Caoineadh Airt Uí Laoghaire

Caoineadh Airt Uí Laoghaire S.Ó.T.
– Seán Ó Tuama: D’oibrigh sé na leaganacha ar fad le chéile chun sain-leagan a dhéanamh, chun uachtar agus spiorad an chaoineadh a choimeád agus roinnt den chumadóireacht a deineadh ina dhiaidh san a bhaint.

 

BUNLEAGANACHA

Caoineadh Airt Uí Laoghaire A
– Leagan a scríobhadh síos i lámhscríbhinn ó bhéalaithris Nóra Ní Shíndile, bean chaointe, agus atá le fáil mar aguisín leis an leabhar The Last Colonel of the Irish Brigade (Mrs. Morgan J. O’Connell) (Iml. II, lch. 327). Níl aon trácht ar an mbun scríbhinn a thuilleadh.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire A1
– Leagan eile a tógadh ó Nóra Ní Shíndile agus atá le fáil i lámhscríbhinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Ferriter I, lch. 298-305

Caoineadh Airt Uí Laoghaire B
– Leagan gairid den Chaoineadh atá le fáil i lámhscríbhinn atá i seilbh an Dr. Donnchadh Ó Mathghamhna, An Chloch Dhubh, Co. Chorcaí. Chuir an Dr. Ó Mathghamhna an leagan seo in eagar san iris, An Músgraidheach (Uimh. 6, Fómhar, 1944, lch. 3-6)

 

GIOTAÍ

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Con.
– 60 líne a scríobhadh síos, 1933, ó Bhean Uí Chonchubhair, aois 68, Baile Mhúirne, Co. Chorcaí. Óna máthair a d’éag, 1925, in aois a 87 di, a fuair sí an méid sin (Coimisiún Béaloideasa Éireann, Iml. 45, lch. 76-8).

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Finn.
– 15 línea scríobhadh síos, 1938, ó Mhícheál Ó Finneagáin, aois 73, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí (CBÉ, Iml. 535, lch. 331).

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Crua.
– 12 líne a scríobhadh síos, 1943, ó Phádraig Ó Chrualaoich (Gael na nGael), Máchromtha, Co. Chorcaí (CBÉ, Iml. 912, lch. 122).

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Sig.
– 13 líne a scríobhadh síos, 1943, ó Sheán Sigerson, an Rinnín Dubh, Cathair Domhnall, Co. Chiarraí (CBÉ, Iml. 927, lch. 38-9).

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Ríor.
– 18 líne a fuair Osborn Ó hAimhirgin ó Dhiarmuid Ó Ríordáin (Corcaigh) agus atá i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge (Iml. VII, Uimh. 2, lch. 23, Meitheamh 1896).

Caoineadh Airt Uí Laoghaire M. Ní. Fh.
– 42 líne a scríobh Pádraig Feirtéar, Trá Lí, sa bhliain 1893 ó bhean ghaoil dó féin, Maighréad Ní Fhionnagáin, Baile an Chaladh, An Daingean, Co. Chiarraí. Tá seo le fáil i Ferriter I, agus mar aguisín le A1.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Ló.
– 47 líne a fhoilsigh Séamas Lankford (S. Ó Longphoirt) sa Lóchrann, Meitheamh 1926, (lch. 50). Ó bhean de mhuintir Chéileachair a chónaigh i gCeann Toirc a thóg sé iad. I gCluain Droichid a rugadh agus a tógadh í.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Lank.
– 17 líne breise a fuair Séamas Lankford ón mbean chéanna, ach nár fhoilsigh sé. Thug sé cóip de na línte sin do Sheán Ó Tuama.

I dteannta na mbunfhoinsí, tá leaganacha des na foinsí ann chomh maith.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Pead.
– Leagan atá le fáil i measc páipéar an Athar Peadar Ó Laoghaire (a bhí i seilbh Bhean Mhichíl Uí Thighearnaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath).

Caoineadh Airt Uí Laoghaire GJ.
– Leagan a chuir Osborn Ó hAimhirgin i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Iml. VII, Uimh. 2, lch. 18-23, Meitheamh 1896.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire G.
– Leagan a cuireadh i gcló i bpáipéar i Nua Eabhrac, The Gael, Meith.-Lúnasa, 1899.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Ó Cuív.
– An leabhar a chuir Shán Ó Cuív in eagar, Caoine Airt Uí Laoghaire (Brún agus Ó Nóláin, 1923)

Caoineadh Airt Uí Laoghaire Ó Cróinín.
– Leagan scoile a chuir Donnchadh A. Ó Cróinín in eagar, Dánta Ard-Teistiméireachta, 1949-50

Freagra