Caoineadh Airt Uí Laoghaire A1

Leagan den Chaoineadh a bailíodh ó Nóra Ní Shíndile, bean chaointe ó Shráid an Mhuilinn atá le fáil i lámhscríbhinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (Ferriter I, lch.298-305)

Mo chara go daingean tú!
Lá dá bhfaca thú
ag ceann tí an mhargaidh,
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitneamh duit,
d’éalaíos óm athair leat
i bhfad ó bhaile leat.

Is domhsa nárbh atuirseach:
Chuiris párlús á ghealadh dhom,
seomraí á mbreacadh dhom,
bácús á dheargadh dhom,
bríc dá ceapadh dhom,
róst dá bhreacadh dhom,
riaradh agus glacadh dhom,
búird dá leathadh dhom,
mairt dá leagadh dhom,
muca dá bhfeadadh dhom
mná fuinte ‘s rannta dom
mná glactha leastar dhom
codladh i gclúmh lachan dom
go dtíodh an t-eadartha
nó tharis dá dtaitneadh liom
cé gurb é a leathadh ort,
má bhítheá cearcardha
ní bhítheá ach tamall beag,
ba mise fá ndeara san,
tá fhios ag an Athair-Mhac
Go mb’fhiú fear t’ainme
súd do mhaitheamh duit
A mharcaigh an mhalla roisc.

An lá breá earraigh úd,
is breá thíodh hata dhuit
faoi bhanda d’ór tharraingthe;
claíomh cinn airgid,
coiscéim bhalarach
is each caol ceannann fút.
D’umhlaídís Sasanaigh
síos go talamh duit,
is ní ar mhaithe leat
ach le haon-chorp eagla,
cé gur leo a cailleadh tú,
a mhuirnín mh’anama.

A mharcaigh na mbán-ghlac!
Is breá thíodh ráib duit,
Solón faoi cháimbric,
Is hata faoi lása
Tar éis teacht thar sáile
Glantaí an tsráid duit
Is ní le grá dhuit
Ach le haon chorp gráine ort.

Mo chara thú go daingean!
nuair thiocfaidh chugham-sa abhaile
Conchubhar beag an cheana
is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,
fiafróid díom go tapaidh
cár fhágas féin a n-athair.
‘Neosad dóibh fé mhairg
gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
is ní bheidh sé acu le freagairt….

Mo chara is mo ghamhain tú!
Gaeil iar-lanntaraim
Is Bharraigh ón Amchoill,
Is breá thíodh lann duit,
Hata faoi bhanda,
Bróg chaol ghallda,
Is culaith den abhras
A rinntí thall duit.

Mo chara thú go daingean!
is níor chreideas riamh do mharbh
gur tháinig chugham mo chapall
is a srianta léi go talamh,
is fuil do chroí ar a leacain
siar go t’iallait ghreanta
mar a mbítheá id shuí ‘s id sheasamh.
Thugas léim go tairsigh,
an dara léim go geata,
an triú léim ar do chapall.

Do liús is do screadas
do bhuaileas go luath mo bhasa
is do bhaineas as na reathaibh
chomh maith is a bhí sé agam,
mar a bheadh bó nó capall
go bhfuaireas romham tú marbh
faoi thár thoirín aitinn,
gan Pápa gan Easpag,
gan Cléireach gan Sagart
do léifeadh ort an tsailm,
ach seanbhean chríonna chaite
do leath ort binn dá fallaing.

Mo ghrá thú go daingean!
is éirigh suas id’ sheasamh
is tar liom féin abhaile,
go gcuirfimíd mairt á leagadh,
go gcuirfimíd rósta á bhreacadh,
go gcuirfimíd trianta á leathadh
go nglaofam ar chóisir fhairsing,
go mbeidh againn ceol dá spreagadh,
go gcóireod fút leaba
faoi bhratachaibh líona,
faoi chuilteanna breátha breaca,
a bhainfidh asat allas
in ionad an fhuachta a ghlacais.

II

Deirfiúr Airt:

Mo chara is mo stór tú
is níl ainnir bhreá chórach
ó Chorcaigh na seólta
go Droichead na dTóime,
go mbeadh a cuid airgid cnósta,
is a macha breá bó aici,
raghadh a chodladh ‘na seomra
oíche do thórraimh,
a mharcaigh na n-ór-fholt.

Eibhlín Dubh

Mo chara go buan tú!
is ná creid-se siúd,
ná an cogar a fuarais,
ná an scéal fir fuatha,
gur a chodladh a chuas-sa.
Níor throm suan dom:
ach bhí do linbh ró-bhuartha,
‘s do theastaigh sé uathu
iad a chur chun suaimhnis
Is nár léige Dia suas
An bhean thug fúm tuairim,
Agus í thabhairt ar tuathal.

A dhaoine na n-ae istigh,
an bhfuil aon bhean in Éirinn,
ó luí na gréine,
a shínfeadh a taobh leis,
do bhéarfadh trí lao dho,
ná raghadh le craobhacha
ach mé féinig
i ndiaidh Airt Uí Laoghaire
atá anso traochta
ó mhaidin inné agam?

Athair Airt

Orrú Mhorrison léan ort!-
fuil do chroí is t’ae leat!
do shúile caochta!
do ghlúine réabtha!-
a mhairbh mo lao-sa,
is gan aon fhear in Éirinn
a ghreadfadh na piléir leat.

Mo chara thú ‘s mo shearc!
is éirigh suas, a Airt,
léimse in airde ar t’each,
éirigh go Magh Chromtha isteach,
Is go hInse Geimhleach ar ais,
buidéal fíona id’ ghlaic –
is buidéal eile ag teacht,
cur ribiní i gcúl na mban
mar a mbíodh i rúm do dhaid.

Eibhlín Dubh

M’fhada-chreach léan-ghoirt
ná rabhas-sa taobh leat
nuair lámhadh an piléar leat,
go ngeobhainn é im’ thaobh dheas
nó i mbinn mo léine,
is go léigfinn cead slé’ leat
a mharcaigh na ré-ghlac.

Deirfiúr Airt:

Mo chreach ghéarchúiseach
ná rabhas ar do chúlaibh
nuair lámhadh an púdar,
go ngeobhainn é im’ chom dheas
nó i mbinn mo ghúna,
is go léigfinn cead siúil leat
a mharcaigh na súl nglas,
os tú b’fhearr léigean chucu.

III

Eibhlín Dubh.

Mo chara thú is mo, shearc-mhaoin!
‘s is gránna an chóir ag cur ar ghaiscíoch
comhra agus caipín,
ar mharcach an dea-chroí
a bhíodh ag iascaireacht ar ghlaisíbh
agus ag ól ar hallaíbh
i bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Is mo mhíle mearaí
mar a chailleas do thaithí.

Greadadh chughat is díth
a Mhairision ghránna an fhill!
a bhain díom fear mo thigheas,
athair mo chlainne gan aois:
dís acu ag siúl an tí,
‘s an triú duine acu istigh im chlí,
agus is dócha ná cuirfead diom.

Mo chara thú is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d’fhillis ar ais go tapaidh,
do phógais do dhís leanbh,
do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, ‘A Eibhlín, éirigh id sheasamh
agus cuir do ghnó chun taisce
go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
is ní móide go deo go gcasfainn.’
Níor rinneas dá chaint ach magadh,
mar bhíodh á rá liom go minic cheana.

Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chliatháin ghil,
éirigh suas anois,
cuir ort do chulaith
éadaigh uasail ghlain,
cuir ort do bhéabhar dubh,
tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t’fhuip;
sin í do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
mar a maolóidh romhat na toir,
mar a gcaolóidh romhat an sruth,
mar a n-umhlóidh romhat mná is fir,
má tá a mbéasa féin acu –
‘s is baolach liomsa ná fuil anois….

Mo ghrá thu is mo chumann!
‘s ní hé a bhfuair bás dem chine,
ná bás mo thriúr clainne;
ná Dhomhnall Mór Ó Conaill,
ná Chonaill a bádh sa tuile,
ná bean na blian’ is fiche
do chuaigh anonn thar uisce
‘déanamh cáirdeasaí Críost –
ní hiad go lér atá agam dá ngairm,
ach Art a bhaint aréir dá bhonnaibh
marcach na lárach doinne
atá agam féin anso go singil —
ar inse Charraig an Ime!
‘s nár mhairidh sí a hainm ná a sloinne
mar nár rinneadar
mná beaga riabhacha an mhuilinn sileadh
go bhfacadar mise ar buile
a ghrá na muirne.
gan éinne beo ‘na ghoire
ach mná beaga dubha an mhuilinn,
is mar bharr ar mo mhíle tubaist
gan a súile féinigh ag sileadh.

Mo chara is mo lao thú!
A Airt Uí Laoghaire
Mhic Conchúir, Mhic Céadaigh,
Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,
aniar ón nGaortha
is anoir ón gCaolchnoc,
mar a bhfásaid caora
is cnó buí ar ghéagaibh
is úlla ‘na slaodaibh
na n-am féinig.
Cárbh ionadh le héinne
dá lasadh Uíbh Laoghaire
agus Béal Átha an Ghaorthaigh
is an Gúgán naofa
i ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac
a mbíodh an fiach á thraochadh
ón nGreanaigh ar saothar
nuair stadaidís caol-choin!
Is marcaigh na gclaon-rosc —
nó cad d’imigh aréir ort?
Óir do shíleas féinig
ná maródh an saol tu
nuair cheannaíos duit éide.

IV

Deirfiúr Airt:

Mo chara thú is mo ghrá!
gaol mhathshlua an stáit,
go mbíodh ocht mbanaltrana déag ar aon chlár,
go bhfaighdís go léir a bpá –
Loilíoch is láir,
cráin ‘s a hál,
muileann ar áth,
ór buí is airgead bán,
síoda is bheilbhit bhreá,
píosa tailimh is stáit –
go nídís cíocha tál
ar lao na mbas-ghlac mbán.

Mo ghrá is mo rún tú!
‘s mo ghrá mo cholúr geal!
Cé ná tánag-sa chughat-sa
is nár thugas mo thrúip liom,
ba chúis náire siúd liom
mar bhíodar gan mhuisil
i seomraí dúnta
is i gcomhraí cúnga,
is i gcodladh gan mhúscailt.

Mura mbeadh an bholgach
is an bás dorcha
is an fiabhras spotaitheach,
bheadh an mághshlua bhrollaigh ghil
is a srianta á gcroitheadh acu
ag déanamh fothraim
ag teacht dod’ shochraid
a Airt an bhrollaigh ghil….

Mo ghrá tú go daingean
a Ghaeil an mhágh-shluaigh ghairbh
a bhíodh ag lorg an ghleanna,
mar a mbaintí astu casadh,
á mbreith isteach don halla,
mar a mbíodh péatair ag scréachaigh fá sceanaibh,
muiceoil nách ndiúlaidís na bainbh,
caoireoil nách gcomhairleofaí a heasna,
coirce craeireach
bhainfeadh sraoth as eachaibh –
capaill ghruaghach
is buachaillí aice
ná bainfí díol ina leaba
ná as fhásach a gcapall
dá bhfanaidís siúd seachtain,
a dheartháir lár na gcarad.

Mo chara is mo lao thú!
Is aisling trí néallaibh
do rinneadh aréir dom
i gCorcaigh go déanach
ar leaba im’ aonar:
gur thit ár gcúirt aolda,
cur chríon an Gaortha,
nár fhan friotal id chaol-choin
ná binneas ag éanaibh,
nuair fuaradh tú traochta
ar lár an tslé’ amuigh,
gan sagart, gan cléireach,
ach seanbhean aosta
do rinneadh binn dá bréid ort
nuair fúigeadh ann den chré thu,
a Airt Uí Laoghaire,
is do chuid fola ‘na slaodaibh
i mbrollach do léine.

Mo ghrá is mo rún tú!
‘s is breá thíodh súd duit,
stoca chúig dhual duit,
buatais go glúin ort,
Caroilin cúinneach,
is fuip go lúifar
ar ghillín shúgach –
is mó ainnir mhodhúil mhúinte
bhíodh ag féachaint san chúl ort.

Eibhlín Dubh:

Mo ghrá go daingean tú!
‘s nuair théitheá sna cathracha
daora, daingeana,
bhíodh mná ceannaithe
ag umhlú go talamh duit,
óir do thuigidís ‘na n-aigne
gur breá an leath leaba tú,
nó béalóg chapaill tú,
nó athair leanbh tú
Go dtíodh an fhearg ort
Agus í go hannamh ort,
Is ba mise fé ndeara san.
Tá fhios ag an Athair-Mhac
Go mb’fhiú fear t’ainme
Súd do mhaitheamh duit
A mhúirnín m’anama.

Tá fhios ag Íosa Críost
ná beidh caidhp ar bhaitheas mo chinn,
ná léine cnis lem thaoibh,
ná bróg ar thrácht mo bhoinn,
ná trioscán ar fuaid mo thí,
ná srian leis an láir ndoinn,
ná go gcaithfead féin le dlí,
‘s go raghad anonn thar toinn
ag comhrá leis an rá,
‘s mura gcuirfidh ionam aon tsuim
go dtiocfad ar ais arís
go bodach na fola duibhe
a bhain díom féin mo mhaoin.

V

Eibhlín Dubh:

Cion an chroí seo agamsa
Ar mhnáibh beaga riabhacha
I dtaobh feabhas a néid siad sileadh
I ndiaidh mharcaigh na lárach doinne.
Atá agam féin anso go singil
Ar Inse Charraig an Ime.

Greadadh croí cruaidh ort
A Sheáin Mhac Uaithne!
Más breab a bhí uaitse
Nár tháinig fám thuairim,
’S do thabharfainn duit mórchuid:
Capall gruagach
’Dhéanfadh tu fhuadach
Trí sna sluaitibh
An lá ba chruaidh dhuit;
Nó macha breá buaibh duit,
Nó caoire ag breith uan duit,
Nó culaith lem uan geal
Do shíneadh suas liom
Idir spor agus buatais –
Cé gur mhór an trua liom
Í do bheith suas ort,
Mar cloisim á luachaint
Gur boidichín fuail tu
Fé mar ba dhual duit.

A mharcaigh na mbán-ghlac,
Ó leagadh do lámh leat,
Éirigh go dtí Baldwin,
An spreallairín gránna,
An fear caolcrácach,
Is bain de sásamh
in ionad do lárach
Is úsáid do ghrá gheal.
Gan an seisear mar bhláth air!
Gan olc do Mháire,
Agus ní le grá dhi,
Ach mar do rinn mo bhanaltra tál uirthi.

A mhná so amach ag gol
Stadaidh ar bhúr gcois,
Tá an tigh tábhairne anso,
Go nglaofaidh Art Mac Cronchubhair deoch,
Go ndíolfaidh sé aisti scot
‘S go dté sé isteach ‘on scoil,
‘S ní ag foghlaim léinn ná port
Ach ag iompar cre ‘gus cloch
I dtuama dhaingean dhocht
Go Mainistir na gCor.

Advertisements
Ranganna: Filíocht, Uncategorized. Clibeanna: , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s