Do Mhicí

Do Mhícheál Óg Ó Lionáird

A gharsún óig
A chara d’éag
Le loinnear na gréine
I ngach gníomh i do shaol.

Is gearr bhí do thréimhse
A Mhicí geal óg
Sa domhain seo trom-cúiseach
Inar fhág tú do chló.

Do cháirde do tháilleadh
Anois ‘tá fé bhrón
Do cheol is do chomhrá
Imithe go réim Dé

A fhaid thar na mara
Thall is abhus
Ag obair, ag súgradh
Níor thóg tú riamh sos.

Tá do phort deiridh seinmthe
Do phaidir scoir réidh
Tá an fiach dubh os do chionn
A Mhicí, mo thrua
Deireann gach éinne “ag an mbás atá an bua”.

Freagra