An Frog agus an Mada Rua

Tháinig frog mór buíbhreac aníos as an loch agus do shuigh sé ar an bport agus chuir sé fógra amach, dhá rá gurbh árdliag é agus go raibh leigheas gach galair aige. Thánadar na hainmhithe go léir fé dhéin an leighis. Bhí an mada rua ann. D’fhéach sé ar an bhfrog. Nuair a chonaic sé an t-ainmhí beag suarach do chuir sé drannagháire as.

“Airiú greadadh chugat!” ar seisean, “má tá an t-eólas úd go léir agat fé mar a fhógrais dúinn, nách mór an ionadh ná himreann tú beagán de ar do chorpáinín féin. Níl éinne anso inniu is míchúmtha ná thú. Agus cheapfá a chur ’na luí orainn go bhfuilir ábalta ar ár ngearánta go léir do leigheas. Thit tionóisc beag amach dómhsa agus baineadh an t-eireaball díom. Cheapas, nuair a airíos an fhógairt seo uaitse, go mb’fhéidir go gcuirfeá eireaball in inead orm. Ní fheicim, ámh, go bhfuil eireaball ort féin. Preit! a dhuine, cá bhfios dod leithéidse cad a bhaineann le heireaball!” Agus thug sé a chúl air go míchéatach agus d’imigh sé. Do lean an chuid eile é agus iad go bréan díobh féin.

An Múineadh

An té ná féadann a ghnó féin do dhéanamh is deacair a rá go bhféadfaidh sé gnó an fhir thall do dhéanamh,

“Do ghnó féin dein, a dhuine,
Ná bac mo ghnó, ná mise.”

Freagra