Oíche Nollag Mhín Réidh

Aistriúchán den dán cáiliúil sin “‘Twas the Night Before Christmas” ó shuíomh slideshare.net. Bárd na nGleann i mBéal Átha an Ghaorthaidh a d’aistrigh.

Oíche Nollag mhín réidh, is ar fud an áiléir
Gan banbha ag buarach, gan éinín sa spéar;
Na stocaí ag crochadh cois teallaigh le snas,
Ag feitheamh go foighneach ar Shan Nioclás;

Na leanaí go cluthar sa leaba ‘na luí,
Le hiontas na n-iontas ag rince ‘na gcinn;
Mam ina bréidín, is mise lem chaidhp,
Néal codlata an gheimhridh ag titim mar bhrat,

Le clagarnach chlamparach amuigh ar an bhféar,
Do léimeas ón leaba fén torann go léir.
Amach chuig an bhfuinneog mar lasrach teasaí,
Ag oscailt cuirtíní le bualadh mo chroí.

Solas na gealaí ar sneachta na hoíche,
Mar loinnir gheal ghléine ar an ndúiche seo choíche
Ba mhealltach an radharc é romham amach,
Carr sleamhnáin bídeach, is ocht réinfhia stalcach,

Le tiománaí seanchaite, chomh biorbach briosc,
Cérbh é an fear úd sin ach San Nioclás,
Níos tapúla ná iolair ag teacht chugam an treo,
Ag feadaíl, is ag béiceach, is á dtreorú trí cheo;

“‘Nois Dasher! ‘nois, Dancer! ‘nois Prancer ‘gus Vixen!
Tar, Comet! tar, Cupid! tar, Donner ‘gus Blitzen!
Chuig barra an phóirse! Chuig barra an chlaí!
Anois imigí! imigí! fán na gealaí!”

Mar dhuilleoga ag eitilt le fuinneamh na gaoithe,
Suas chun na bhflaitheas ina mhaireann na ríthe,
Go barra an tí d’eitilíodar go pras,
Le hualach bréagáin agus San Nioclás.

I bpreabadh na súl, ar an díon os mo chionn,
Bhí fothrom pramsach is léimneach na gcrúb.
Ag casadh mórthimpeall, le gliondar im’ chroí,
Chonac San Nioclás ar an dtalamh ‘na shuí.

Bhí sé gléasta i bhfionnadh óna cheann chuig a chos,
Is ó luaithreach an ghuail a chuid éadaigh salach;
Beart mór bréagán bhí aige caite thar drom,
Mar spailpín beag fánach gioblach lom.

A shúile – chomh ceolmhar! A mheanga chomh binn!
A leicne mar rósaí, a shrón mar silín!
A bhéilín beag bídeach mar bhoguirlis bhig,
Chomh bán leis an sneachta an féasóg ar a smig;

An stumpa de phíopa idir fhiacla go dlúth,
Le deatach thar a cheann mar choróin a chlú;
Ba leathan a aghaidh ‘gus ba chomhchruinn a bholg,
Mar ghlóthach ag crith le gáire na Nollag.

Bhí sé plucach is ramhar, an sean-síofra meidhreach,
Soilbhir, suaimhneach ach cuma saghas taibhseach;
Le caochadh na súl agus casadh a cheann,
Thug an fear deas macánta sonas don domhan;

Chuaigh chun na hoibre le ciúnas a bhéil,
Ag líonadh na stocaí le hábhar an tsaoil,
Ar thaobh a shrón do leag sé a mhéar,
Suas leis an simléar, suas chun an spéir;

Shuigh sé sa chairt, is ghlaoigh ar a shlua,
Is d’imíodar leo gan deacracht ná dua.
Ach do chuala é á rá, is é ag imeacht na slí,
“Nollaig Shona do chách, anois téig’ in bhúr luí.”

Freagra