Neil Ní Mhurchadha

Fuaireas an insint seo as irisleabhar ‘An Musgraigheach’ a foilsíodh beagnách céad bliain ó shin. B’é Seán Ó Cróinín, céile Bhess Cronin a scríobh an chúntas don iris.

Ghobhair anso roinnt amhrán dár cheap Neil Ní Mhurchadha. Tá gach aon deallramh gur i mBaile Mhúirne do rugadh agus do tógadh an bhanfhile seo. Is ann a thug sí furmhór a saoil, i dtaobh is go raibh sí siúltach go maith. Tuigear ón bhfilíocht a chum sí, agus go háirithe ó “Amhrán an Aoiligh” cadé an saghas saoil a bhí ann lena linn

Deirtear ná bíonn aon ádh ar fhile mná, agus ní fheadar an fíor é. Mar an gcéanna, tá sé ráite go gcailltear féith na filíocht leis na mnáibh. Pé scéal é, ba dheacair banfhile a fháil aon uair, ach amháin go raibh na mná caointe ann. Ach níor bhacadar san puinn le filíocht don choitíantacht, ná le duine a mholadh an fhaid a bhí sé ina bheathaidh.

Ní heolach dom go cruinn cathain a mhair Neil Ní Mhurchadha, ach measaim go raibh sé ann in aimsir Mháire Bhuí Ní Laoghaire. Níl aon tuairisc ar a muintir anois ar fud Bhaile Mhúirne. Ach pé háit ina bhfuair Neil féith na filíochta, do rug sí léi san uaigh é. Má tá éinne ann a déarfadh gur deimhniú é sin go gcailltear an fhilíocht i dteannta na mban, níl le rá agam ach go gcailltear i dteannta na bhfear í chomh maith.

Ó Dhiarmuid Ó Duinnín, Múirneach atá chun cónaí i Sráid an Mhuilinn, is ea fuaras na hamhráin seo, tá roinnt bhlianta ó shin ann. Fear mór Gaoluinne agus seanchais is ea Diarmuid. Amhránaí binn dob ea é i dtúis a shaoil, ach tá sé críonna anois.

Tá daoine i mBaile Mhúirne agus i gCúil Aodha go bhfuil líne anso is ansúd acu d’Amhrán na gCearc agus d’Amhrán na nGabhar. Ach ní heolach dom go bhfuil “Amhrán an Aoiligh” ag éinne eile ach ag Diarmuid. Tá Amhrán na gCearc agus cuid d’Amhrán na nGabhar i gcló cheana ag Próinséas Ó Ceallaigh (Béaloideas, VII, I), ach ní gá ach an dá insint do chur i gcomparáid lena chéile chun a fheiscint gur cruinne an té óna bhfuair Próinséas iad.

Amhrán an Aoiligh

Amhrán na gCearc

Amhrán na nGabhar

Muc an Chúil Ruaidh

One thought on “Neil Ní Mhurchadha”

  1. The author should know: I am sorry.. An fhilíocht i ach go háirithe ó amhrán na gcearc amhrán an saghas saoil i gcúil aodha go maith ó dhiarmuid ó shin ann lena chéile chun a fháil aon ádh ar fhile mná agus…
    My happening financially-rewarding screed at my site dwell further on your post

    Moladh

Freagra