Cat Dhiarmuid na Bearnan

B’é Diarmaid (táilliúra) Ó Cruadhlaoich ó Bhaile Mhúirne a chum an t-amhrán so. Athair ab ea é le Tadhg agus Pádraig (Gael na nGael).
Tá ana-chuid daoine luaite san amhrán, ina measc Aggie Eager, bean feasa ó Chill Áirne agus Sir George Colthurst, an té gurbh leis Caisleán na Blárnan agus an caisleán ag an muileann i mBaile Mhúirne. Duine de spiairí Colthurst ab ea Billy Chount (O’Connell).

Diarmuid na Bearnan féin, nó ‘Jerry the Gap’ ab ea fear ós na Millíní in iarthuaisceart Chúil Aodha. 

Foinse: The Irish Folk Song Society Journal (A.M. Freeman)

Is atuirseach cásmhar bog tamaillte cráite,
Ag titim go tláth mé le sealad,
Ó chuala an gearán so ó Dhiarmuid na Beárnan,
‘S is oth liom a chás súd le n-aithris;
Nuair a tháinig an ráib glan go Droichead an Chláir thoir,
Agus chuaigh go dtí an tabhairne mar chleachtadh,
ag glaoch ar na cáirt is dá riar ar na táintibh,
‘S ba chosúil é ‘gcáil chirt le Bacchus.

Do bhísé fial fáilteach sa bhaile mar ráitear,
agus d’fhan sé ar an láthair sin sealas,
Go dtáinig slaimirce dána nó scavenger sráide
Do chuir uaidh a mhála thar falla.
‘Na bhaillet bhí a lán nite nár mhaith liom díbh áireamh,
Ach bhí cat ceannfhionn breá ann mar mheasaim,
Ná fágfadh francach i stáca ná luch in aon áras,
Is easnamh thar barr é don baile.

Nuair a tháinig sé ag gearán liom do mhóidíos don tsáirfhear
Go gcaithfí é a sholáthar abhaile;
Do ghlaos-sa suas láithreach ar Stiana (deartháir dom),
‘Gus d’imigh sé chun fáin ins na reathaibh,
Trasna na n-árda is chun cuain geal Cheann tSáile
‘Gus ar fhilleadh dhó ‘gabháil tré Mhagh Ratha,
‘San Oilthaigh do crádh éis do greadadh thar barr é,
Is ba dhóbair é ‘á bhá in Áth Ceachan.

Do chuardaigh sé sléibhte ‘gus dubh-chnoic Uíbh Laoghaire
Go ndeaghaigh sé go Céim siar de scathamh,
Dubhchoill le chéile is an tSeithe ar gach taobh di,
‘Gus thóg sé ar an gCaol Choill cárt leanna.
Na Bruíne ina dhéidh sin do chuardaigh go héachtach
‘Gus ghaibh tríd an Méalaigh siar trasna,
Gach puais agus béilic is tré Chnoc na Léime,
‘Gus thóg sé a dhinéar sa Ghleann Gharbh.

D’imigh sé láithreach go Baile an Chaisleáin
Is go Céim an tSrangáin leis níor stadaigh,
Chun Eisc na Ceárdchan do chuardaigh go hálainn
‘Gus tríd an mBonán go Ceann Mara:
Cill Garbhán agus chun Coill an Pháide
‘Gus na pluaisreacha tá in Eisc an Chapaill,
Ceap an Leamháin agus Coillte Chrocháin,
‘Gus ar Dhoire Conáin bhí ar maidin.

A thuairisc in aon chor ní bhfuair sé sa méid sin,
Agus tríd an Eisc Caol do ghaibh trasna,
Chun Loch na mBraon agus Loch Chúim an Déise,
Agus chuardaigh dhá thaobh Chúim na gCapall.
Síos go dtí an Léin Loch agus chun Muileann Léithi
Agus chuardaigh ‘na dhéidh sin Tigh an Easpaigh;
‘Sé dúirt Aige Éigear, ghlac trua í don tséimhfhear,
Go raibh sé ina dhéidh i dtreo an bhaile.

Do ghluais sé agus fonn air trí Mhaighinis ag pramsaigh,
Is níor dhearmad sé Gleannta na Fleasca,
Laistiar den abhainn is chun Faill an Deamhain,
Is ar ghilleadh dhó anall Inse an Ghleanna.
Claedeach gan amhras is Cnoc Lice Reamhaire,
Agus Ath Phoill an Ghabhair do ghaibh trasna,
‘Gus ar maidin Dé Domhnaigh i dtigh Bhillí Chount
‘Sea airíodh é ag meannlaigh fén leabaigh.

D’imigh sé láithreach is ghlaoigh ar an Sáirsint,
Agus thóg sé ina bhragha é go tapaigh
Go dtí Dochtúir Bálduinn, is é scríobh dó bharántas
Go gcuirfí é láithreach thar caise.
Ar a ghabháil soir tré Árd Drom do casadh Sir George air,
Agus d’umhlaigh don tsáirfhear ón nGeata,
Do thug feirm na beárnan faoi phaiteann go brách dó,
Ach é a leogaint chun a mhná ‘gus a leanbh.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s