Cúl an Tí

le Seán Ó Ríordáin

Tá Tír na nÓg ar chúl an tí,
Tír álainn trína chéile,
Lucht cheithre chos ag súil na slí,
Gan bróga orthu ná léine,
Gan Béarla acu ná Gaeilge.

Ach fásann clóca ar gach droím
Sa tír seo trína chéile,
Is labhartar teanga ar chúl an tí
Nár thuig aon fhear ach Aesop,
Is tá sé siúd sa chré anois.

Tá cearca ann is ál sicín,
Is lacha righin mhothaolach,
Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír
Ag drannadh le gach éinne,
Is cat ag crú na gréine.

Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl,
Is iontaisi an tsaoil ann,
Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí,
Is trúmpa balbh néata,
Is citeal bán mar ghé ann.

Is ann a thagann tincéirí
Go naofa, trína chéile,
Tá gaol acu le cúl an tí,
Is bíd ag iarraidh déirce
Ar chúl gach tí in Éirinn.

Ba mhaith liom bheith ar chúl an tí
Sa doircheacht go déanach
Go bhfeicinn ann ar cuairt gealaí
An t-ollaimhín sin Aesop
Is é in phúca léannta.

Freagra