mór eile chomh fada anuas le Táilliuir Chrodhail. Agus ní hí an fhilíocht amháin a bhí acu: bhí scéalta agus seanachas go tiubh ar na filí féin acu, agus ar an uile ní a bhí mar sprioc riamh ag an bhfilíocht agus ag an scéalaíocht Dia, diail agus daoine!

Conas a mhair an seanashaol i Múscraí
Níl aon dul amach ceart ar na cúiseanna a bheir don Ghaeilge a greamanna a choiméad in áiteanna seachas a chéile eadrainn. Uaireanta, dob fhéidir a rá gur mhair an teanga i líomatáistí áirithe de dheascaibh a n-imigéiniúlacht agus a ndealamhais -níorbh fhiú le lucht rachmais an Bhéarla bheith ag fuirse fadhba leis an saol in áiteanna chomh cúl le faobhar! Ach ní bheadh san fíor i ngach aon chás, agus is deimhin nárbh é an míniú ceart é ar an ngreim a choinnibh an teanga i Múscraí. An chuma le feabhas gur imir Clann Chárrthaigh a gcártaí b’é ba mhó ba bhun leis an seanashaol d’fhanúint gan puinn suaite ar feadh i bhfad sa cheantar san. Ach is deacair gan a mheas go raibh baint mhór leis an scéal ag an dtraidisiún láidir liteartha úd, mar go raibh san ina dhlúth ag inneach na hoidhreachta dúchais, i gcás gur choinnibh sé gan dul i scáinteacht í chomh fada agus a dhein. ‘Ní raibh aon fhilí orthu, agus do mheathlaíodar,’ a dúradh mar gheall ar chine éigin a díogadh chun fáin. Mar seo nó mar siúd, tá saintréithe agus dearbhshéala liteartha ar theangain na dútha so, agus is féidir a rian a chur siar siar, chomh fada le Finín Ó Mathúna (1475), nó níosa shia. An téarma úd ‘Caint na nDaoine,’ a luaití leis an Athair Peadar Ó Laoghaire, níor ghá a mheas go gciallaíonn sé caint gharbh thuatúil. Bíonn droch chaint le fáil i gcaint na ndaoine díreach mar a bhíonn drochchaint le fáil i gcaint na leabhar. Ach deineann an cainteoir maith, deineann se togha agus rogha agus scagadh, díreach mar a dhéanfadh an scríbhneoir maith; agus cad fhéadfadh bheith mar bhunús le haon tsort litríochta ach ‘caint na ndaoine’? Tá raite cheanna agam i mball eile ag tagairt d’Amhlaoibh Ó Loingsigh go bhféadfai aon phíosa cainte uaidh a chur i gcló, agus a rá gan bhaol breagnaithe gur litríocht í. Ba mhór an focal é, b’fhéidir; ach ar a thriail a bheidh anois.

Amhlaoibh Ó Loingsigh agus an scéalaíocht
Is dócha gurbh é an naoú céad déag an ceann ba léanmhaire don teanga Ghaeilge, agus gan trácht ar aon ní eile níl áireamh ar an ndísciú a dhein ‘blianta an drochshaoil.’ Chonaic muintir Bhaile Mhúirne a gcion den anacra agus den anngar, ach do tháinig an saol chuige féin arís ar ball. Tháinig bliain na bhFininí, rud a mhúscail an tseana-spréach sa tír athuair. Chuir Connradh na Talún tuille tathac i muintir na tuatha. Tháinig bloscadh beag feabhais ar chúrsaí na teangan nuair a bunaíodh The Society for the Preservation of the Irish Language (1876), an chéad chumann go raibh sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth theangain sa tír. As san go dtáinig an Gaelic Union, cumann a chuir Irisleabhar na Gaedhilge ar bun (1882), i dtreo go raibh spionnadh ag teacht feasta sa teangain mar mheán liteartha. Nuair a bunaíodh Connradh na Gaedhilge (1893) bhí ‘an lá geal ag teacht,’ mar a raibh sé tagaithe cheanna.

Amach i dtreo dheireadh na haoise, nuair a bhí Amhlaoibh Ó Loingsigh ag fás suas, bhí pobal mór daoine sa pharóiste ná raibh acu ach an Ghaeilge, cé go raibh an Béarla ag tosnú ar bheith ag cur aníos eatarthu. Gaeilge a labhairtí sna tithe muintire agus sna tithe tábhairne, sa tsiopa agus sa cheártain, ar aonach agus ar mhargadh, ar pháirc agus ar phort. Bhí sé de sheans ar leithéidí Amhlaoibh gur rugadar ina bheathaidh ar an mbladhm déanach den tseanaréim bhéascnaíochta, agus bhíodar ag piocadh suas agus ag cur chucu fé mar a bhí ceann agus ciall acu chuige.

Pé duine go raibh ceann agus ciall aige nó ná raibh, níl aon bhaol go raibh puinn easnaimh ar Amhlaoibh ar phointe meabhrach. Tá daoine agus muintireacha a bhíonn níos fearr ná a chéile chun sean aimsireachta, dála gach aon chéirde, agus is deabhraitheach nár fhan Amhlaoibh le laethibh liatha chun a ainme a dhéanamh i gcéird an tseanachais agus na scéalaíochta. Nuair a cuireadh an chéad Oireachtas Gaeilge ar bun i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1897 do tairricíodh duaiseanna do na daoine ab fhearr chun na scealaíochta dúchais. Dhá roinn a bhí sa chomórtas: scéalta a bheadh curtha sios i scríbhinn, agus scealta a neósfaí ar an ardán os comhair an phobail. Deabhraíonn sé gur éirigh go maith leis na comórtaisí sin. Bhíodh daoine as gach aon Ghaeltacht páirteach iontu, agus bhain gach ceantar a cheart féin gradaim agus duaiseanna amach. Ní raibh Cúige Mumhan chun deiridh, ach b’iad na Ciarraígh ba líonmhaire a rug duaiseanna leo ag an gcéad Oireachtas úd. Níor rugadh ina gcodladh ar na Corcaígh feasta, más ea, agus as san amach bhíodar ag tarrac chun cinn. Sa bhliain 1900 b’iad na Corcaígh ba mhó a rug de dhuaiseanna abhaile leo, agus ba ghairid go raibh cúrsai acu ar chuma gur bhaist duine d’fheidhmeannaigh an Oireachtais ‘Príomh-Chathair na Gaeltachta’ ar Bhaile Mhúirne!

Duine den ghasra ba bhun leis an ngradam san a thuilleamh ab ea Amhlaoibh Ó Loingsigh, agus i mbliain a 1901 thug sé dhá dhuais abhaile leis: an chéad duais ar an scéalaíocht ón árdán, agus dara duais ar bhailiúchán scéalta. Ba mhaith an teistiméireacht ar a fheabhas a bhí a chéard ag an ógánach so ó Chúil Aodha a rá gur sciob sé an chraobh ó rí-scéalaithe na hÉireann. Timpeall naoi mbliana fichead a bhí sé uim an am san.

Ní haon mhaíomh anois é a rá gur dheacair teacht ar ghasra chomh breá Gaeilge leis an mbuíon thosaigh úd a sheasaimh ceart do chontae Chorcaí nuair a bhí an caolfhód á ghearradh ag an gConnradh, tá deich mbliana agus trí fichid o shin ann. An té bhíonn ró-chongarach do rud is baol dó a bhreithiúntas air a bheith leataobhach, agus cé ná fuil aon ní á rá agamsa anso nách féidir a chomhartha a thabhairt lena chois, tá fhios agam go mb’fhéidir go mbeadh daoine a déarfadh gur maith fós iad na Múscraígh chun na daíochta a mholadh leis an saol! Ach ar ámharaí na cruinne, nuair a bhíos ag grafadh liom ar an réamhrá so, do ráinig fém’ shúil aiste a chuir m’aigne chun suaimhnis, agus ón uair is nách féidir claoine ná caime a chasadh leis an té scríobh í, ní fearr rud a dhéanfainn ná blúire dá chuid cainte a chur síos anso:

‘ I dtús na haoise seo ba lú Gaeltacht na Mumhan ná Gaeltacht Thír Chonaill inniu. Má ba lú féin bhí slua fear agus ban ann nár saraíodh riamh le dúthracht ná le dílseacht don teanga. Ba iad cnáimh droma na Gluaiseachta iad. Níl aon áit dá raibh siad nách rabhadar gníomhach. ‘S iad a bhíodh i mbun ranganna Gaeilge, feiseanna, céilithe, aeríochtanna, agus scoraíochtanna. Scríobhadar leabhair bhreátha agus d’fhoilsíodar téacsanna loinnreacha. Níl áit ar fud Éireann dá ndeachadar nár thugadar a gcuid Gaoluinne leo. Bhíodar fuinniúil faobhrach, bhíodar daingean doscaoilte ionas gur shíl fear na Galltachta nár Ghaoluinn go Gaoluinn Mhúscraí Uí Fhloinn. Ar feadh i bhfad thugtaí príomhchathair na Gaeltachta ar Bhaile Bhúirne.’

B’olc uaim gan cuid de na héigse úd a lua anso anois, ó ba chomharsain béaldorais dom lá den tsaol iad: Tadhg Ó Riordain, Mícheál Ó Loingsigh (‘Maidhc Mór ‘), Conchtúr Ó Deasmhumhna agus Mícheál Máistir Ó Briain, ceathrar a chónaigh ar Baile Mhic Íre agus go dtugtaí ‘Cheithre Máistrí Bhaile Mhúirne’ orthu; Mícheál Ó Murchú ó Chúil Aodha, a chónaigh ag Crois Chill na Martra mórán dá shaol: fuair so duais, leis, i dteannta Amhlaoibh Ó Loingsigh sa bhliain 1901; Donacha Ó Laoire ó Dhoire an Chuilinn, i gCúil Aodha; Conchúr Ó Muimhneacháin ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh, seadaire groí gur chuir glúin nua de Ghaeilgeóirí aithne mhaith air ón mbliain 1939 amach, nuair a tosnaíodh athuair ar na hOireachtaisí. Agus do bhíodar ann ó dhúithí atá imeallach le Múscraí, ach ná tráchtfam orthu ar an ócáid seo.

Dochtúir Ó Loingsigh (1842-1913)
Do bhí fear eile de mhuintir Loingsigh agus toisc, b’fhéidir, nárbh fhear litríochta é ach fear gnímh, ní bhfuair sé a cheart creidiúna as an méid a dhein sé ar mhaithe le Baile Mhúirne agus le cur chun cinn na Gaeilge. Go deimhin, tá abhar leabhair i scéal an fhir seo a bhí ar bhruach bheith ‘na shagart, ach go dtáinig seanafhalaí agus fuíoll feaicseontaíocht na Loingseach agus na dTuamach idir é agus an tOrd. Throid sé in arm na Fraince i gcoinnibh na nGearmánach sa bhliain 1870, agus chuir sé tréimhse príosúin de nuair a gabhadh é. Chaith sé suim aimsire ag obair sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceó, agus nuair nár shásaimh san é d’fhill sé abhaile agus bhain céim M.D. amach in Ollscoil na Banríona i gCorcaigh. I dteannta bheith ‘na dhochtúir ina pharóiste dhúchais bhí sé ina cheann gnótha do na daoine, agus chuir sé comharchumann agus déantúsaíocht agus aonach ar siúl san áit. Ach i mbun agus i mbarr gach aon ní do bhí an Ghaeilge aige, agus ní bhíodh feis ná aeríocht ná tabhairt amach i ngiorracht leath-chéad mile dhe ná go mbíodh scata de mhuintir na paróiste beirthe aige chucu. Bhíodh sé láithreach i mBaile Átha Cliath ag na hOireachtaisí tosaigh úd, agus b’é ba mhó ba bhun le hainm Bhaile Mhúirne bheith chomh mór i mbéal an phobail san am. Ní gá a rá gur féna sciathán a chuaigh Amhlaoibh Ó Loingsigh go dtí an tOireachtas.

‘B’aoibhinn bheith beo….’
An litríocht a bhí chomh fada san ‘ar feó sínte’ thosnaigh sí ar bheith ag eascar arís. Bhí na páipéir agus na hirisleabhair ag dul i raidhsiúlacht: bhí An Claidheamh Soluis ann, agus tháinig An Lochrann agus Banba agus Glór na Ly, agus tuille nach iad. Is beag ná go raibh an tAthair Peadar dulta i seilbh an Cork Weekly Examiner! Agus ní foláir nó bhí na léitheoirí ann mar do bhí ardghlaoch i gCorcaigh i dtosach na haoise ar na páipéir úd. Chuaigh an Connradh i neart, agus bhí borradh agus fás fé obair na Gaeilge. Bhí Craobh na Laoi fé bhláth i gcathair Chorcaí, agus níorbh aon radharc neamh choitianta sa tsaol san scataí de lucht rothaíochta a fheiscint ag triall in aghaidh an aird siar, ar thoir gaoithe agus Gaeilge in iarthar cnoc. Chuir Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh chuir sí rothaí fúthu go léir. Bhí séala canónda na litríochta curtha ag an Athair Peadar ar Ghaoluinn Mhúscraí, agus do dhírigh na scoláirí móra féin ar bheith ag gabháil siar. Thagadh an tAimhirgíneach agus Tomás Ó Rathile agus Gearóid Ó Murchú agus Dónal Ó Corcora agus Muintir Dhonnachú Charraig na bhFear, agus is mó tréimhse shaoire a chaitheadar i mBaile Mhúirne. Ní folamh a bhíodh na leabhair nótaí acu ar a bhfilleadh abhaile dhóibh. Ar Cúil Aodha ba mhinicí a gheofaí iad, i gcóid-i-bhfad le hAmhlaoibh nó le Dónal Bán Ó Céileachair nó le Tadhg Dhonacha Bhig Ó Duinnín, nó le héinne in aon chor a chasfaí orthu, mar bhí an chúilfhéith iontu go léir sa dúthaigh sin, agus ní raibh ceannach na dea chainte ar éinne riamh acu. Go fírinneach, ‘Gaeilge gan dua gan dualgas’ ab ea í san am san, agus ní raibh éinne ag gearán ar ‘éigeantas.’ B’shin é an tráth a gheofaí an tAimhirgíneach, lá buí gréine, agus é sínte fiar fleascáin i linn chiúin uisce, cúl a chinn leogaithe anuas ar charraig aige, agus é ag réiteach snadhmanna SeanaGhaeilge suas uaidh do Ghearóid Ó Murchú. Agus i ndéanaí
an lae do bheadh sealad seanachaíochta ‘cois tine na grísce’ acu i dtig éigin des na comharsain, sa chás go bhféadfaí a rá go gcuireadh an Ghaeilge míle bliain di in aon tráthnóna amháin….

Tóraíocht Gertrude Schoepperle
Bhí scoláire acu ba shia a thaistil ná an chuid eile, Meiriocánach mná darbh ainm agus sloinne Gertrude Schoepperle. Bhí spéis fé leith aici seo sa tseanasceal fiannaíochta úd Toraíocht Dhiarmuda agus Ghráinne. Sa bhliain 1908 thairrig an tOireachtas (le cúnamh airgid ón mnaoi seo) duais ar an insint ab fhearr a chuirfí chucu den scéal fé mar a tháinig sé anuas ar bhéal na ndaoine. Chuir Amhlaoibh Ó Loingsigh isteach oiread den Tóraíocht agus a mhair i gcuimhne mhuintir Chúil Aodha. Níor shuarach an méid é, agus b’é a fuair an duais.

Laghdú ar neart
Do ghluais na blianta, agus fé mar a ghluaisíodar d’athraigh an ghaoth iarracht, agus níor chun soininne é. Dhein cúrsaí polaitíochta a gcion féin suaite ar an saol, ach an méid a gnothaíodh le Cogadh na Saoirse do milleadh arís le ‘Cogadh na gCarad’ é. Ba mhór an starrán a bhain so as obair na Gaeilge, agus b’é ba mhó ba thrúig leis na hOireachtaisí do dhul ar ceal i mbliain a 1924. Deireadh an tAthair Peadar go raibh lámh Dé san obair, ach uaireanta mheasfadh duine gur mhó an deabhramh a bhí le tuairim na bhfilí – ná raibh Dia le hiathaibh Fódhla. Pé acu a chéile acu é, ní raibh le déanamh ag daoine ach bheith ag treabhadh leo chomh maith agus d’fhéadadar, ag braith ar Dhia agus ar an lá amárach….

Athbhorradh
Tháinig briseadh ar na scamaill fé dheireadh agus fé dheoidh agus chonaicthas an ghrian athuair. Thosnaigh an t-athfhás. Bhi daoine gur tugadh de bhua dhóibh a gcreideamh agus a ndóchas a chrochadh ar an nga gréine agus gur choinnibh an ga gréine in áirde iad. Bhí stát anois mar thaca ag an dteangain don chéad uair ó 1169,
mar a dúirt Dónal Ó Corcora. Cuireadh rudaí fónta ar bun, agus tá gearrachuid acu ar bun i gcónaí. Ceann acu san is ea Coimisiún Béaloideasa Éireann, buinneán a fhás as an gCumann le Béaloideas fireann a bunaíodh sa bhliain 1926. Ní bhaineann sé lenár ngnó anois aon trácht a dhéanamh ar obair an Choimisiúin, ar a shon nárbh aon diobháil é dá mbeadh cur amach níb fhearr ag cine Gael ar an stór eolais atá tárlaithe agus taiscithe sna LSS. atá ansúd. Fé ia aon tí eile ar domhan níl teacht ar a chomard de thuairisc ar shaol agus ar thréithe ár muintire; ach mheasfá ar an bhfuadar atá fé fhormhór an phobail go bhfuilid beagbheann ar an rud ar a dtugtar ‘béaloideas,’ mara bhfuilid drochmheastúil amach is amach air. Do dheabhródh sé go dtógfaidh sé cúpla glúin eile de ghorta intinne sara gcomáinfidh an t-úthach iad fé dhéin thobar an únáin; agus is é oighear an scéil gur baolach go mbeidh só mós déanach ag á lán acu an uair sin.

Abhar an leabhair seo a thógaint síos
Is é a bhaineann lenár scéal don chor so, agus le scéal an leabhair seo ach go háirithe, gur thug Seán Ó Cróinín a aghaidh ar Chúil Aodha agus ar Amhlaoibh Ó Loingsigh ar thóir béaloideasa don Choimisiún. Ar an 5ú lá de Mheitheamh an tsamhraidh, 1943, a thug sá a chéad chuaird ghnótha air: bhí sruthaithne acu ar a chéile roimis sin. Eachtraithe agus seanachas áitiúil ba thúisce a tarraicíodh anuas, agus bhí san spártha ag Amhlaoibh. Bhi Láimhleabhar Béaloideasa Sheáin Uí Shúilleabháin mar bhonn leis an gceistiúchán, agus do breacadh síos cúntaisí go tiubh ar threabhchaisí agus ar mhuintireacha na paróiste agus na ndúthaí timpeall; ar thithe, ar thalúintí agus ar shlite beatha na ndaoine; ar sheananósanna, ar phiseóga, agus ar sheanaimsireacht de gach aon tsord. Ar ndóin, do bhí amhráin agus rabhcáin agus ranna agus búrdúin á dtógaint síos, mar annlan le gach seanachas.

Do thairrig focal focal eile, fé mar a dheineann, agus ar ball do thosnaigh na scéalta ar bheith ag dul i líonmhaireacht. Eachtraithe aeracha áitiúla b’iad ba thúisce a tháinig chun cinn: ar ndóin, do bhí fuíollach slí ag Amhlaoibh chucu san agus a raibh de dhaoine míorúilteacha ar fud an bhaill sa tseanashaol, de réir gach cúntais. ‘Is annamh ná go bhfaighfí duine éigint greannmhar nó miorúilteach ar Cúil Aodha,’ mar a deir sé féin i dtosach scéil acu. Mara gcuirfí san áireamh ach na scéalta a hinstí ar ‘Mhicil na Pinse ‘ – Charlie Chaplin Chúil Aodha – dhéanfaidís leabhar beag deas iontu féin, agus níor mhiste leabhar grinn a thabhairt air.

Ní scéalaíocht go scéal maith fianaíochta, dár le daoine áirithe, agus do bhíodar san, leis, ar deil ag Amhlaoibh: An Giolla Deacair agus a chapall neamIéasca, An Cítheach Crua-armach ón nDrólainn Mhóir, Fionn agus Lorcán Mhac Luirc, Bodach an Chlóca Lachtna, An Machaí Mór, agus mar sin. Ach fiú amháin na daoine nách ro-ghean leo na scéalta fianaíochta – agus táid san, leis, ann – níorbh ionadh iad a theacht ar malairt aigne dá gcastaí Amhlaoibh orthu.

Mórchuid de na scéalta a tógadh síos uaidh, áfaigh, ní fianaíocht iad na heachtraithe áitiúla, ach an saghas a bhaineann leis an sruth idirnáisiúnta, go bhfuil insintí iomadúla fachta orthu ar fud an domhain. Ceist a bhíonn ag déanamh mearaí do lucht taighde béaloideasa: conas a leath an scéalaíocht so ó áit go háit agus ó thír
go tír. Ní furasta cúrsa an tsrotha a rianú go cruinn, go mór mór ó chuaigh oiread san i dtalamh de. Fadhb bheag is giorra dhúinn agus nách fhosa a réiteach: cá bhfuair Amhlaoibh Ó Loingsigh na scéalta so, nó conas a tháinig sé orthu? Nil d’eolas ina thaobh so le fáil sna LSS. ach gur os na seandaoine a bhí chun cónaigh ar Cúil Aodha a hairíodh iad. Ní mór ná go bhfágann san chomh dall le riamh sinn mar ná feadramair cá bhfuair na seandaoine iad. An scéal úd ‘Na Trí Chomhairle,’ mar shampla, go bhfuil insint air ag an gCéitinneach, do chuaigh den Aimhirgíneach a rian a chur. ‘Is gabhlánach an rud an scéalaíocht,’ a ndúirt súd. Ach ó tá trácht déanta ag an Eagarthóir ar na cúrsaí seo i mball eile ní gá dul níos géire anso air.

Bua na scetalaíochta ag Amhlaoibh
Lucht léinn agus taighde gur casadh cheanna orthu an réim scéalaíocht so, ní móide go bhfaighidh siad seanabhlas ar an ndiolaim seo, mar bíonn a insint féin ag gach éinne ar scéal, agus is féidir san a thagairt thar barr don scéalaí seo againne. Tá scéalaithe agus scéalaithe ann – nó do bhíodh – ach d’fhéadfaí a rá go bhfuil an deighilt seo le déanamh orthu: scéalaithe a thugann uathu díreach ar an gcuma go dtáinig chucu, ar feadh a gcumais, agus an saghas eile a dheineann a gcuid féin den rud a ráinig i raon a gcluas, agus a mhúnlaíonn le toil agus le tuiscint é. D’fhéadfaí iad a dheabhra le veidhleadoirí nó le píobairí, mar tá an dá shaghas acu san, leis, ann: cuid acu, agus an chuid is líonmhaire, a sheinnfidh an port go fírinneach dílis ar an gcuma gur airíodar ar dtúis é; agus an mhuintir eile ná féadann gan bua na samhlaíochta atá acu féin a imirt ar an ngnáthrud, sa chás gur rud nua arís agat é, geall leis. Ta a bhua féin ag gabháil le gach aon taobh acu, ach os searbh gach gnáth níl barr le baint d’fhear na samhlaíochta: sa deireadh thiar, is é a choinníonn an saol ar siúl.

Leis an dara saghas a bhain Amhlaoibh Ó Loingsigh, agus ní hamhain go raibh bua insinte agus bua samhlaíochta aige, ach tá ceard agus eagar agus críochnúlacht le brath ar gach aon scéal dár inis sé, idir fada agus gairid dóibh. Deirtear mar chleithmhagadh fén seananós scéalaíochta go dtosnaíonn gach aon scéal acu leis na focail: ‘Do bhí fear ann fadó…’ B’fhéidir gur minic gur fíor é ach tá breis agus leathchéad scéal sa chnósach so agus níl oiread agus aon cheann amháin acu a thosnaíonn díreach ar an gcuma san. Tugann an ní sin féin le taispeáint cad é mar shaghas meoin a bhí ag Amhlaoibh: ba bheag air seanearra lomachaite a chaitheamh chugat níor mhór goradh beag de bhladhm na samhlaíochta a thabhairt dó agus athfhaghairt a dhéanamh air.

Ceardaí cruthaitheach
Ni hamháin go raibh sé ina scéalaí cruthanta, scealaí cruthaitheach ab ea é chomh maith san. Ní fearr solaoid a thabharfainn leis sin ná an tslí go dtosnaíonn sé a thuairisc ar Tháilliúir na Samhna, eachtraíocht áitiúil ná fuil ina cuid den leabhar so:

‘Samhlaíonn a lán daoine go gcaithfidís dul i bhfad ó bhaile chun scéil nó ábhar scéil a bheith acu, agus dá dtugaidís fé ndeara a lán dos na nithe a thiteann amach eatarthu féin is beag ná go mbíonn scéal nó ábhar scéil iontu, dá leantí orthu i gceart.’

Ar ndóin, ós scéalta idirnáisiúnta iad so, ní hionadh go bhfaighimid iontu trácht ar athaigh agus ar ainibhiolaigh, ar aithidí éagsamhlacha, ar chomhacht draíochta agus ar eachtraí neamhshaolta. Tá Dia agus an Diabhal againn, agus teip orthu, geall leis, aon cheart a bhaint des na daoine greannmhara a chastar orthu! Tá áilleacht agus gráinneacht againn, ciall agus mí-chiall, ceart agus an-cheart, saibhreas agus dealamhas, olc, maith agus idir eatarthu. Dá fhad ó láthair uaireanta suíomh an scéil, tá tréithe bunúsacha an tsaoil á gcur abhaile orainn go seiftiúil; agus dá mba bhaol d’éinne againn a mheas ná fuil sa rud go léir ach fianaíocht, tá Diarmaid Meirgeach againn agus Neil Rua agus baill áitithe eile de shaol nár athraigh puinn riamh, d’ainneoin a luaitear de dhul chun cinn leis. Agus dá mb’é cúrsaí creidimh féin é, tá nithe anso againn atá chomh mór suathantas inniu agus a bhíodar in aimsir Áine na Mine. Cá bhfuil cur síos níos ealaíonta le fáil ar phearsa liotúirgeach ná mar atá ins An Roint a thug Áilis ar an bPraisig? Scéal é sin a raghadh síos go maith le Maghnus Ó Domhnaill!

An scéalaí ina bheathaigh arís againn.
Uime sin, cé nách aon scéal nua, mar a déarfá, a bhfuil sa chnósach so, ní fhágann san leamh na leadránach é. Ní féidir leamhas ná leadrán a lua le haon ní dá dtáinig as béal Amhlaoibh. Gontacht an phríomhthréith a ghaibh riamh leis, agus níor fhág an ghontacht puinn slí aige chun dul amú. Ach níor choisc sí é ar thréithe agus féithe fónta eile a chur i bhfeidhm ina chuid scéalaíochta, agus is iad an greann agus an íoróin agus an searbhas séimh a chuireann blas agus barr feabhais ar gach insint acu. Dá mbeadh na scéalta so cloiste céad uair cheana ag duine níor mhaith an chiall dó codladh ar an gcluais sin: bíonn prioc nó ciúta nó léaspairt éigin i gcónaí ag Amhlaoibh a aimsíonn an sprioc. Na daoine go raibh aithne acu air, cuimhneoid siad arís anois ar a ghlór – glór bog binn réidh – agus é ag gabháil tríd an scéal go tomhaiste; agus cuimhneoid siad ar an bhféachaint úd a thugadh sé cliathánach uaidh ar an lucht éisteachta nuair a bheadh an nóta grinn ag teacht, agus fáth an gháire le feiscint ar éigin ar a bhéal! Agus an tráth go mbíodh an chaintá’ tógaint síos ar an eideafón, do bhíodh sé suite ag ceann an bhúird: a dhrom leis an dtine aige – agus le mórchuid den chomhluadar – agus é ag insint an scéil don inneall, i bhfoirm. An uair sin féin, d’aithneófá go mbeadh píosa ar fónamh ag teacht, mar d’iompódh Amhlaoibh an ceann agus an leathghuala timpeall, oiread agus a leogfadh ‘scórnach gharbh’ an eideafóin dó a dhéanamh, chun deimhin a dhéanamh de go mbeadh a gcion den ghreann ag na daoine a bhíodh ar a chúlaibh.

Shamhlófá go minic gur ina chóir a cumadh an scéal an chéad lá – é sin, nó gurbh é féin a bhí á chur le chéile ar an neomat san díreach. Bhí san de bhua aige, agus i dteannta gach aon ní eile bhí bua na heagarthóireachta aige, ar shlí nach lodairne gan sníomh a chaith se chugat, ach an t-abhras agus é cíortha agus slámaithe agus
sníofa go snasta. Is deimhin gur mó insint a bhí cloiste aige ar chuid de na scéalta so, ar aon tslí; ach d’imir sé a chéard féin orthu nuair a chuaigh sé ‘na mbun, agus dhein sé go smidithe é. Anois agus arís, déarfadh sé go raibh insint eile ar rud, agus do chuirfeadh sé é sin, leis, fé bhráid an lucht éisteachta, le heagla an annracht, is dócha.

Inchinn chéarach
Mar a dúirt cheanna, do lean an scéalaíocht agus an seanachas ar feadh bliana, agus nuair a stop an obair i lár an tsamhraidh ní raibh sí ach díreach ina teas. Tá an scéal déanach acu, An Machaí Mór, ar scéal chomh breá chomh maith agus atá le fáil sa díolaim le chéile. Ní féidir a thomhas anois an mór eile acu a bhí ina cheann ag an scéalaí, ná cad é an fhad eile a fhéadfadh sé dul, dá gcuirtí chuige é. Aon ní amháin is deimhin: go raibh sé i bhfad ó bheith sniogaithe. Ar a bhfuil againn uaidh a thógaint le chéile agus a bhreithniú, faighimid go bhfuil réim mhór scéalaíochta againn, ó eachtraí gairide ná tógfadh ach cúpla neomat chun iad d’insint go dtí scéalta fada go bhfuil breis agus leathuair an chloig cainte iontu. Ceathrú milliún focal, fé nó thairis, atá sa méid sin – éacht cainte ann féin. Ach is é an rud is iontaí liomsa ar fad: Amhlaoibh a bheith imithe as taithí na scéalaíochta ar feadh blianta chun gur ráinig an ócáid arís dó, agus gur fhéad sé dá ainneoin sin an oiread san eachtraithe a chur as a chéile gan briseadh, gan barrathuisle, gan botún. Is dócha, ón uair a thosnaigh sé ar na scéalta d’insint, go mb’fhéidir go mbídís ag rith trína cheann ar linn dó0 bheith ag gabháil d’obair na feirme, agus go mbíodh réiteach éigin aige á dhéanamh
roimis amach i gcóir siosóin na hoíche a bhíodh chuige. Ach ní fhágann san ná gurbh éacht meabhrach aige an méid sin a chur de, agus gur dhóigh le héinne a léifeadh anois iad go raibh seachtain aige chun crot agus snas a chur ar an uile scéal acu. Gan aon bhréag, níl bun cleite amach ná barra cleite isteach le brath in aobhal orthu, ach amháin go bhfuil athrá ar abairt i gcúpla áit mar ar malartaíodh spól ar an eideafón. Is cumasach an dearbhú é seo ar an mbua ó Dhia atá ag inchinn an duine, bua ná faigheann ceart uainn sa tsaol atá anois ann, nuair nách gá linn eolas a bheith ar rinn ár mbéil againn ná ár gcuid féin a dhéanamh de, toisc gur saoráidí dhúinn bheith ag priocadaíol ar leabhraibh. Bíonn na leabhair againn, ach ní bhíonn an léann orainn.

An Litríocht agus an Dúchas
Ós ag tagairt do leabhraibh dom, b’fhéidir gurbh ionúch rud eile atá ar m’aigne a chur díom. I dtosach ‘ré na hathbheochana,’ bhí an tóir go léir ar an nGaeltacht agus ar Ghaeilge na Gaeltachta. Ní raibh ansan ach an ceart, ar ndóin – cé go raibh fo-dhuine a chreid ná raibh caint na Gaeltachta oiriúnach ná uasal go leor chun litríocht a dhéanamh. Gan cúrsai ‘litriochta’ a bhac, is féidir a rá go bhfuil againn ón ré úd braisile mhaith de leabhraibh go bhfuil Gaeilge iontu nár mhiste d’aon Éireannach móráil a bheith air ina taobh. Ní bhaineann sé lem’ ghnó anso triall puinn thar teorainn na Mumhan amach, ach mar Mhuimhneach is méinn liom mo phúróigín a chaitheamh ar leacht Shéamuis Uí Ghrianna, a fhág sinn le déanaí: mheasas riamh go bhfuil Cioth is Dealán chomh maith de leabhar Gaeilge agus a chonac i gcló. Ach bhí lá ann, leis, agus níor ghá do Mhuimhnigh a gceann a chromadh ná cúbadh chucu in aon chomhluadar mar a mbeadh cúrsaí Gaeilge idir chamánaibh…

Pé forás is féidir a lua le nualitríocht na Gaeilge ó thaobh ábhair agus machnaimh de, ní féidir a shéanadh ná go bhfuil féith agus fuinneamh an dúchais maolaithe go mór le déanaí sa teangain féin. Dá fhad ó thús na habhann a shníomhann an t-uisce is ea is móide baol a thruaillithe, agus ó tá sí ina ‘Bliain Chaomhantais’ in aon chor againn, níorbh olc an chiall dúinn ruthaill bheag ghlanta a thabhairt ar shruth na Gaeilge. Tá oiread san ‘Gaeilge’ ag teacht i gcló inniu nár ghá an dara teanga oifigiúil chun í réiteach gur gearr go mbeidh Gaeilge chruinn nádúrtha ina stróinséir againn. Cad ab fhiú an gleo go léir mar gheall ar ‘athbheochaint’ mara mbeidh againn sa deireadh thiar ach culaithirt Ghaeilge ar chnábalach iasachta? Ba mhithid dúinn cath a chur ar an iarlis iasachta, agus chuige sin níl aon oideas is fearr ná an béaloideas. Na daoine a chreideann, nó a leogann orthu go gcreidid, gur chóir druim a thabhairt le sean aimsireacht, nár chóir go dtuigfidís gur béaloideas gach a bhfuil againn, dá mb’í an teanga féin í? Cad atá againn ach an rud a fuaramair, nó an mó duine againn a chuir oiread agus aon fhocal amháin lena bhfuaramair mar oidhreacht di? Na daoine a deir ná fuil an teanga ‘forbartha’ go leor chun deileáil le saol casta na haimsire seo, an le barr eolais a deirid é? Ceocu againn a fhéadann a rá go bhfuil dul amach ceart aige ar an nGaeilge atá beo? Is é fírinne an scéil go bhfuil díol éinne de bhrí agus de neart agus de chumas sa teangain, ach cuardach dó. Agus níorbh olc an dóigh cuardaigh an méid atá i LSS. an Choimisiúin Bhéaloideasa, go bhfuil an leabhar so ina sholaoid air. Ní ag cuimhneamh ar an mbéaloideas mar ábhar staidéir ann féin atáim, cé gurb ait an saghas duine ná beadh fiosrach i dtaobh an uile ní a bhaineann lena dhúchas. Ar rud is caoile agus is giorra don scórnaigh againn atáim ag trácht: sin é, na slite is fearr chun teacht ar nithe a rá i nGaeilge. Agus ní hí an Ghaeilge chruaidh, chas, charraigreach is feidhmiúla chun na hoibre, ach an Ghaeilge ghonta, dhíreach, chruinn. Earra gannachúiseach go leor í sin, fóiríor, agus ní hionadh san, mar an té ná fuil bua na gontachta agus an chruinnis ó nádúr aige, is daor deacrach a chaitheann sé teacht air – má thagann in aon chor.

Bua na cainte sa leabhar so
Ní chuirfeadh sé aon ionadh orm ‘léirmheastóir’ éigin a rá mar gheall ar Ghaeilge na scéalta so gur ‘Gaeilge shimplí’ í! B’fhéidir gurb ea; ach tá simplíocht agus simplíocht ann. Bhí focail agus nathanna agus seanachanúinní ag Amhlaoibh Ó Loingsigh ná raibh ag puinn eile daoine, ach nuair a chuir sé chun scéil a insint ní raibh aon fhorcamás. ‘Ní fiú an cás nach fearr bheith díreach réidh,’ mar a dúradh, agus ní cuimhin liom ach focal nó dhó sa díolaim seo ná feacathas i gcló cheanna.

Is é bua is mó a chítear domhsa bheith ag baint leis an leabhar so ná bua na cainte atá tríd síos ann: caint chruinn, ghonta, shnasta, mheáite, agus gach aon abairt ar bhráid a chéile chomh greannta le clocha na trá. Gan éifeacht na scéalaíochta a bhac, ba mhór ab fhiú do gach éinne againn dul siar arís agus arís eile air, mar dála gach aon ealaíon, dá mhinicí a fhillfear air is ea is mó a chífear ann. Ba mhaith an t-ábhar léitheoireachta é ag aos foghlama atá ag druidim in aghaidh an lae óna ndúchas; agus níorbh olc mar staidéar ollscoile féin é – fiú amháin ag na mic léinn!

‘Caint na nDaoine’ agus na leabhair
Is mó leabhar ina bhfuil ‘Gaoluinn na Mumhan,’ más fíor, ach is baolach go bhfuil roinnt acu nach iontaoibh. Dá fheabhas é an tAthair Peadar féin, ní hí Gaoluinn Pheig na Croise atá tríd síos aige, mar d’fhág sé an baile agus gan é ach ina gharsún. Is gnáthach, leis, go samhlaíonn eagarthóiri gurb é a ndualgas crot agus slacht a chur ar chaint na ndaoine, agus chonaiceamair le déanaí cad é mar chúnamh a fuair Tomás Ó Criomhthain chun a leabhair mhóir féin a scríobh! Pé locht a bheidh le fáil go brách ar eagarthóireacht na scealaíochta atá anso againn, tá gach dícheall déanta ar an gcaint a chur fé bhráid an léitheora ar an gcuma díreach go dtáinig sí as béal an tseanachaí.

Focal scoir
Fad a bhí téacs na scéalaíochta so ag dul fé chló do foilsíodh aiste bhreá léannta Alan Bruford ar ghnéithe áirithe de scéalaíocht na Gaeilge. Gan trácht ach ar aon ghné amháin de, is scannrúil an méid léitheoireachta ab éigin don údar a dhéanamh chun a ghnótha; agus an té fhéachfadh ar liosta na bhfoinsí, níorbh fhéidir dó gan sórthan a dhéanamh den ní seo: a laghad acu san go mbeadh teacht ag an ngnáthphobal orthu. De na leabhair chló bhuailte atá liostáilte, níl ach dornán beag acu atá le fáil in aon tsiopa leabhar. Más mar sin atá cúrsaí againn tar éis leathchéad bliain den ‘athbheochaint,’ nach deacair dúinn bheith milleánach ar an muintir adeir ná fuil aon litríocht gur fiú trácht air le fáil sa Ghaeilge? Agus más lag linn an tuiscint atá ag ár n-aosóga inniu ar an rud go dtugtaí ‘an aigne ghaelach’ air, nach deacair iad san, leis, a lochtú, ón uair is nár bhlaiseadar di ach an méid a hordaíodh dóibh sna téacsanna scoile, agus é sin féin sciotaithe, cinseartha, ‘caighdeánaithe.’

I dtráth go bhfeictear do lucht gill agus lucht tithe a thógaint gur féidir an dlí a chomhlíonadh go foilíosach trí mheán na Gaeilge, is baolach go bhfuil roinnt slogaí le líonadh fós againn. Mura ndéanfaidh an cnósach so scéalta ach scotháinín i mbeárnain, b’fhéidir nach saothar amú é.

Buíochas
Tá áireamh beag daoine a chuir comaoin orm an fhad a bhí an leabhar so á chur le chéile agam: Máire, iníon Amhlaoibh Uí Loingsigh, a thug fáisnéis i dtaobh a muintire dhom; mar an gcéanna, Diarmaid Ó Ríordáin, An Suibhneach Meann agus Máire, Bean Uí Chéileachair, a dhein trácht liom ar an seanashaol ba chuimhin leo, agus a dheimhnigh dom roinnt dá bhfuil sa réamhrá so; Máire, Bean Uí Cheallacháin, agus Máiréad Diolún an Choimisiúin Bhéaloideasa, a dhein mórchuid de théacs na scéalaíochta so a chlóscriobh dom; agus An Cumann le Béaloideas Éireann, os orthu a théann costas na clódóireachta a sheasamh. Go dtuga Dia fad saoil, fé mhaise agus fé shláinte, dhóibh siúd go léir.

Is neamhghá dhom a rá go bhfuilim fé phriomhchomaoin ag an té is mó is bun leis an leabhar so a theacht ar an saol in aon chor, sin é Séamus Ó Duilearga, agus tuigfear mé nuair a deirim nach gá liom a thuilleadh trácht a dhéanamh anso ar a thréithe ná ar a shaothar, fiú amháin dá mbeadh san ar mo chumas. Ach ó ráiníonn dó anois bheith ag tarrac ar cheann a scríbe mar Ollamh agus mar Stiúrthóir ar an gCoimisiún Béaloideasa, tá sé ionúch agam fad saoil a ghuí le dúthracht dó-san, leis. Pé beag mór é toradh ná tairbhe an tsaothair seo agamsa, toirbhirim agus tairgim do Shéamus anois é agus fáilte, mar fhéilscribhinn.

DONNCHA A. Ó CRÓINÍN
I mBaile Átha Cliath dhom,
Um Nollaig, 1970.

Advertisements
Ranganna: Ailt. Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s