An Giolla Deacair agus a Chapall Neamhéasca

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh

La éigint dá raibh Fionn agus an Fhiann eile idir Chill Áirne agus Trá Lí, a gcoin agus a gcapaill acu, fiach agus caitheamh aimsire ar siúl acu mar ba ghnáth, do chonaiceadar chucu fear agus capall ‘An Giolla Deacair agus a Chapall Neamhéasca’ a thugadar air seo. Fear críonna dob ea é. Ar dtúis nuair a fuaireadar radharc air do bhí sé ag teacht agus greim aige ar an sriain, ag siúl roimis an gcapall amach – an capall a’ d’iarraig teacht ina dhiaidh – agus le gach aon stracadh a thugadh an fear don tsriain chun é thabhairt leis do stathadh an capall thar n-ais arís é, agus ba mhó a bhí an capall ag dul i nidaidh a chúil ná ag dul ar aghaidh. I gcionn tamaill do chas sé an capall, agus fé mar a thugadh sé an stathadh ansan bhíodh sé ag teacht ar aghaidh fé dhéin na Féinne agus an fear aige á stathadh leis. I ndeire bárra, cé go rabhadar tamall mór ag feitheamh lena theacht, do tháinig sé mar a rabhadar. Scaoil sé uaidh an capall i measc na gcapall eile agus chuaigh chun cainte le Fionn.

Do bhí capaill na bhFiann ina ngillíní breátha cothaithe, agus ní raibh sa tseanachapall so ach na cnámha as polladh an chroicín. Thosnaigh sé ar ínnéar, agus nuair a thagadh na capaill eile ina aice do thugadh sé snap orthu, agus ba ghairid go raibh seó des na capaill eile stracaithe gearrtha aige, ach ní deireadh an mhuintir gur leo iad éinní leis an nGiolla Deacair.
‘B’fhearra dhúinn,’ a dúradar, ‘an seanachapall a dhruidiúint in aice chapaill Chonáin, agus má dheineann sé aon ní le capall Chonáin spriúchfaidh sé!

Do deineadh chómh maith: do dhruideadh an capall in aice chapaill Chonáin, agus do thosnaigh capall Chonáin ag balathóireacht air. Thug sé snap air agus do bhain an chluas de chapall Chonáin. Spriúch Conán nuair a chonaic sé an obair seo.
‘Th’anam ón diach!’ a dúirt sé, ‘tá mo chapall loitithe aige. Tóg sa deamhan amach as an áit é!’
Níor thug an Giolla Deacair aon toradh air. Níor leog sé air gur airigh sé in ao’chor é.
‘Brisfidh me a dhrom!’ arsa Conán. Leis sin do léim sé anáirde ar an seanachapall féachaint an mbrisfeadh sé cnámh a dhroma, ach níor bhris: bhí sé níos ríne ná san ion. Ba ghairid gur léim duine eile acu anáirde air ina theannta, agus bhíodar ag léimt anáirde ar an seanachapall ina nduine ‘s ina nduine chun go raibh éinne déag acu anáirde air.
‘Níl aon bhaol, a Fhinn,’ arsa an Giolla Deacair le Fionn, ‘ ná gur greannmhar an saghas fear athá agaibh is bheith ag imirt ar mo leithéid, agus gan agam i gcóir an tsaoil ach an seanachapall san. Agus anois, imeoidh mé uait,’ a dúirt sé,’ agus go deimhin, ní fhéadfainn aon teist fhónta a thabhairt ort.’

D’imigh sé uathu ins an treo chéanna ina dtáinigh sé, agus d’fhan an t-éinne déag anáirde ar an gcapall agus é ag ínnéar leis ar fuaid na háite. Nuair a bhí sé dultha i mbarra an chnocáin tamall uathu, do chuir sé fead as ag glaoch ar an gcapall. Thóg an capall a cheann nuair airigh sé an fhead, agus dá mhoille a bhí sé ag teacht gheallfainn dhuit ná raibh sé i bhfad ag dul ag triall ar an nGiolla Deacair, agus an t-éinne déag anáirde air. Ní fhéadfaidís teacht anuas ná scarúint leis. Bhí an chuid eile den Fhéinn ag féachaint air. Ní bhfuaireadar aon radharc eile ar an gcapall ná ar an nGiolla Deacair. D’imíodar orthu ar a lorg sa treo ina raibh sé imithe uathu, riamh is choíche, chun go bhfuaireadar a rian ag dul isteach sa bhfarraige. Cheartaíodar saghas éigint báid nó córach a bhéarfadh trasna na farraige iad. Chuireadar díobh chun gur thángadar ag bun faille ar bhruach na farraige. Fuaireadar rian an chapaill ag dul anáirde i gcoinnibh na faille.
‘Anso anáirde a chuadar,’ arsa Fionn, ‘ach conas táimid chun iad a leanúint? Ní féidir dúinn dul anáirde – nó an bhfuil aon fhear in bhúr measc a fhéadfadh dul anáirde,’ a dúirt sé, ‘a thiocfadh thar n-ais chugainn le tuairisc?’
Ní raibh éinne ag rá go bhféadfadh sé dul ann.
‘A Dhiarmaid,’ ar seisean le Diarmaid Donn, ‘is olc uaitse ná téann anáirde. Ar ndóin do bhí do mháthair ar éadromacht nuair a thug sí bainne cíche dhuit!’

Leis sin do tháinig fearg ar Dhiarmaid, agus d’éirig don bhaoth léim nár throm agus do thúirlic i mbarra na faille. D’imigh sé air anáirde, ag siúl ar fuaid an bhaill, ó áit go háit. Bhí coillthe ann, agus bhí áiteanna breátha ann, agus sa tsiúl dó, bhí an oíche ag teacht air. Fuair sé a chlaíomh agus do bhailimh brosna; d’adaigh tine mhór, agus nuair a bhí an tine ar lasadh aige d’imigh sé ar fuaid na coille chun go bhfuair sé torc; do mhairbh an torc agus do thug leis é. Do bhí an torc aige á róstadh ar an dtine nuair a tháinig chuige gaiscíoch.
‘Airiú, a Dhiarmaid na mban,’ a dúirt sé, ‘an tusa athá anso ag marú mo chuid muc ? Diolfair as anois ! ‘

Do thosnaigh sé féin agus Diarmaid ar a chéile le cluite, agus do thugadar an lá – an méid a bhí rómpu den lá – ag greadadh a chéile, agus theip ar éinne acu aon lámh a dhéanamh den fhear eile. Nuair a tháinig an oíche do stadadar agus chuadar chun codlata.
Do bhí Diarmaid – nuair a dhúisigh sé ar maidin – b’é a raibh timpeall air ná donáinín seanduine agus claíomh aige, agus do shíl Diarmaid – as an dtaidhreamh ab ea dhúisigh sé – go raibh leon á dh’ithe; agus nuair a dhúisigh sé ní raibh aige ach an donáinín sean duine seo a deirim, agus piscín cait a bhí anáirde ar a bhrollach agus é á líorac.

D’fhiafraigh Diarmaid den tseanduine an bhfeaca sé an Fhiann in ao’bhall, agus dúirt an seanduine leis go bhfeacaigh ina leithéid seo d’áit.
‘Caithfir dul liom,’ a dúirt Diarmaid, ‘agus iad a thaispeáint dom.’
D’imigh an seanduine in éineacht leis, agus is amhlaidh a bhí an Fhiann go léir istigh ag an rí, ag ithe agus ag ól, nuair a bhuail chucu. isteach Diarmaid agus an donáinín seanduine go raibh an lá tabhartha acu, nó tamall de lá, ar na cluite le chéile. Thosnaíodar ar gháirí uime Dhiarmaid, agus thosnaigh an seanduine ar insint dóibh, agus do dhein gaiscíoch breá láidir den tseanduine arís. Thosnaigh sé ar insint dóibh, agus an t-eagla a bhí ar Dhiarmaid roimis an bpiscín cait !

Do bhí an Giolla Deacair istigh roimis, agus b’é seo rí na háite. Do bhí cath fógartha air ag duine éigint eile, agus ní raibh cúnamh a dhóthain ag an nGiolla Deacair chun dul chun cogaigh leis. B’sheo, mar a tháinigh sé ag triall ar Fhianna Éireann féachaint an gcabhróidís leis, agus b’shid é an chuma gur rug sé leis iad. Do buaileadh an cath mór eatarthu, agus b’é an deireadh a tháinig air gur ghlan an Giolla Deacair agus Fianna Éireann an dream a bhí ina gcoinnibh ghlanadar amach baileach glan as an áit iad, agus bhí an áit go léir ag an nGiolla Deacair as san amach, agus ba mhaith an ceart é bheith aige, mar ana-fhear ab ea é. Níor leog sé uaidh an Fhiann ar feadh sé mhí, ach ag ithe agus ag ól, agus is dócha gurbh shid é, geall leis, ab fhearr leo!

Freagra