Tuireamh Sheáin De Búrc

Máire Bhuí ag caoineadh a mic.

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

A Sheáin de Búrc, mo chumha trím aeibh thú,
A bhuinneáin úir an chliatháin ghléigil,
Do chúm is gile ná feicim ag aon fhear,
Is go dtánag go ró-mhoch ag fógairt an lae dhuit.

Ba bhinn do labhartha, banúil, béasach,
Is ba bhreá do phearsa ina sheasamh in aon bhall.
‘S is é mo léan ná déigheas san uaigh leat,
Mh’uchlán! a bhuinneáin, do cheann ar an bhfuarma.

Tóg do cheann go neosad scéal duit
Go bhfuilim gan fear, gan mhac, gan éinne;
Tá an mathshlua mór so tar éis teacht ar éileamh,
Ach éirigh id’ sheasamh is tabharfaidh siad saor thú.

Mo thriúr deartháir agus a ngearáin traochta,
Beirt ó Londain agus triúr ó Éirinn,
Páipéir bhreaca acu go daingean fé sheála,
Ag teacht led’ phárdún ón Rí saor chugat.

Mo chúig céad tuirse nách é Éilic do fágadh,
Nó Éamonn ó b’é an fear dob fhearr dhíobh,
Nó Toirdhealbhach fionn geal, dalta mo mháthar,
Agus Seán de Búrc do theacht ina shláinte.

Faire! faire! a iníon ó, a Mháire,
Má taoinn tú ar buile ná caill do náire,
Gurb fhusa dhuit fear a fháil ná triúr dearthárach,
Is céad moladh le Muire is iad mo leinbh a tháinig.

Ní déarfása san go deimhin, a mháthair,
Dá mbeifeá amuigh in Oileán an Tnáma
Mar a bhfaigheann clóca greanta a bheadh cóirithe ón Spáinn theas,
Agus culaithí gheobhadh barra ins gach aon áit go ngeobhainn-se.

Láimhní dom ghlacaibh agus fáinní go leor uaidh,
Agus péarlaí le caitheamh nuair a thógfainn mar mheón é
Butaisí greanta nár áiríos-sa fód duit,
Is hataí ar mo bhathas chun aeraíochta ‘gus spóirt dom.

Gheobhainn plúr mín muilinn ‘á rilleadh trí háirse,
Rósta milis agus imirt ar tháiplís,
Marcaíocht ar eachaibh groí stábla
Agus cead codladh go cluthair idir a dhá láimh siúd.

Is beag an ionadh mise go tuirseach
Mar is minic a chonac thú ag doras do chúirte,
Mathshlua ar marcaíocht agus mathshlua ag túrlac
Agus na boird ar leathadh agus an solas gan múchadh.

Do shiúlaíos-sa leat-sa trí bhogra is chruatain,
Agus chuas ar anaithe na farraige móire,
Go Briostó anonn thar n-ais go Lios Tuathail
Nó go Baile Átha Cliath síos ag foghalim dhuanta.

Fanaigh uaidh, a chanaithe ghlasa!
Agus ná bídh-se ag siúl ar uaigh mo mharcaigh,
Mar is é mo leannán é agus céile mo leabtha
Agus mo chéad-fhear pósta ó bhíos im’ leanbh.

A mhná uaisle, nách trua libh mo scéal-sa
Ag gol go huaigneach ar uaigh mo leannáin
Go bhfuil craobh dá chuid gruaige agam-sa i gcoimeád
Agus coileán dá scuainthe fuaite im’ cheartlár.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s