Do Dhealbh Naomh Gobnait

le Seán Ó Tuama

Dá mbeifeá ar do chois arís a Ghobnait,
an siar a raghfá?
Domhnach na Cincíse chuamar-na siar
sa chill ‘nar adhrais
Is d’aimsíomar cloch-shuite tú ar cúl
na gcarraig aitinn,
Geanc-bhean mhúirniúil deilbhe ad’ ghriana
féin le taitneamh,
Gan col le gramaisc póite, le hoilithrigh
na rincí fada,
Le lucht pinginí a chnósach, tré mhion-chalaois,
ar scáth an mhairbh,
Ná le hainniseoirí an neadhóchais: Le gach cearc-dhuine
i gcomharsanacht do chille
Shamhlaíonn breille-chlis fir méaracáin
le heilit-chroí na Spride,
Shalaíonn an lasair thine a rincfeadh paidir
Fós ‘na mbéalaibh.
‘S ar Dhomhnach na Cincíse ná canfadh glór
ach gósta garbh-Bhéarla.

Dá mbeifeá ar do chois arís, a Ghobnait
an siar a raghfá?
Domhnach na Cincíse chumar-na siar
sa bhall caillte
‘S ní bhfuaireamar romhainn ach mar fhágamar sa bhaile
in ár ndiaidh.
Lucht tógtha is lucht adhartha dealbh folamh
Nach é a mian
Aon Ghobnait theacht inniu le h-ainmhí
ar ceann a téide
Ná tuigid; is ná tuigid fós go cruinn
a phraghas san aonach.
Dia linn is Muire, a Ghobnait na Cille, is féach
Gur deacair bheith foighneach
Le críostaithe ciallmhara cloch-réasúnaíocht nach eol
dóibh riamh aon taibhreamh-
Íochtar na cine a shanntaigh go págánta ar a dteangain
gach deor is dríodar
De bhuíochán na bhfiormaimint; ‘s gur doirteadh chúchu
feoil na físe,
Seacht gcinn d’fhianna bána ag eitilt rompu
tríd an oíche.

Freagra