le Seán Ó Ríordáin (The Irish Times 09/10/1971, lch. 5)
Tá Seán Ó Riada marbh. Nó an bhfuil? Tá a aifreann in ár gcluasa. Tá a cheol dulta in ár n-aigne. Tá an t-aer ar tinneal leis. An féidir a rá go bhfuil sé marbh?
Ba dhuine speisialta é. Bhí a aghaidh, a shúile, a phearsa, a theacht i láthair, tuin a chainte, a chuid éadaigh, a éirim, speisialta. Bhain sé leis na h-ealaíona. Ní hamháin san ach bhain sé le láithreacha na n-ealaíona – leis an amharclann, leis an ollscoil, leis an dteilifís, leis an radió, leis an gceolfhoireann. Órnáid ab ea é. Búcla ab ea é ar an saol. Níos stíliúla ná Wilde. Suaithinsiú ab ea é ag gabháil na sráide. Bhí a aghaidh suaithinseach ar fad. Aghaidh ceoltóra. Bhíodh Séamas Ó Murchú i gcónaí chun cloigeann an Riadaigh a dhéanamh cé nár dhein. Minic a chuireas i gcuimhne dho é cé nár thuigeas go raibh deabhaidh leis. Lean na láthreacha speisialta é go deire. Tugadh a chorp in eitleán ó Shasana. D’oir an t-aerfort dó. Pé h-é féin an gnáthdhuine, níorbh é an Riadach é. Ach b’é an gnáthdhuine a dhuine, a rogha. B’é an gnáthdhuine bun agus barr. Dhírigh sé a shaol ar an ngáthdhuine mar is ann a bhí an dúchas – an rud is diamhair, dothuigthe sin. Dá bhrí sin, d’ainneoin na láthreacha speisialta, ba dhuine tíriúil é amach is amach.
Fuair sé amach ar an rud so is dúchas agus de gheit bhí fios a ghnótha aige. Bhí a threo aimsithe aige. Do geineadh athuair é. Tá sé le léamh sa litir chaíliúil chuig Charles Acton a bhí ar an bpáipéar so ar an 27/7/71. Is lag a shíleamair nuair a léamair an litir sin gur gearr eile go mbeadh deire lena ré saoil. Sin é an rud a dúirt sé: “What have I learned? Very broadly, that there are in this small island two nations: the Irish (or Gaelic) nation and the Pale. The Irish nation, tiny as it is at the moment, has a long, professional literary and musical tradition. The Pale on the other hand has a tradition of amaturishness.” Nuair a chuaigh sé leis an dúhas níor dhein sé aon dá leath dá dhícheall. D’aistrigh sé siar go Cúil Aodha deich mbliana ó shin. Chuir sé fé ann fé mar a dhein Gobnait agus thóg sé clann le Gaeilge. Fuair sé máistríocht neamhchoitianta ar an dteanga. Labhradh sé í fé mar a chainteoir dúchais é. Chuir sé eolas fairsing ar an litríocht agus go h-áirithe ar an bhfilíocht. Ní gá a rá cén t-eolas a chuir sé ar an gceol. Dhein sé a chuid féin d’amhráintí tuaithe na Gaeilge. Bhíodar de ghlanmheabhair aige. Chuaigh sé siar go Dún Chaoin agus chuir sé eolas ar Ghaeilge, ar mhuintir agus ar cheol na h-áite. Fuair sé cothú mór ann ach b’é Baile Mhúirne a rogha d’ainneoin ná fuil an teanga chomh láidir ann agus tá i nDún Chaoin. Bhraith sé rud i mBaile Mhúirne nár bhraith sé in aon áit eile ach b’é Baile Mhúirne a rogha áit. Ba ghile leis Gaeilge Bhaile Mhúirne ná aon Ghaeilge eile. Tuigeadh do go láidreodh an teanga arís sa cheantar. Thug sé uchtach nua do mhuintir na h-áite. Chuir sé an tAifreann á chanadh i gCúil Aodha. Ba dhuine d’fhilí na Dámhscoile é chomh maith le fear. Labhradh sé idir Ghaeilge agus Bhéarla Bhaile Mhúirne – Béarla tíriúil na Gaeilge. Agus labhradh sé Béarla crochta, galánta, de réir mar oirfeadh. Níor dhein a lé leis an dúchas cúng é. A mhalairt. Fear ab ea é go raibh mórchuid éirimí ann. Bhí sé pras chun teangacha a fhoghlaim. Bhí an Fhraincís go maith aige agus bhí sé i ndán teangacha eile Eorpacha a léamh. Tubaist gan teora, gan choinne ab ea a bhás. Mar sin féin pé áit go mbíonn máistir fásann traidisiún agus téann borradh an éin gé ar an dtraidisiún tar éis a bháis.
***
Sé a theastaigh uaidh, dar liom, ná an dúchas a shealbhú agus labhairt de réir an dúchais as san amach. Sé sin le rá an dúchas féin a chur ag labhairt. Níorbh aon chuing air féin é seo, dar leis, ná múchadh, ach fuascailt agus soilsiú. Bhí an tuiscint chéanna aige do rudaí ón iasacht. An rud a léifeadh duine eile aistrithe go Béarla ó theanga Eorpach léifeadh sé sin é san mbunteanga. Bá léir go mbíodh an léamh a dheineadh sé sin níos tíriúla. Sé sin, níos fírinní, níos substaintiúla. Ní féidir liomsa ómós a thabhairt do Nomos I nó II, ceal eolais, ceal cluaise, ach mhothaíos Éire nocht sa cheol a chuir sé le Mise Éire agus ba rud scanrúil an aithne nocht san. Bhí an Ciarraíoch Mallaithe de ghlanmheabhair agamsa agus ag mo leithéid eile nuair a bhíomar beag i mBaile Mhúirne fadó. Bíonn an t-amhrán san le clos foirleitheadúil fós. Chuala é cúpla bliain ó shin i bhfoirm ceoil gan na focail ar an raidio ag an Riadach. Do tuigeadh dom nár chuala riamh i gceart é go dtísin cé go mbíodh a h-amhránaithe ba bhinne á ghabháil i mBaile Mhúirne. Tuigeadh dom go raibh pearsantacht an Chiarraígh Mhallaithe staite glan aige as an amhrán agus curtha nocht aige i láthair – rud scanrúil arís. Fuair sé bheith istigh i gceol na hÉireann agus dob fhéidir leis labhairt ón dtaobh istigh le guth glan. Neartaigh san a ghuth. Mothaím an rud céanna ar Mháirtín Ó Murchú, gur ag machnamh ón dtaobh istigh den dteanga a bhíonn sé, ní ón dtaobh amuigh.
Duine ildánach, iltaobhach, sofaistiúil, cumasach, fuarchúiseach ar uairibh, ab ea an Riadach. Bhí sé símplí, geanúil, leis ar chuma an gharsúin. Bhí a cháirde iomadúil, ilaicmeach, ilteangach, ilidé-eolaíoch. Cáirde dó ab ea na filí Béarla Thomas Kinsella agus John Montague, chomh maith leis an Suibhneach Meann agus filí na Gaeilge. Creidim gurbh iad Seán Ó Cróinín agus a dheartháir Donncha a mháistrí Gaeilge. Creidim gur uathu a thug sé leis an cháiréis agus an ceachtú teanga a bhain riamh le scoláirí Bhaile Mhúirne. Thugas turas air san óspidéal i gCorcaigh ar an 9/9/71. Bhí sé sa leabaidh agus é in árdghiúmar. Bhí foclóir an Duinnínigh agus cruach leabhar in aice leis. Aide-de-camp an Ghaeilgeora is ea an Ghaeilge nach féidir a leigheas mar ní féidir í fhoghlaim go bráth ná éirí aisti. Beir go deo ag cur feabhais uirthi. Bhí Diarmuid Ó Súilleabháin ó Bhaile Mhúirne fairis, príomhamhránaí an Aifrinn. D’fhiafraigh Seán dinn an raibh a fhios againn cá bhfásann mothall ar dhuine. Cheapas féin gur ar do cheann é. Ach mhínigh Seán go bhfuil brí níos cruinne leis an bhfocal mar go bhfásann mothall in áit eile ar fad. Plé clasaiceach ab ea an plé seo a bhaineann leis an scoláireacht neamhoifigiúil dúhais agus bhain Seán ana-shuairceas as. Ach ba chuid dá chúram é bheith de shíor ag dul níos doimhne sa dúchas, fiú amháin nuair a bhí sé ag fáil bháis. Bhí blas so an dúchais ar a Chríostaíocht leis. Flaithiúlacht a shamhlaigh sé le Dia i gcónaí. Dar leis go maithfeadh sé an uile rud do pheacach an chroí mhóir.
***
Ar deire, braithim gurb iad fadhbanna teanga agus cultúir a linne a chuir chun seanma é – ní toisc gur féidir iad a réiteach ach toisc nách féidir. Bíonn an uile thraidisiún de shíor treascartha. Sin é a tuigtear don ealaíontóir. Éadóchas a bhíonn aige chun bricfeasta. An t-éadóchas a spreagann é agus a mhúchann é. Cuireann sé cruachás a thraidisiúin ina shaothar. Sin é a thraidisiún curtha in iúl aige. Sin é a dhein an Riadach. Cuid de sheanchas Bhaile Mhúirne agus de sheanchas na hÉireann is ea é feasta. Níl sé mórán le cois mí ó cuireadh file eile d’fhilí na Dámhscoile i reilig Gobnatan, Proinsias Ó Ceallaigh, Beannacht Dé leo.