A Mhic Mo Chroí

Amhrán deas, bríomhar mar gheall ar lead óg gur theastaigh sé uaidh dul le airm ach tháinig sé thar n-ais gan a chosa fé agus ba thrína céile a bhí a mháthair nuair a tháinig sé abhaile ag lorg cabhrach!

Foinse: Amhránaíocht Nell Ní Chróinín

“A mhic mo chroí” arsa an sáirsint groí,
“Ar mhaith leat bheith in arm is in éide an Rí?
Id’ Royal Dragoon thar farraige anonn
Is gan aon ró-mhoill bheith id’ oifigeach mór”

agus tu rai a fol de dídil a
tu rai o rai o rai a
agus tu rai a fol de dídil a
tu rai o rai o rai a

Dhein Tadhg liostáil is do chuaigh thar sáil’
Bhí a mháthair tamall fada gan a thuairisc d’fháil,
Ach i mí Meán Fhómhar tháinig long fé sheol
Go cuan Chorcaí agus Tadhg ar bord

Do lig sí béic nuair a chonaic sí é
Mar bhí Tadhg ina bhacach agus crann-chos fé,
Mhuise a Thaidhgín, a rúin, gan ach adhmad fút,
Th’anam ón diabhal, nó an é tú atá chugam?

An raibh tú caoch nó an raibh tú dall,
Nó ar dhearmadais do chosa is iad a fhágaint thall?
Nó a’ raibh tú ag siúl ar an bhfarraige mhór
Go rabhadar caite agat ó shál go glúin.

Ní raibh mé caoch ná ní raibh mé dall,
‘s níor dhearmadas mo chosa ná iad d’fhágaint thall
Ach ag lámhach na ngunnaí i Sevastapool
Sciob an chaor mo chosa ó mo chorp ar siúl.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s