Neil Ní Mhurchadha
Ar Béal an Ghearrtha a bhí Neil chun cónaí nuair a dhein sí an t-amhrán so. Fé mar is léir ón amhrá, bhí sí ag tarrac aoiligh le ciseán agus níor tháinig éinne dá muintir chun cabhraithe léi.
Ní fheadar an bhfuil aon taifead den amhrán so déanta ach is le fonn an amhráin ‘Skibereen’ nó ‘He’s not Guilty, My Lord’ a théann sé.
Foinse: Coiste Litríochta Mhúscraí
Céad glóire shíoraí leis an Athair aoibhinn atá go mór le rá,
Is do Mháthair Íosa do réidheann gach ní dhúinn nuair is cruaidh é an cás,
Ó tá deire an aoiligh as an ndíg seo an t-aon uair amháin,
Do bhris ár gcroí ionainn i gcoinnibh rí-chnoic ar chrua chasán.
Is ní hé do mhill mé ná do ghread mé im intinn is mé duairc thar barr,
Ach mo leanbh dílis do bhí lem taoibhse is í ag lua gach lá.
Ní riabh raidhse an bhídh againn le na linn, is ba chruaidh mar chás,
Ach an leite bhuí is gan í fháil ist’oíche ach dá uair sa lá.
Dá mbar bean aníos mé ó Chonnacht íochtar nú ó Chontae an Chláir,
Dá ndéanfainn gníomh is dá lasfainn tíortha, ba thrua le rá,
Nuair a iompaigh an síon orainn aneas go díreach is bhí an uain in ár,
Is mise im mhnaoi bhoicht chaite chríona fé mhór chiseán.
Dá mairfinn míle do choingbheochain cuimhne air dom shlúth charaid ghearr,
Ná tháinig go dtí mé nú ar an gclaí amuigh, is “mo thrua thú” a rá.
Dá mbeidís sínte gan aon bhrí leo, gura fada uatha an cás,
Ní raghainn go dtí iad mura raghainn á gcaoineadh is iad fuar ar chlár.