Fionn agus Seachrán Sálfhada

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh

Fear ab ea Fionn ná milleadh sioc ná sneachta air, agus mar a dúirt cheanna, mochóidí maith ab ea é. Ar aon tslí, do ráinig dó bualadh amach maidean shneachtaigh, agus sa tsiúl dó, chonaic sé rian sa tsneachta – cos duine. B’shin é an rian coise ba shia a chonaic sé riamh. Do shín sé é féin istigh i rian na coise, ach má dhein, ba shia an rian do chúpla troigh ná Fionn. ‘An dial,’ ar seisean, ‘ ní stadfad choíche chun go bhficfidh mé cad é an saghas duine go bhfuil an chos san air!’ Do lean sé leis tríd an sneachta, agus rian na coise roimis i gconaí, chun gur casadh isteach i gcoill é. Bhí sé ag siúl ar fud na coille, agus an rian aige á leanúint nuair a chonaic sé uaigh an bhéiltheach mhór thine. Do dhruid sé fé dhéin na tine. Is amhlaidh a bhí fear ansan roimis-an tine mhór déanta aige, agus boidhléir nó coire mór ar an dtine aige – feoil beirithe sa bhoidhléir aige, agus nuair a chonaic sé Fionn:
‘Airiú,’ ar seisean, ‘a fhir bhig, druid liom – tánn tú leata!’ Do dhein san dánaíocht ar Fhionn chun dul féna dhéin. Do dhein sé air, agus nuair a tháinig sé ina aice, d’fhéach air go maith. Fear mí-chuíosach dob ea é.
‘Tar in aice na tine,’ a dúirt sé le Fionn. Do tháinig, agus ní fhéadfadh sé pioc a dhéanamh ach féachaint ar an bhfear uathásach mór agus an chos fhada go léir air.
‘Tánn tú ag féachaint orm,’ a dúirt an fear leis – thug sé fé ndeara go raibh – ‘agus ní hionadh é. Tá an chos tagaithe orm,’ a dúirt sé, ‘agus de dheascaibh na coise sin ‘sé ainm a tugathar orm: Seachrán Sálfhada. Táim anso anois, agus do bhí damh mór againn sa bhaile. Bhí sé i bplé idir mé féin agus deartháir a bhí agam arna dtugathar GIúin Ramhar. Do bhí mo mháthair agus bean mo dheartháir agus mo dheartháir – cheapadar an damh so a choinneáilt acu féin. Do ghoideas an damh uathu agus bhíos ag cur díom riamh is choíche chun gur thánag anso leis. Tá sé marbh anois agam,’ a dúirt sé, ‘beirithe, agus mórán feola air, agus níl aon bhaol ná go bhfuil mór-chuid anairthe air.’

B’fhíor dó, agus ní raibh na hárthaí, is dócha, raidhsiúil aige. ‘Sé an áit go raibh an t-anairthe in adhairc an bhulláin. Bhí sí curtha ina seasamh agus a ceann síos sa talamh, agus an t-anairthe líonta isteach inti.
‘Ith leat anois,’ a dúirt sé le Fionn, ‘agus ná fág aon ocras ort féin!’
Do thosnaigh Fionn agus Seachrán ar bheith ag ithe an bhulláin, agus uim an am go raibh deallramh nó a ndóthain ite acu d’airíodar an fothram ag teacht féna ndéin tríd an gcoill. Cad a bheadh ag teacht ná Glúin Ramhar – nuair a thug sé fé ndeara go raibh an bullán, nú an damh, goidithe uaidh féin agus ón gcuid eile dá mhuintir.
‘Airiú, a Sheachráin,’ ar seisean, ‘do dheinis mar sin é, ach má dheinis, díolfair as!

Do thosnaigh an bheirt ar a chéile, agus an té a thiocfadh ó íochtar an domhain go huachtar an domhain ag féachaint ar chath nó ar chrua-chomhrac, ag feachaint ar an ndís seo ba chóir dó teacht. Do bhíodar sa mhig le chéile – níorbh fhios ceocu gheodh an ceann smách, agus ba mhaith le Fionn páirt a thógaint le Seachrán, toisc go raibh an bullán, nó smut de, ite aige. Do rug sé ar an dtuaigh a bhí ann lenar buaileadh an bullán, agus do thug iarracht ar Ghlúin Ramhar a bhualadh leis an dtuaigh, ach níor fhéad sé é bhualadh níos aoirde ná an colpa. Do bhain Glúin Ramhar crothadh as a chois, i bhfoirm mar a phriocfadh creabhar caoch é – agus is dócha, go deimhin, ná rabhadar ion an mhaidean shneachtaigh sin – agus leis an gcrothadh a bhain sé as an gcois do chuir sé Fionn níos aoirde ná an crann dob aoirde sa choill. Cá dtitfeadh sé ná anuas isteach san adhairc mar a raibh an t-anairthe. Bheadh sé loiscithe, ach le fuacht an tsneachtaigh do bhí an t-anairthe tar éis fuaradh, agus b’éigint dó naoi mbuile snáimh a thabhairt chun teacht amach as an adhairc! B’é an deireadh a tháinig air gur chaith an bheirt stad don chomhrac, agus do rug Glúin Ramhar ar cheathrúin don bhullán agus d’ith.Nuair a bhí san déanta aige, d’imigh sé agus dúirt le Seachrán:
‘Bainfeadsa cúiteamh amach fós,’ ar seisean, ‘má mhairim leis!’
Sea; do bhí Seachrán agus Fionn ar a suaimhneas. D’itheadar tuilleadh don damh, agus d’óladh cuid don anairthe tar éis Fhinn a thitim ion, afaigh.
‘Cá bhfuil do bhaile?’ a dúirt Seachrán le Fionn.
‘Nílim i bhfad ón áit seo,’ a dúirt sé.
‘Raghaidh mé leat,’ ar seisean; ‘níl aon chabhair dom aghaidh a thabhairt orthu súid anois – mharófaí mé.’

Tháinig sé abhaile in éineacht le Fionn, agus d’fhan sé ansan in éineacht leo ar feadh gach fhaid, agus ní raibh aon tuairisc acu á fháil o Ghlúin Ramhar ná óna máthair ná ó mhnaoi Ghlúin. Tar éis tamaill do tháinig Glúin Ramhar chucu arís.
‘Sea anois,’ a dúirt sé le Seachrán, ‘táimid – nó táimse, ar aon tslí,’ ar seisean, ‘chun maitheamh duitse, agus is dócha nach buan cogadh na gcarad. Níl aon deabhramh air bheith buan eadrainn anois, mar tá cogadh, nó cath, fógartha ormsa,’ a dúirt sé, ‘a tír eile, agus is amhlaidh a thánag fé t’dhéin chun go raghfá féin agus tuilleadh don Fhéinn liom sa chath so.’
‘Ragham agus fáilte,’ a dúirt Fionn – b’é an chéad fhear a labhair é.
‘Ragham,’ a dúirt Seachrán, ‘agus ní haon dóigh in aon chor an dream so fhógair cogadh ort.’

D’imíodar orthu in éineacht le Glúin Ramhar, agus b’é an chéad rud a dheineadar tosnú ar iad féin a ghléasadh i gcóir cogaidh, agus nuair a bhíodar gléasta, as go brách leo. Dúirt bean Ghlúin Ramhar leo nuair a bhíodar ag imeacht:
‘Más bás do Ghlúin Ramhar sa chath,’ a dúirt sí, ‘cuiríg in áirde brat dubh ar bhúr loingeas nuair a bheidh sibh ag teacht thar n-ais.’

Ghealladar di, ach nuair a imíodar uaithi dúirt Glúin Ramhar leo:
‘Má maraítear mise sa chath,’ a dúirt sé, ‘ná cuirig in áirde an brat dubh nuair a bheidh sibh ag filleadh, nó má dheineann sibh, cuirfidh sí an duine déanach agaibh ar thóin na farraige le draíocht!’
B’shin mar a bhí, agus do buaileadh an cath. Do fuair na Fianna agus Seachrán agus Glúin Ramhar an ceann smách orthu, ach cad é an chabhair sin – cé go bhfuaireadar an ceann smách, do maraíodh Glúin Ramhar sa chath. Ar a dteacht abhaile dhóibh níor chuireadar in áirde an brat a bhí ráite aici, agus nuair a thánadar, chonaic sí go raibh sé marbh, agus do bhí ráite aici leo é a thabhairt leo beo nó marbh. Do bhí sé tugaithe acu leo agus é marbh.
‘Ba mhaith an bhail oraibh,’ a dúirt sí; ‘nár chuirúir in áirde an brat a dúirt libh, mar do chuirfinnse an duine déanach agaibh ar thóin na farraige, agus is cuma dhíbh cé acu é,’ a dúirt sí, ‘mar imireod cleas draíochta éigint ortsa agus ar do chuid fear, a Fhinn Mhic Cumhaill!’
‘Ná himir aon chleas ormsa,’ arsa Fionn; ‘ní sinn fé ndear marú t’fhir, ach maran sinn, do dheineamar ár ndícheall; agus anois, ‘a dúirt sé, ‘do maraíodh seó dom chuid fearsa ann, agus le cleas nó draíocht ná díscig mo chuid fear níos mó!’
‘Cá bhfios,’ arsa Conán, ‘ná go mbeadh rud éigint a leighisfeadh é, nó a thabharfadh thar n-ais arís é? A Fhinn,’ a dúirt sé, ‘cogain an ordóg!’

‘Greadadh chugat ‘arsa Fionn, ‘táim cráite riamh agat ó chogaint na hordóige!’ Agus mar sin féin, do chogain: ón gcraiceann go dtí an fhuil, ón bhfuil go dtí an fheoil, ón bhfeoil go dtí an cnámh, ón gcnámh go dtí an smúsach, agus ón smúsach go dtí an smior. ‘Tá leigheas dó,’ ar seisean, ‘ach cad é an chabhair é – leigheas is ea é nach féidir a fháil: dá bhfaigheadh sé trí deocha de dhruim an fháinne atá ar Shliabh na Fiodóige, do leighisfeadh san é – thiocfadh sé thar n-ais arís chomh maith agus a bhí riamh. Ach ní leothaig aon duine dul a d’iarraig an fháinne seo ach aon fhear amháin den Fhéinn, sin é Diarmaid Donn – nó cad a déarfá, a Dhiarmaid?’ arsa Fionn le Diarmaid.

‘Ní fheadar,’ arsa Diarmaid, ‘is dócha go bhfuil sé deacair go maith an fáinne sin d’fháil. Ach mar sin féin, tabharfad fé – ní maith liom an fear so a fheiscint marbh’ – b’shin é Glúin Ramhar.

Tar éis tamaill, do shocraigh Diarmaid é féin chun dul a’ d’iarraidh an fháinne. As go brách leis, agus do bhí sé ag cur de riamh is choíche lena bhád, nó leis an mBreac-Chuaith, gan éinne in éineacht leis ach é féin, chun gur tháinig sé isteach sa tír seo mar a raibh an sliabh agus an fhiodóg. Bhí sé ag siúl ar fuaid na háite, agus ní raibh an sliabh i bhfad in aon chor ón gcuan mar ar tháinig sé isteach. Bhí sé ag cur de suas i gcoinnibh an tsléibhe nuair a casadh air botháinín in imeall an chnoic. Chuaigh sé isteach sa bhotháinín, agus do bhí bean roimis istigh ansan – an bhean bhreá go léir.
‘Airiú, a Dhiarmaid,’ ar sise, ‘cad a thug tú?’
‘Do thug a leithéid seo,’ arsa Diarmaid: ‘an bhfuil aon áit anso go bhfuil fáinne agus fiodóg ag cosaint an fháinne?’
‘Tá an áit ann,’ a dúirt sí, ‘agus is maith atá a fhios agamsa go bhfuil, mar tá m’fhear féin sínte ar an sliabh san. Do bhíos pósta,’ a dúirt sí, ‘le deartháir do Ghlúin Ramhar agus do Sheachrán Sálfhada, agus do cuireadh mar gheasa ar an bhfear a bhí agam an fáinne a bhí ar an sliabh so do bhreith leis ag triall ar ghruagach éigint, agus chuaigh sé fé dhéin an fháinne, agus do thit sé ar an sliabh le neart draíochta, agus níl aon bhaol ná go dtitfirse leis ann. Féach uait amach ar an gcuan,’ a dúirt sí: ‘an bhfeiceann tú na loingeas go léir atá stopaithe ann? Níor fhéadais-se do long a thabhairt isteach i ngear míle don chuan amháin. Do tháinig gaiscíoch nó gaiscíg is gach long acu san a chíonn tú, a’ d’iarraidh an fháinne sin, ach má tháinig, níor fhilleadar riamh ar a gcuid loingeas. Thiteadar le draíocht ar an sliabh, agus níl ionatsa,’ a dúirt sí, ‘ach abhac ar ghualainn na bhfear agus na ngaiscíoch atá titithe ar an sliabh san.’
‘Sea; níl leigheas air anois,’ arsa Diarmaid; ‘déanfadsa mo dhícheall.’ D’fhan sé in éineacht léi an oíche sin, agus ‘sé an áit gur chuir sí chun codlata é ná isteach i mbosca snaoise a bhí aici. Nuair a éirigh sé ar maidin fuair sé bia agus deoch uaithi, agus d’inis sé go cruinn di fáth a thruis, agus cé a bhí marbh, agus nuair inis ba mhó ná san an beann a bhí aici air, agus do thug sí aon eolas do fhéadfadh:
‘Nuair a dhruidfidh tú tamall suas don tsliabh,’ a dúirt sí, ‘ní fhéadfaidh tú dul in aon ghear don áit go bhfuil an fhiodóg gan a bheith ag siúl ar chorpaibh gaiscíoch. Tá an fhiodóg thuas ar an bpointe is aoirde don tsliabh ‘na seasamh ar struicín cloiche. Tá an fáinne fena cois – ceol breá aici á sheinnt, agus leis an gceol so ‘sea thitid siad go léir fén ndraíocht. Ní fheadar cad fhéadfairse a dhéanamh,’ a dúirt sí, ‘chun tú féin a sheachaint ar an ndraíocht so – ná bí ag éisteacht ró-mhór leis an bhfiodóig, má fhéadann tú.’

D’imigh sé air, agus gach aon chomhairle dá fheabhas a fhéadfadh sí a thabhairt dó fáltha aige. Ní raibh sé i bhfad suas don tsliabh nuair a chonaic sí na gaiscíg go léir sínte, na fir mhóra bhreátha, a gcluite caite ina n-aice. D’imigh sé air tríothu, agus ba ghairid gur airigh sé ceol na fiodóige. Má airigh, do bhí sé ag dul in olcas agus in olcas, agus ag faire ar thitim. A d’fhonn coinneáilt ó thitim agus chun a chuid fola a choinneáilt ina rith do thugadh sé prioc don chlaíomh dá cholpa – bhaineadh sé fuil as féin. Do choinnibh so ina bheathaidh ón ndraíocht é, chun gur dhruid sé in aice an struicín mar a raibh an fhiodóg ag seinnt an cheoil. Ar sioc na seac, do chuaigh sé chomh fada leis an struicín, agus do thug fogha dá chlaíomh fén bhfiodóig. Leis sin d’éirigh sí. Do sciob Diarmaid an fáinne agus chuir ina phóca é. D’fhan sé fena cois ar an struicín.

Ní túisce a éirigh an fhiodóg don fháinne ná a éirigh gach aon ghaiscíoch a bhí ar thaobh an tsléibhe fén ndraíocht. Thosnaíodar ar a chéile le cluite, agus “Agatsa atá sé! Agatsa atá sé!” acu le chéile an fáinne. D’fhanadar mar sin ag léasadh a chéile le cluite, agus Diarmaid ag gabháil tríothu ag dul fé dhéin an chuain chomh maith is a d’fhéad sé, agus an fáinne aige, agus deireadh sé anois is arís thugadh sé fogha do chlaíomh fé ghaiscíoch – “Agatsa atá sé!” a deireadh sé, agus ní raibh aon aidhm aige ar fanúint le cath ná comhrac, ach a bheith ag déanamh ar a loing chomh mear is a d’fhéad sé.

Do bhailigh sé é féin anuas don tsliabh agus amach leis, ag siúl ó loing go loing, amach chun gur chuaigh sé amach ina loing féin. Do bhíodar leanta don chomhrac ar fuaid an tsléibhe i gcaitheamh na haimsire, agus dúirt gaiscíoch éigint acu i ndeireadh báire: ‘Stadaigh!’ a dúirt sé, ‘don chomhrac; ní hag éinne agaibh atá an fáinne, ach má thugúir fé ndeara an firín beag a ghaibh ansan ó chéinibh – níorbh aon ghaiscíoch é de réir deallraimh,’ a dúirt sé: ‘bhí sé ró-éadrom, ró-bheag – is aige sin atá an fáinne. Stadaigh anois de bhúr gcath le chéile de dheascaibh an fháinne! Tá an fáinne imithe aige siúd; agus an bhfeiceann sibh,’ a dúirt sé – ‘tá a long aige á stiúrú amach anois ós na loingeas eile, agus b’fhearra dhúinn é a leanúint.’

As go brách lena raibh de ghaiscíg ann agus gach éinne acu ag déanamh fé dhéin a loinge féin. Do thosnaigh an fiach ar Dhiarmaid, ach má thosnaigh, ba bheag an chabhair é: ní raibh long eile ar an bhfarraige ba mhire ná Breac-Chuach Fhinn Mhic Cumhaill. Bhí sé ag cur de riamh is choíche chun gur tháinig sé chomh fada le tigh Ghlúin Ramhar.
‘A Dhiarmaid,’ a duaradh, ‘ar thugais leat an fáinne?’
‘Do thugas go maith,’ arsa Diarmaid; ‘níor theip aon ní riamh orm, agus níor theip orm an fáinne a thabhairt liom. Ach ní haon chabhair dom é thabhairt liom. Tá slua ag teacht im dhiaidh,’ a dúirt sé: ‘do mharóidís a raibh de Fianna agus Glúin Ramhar agus Seachrán agus a raibh riamh acu ann!’

Do chuaigh bean Ghlúin Ramhar amach agus do chonaic sí an fharraige dubh le loingeas ag teacht. Do chuir sí an uile long dá raibh ann, agus gaiscíoch, ar thóin na farraige le draíocht. Do tugamh na trí deocha do Ghlúin Ramhar do dhroim an fháinne, agus do bhí sé chomh maith ina shaol agus ina shláinte is do bhí riamh.

D’fhan Fionn agus Seachrán agus pé méid den Fhéinn a bhí ann ansan in éineacht le Glúin Ramhar, agus ní raibh feall na mioscais le himirt ag bean Ghlúin orthu as san amach.

Tar éis tamaill, thugadar a n-aghaidh ar an mbaile, agus do tháinig Seachrán leo. Dúirt sé gur bhreá leis a bheith in éineacht le Fianna Éireann – go raibh saol ana-bhreá acu. Tháinig sé leo, agus d’fhan Seachrán in éineacht leis na Fianna riamh ó shin, agus bhí togha gaiscíg acu ann, agus is mó cath cruaidh go raibh sé ann in éineacht leo.

B’shin é an scéal ar Ghlúin Ramhar agus ar Sheachrán, agus deirim leat go raibh sé leadránach a dhóthain tar éis an blúire siúil a dhein Fionn an mhaidean shneachtaigh seo!

Advertisements
Ranganna: Scéalta, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s