F. Ó Dúil

le Seán Ó Ríordáin (The Irish Times – 29/03/1968)

Tarlaíonn sé ar uairibh fánacha go gcloisimíd focal a osclann dóirse dúinn agus go h-obann chímíd taobh tíe fé sholas nua nó aicme daoine níos soiléire ná riamh roimis sin, nó b’fhéidir gur sinn féin a chímíd, ró-shoiléir. Níl teora leis na neithe ar a bhféadfadh focal dá leithéid solas chaitheamh. Do chuala a leithéid sin díreach d’fhocal an lá fé dheire agus mé san leabharlainn phoiblí i gCorcaigh. Bhí slua maith ann agus gach duine ar deighilt ón gcuid eile ina dhomhan intliúil féin, ag lorg an bhídh a shásóidh a ocras aigne féin, fé mar bhíonn i leabharlainn.

Bhí beirt bhan rialta ag póirseáil i measc leabhair chreidimh agus fealsúnachta. Oireann siad dá chéile – mná rialta agus leabharlanna. Bhí bruinneal óg ann agus í ag follus idir dhá chomhairle cén chuid dá h-ain-eolas a choillfeadh sí an babhta so. Bhí doicheall an léinn ar chách. Ní bheannódh éinne dá chomharsain ar eagla go n-íosfadh na peidhleacáin é.

Go h-obann chonac cigire trí pholl seilfe idir dhá leabhar. Ní fheadar an bhfaca sé mé? Dá bhfeicfeadh an mbeannódh sé dhom? Nuair a thánag amach ón bhfoithin bí sé romham agus bheannaigh. B’shin é an trá go raibh na múinteóirí ar stailc i gCiarraí toisc an drochbhail a bhí ar an scoil. Phléamair an cheist go díscréideach ón uair go raibh an cheist leóchaileach agus go raibh sé féin ina chigire. Phléamair bainistíocht na sagart. Bhí ana-chur amach aige siúd ar shagairt pharóiste. Dúrtsa nár chuimhin liom go bhfaca sagart paróiste riamh ná raibh cuma feirmeóra air. Dúirt sé go gcaitheamm siad bheith fódúil nó ní sheasódh an eaglais.

***

Bhí an focal draíochta ráite – fódúil. B’shin é é – fódúil. Thit solas ar a raibh de shagairt pharóiste riamh feicithe agam. Nocht chugham sagairt pharóiste ná faca riamh. Chonac a gcloigne agus poill a gcluas ins an mbosca faoistine. Ar deire ní mór ná go bhfaca an Sagart Paróiste Slánaithe mar a déarfadh an Scríbhneoir Slánaithe úd ó Chois Fharraige (Vidette “An Srathar ar Láir,” le Máirtín Ó Cadhain). Go deimhin féin bhí an uile dhuine acu fódúil. Ní fódúíl go dtí iad. Ní críostúil ná críochnúil ná tiarnúil a thaibhsíodar fé sholas an fhocail seo ach fódúil, ar mh’anam. Bhí an cigire féin fódúil.

Go deimhin bíonn cuid mhaith cigirífódúil. Bíonn gach duine céimiúil fódúil – nó a bhformhór. Mara gcreideann túmé cuimhnigh ar na daoine atá ceapaithe ins na poist mhóra ins an eaglais, ins an státsheirbhís, ins na comhlachtaí stáit agus príobháideacha. Bhfuil focal is fearr a oireann dóibh ná fódúil? Aithníonn na fóda a chéile. Ceapann siad a chéile. Bíonn siad ar fad chomh daingean leis an gcois ins an tuairgín. An fhódúlacht a chimeádann an spéir gan titim. An fhódúlacht a sheasann an fód. Is ionann “fear gan fód” dréir an Duinnínigh agus “a shallow or flighty man”. Tá an abairt “fód re h-altóir” aige ach ní sagart paróiste is brí leis. Níor phléamair an tAire Oideachais, Doncha Ó Máille, an lá úd. Ní chreidim go raibh sé siúd fódúil. Ná ní dóigh liom go raibh an Chomhairle seo a imigh tharainn den Vatacáin fódúil. Sin é an fáth is dócha go bhfuil cuid mhór den dream fódúil amhrasach uirthi.

Lean an cigire air ag moladh na sagairt pharóiste, á rá cén chomaoin a chuireadar riamh ar Éirinn, rud ab fhíor dó. Le linn do bheith ag caint chonac ag gabháil tharainn sa phasáiste lasmuigh an lánúin cháiliúil (ní fódúil), Éireannach-Spáinneach, Timme Ó Danaos agus a bhean Dona Ferentes*. It is a sod, sod dtory.

 

*’Timeo Danaos et dona ferentes’ – ‘beware of Greeks bearing gifts’

Advertisements
Ranganna: Uncategorized. Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s