Cath Chéim an Fhia II

An Breitheamh Barra Ó Briain, Comhar Meitheamh 1953

“Cath Chéim an Fhiaidh” an teideal atá ar sheanamhrán mór-chlú ‘na bhfuil trácht ar chomhrac a bhí ann blianta fada ó shin idir Ghaeil Uibh Laoghaire agus “Barnett agus Beecher, Hedges agus Sweet.” Do tharla comhrac eile, cois Chéim an Fhiaidh, sa bhliain 1920 nach ceart, b’fhéidir “cath” a thabhairt air mar ní go ró-mhaith do sheas an namhaid an fód an lá úd. Níl dabht, ámh, gur bua do Chlanna Gael a bhíann nuair do scríobh an Daily Chronicle mar seo leanas i dtaobh an mhéid a tharla:– 

“To-day we report another of those incidents in which an armed military convoy has surrendered to a small rebel force, without a wound and apparently, without a shot.
“One wonders what steps are being taken to make soldiers in Ireland realise that this sort of surrender is as much to be avoided there as it was in France before the Armistice.”

Bhí Cogadh na Saoirse ag dul i ngéire, ó lá go lá, i dtrátha an ama san. Tamall beag roimhe sin, bhían stailc mhór ocrais i bPríosún Mountjoy agus an Stailc Ghinearalta a chuir an Lucht Oibre suas chun príosúnaigh do scaoileadh. Do síneadh Tomás Mac Curtáin san uaigh le déanaí roimis sin, agus bhí an chéad dream de na Dubh Chrónaigh díreach tar éis teacht go h-Éirinn.

Tháinig dhá loraí de shaighdiúirí gallda isteach i mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh, ar maidin an 28ú Iúl, 1920. Bhíodar ag dul le stór cogaidh ó Bhaile an Chullaigh go Beanntraí, is tar éis dóibh scathamh a chaitheamh ann d’imíodar leo siar i dtreó Bheanntraí. Tharla rud éigin don loraí deiridh ag an Túirín Dubh, áit atá tuairim is leath-slí idir Béal Átha ‘n Ghaorthaidh is Céim an Fhiaidh. Níor mhothaigh na saighdiúirí a bhí sa loraí tosaigh go raibh aon ní bun os cionn go dtí go raibh siad gairid do chrosaire mar a bhfuil an bóthar ag dul isteach go Guagán Barra. Stopadar ansan, in áit ar a dtugtar An Inse Bheag, ach nuair a bhí an tiománaí ag iarraidh an loraí a chasadh chuaigh sé sa díg air, agus d’fhan sé sáite inti. Bhí timpeall míle go leith slí idir an dá loraí agus toisc lúb do bheith sa bhóthar, ní raibh aon radharc ón dá loraí ar a chéile. Albanach do bhíi gceannas ar na saighdiúirí Gallda agus chuir sé patról beirte ag siúl, suas síos, idir an dá loraí.

Luíochán

Bhí Coláiste na Mumhan ar siúl i mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh an t-am san, agus ní fada a bhí na saighdiúirí Gallda ar stad nuair a bhuail buachaill de na micléinn an treo san. Tharla gur Óglach de Bhriogáid Átha Cliath a bhí ann. Thuig sé láithreach go mbeadh seans ann chun fogha a thabhairt faoi na Sasanaigh sar a dtiocfadh cabhair chucu. Isteach leis, láithreach bonn, go Béal Átha ‘n Ghaorthaidh agus d’inis an scéal do dhuine de chomplacht na h-áite sin, complacht a bhaine le Céad Bhriogáid Chorcaí. Ní túisce a bhí an scéal i mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh, ná gur cuireadh ordú amach chun na nÓglach cruinniú le chéile lena gcuid airm chun fogha a thabhairt foin namhaid. Gearradh an líne telegrafa, cupla céad slat ar an dtaobh thoir den droichead i dtreó is ná féadfadh na Sasanaigh scéal do chur amah ag lorg cabhrach. Dúthaigh fhiáin shléibhtiúil iargúlta is ea Uíbh Laoghaire agus bhí na hÓglaigh scaipithe i bhfad óna chéile. An fhaid is a bhíodar ag bailiú, bhí na saighdiúirí Gallda ag obair, ar a seacht ndícheall, ag iarraidh an loraí do bhí ag an Túirín Dubh do dheisiú chun go bhféadfadh sé an loraí eile do tharrach ón díg agus go bhféadfaidís gabháil tríChéim an Fhiaidh roimh titim na h-oíche. Theip glan orthu é dheisiú.

Chomh luath agus a bhí cuid de na hOglaigh cruinnithe cuireadh cuid acu siar go dtí Céim an Fhiaidh chun an bóthar do dhúnadh le carraigeacha móra, ar eagla go gcuirfeadh an garastún i mBeanntraí scata saighdiúirí i dtreó an dá loraí. D’fhan cuid eile des na hÓglaigh i bhfolach in aice leis na loraithe, chun súil do choimeád ar na saighdiúirí Gallda.

Bhí na hÓglaigh ag cruinniú, diaidh ar ndiaidh, i rith an tráthnóna go léir ó na gleanntaibh agus ó na sléibhtibh. Tháinig cuid acu breis agus trí mhíle thar phortacha, de rith cois chun bheith i láthair an lá san – “Thángadar na sárfhir. Guím áthas ar Chlanna Gael.” Fé dheireadh, nuair a bhí tuairim is fiche Óglach tagaithe, bhí an Captaen sásta bíodh is nach raibh gunnaí ann do gach fear acu. Ba ghunnaí foghlaefachta na h-airm a bhí ag an gcuid is mó de na hÓglaigh ach bhí “carbine” amháin de chuid an RIC acu ar a laghad.

Lámha Anairde

Shocraigh na hÓglaigh tabhairt faoi na Sasanaigh in Inse Bheag in aice le Céim an Fhiaidh, ar dtúis. Shíneadar a luíochán ar an dtaobh theas den bhóthar, ar phaiste talún atá níos airde ná an bóthar féin agus atá clúdaithe le carraigeacha. Nuair a bhí gach rud i dtreó do ghlaodh Captaen na nÓglach ar na Sasanaigh a bhí timpeall ar an loraí na lámha do chur suas. Chomh luath is a chuala an sáirsint Albanach an t-órdú, chaith sé uaidh a ghunna agus chuir na lámha in airde. “Don’t shoot Paddy, I am a Scotsman, don’t shoot,” ar seisean. Ní nach ionadh, nuair a chonaic na saighdiúirí Gallda an té a bhí i gceannas orthu ag géilleadh mar sin, dheineadar aithris air, agus thugadar iad féin suas. Bhain na hÓglaigh a gcuid raidhflí díobh, agus dhein príosúnaigh díobh.

Shocraigh na hÓglaigh, ansan tabhairt faoin bpatról a bhí ag siúl, siar is aniar, idir an dá loraí. Chuaigh scata díobh i bhfolach agus d’fhanadar go dtí gur tháinig an namhaid suas leó. Léim na hÓglaigh amach orthu, go tobann, leagadar iad, agus bhaineadar na gunnaí díobh.

Bhrostaigh na hÓglaigh ansan i dtreó an Túirín Duibh agus chuadar arí i luíochán ar an dtaobh theas den bhóthar ar chnocán a bhí os cionn an loraí. Nuair a bhí gach rud ullamh d’ordaigh an Captaen don scata saighdiúirí a bhí fágtha a gcuid arm do chaitheamh uathu agus iad fhéin do thabhairt suas. Nuair a chuala na Sasanaigh an t-ordú do léimeadar i dtreó an loraí chun dul i bhfolach taobh thiar de agus troid do dhéanamh ann. Do scaoil na hÓglaigh láithreach, agus chomh luath is d’airigh na Sasanaigh glór na ngunnaí chaitheadar uathu a gcuid raidhflí agus deineadh príosúnaigh díobh san chomh maith. Thóg na hÓglaigh na “trench helmets,” na gunnaí, agus an méid armlóin a bhí ag gach fear díobh, agus na stóir cogaidh go léir a bhí ins an dá loraí. Chuireadar an dá loraí trí thine ansan agus thugadar leó na príosúnaigh go dtí tigh feirmeora i measc na gcnoc, in áit ar a dtugtar Barr an Bhaile. Tugadh toitíní dóibh agus bia agus deoch. Ní raibh na saighdiúirí Gallda nó cuid acu ach go háirithe, sásta an deoch d’ól go dtí go n-ólfadh na hÓglaigh déin í, rud a dheineadar go pras mar do bhí tuirse agus tart orthu. ‘Sé míniú a thug na Sasanaigh air san ná go ndúirt a gcuid oifigeach i mBaile an Chullaigh leó go gcuirfeadh na “Shinners,” mar a thugadar ar na hÓglaigh, nimh ina gcuid bídh dá dtógfaíina bpríosúnaigh iad.

Tar éis béile do chaitheamh, tugadh na Sasanaigh amach ar an mbóthar mór agus do mháirseáil na hÓglaigh isteach leó go Béal Átha ‘n Ghaorthaidh, cathbairr na saighdiúirí á gcaitheamh acu go buacach agus gunnaí an namhad ar a nguailnibh agus a bpríosúnaigh ag siúl ina lár acu. Bhí muintir na h-áite agus scoláirí an Choláiste bailithe ar an sráidbhaile rompu. Suas an tsráid leis na hÓglaigh agus a gcuid príosúnach agus amach, thar an droichead, ar an mbóthar soir i dtreo Mhaigh Chromtha. Stad na hÓglaigh ansan agus mhínigh an Captaen do na Sasanaigh nach raibh aon tslí ag na hÓglaigh chun iad do choimeád mar ba chóir ina bpríosúnaigh cogaidh agus go raibh sé ar tí iad a ligint saor mar gheall ar sin. Thaispeáin sé dhóibh an bóthar soir go Corcaigh agus dúirt leo imeacht gan filleadh

Freagra