Ba é an tOllamh Donnchadh Ó Laoghaire a chum an t-amhrán seo. Rugadh agus tógadh é i gCúil Aodha. Tá saibhreas a chuid Gaoluinne le cloisint i ngach líne den amhrán breá seo.
Chanadh Diarmuidín Maidhcí Ó Suilleabháin an t-amhrán seo nuair ná raibh éinne eile á chanadh go bhfuair sé bás go tubaisteach sa bhliain 1991.
Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)
Tréimhse a chaitheas seal go h-aerach
I measc mo ghaolta go soilbhir sóil
Gan suim i gcleasaibh ná i gcúrsaí an tsaoil seo
Do chuirfeadh m’intinn ar seachrán
Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais
Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil
Is ní thréigfead feasta don grá ró-dhlúth san
Do Bhaile Mhúirne go bhfaighidh mé bás.
Is breá í amharc a cnoic is a sléibhte
Is a gleannta féarmhar gach maidin cheoidh
Is fuaim gach caise ag sníomh go h-éasca
Go sroisid béal na mara móir’
Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach
Ag fás go líonmhar i measc gach gleann
Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann
An druid chiardhubh an broc is an creabhar.
Is ann do gheobhaidh tú an t-údar léannta,
Do fhíor-fhuil Éibhir na mbéimeann óir
Go bhfuil grá is urraim acu dá dteangaibh dhúchais
San Béarla brúite faoi scamall mhór
Ní staonfad feasda do Sheán ó Lóndain
Ach leanfaid clú a sinsear soghail
Chun saoirse thabhairt dá dtír gan diúltha
Mar a bhí ar dtúis in Éirinn óig
Is ann a gheofá an ainnir mhánla
Gur bhfonn le sárfhear suí seal ina treo
Go bhfuil a malaí ar dhath na háirne
Is a leacan álainn ar scáil na rós
Gur binne fuaim ná teangan Gaoluinne
Ná a airís ariamh ar ghléasaibh ceoil
Ná Dáire Duanach do chuireadh suain ort
Bhí ag Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair fadó.
Tá Baile Mhúirne go fairsing fáilteach
Ag riar ar tháintibh a ghabhann an treo
Go bhfuil grá is lasair i gcroí gach éinne
Rug barr ar aon ní dá bhfacaís fós
Bíonn triall na sluaite ar an dTiobraid Naofa
Tá le cian faoi chliú is faoi ghradam mhóir
Ach impím feasta ar Ghobnait Naofa
Bheith mar dhíon is scáth againn pé áit go ngeobham.