Ciseán Mhichíl

Pead Buí

Do goideadh ciseán ó dhuine éigin i dtaobh thiar de theorainn an chontae (i gCiarraí), agus go chum Pead Buí amhrán eile mar gheall air sin: b’shin é “Ciseán Mhichíl”. Bhíodh Pead ag gabháil don cheol i gcónaí: bhíodh píb aige, agus bhí an ceol go maith aige. Dheineadh sé tagairt dá cheoltaibh i gcónaí ins na hamhráin. (Pádraig Ó Crualaoi, Seanachas Phádraig Í Chualaoi, lch 132)

Foinse: Seanchas Phádraig Í Chrualaoí (Seán & Donncha Ó Cróinín)

Beir litir uaim scríofa síos go dtí barra na habhann
Go dtí faraire an ghrinn, Pead Buí, is é a chloisim ag labhairt.
Do dhóig sé im chroí mé de bhrí ná raibh tuínte ar a dhrom,
Is nuair a sheinneann sé an phíb is aoirde í ná bandanna Gall.

Is é Pádraig óg chuir óige ar chailíní an tsaoil
Ag seinniúint an cheoil ar ár ndóigh gur ghoibh uisce ar gach taobh.
Ainnir na mbeol ó ló is í ag taisteal i gcéin,
Ciseán ar bhruach góil chun gur tógamh é siar chun ribhéir.

Nuair a fuadaíodh chun siúil é do shiúlaigh sé abha Ghleanna Laoi
Is ar chasadh na tiúine bhí túntacha ag imeacht dá dhroim.
Ní fhaca-sa im shiúltaibh aon chúnamh dob fhearra dá chlainn
Chun tarraice chucu im chrúite ná ciseán Mhichíl.

Éistíg go fóill, táim deorach tuilte ina dhéidh –
Seinn suas do cheol is is dóchas go loirgeom é.
Cuardaigh na góileanna romhat chun go dtéir go Kinsale
Is má thugann tú romhat é gheobhair Nóirs is an Túirín le t’shaol.

Do gheallais dom óigbhean, ach is dócha gur magadh fúm é,
Mar níl agam bólacht ach ceoltha ó thánag san aos.
Ba mhinic ar bord mé ag ól is ag caitheamh ‘s ag glaoch,
Murab ionann ‘s an óinseach gur seoladh a bhean uaidh ar strae.

Ní file ná a shórt tú ach cábóg bhocht do cháinfeadh an saol:
Sampla gan eolas is fós gan aon fháil aige ar léann.
Ní hionann fear seoltha is a cheoltha aige á seinniúint san aer –
A t’shamhail cois dóirse beir romhainn agus cuimhne an droch-bhéil!

A Dhiarmaid, a stóraigh, is dócha gur chaillis do chiall:
Ó dhein sí cocól díot ‘sí is dóichí nár fhan agat léas.
Níorbh annamh a sórt ar bóithre a’ taisteal go dian
Is a’ tarrac ar chóngar fós in ainm an diail!

Advertisements

Comhairle Chinn Bhliana

Comhairle do Ghaelaibh ó Ghael na nGael

Tá an tsean-bhliain ár dtréigean, ár mbeannach go léir léi,
Bhí an diach in aghaidh lae uirthi le fliche;
An nua-bhliain ag téarnamh faoi lóchrann ghlan Phoebus
Is iarram go léir í a bheith tirim:
Ár ndóchas le chéile i gcomhachtaibh an Aon-Mhic
Chun sóg a chur ar Éirinn gan briseadh,
Us aon cheo ná beadh séanmhar do thógaint de Ghaelaibh
‘Siad pós sleachta aosta na rithe.

Tá snó-dhreach na féile gach ló teacht go réidh-ghlan
Ar chóstaibh na hÉireann go huile;
Is beol-bhinn na héanlaith dá chomh-mhaíomh le chéile
Ar bórdaibh gach colaigh is coille –
Go mbeidh Fódhla gan baol faoi órbhrat na Gaeltacht,
Fá ghlóire is fá chaomhnas a cinidh,
Is crón-phoic an Bhéarla bhí ‘chómhrac ‘s ag plé linn,
A gcómhachta is iad féinigh ‘na mbuascar.

Mo chomhairle do Ghaelaibh nár mhór dóibh a bheith saothrach,
Tá an fómhar ar ár dtaobh is is mithid
Mór-ghnótha clár Éilge do seoladh go réimeach
Chun fóirthin is faoiseamh gach nduine,
Móraigh na céile bheith i gcomhairle Dháil Éireann
Chún nua-reachta a dhéanamh do oirfeadh,
Gan stró chur ar aon rud le mórtas ná baosradh
Ach stór maith a dhéanamh dár bhfoirinn.

Ath-bheochaint ar an nGaeilge, ár nósa is ár mbéasa
Go heolgaireach éifeachtach oilte,
Gur chóir cumair céadfadach i gcomg-chumann gléasta
Sin sómpla bhfear nÉireann don chruinne;
Spórta ár bhféinne ar bhóthar is aonach
Gan gó do bheith Gaelach gach cluiche;
Is an cóblach le claonthas ná geobhadh linn sa méid sin –
Gan pósadh go dtéighidh siad san Inid.

Abha an tSuláin

Gael na nGael

Foinse: Saothar Dháimhsgoil Mhúsgraighe, 1933 (Dónal Ó Ceocháin)

Do chum Dómhnall Ó Laoghaire, Cois Laoi in Uíbh Laoghaire, roinnt véarsaí ag moladh Abha an tSuláin. Gluaiseann an Sulán cómhthreormhar leis an Laoí lastuaidh agus géileann sé dhi san áit ina raibh an caisleán ag na Suibhnigh i Maigh Seanghlaise.

Rugadh Gael na nGael ar bhruach an tSuláin ar an dteorainn idir Dhoire na Sagart agus Doirín Álainn. Ba thrua leis nár dhein Dómhnall tagairt do thobar an tSuláin ná dos na haibhnte a ghéileann di, agus go mór mhó do Chill Abán i mBaile Mhúirne. Do mheas Gael na nGael gur mhór an bhearna ar mholadh an tSuláin iad san d’fhágaint ar lár, agus is chun na bearna san do líonadh do chum sé na véarsaí seo. (Saothar Dhámh-Sgoile Mhúsgraighe, Dómhnall Ó Ceocháin, lch.46)

A shuairc fhile chneasta de ghairm na hÉigse,
D’eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassuis cé gur dheacair í éileamh,
Gur raideadar saor duitse aiste na mBárd;
Ba shuairce liom geallaim ná cantaireacht téada,
Greasa ded shaothar nuair a ghlacaim im’ láimh,
Faoi thuairim do theastais, is do thabhairt gan taoda,
Ar mhaithimh mo ghaolta is ar Abha an tSuláin

Foinse na habhann ó measaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm’ láimh,
Go scaoileann de glaise ó Chumar na nÉaga,
Agus tuile dá réir sin ó Chúm Uí Chlúmháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré Mhullach na Réchnoc,
Mar a ndearcais sruth caol dubh go bun na gclochán,
Is mar lua na dTrí bPearsan á dtarrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
Tagann gan staonadh go Beannaibh na Trá,
Sruth Oileán a Mhadra is Carraig Shinéide,
Is sruthaibh dá n-éamais ná cuirfinn im’ dhán,
Féach an Abha Gharbh lá clagair is sraonmhar
‘Na heasaibh go gléigeal gan casadh ar a sáil,
‘S gur thíos i mbun leacan a chailleann sí a tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.

Is mín clumhar glasrach fairsingeach féarmhar
Na fearainn ar taobhaibh na habhann so ráim,
Fá chrainn dhuille ghlasa gan feacadh gan féige,
Le meas ar a ngéagaibh go gcrapaid ‘na mbarr,
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, luin, creabhair ‘s naoscaigh.
Sionnaigh ‘s méith-phoic ‘s lachain le fáil,
‘S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe ‘gus lathairt bhradán.

Ar uairibh na maidne dob aiteas leat éisteacht
Le ceathra ann ag géimridh go lachtmhar ar bhán
Uain dhubha is geala is an-chuid caorach
Agus capaill mhear-éasca chun treabhtha nó ráis
Mór-mhairt dá leagadh ann, mil bheacha ina chréithribh
Fairsinge’s féile ‘na n-aice gach tráth
Is níl ruathaire ón nDaingean go fearannaibh Déiseach
Ná tagann dár n-éileamh go hAbha an tSuláin.

Nuair a luaidhis linn ar mhaitheas an tearmainn naofa
Ba mhairg nár fhéachais do Chill bheag Ábáin
Mar a ngluaiseann ‘na scata lucht martardha is éalaing
Dob eachtra lae dhom dá mbreacainn a gcáil
Fear mór-croise fada, fear bata, fear péire,
fear creatha, fear créime, is fear ar leath láimh
Dár móire acht ní mheasaim gur mealladh tar éis iad
Gheibhid lagadh ar a bpéinibh ag cealla an tSuláin.

Níl bua ar a macaíbh, níl barra ar a dtréine
I meanma, i méin, i mBeartaibh is fearr,
Go suadh-ghlic, go haibidh i dtgeangain na Gaeilge,
I n-aitheascaibh saora ná faca ag a lán
Ar ruagaibh na ranna nó i gceapaireacht dréachta
Níor mheathlaigh an tréith ar an macraidh cháidh.
A’s am duaiseanna a scaipeadh ar Oireachtas Éireann
Níorbh annamh na séada so ag aicme an tSuláin.