An Poc ar Buile

Dónal Ó Mulláin

Foinse: Peáití Thaidhg Pheig

Ar mo ghabháil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha
Píce im dhóid ‘s mé ag dul i meitheal
Cé a chasfaí orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile…

Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!

Do ritheamar trasna trí ruilleogach,
Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge,
Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga
Chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh

Curfá

Níor fhág sé carraig go raibh scót ann
Ná gur rith le fórsa chun sinn a mhilleadh,
B’ansan do chaith sé an léim ba mhó.
Le fána mór na Faille Brice…

Curfá

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
S’dá bhríste nua do dhein sé giobail…

Curfá

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sagart paróiste amach ‘nár gcoinnibh
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile…

curfá

Na Táilliúirí

Dónal Ó Mulláin
Rugadh agus tógadh Dónal Ó Mulláin ar an Screathan taobh thiar de Chúil Aodha.

Cumadóir amhrán agus scéalaí thar cuimse dob ea é. Bhíodh sé ag iomaíocht ag Oireachtas na Gaeilge go minic i lár na haoise seo caite agus is ann a chan sé An Poc Ar Buile chun gur chualadh Muintir na hÉireann ar dtúis é. Lean cáil an amhráin seo ar fud an domhain. Ach is mó amhrán eile agus scéal eile do scríobh sé chomh maith.

D’fhág sé féin agus a bhean Siobhán seisear páiste ina dhiaidh. (ó shuíomh Fhéile na Laoch http://feilenalaoch.com/2011/09/donal-o-mullain/ )

Chan Nell Ní Chróinín an t-amhrán so i ndiaidh di Corn Uí Riada a bhuachaint ag Oireachtas na Samhna 2014

Foinse: Cartlann Sean Nóis TG4 (Eibhlís Uí Thuama)

Tráthnóna Dé Satharain, ‘s me istigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair is piúnt os mo chómhair.
Do tháinig chúm gasra ‘s do luíodar ar ól,
A’ díol is a’ glaoch ar na cártaibh.

Cúrfá

Snáithidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdála ‘ bhí a bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na gince is Táiliúr na gcrúb
Agus Táilliúr na buile ó Chill Áirne.

Bhí duine ‘cu ‘r leath-bhuile is duine ‘cu óg,
Is duine ba shine ná mise go mór.
Do luíodar ar aighneas nuair a dhruid chucu ‘n t-ól,
Féachaint cioca dob oilte mar tháilliúr.

Cúrfá

Do labhair an fear críonna, ‘ sé an tuise ‘cu éireodh,
Dá bhfeicfeadh sé duine ‘ siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh sé culaith air ó smigín go bróg
Gan furca ná féithleog ar fháithim.

Cúrfá

Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ag táilliúirí oilte níl meas ar do shórd.
Mara bhfeicfinn ag an gcúinne don duine ach a chló
Chuirfinn culaith air don bhfaisean is déanaí.

Cúrfá

Do labhair an fear buile, is fuinneamh ‘na ghlór.
Éistíg! ar seisean, ná labharaíg níos mó.
Mara bhfeicfinn ach an cúinne ‘nar ghaibh an fear óg
Chuirfinn culaith air a sheasódh go bás é!

Cúrfá

Sarar rith liom-sa an ghloine ‘ bhí ‘gam-sa a ól
Do bhuail táilliúr na buile le pleannc an fear óg.
Gloiní ‘ dul ‘na mbloghtracha, a’ titim den mbórd
Is tiománadh ar buile ‘n fear tabhairne.

Cúrfá

D’éiríos im’ sheasamh chun réitigh, d’ár ndóigh
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d’ fhuil shrón.
Ciceanna teannaithe ‘ bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo loirgne stracaithe is gearrtha.

Cúrfá