An Dall sa Studio

Untitled

le Seán Ó Ríordáin

B’fhada ó “studio” an áit a raibh sé féin agus an dallacán comhothair a bhí mar ábhar aige nuair a that an eachtra ar a dtráchtar amach. “Seo dán beag a chumas i dtaobh othair a bhí in otharlainn im theannta agus ní raibh de studio againn ach seomra leapan,” atá aige féin mar réamhrá leis an dán san aiste neamhfhoilsithe chéanna a luadh cheana nuair a bhíothas ag trácht ar an áit inar cumadh “Malairt.” Ceannaithe an duine a bhíonn sna sceitseanna de ghnáth, ach an uair seo is duine dall ag gluaiseacht é agus is iad na méara a dtógtar ceann díobh agus iad ag lorg na cathaoireach a bhfuil sé chun suí inti dó. Méara duine ag snámh nó méara ceoltóra ag seinm ar uirlis a mheabhraíonn siad don fhear faire. Ansin go hobann deireadh le draíocht na gluaiseachta agus na daille; tá ina stad. Níl ina shuí os comhair ach duine bocht dall áiféiseach. Ba leor an gnáthsceitse chuige siúd ach ní ann atá a shuim ach sa duine a bhí ó chianaibh aige. Portráid eile, meán níos solúbtha, a theastaíonn a bhéarfaidh ar chritheagla seo na méar.

‘Suigh síos agus déanfaidh mé pictiúr díot,’
Adúrtsa leis an dall,
‘Tá cathaoir id’ aice ansin sa chúinne,’
D’iompaigh sé a cheann,
Is do shín amach an lámh sin oilte ar chuardach,
Gach méar ag snámh go mall
Mar mhéaranna ceoltóra ar an uirlis,
Is bhí an uirlis ann:
Do shinn sé ar an aer táin nótaí ciúnais,
Goltraí bog na ndall,
Na snámhaithe critheaglacha gur thuirling
Ar bhruach na habhann –
An suíochán sin a luas-sa leis sa chúinne,
Is do shuigh sé ann.
Siúd láithreach é ag cíoradh a chuid gruaige,
Mo réice dall!

Freagra