Neil Ní Mhurchadha
Hugh ab ainm don chliamhain do bhí ag Neil. Ar na hUláin do bhíodar chun comhnuigh nuair a fuair na gabhair fág an baile
ó Hugh.
Fonn: An Maidrín Rua
Foinse: Coiste Litríochta Mhúscraí
Mo chreach fhada chruaidh,
arsa Neainí go duairc,
Nár fhanamair thuaidh, a mháthair,
Mar a bhfaighmís biolar is geamhar is fear tí gan feall
Ná brisfeadh ár ndrom mar atáimíd.
Má chuamair i gcúinne de gháirdín gan dúnadh
Níor dheineamair ach siúbhal de dhomáiste ann.
An talamh go súaidh an chuid eile dhe siúd,
Is nár bhorraidh sé ar dhrúcht ná ar bhaistigh.
Éist airiú, a bhuíon, mo náire é!
Is gan aon luibh ag tíocht tríd an dtalamh aníos
Dob fhearr lena mhnaoi ná an cabásite:
Cailín bog caoin gan chuise ‘na slí
Nár bhuail sinn i gclaí ná i mbeárnain.
Agus ní mhaithfidh mé choíche d’fhear mhallaithe an tí,
Mar a mhaithfinn ar linn mo bháis do.
I dtosach na hoidhche ‘seadh thosnuigh bruíon,
Ní raibh éinne ‘na shuí ach é féinig
Agus éan aosta chríonna bhí ag rá a paidrín,
Gur bheannaithe a laoithe is a bréithre.
D’eirigh ‘na suí chun cabhraithe linn
Agus eagla croí uirthe féinig.
Sé dúirt sé go fíochmhar: ‘A bhean, fág an tslí,
Is sa leabaidh bí thíos de léim uaim.’
M’eascaine dhlúth go dtitfidh ar Hugh
Do bhuail sinn gan chúis le tréine
Le tuille ‘en tlúigh is den rámhainn fhada lúbaigh,
Gurbh arm í i dtiúin chun laochais.
Le ciceanna tiugha do ghortuigh me im úth
Is m’easnaidheach lúb ar a chéile,
Do phreab an bhean chúghainn, do chas sinn ‘na clúid,
Is le hurraim di siúd do ghéill sé.
Nách mise bhí cúmhach go hatuirseach dubhach
Nuair a rugadh mo rún cé gur éisteas,
Agu mí dá ionú gur theastaigh de siúd,
Is ní raibh agam le tabhairt aon bhraon do.
Bhí bean chríona umhal a bhí ag iomchar an úird,
Gur dhein sí le clú agus le daonnacht
Chúig oíche thabhairt gan tionnbhar ar a súil,
Is do choinnibh sí le spiún an braon leis.