Scríobh Seán Eoin Ó Súilleabháin an t-amhrán seo do Dhiarmuidín Maidhcí nuair a bhí an cigire ag teacht go Scoil Bharr D’Inse agus é fíor óg. Canann Danny Maidhcí é ar a dhlúthdhiosca ‘Buail do Phuc is Liúigh’.
Foinse: Buail do Phuc is Liúigh, (Danny Maidhcí Ó Súilleabháin)
A Rí na bhFeart atá ar neamh leag do bhrat go dúthrachtach
Ar leanaí laga ‘tá ag teacht anois faoi acht na scrúdaithe.
Cuir líofacht ceart isteach ina gcab san tslí go leanfaidh fonn iontu
Chun freagra cearta thabhairt go pras do chigirí na bpuntanna.
Cuir daonnacht ceart isteach is scairt an té ag teacht am’ scrúdú-sa
Dá bhfaighinn le seans uaidh dó ó seacht níorbh fhearr liom féinigh 5 acu.
Chun sliotar deas is camán maith a Rí na bhFeart ba chúnamh iad
Do bhrístín geal is seircín breac do Dhiarmuidín Ó Súilleabháin.
Is módraí beag deas ó thrí go seacht le Gaoluinn bhlasta dhúchasach
Ní dlí ró-mhaith iad a dheighlt amach ní maíomh don acht a dhún’ orthu.
Chun séan is rath ar gach máthair maith atá le seal go cúramach
Chun leanaí deas’ a ghléas’ i gceart scoth ábhar deireadh stiúirtheoir.