A Phrionsa Bhig sa Tuí

away_in_a_manger_by_wacpacB’í Siobhán Uí Cheallaigh a chum na focail don charúl álainn seo agus b’é Peadar Ó Riada a chóirigh agus a chuir ceol leis.

Foinse: Peadar Ó Riada

A Phrionsa bhig sa tuí, i mainséar fuar id’ luí,
Is saighead trém’ chroí bheith ag smaoineamh ar do chéad-theacht,
Gan fáil ar íostas oíche agat, Muire is Iósaf tuirseach spíonta,
Réalta seaca agat mar dhíon is sneachta séidte.
Ach tháinig asal, bó is caora is bhuail tocht bróin a gcróithe,
Agus sheasadar, id’ thímpeall go ciúin maordha,
Gur shéid anál go cruínn ort, is le teas a gcoirp thug dídean duit,
Is tháinig luisne ar do ghnaoi is tú seascair téite.

Cúrfa
Buailimís cloig go bríomhar is seinnimís ceol bínn duit,
Céad fáilte rómhat, a Naíon dhil.
Ar an gcnoc bhí na h-Aodhairí nuair a chualadar ceol draíochta,
Tháinig glórtha diaga Aingeal ins na spéartha,
Agus chanadar le bínn-ghuth “Glóir do Dhia go siorraí,
Is ar thalamh i measc na gciníocha, go buan go raibh siocháin”.
Éist, a Linbh Íosa le guí na n-aingeal an oíche úd,
Tabhair tuiscint dod’ chréatuirí ar a chéile,
Go gcuifear stop le calaois, le mí-dhaonnacht is sclábhaíocht,
A Phrionsa Bhig sa tuí, tabhair dúinn faoiseamh is síocháin.

Cúrfá

 

 

Focail Siobhán Bn Uí Cheallaigh Ceol is cóiriú Peadar Ó Riada.

A Ghobnait Ársa

le Siobhán Bn. Uí Cheallaigh

A Ghobnait ársa, is tú ár bpátrún,
Go ndúirt guth Dé leat is tú id’ chailín óg,
Bheith ag siúl na dtriúchta go bhfeicfeá i ngrúpa
Ar mhóinteán úr-ghlas, naoi bhfianna bán.
Ar do thoisc ó Árainn gur shroisis Dún Chaoin,
D’fhan seal san áit sin is beannaigh cách,
Is thug Dia solás duit ar do shlí go Múscraí
A Ghobnait naofa, múin toil Dé dhúinn.

Maidin drúchta i mBaile Mhúirne,
Is an ghrian ag dúiseacht ar bhruach Suláin,
Do dhearcais anonn uait ar mhóinteán úr-ghlas,
Ina luí go ciúin geal, naoi bhfianna bán,
Do gheit do chroí istigh is d’umhlaís go híseal,
Le h-áthas fíor-cheart is tú ag moladh Dé,
Go raibh ceann scríbe agat dod’ theampall aoibhinn,
Mar a mbeadh do scrín ann is do chorp fé’n gcré.

A Ghobnait mhíorúillteach bhí cáil is clú ort,
Led’ bheacha iontach is led’chapall bán,
Chuir an ruaig ar ghalair, ar phláigh is anachain,
Is chuir fáilte fairsing roimh gach bochtán.
Ó chuir Dia chughainn tú, bí inár gcúram,
Is siúlaimís mar ar shiúlaís tráth.
Beannaigh ár muintir pé áit ina mbíonn said,
Failthímíd arís rómhat, a Ghobnait cháidh.

A Ghobnait Naofa thug fuath do bhréagacht,
Is chuir an gadaí caol dubh ós ár gcómhair go brách,
Cuir do chumar bodhar idir sinn is an saoltacht,
Is led’ bholla aosta cuir ár namhaid chun fáin,
Nach aoibhinn don mhuintir atá sínte tabh leat
Id reilg naofa cois do thiobraid bhreá,
Mar a bhfuil leoithne diaga le mothú san aer ann,
Ba bheag an coiscéim é chun Parrathas na nGrást.