Treabhadh, Rómhar agus Prátaí

“Na trí riain is sia a fhanann – rian guail i muing, rian cairte i gclaí agus rian i gcrích.”

An Céacht

Codacha an chéachta:- na hannlaí ar a mbíonn greim ag an oiream [treabhadóir, céachtaire, dreasadóir]; an bhéim ar a mbíonn na cuingeacha [greallóga] ceangailte dá chab le raca; an spíontóg [colltar] chun an fhóid do ghearradh thíos fé; bíonn log nó cró sa tsoc chun é do ghreamú ar an más; an clár chun an fhóid d’iompó; an iarlais in a clár buinn fén gcéachta. Cúilíní a tugtar ar na dingeacha lena ndaingnítear an colltar ina chró féin i lár an bhéama ós cionn an tsoic. De réir mar a bheadh fonn ar an soc dul i dtalamh is ea do bheadh sainnt ann. Mara mbeadh sainnt a dhóthain ann ní fhéadfaí é do choimeád sa talamh, ach dá mbeadh an iomarca sainnte ann do mharódh sé an t-oireamh d’iarraidh é do choimeád ó dhul ró-dhoimhin.

Trí saghas céachta atá ann – céachta báin, céachta síolchuir agus céachta clas.

Is troime fé dhó an céachta báin ná an céachta síolchuir. Bíonn clár orthu san araon ach ní bhíonn ar an gcéachta clas. Tá céachta dá clár acu anois chun cré agus athchré do chur le gasaibh a bhíonn ag fás i roidhealaibh.

Corm a tugtar ar an gcuing mhóir. Ar dhá cheann gach cuinne bíonn buinneáin nó slaingí, agus is díobh san a bhíonn na slabhraí sin na gcuingeach.

Ar dhrom gach capaill a bhíonn fé chéachta bíonn dromach, agus bíonn na tarraic ceangailte des na hamaí ar tosach, den dromach i lár baill agus de lúbaibh na mbrághaideach thiar. Ní trasna ar bharr-ghad na n-amaí a bhíonn aradha na seisrí ach tré fháinníbh na ndromach.

Treabhadh

Cúig fóid is gnáth in iomaire. Is béas cheithre fóid do threabhadh ar dtúis agus gan bac leis an gcúigiú fód, an caolfhód, go mbíonn an pháirc treabhtha. Is féidir le capall aonair an fód san do threabhadh, agus a deirtear “nách oireamh go caolfhód.”

Deora a tugtar ar an gclais [eitre, adhtra] tar éis an fhóid d’iompódh, agus claonfhód ar an bhfód a iompaítear trasna ag ceann na n-iomairí. Cinneard an iomaire a bhíonn ag bun agus ag barr na páirce.

Báthla a tugtar ar fhód a baintear le rámhainn chun claise do rianú i dtalamh fiaraigh.

Roidheal agus riabhóg a tugtar ar iomairín dhá fhód. Ladhróg agus méaróg a tugtar ar iomairín ghairid.

Fóidín feilbín [fiarn] a tugtar ar an gcéad fhód a treabhtar, agus béilghearradh a tugtar ar an obair sin. Corrfhód [huincín] a tugtar ar an tarna fód, agus síolthadh ar an bhfód deireannach. Geamhráil a deintear nuair a treabhtar gruadhna sean-iomairí isteach ins na clasaibh.

“Treabhadh siocáin agus fuirseadh plobáin” an dá obair is déine ar an bhfeirmeóir. Talamh reoite is ea an siocán agus talamh fliuch an plobán. “Treabhadh Mhuintire Múrnáin” a bhíonn ar siúl ag duine, a deirtear, nuair ná bíonn tada dá dhéanamh aige ach é ag rag-chadaráil amr gheall air.

Rómhar

Róhar le rámhainn earraigh a deintí sara dtáinig an céachta. An chabhail a tugtar ar an gcuid den rámhainn ina mbíonn an feac agus an bacán [bróigín, eilic]. Oilíní na cabhlach a ghreamaíonn iad. Tugtar tigheal [caibe] ar a bhfuil ón gcabhail síos den rámhainn. Nuair a bhíodh an feac ar bogadh cuirtí leicneáin idir an mbacán agus é.

Is amhlaidh a deintídhá fhód do rómhar i gcoinnibh a chéile, cnámhfhód d’fhágaint eadartha, agus a leath san do chur le gach iomaire. Nuair a bhíodh an rómhar déanta deintí na hiomairí do phiocáil le tál fuinn [grafán] i dtreo ná beadh leigean ag an ngaoith ná ag an ngréin ar an sciollán. Is amhlaidh a deintí poll san iomaire le ceapóig rámhainne agus an sciollán do sháthadh sa pholl san, agus na poill do dhúnadh le tuairgín poll [faircín, smachtín].

Riastáil

Slí eile chun prátaí do chur dob ea an riastáil .i. grafadh dóite agus grafadh fuar. Baintí an scraith den talamh i gcóir an ghrafaidh dhóite, leigtí dhi tíormú agus tugtaí tine dhi. Níor ghá aon leasú – dheineadh luaith na scraithe an gnó. Leis an ngrafán a riantaína hiomairí. Leachtaí na sciolláin ar na hiomairíbh, baintían cartadh ins na clasaibh agus leathtaíar na sciollánaibh é. Is amhlaidh a baintí scraith na gclas i gcóir an ghrafaidh fhuair, aoileach do leathadh ar na hiomairíbh, na sciolláin do leathadh air sin agus iad do chlúdach leis an gcartadh.

Béiteáil

Ní foláir nó bhíodh a lán den obair seo ar siúl in iarthar Uíbh Laoghaire agus a bhfuil de pháirceannaibh ainmnithe uaidh. Is é is béiteáil ann ná féar an bháin do dhó le haghaidh curadóireachta. Béitín a tugtaí ar an luaithreach.

Béas ag a lán an mhionnrach .i. mion-phlanndaí cabáiste, do chur ins na gruanaibh .i. i ngruanaibh na n-iomairí. Stíbhín a tugtar ar an gceapóig lena sáitear an mhionnrach.

Teilgean

Nuair a bhíonn na gais ag gobadh aníos cuirtear teilgean .i. an chéad chré, leo; agus nuair a bhíd cúpla órlach ar aoirde deintear iad do shaothrú .i. an ath-chré do chur leo. Teilgeoir a dheineann san. Páirc ina mbeadh doimhneas maith san ithir a déarfaí go mbeadh teilgean maith ann.

Spréidheáil

Chun cosc do chur leis an ndubhachán líontar dabhach d’uisce, agus cuirtear roinnt den chloich ghoirm agus den tsód níochán ann; ansan cuirtear i gcilfing ar a mbíonn puieascán é, agus deintear a phuieasca ar na gasaibh. Puieascaire a tugtar ar an úirlis seo.

July an Chabáiste

Cois farraige cuirtear na prátaí go dlúth san Earrach agus bíd ar an margadh acu Lá Bealtaine. Tuairim Lae Fhéile Muire sa Mhárta a bhíd críochnaithe ar fuaid na tuaithe agus “Aonach Spiúnán” i mí Iúil a chromaid ar iad do bhaint. “July an Chabáiste” a tugtar ar an mí sin toisc a ghannchuisí a bhíodh gach ábhar eile bídh.

Garrdha Oireachtais

Roimhe seo do gheibheadh an lucht oibre talamh scóir nó garrdha oireachtais ón bhfeirmeoir in aiscidh, ach an talamh do leasú.

Na Prátaí

I sciathógaibh agus i gciseánaibh a pioctar na prátaí, tar éis a mbainte, sara gcuirtear ins na pollaibh iad. Is iad na prátaí móra folláine a pioctar ar dtúis le cur sa pholl. Cnap nó fadhbán nó cnaist a tugtar ar phráta mór. Pioctar na mion-phrátaí .i. na criocháin nó na geinidí nó na gionáin, agus na prátaí fabhtacha .i. na prátaí gréine, na prátaí préacháin, na prátaí claimheacha agus na prátaí piastacha, ansan, le tabhairt dos na beithíochaibh. Caistín a tugtar ar phráta a bheadh searg ón gteas nó ón sioc; cailleach ar cheann searg nóceann go mbeadh péacáin tar éis teacht tríd; stagún .i. ceann a bheadh millte ag an sioc. Tugtar gealach ar an gciorcail bháin a chífeá i bpráta cnag-bheirithe. Lobhadh talún a tugtar ar an ndreó a thagann ar an dtaobh amuigh den phráta nuair a bhíonn sé ró-fhada fé chré.

Maiseog [maoiseog] nó cúil a tugtar ar charn prátaía cuirfí i gtaiscidh i scioból. Tugtar muireog, leis, ar charn prátaí. Graithin a tugtar ar charn de phrátaibh suaracha, agus uail a tugtar ar charn mion-phrátaí ar ghas.

Is gnáth go gcoimeádtar na prátaí sí i bpoll go dtagann aimsir na sciollán do ghearradh. Ní foláir fáth [.i. “súil”] do bheith ins gach aon sciollán. Croidheleacán [laoidhean] a tugtar ar an gcuid den phráta a bhíonn fágtha tar éis na sciollán do bhaint as. Uthlach a tugtar ar mháilín na sciollán a bhíonn dá iomchar ag an té a bhíonn ag sáthadh na sciollán. Spiúntar a tugtar ar phrátaí groda (.i. luatha).

Gabhar [gabhairín] .i. bun-mhála prátaía ghoideann an mac óna athair chun iad do dhíol i gcóir airgid póca!

Is minic a deintí béile maith prátaí do róstadh sa ghríosaigh. Brothóg [bruithneach] a tugtaí orthu. Deintí steaimpí, leis, de phrátaí .i. prátaí fuara do mhion-bhrú, an brúitín sin do chur i máilín agus an fliuchán d’fháscadh as, plúr do mheascadh ar an mbrúitín ansan is sórd císte do dhéanamh, agus an císte sin do bhácáil ar an ngriodal.

“Slaghdán samhraidh nó masmus fómhair,” is olc an dá ghearán iad, a deirtear. Masmus fómhair .i. an iomarca des na prátaí nua d’ithe.

Advertisements
Ranganna: Ailt, Uncategorized. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s