An Garsún gur dhein Gaiscíoch de

tom-thumb-hand-hdrimgDo bhí fear ann: é pósta, agus níor ráinig éinne clainne a bheith acu ar feadh i bhfad. Tar éis tamaill do bhí mac óg acu. Shíleadar go rabhadar tógtha go brách leis seo, ach ní raibh an scéal mar a shíleadar. In inead é bheith ag fás nó aon bhreis a bheith ag teacht air ó lá go lá, nó ó bhliain go bliain, is amhlaidh a bhí sé ag laghdú, geall leis. Níor fhág so aon fhonn orthu, agus mar sin féin do tháinig a chaint dó fé mar a tháinig an t-aos, agus bhí sé chomh ciallmhar is dá mbeadh taidhse an chnoic ann.

Lá éigint dá raibh an t-athair ag dul sa choill a d’iarraidh adhmaid d’iarr an garsúinín air é bhreith leis. ‘Ní bhéarfad,’ a dúirt an t-athair, ‘mar tá an tseana-chairt atá agam ró-shalach, agus b’fhéidir gurb amhal a raghfá amuigh istigh inti!’

‘Á, más ea, raghadsa in áit eile,’ a dúirt an garsúinín. Is dócha ná raibh puinn tuise ann. ‘Sé an áit gur shocraigh sé é féin ná amuigh in áirde ar chluais an chapaill! Chuaigh an t-athair sa choill agus do bhí an t-adhmad aige á ghearradh leis, agus d’fhan an garsúinín in áirde ar chluais an chapaill.

Ba ghairid gur bhuail chuige fear ná faca sé riamh roimis sin fear breá, mór, deabhraitheach, agus do thug sé fé ndeara an rud beag in áirde ar an gcapall, nó ar an gcluais. Thóg sé anuas ar a bhais é agus bhí sé ag féachaint air. ‘Is diail an éagóir atá déanta agat air sin,’ a dúirt sé, más tú a athair,’ – leis an bhfear a bhí ag gearradh an adhmaid.
‘Is mé,’ a dúirt sé, ‘gan dearmad, agus cad í an éagóir atá déanta agam air?’
‘Ná tugann bia ceart dó,’ a dúirt an fear. ‘Sin togha gaiscíg,’ a dúirt sé, ‘dá bhfaigheadh sé bia gaiscíg.’
‘Is baolach ná beidh puinn gaisce ann,’ arsa an t-athair.
‘Béarfad-sa liom é uait,’ a dúirt sé, ‘ar feadh tamaill, agus tabharfaidh mé bia gaiscíg dó, agus leog liom é aon bhliain amháin is chífir an bhreis a bheidh tagaithe air.’

Níor mhaith leis é leogaint uaidh agus filleadh abhaile ag triall ar an máthair gan é bheith aige, ach do chuaigh an fear chomh cruaidh air is gurbh éigint dó é leogaint leis.
‘Buail umum anso,’ a dúirt sé, ‘i gcionn bliana; beidh sé agam duit arís.’

Sea. Chuaigh sé abhaile, agus do thug an tseanabhean sa bhaile cabhaiseáil throda dhó i dtaobh an gharsúinín a leogaint le héinne, agus ná feadair sé cé dhó gur thug sé é ná cá raibh sé gofa.

Ní rabhdar ró-shuaimhneasach in aon chor chun go raibh an bhliain caite. As go brách leis an bhfear arís fé dhéin na coille féachaint an gcasfaí air an garsúinín agus an té rug leis é. Ní raibh sé i bhfad ag feitheamh nuair a tháinig sé chuige agus ana-scriosaire garsúin in aonacht leis.
‘Féach anois,’ a dúirt sé, ‘an bhreis a tháinig air!’
‘Ó’ , ní hé an fear céanna in aon chor é,’ arsa an t-athair.
‘Né hé,’ a dúirt sé, ‘agus tabhair dom ar feadh bliana eile é, agus nuair a thiocfaidh mé thar n-ais leis ní aithneofar in aon chor é beidh sé chomh láidir, chomh cuíthach san.’

Do scaoil sé leis arís é, agus níor iarr sé an iomarca taithint in aon chor nuair a chonaic sé an bhreis a bhí tagaithe ar an ngarsún. Abhaile leis arís fé dhéin na seana-mhná agus d’inis an scéal di, agus an fheabhas a bhí tagaithe ar an ngarsún. ‘D’fhágas aige bliain eile é,’ a dúirt sé, ‘agus dúirt sé liom gur mór an t-anaithe an neart a bheadh air an bhliain seo.’ Ní raibh an tseanabhean ró-mhíshásta in aon chor nuair a bhí sé dultha i bhfeabhas chomh mór san.

Nuair a bhí an bhliain amú arís chuaigh sé féna dhéin, agus má chuaigh do tháinig an fear agus é in aonacht leis, agus nífheadair éinne, geall leis, cé acu don bheirt ba dheabhraithí. Bhí an garsún chomh láidir agus chomh cruthanta ag féachaint leis an bhfear a bhí in aonacht leis.

‘Sea anois,’ a dúirt sé, ‘ ní iarrfad-sa ort é leogaint liom a thuilleadh. Tá sé ina ghaiscíoch agat, agus tabhair aire dhó agus tabhair bia dhó, agus is baolach ná tabharfair bia gaiscíg dó,’ a dúirt sé, ‘mar ná fuileann tú i ngustal do dhóthain chuige.’

Do thug sé leis abhaile é agus ba mhór an seó an t-áthas a bhí ar an máthair nuair a chonaic sí é – an fear breá a bhí déanta dhe. Tar éis tamaill dúirt an garsún leo: ‘Anois,’ a dúirt sé, ‘níl aon ghnó agam-sa in aonacht libh-se agus imeód ag déanamh dom féin, pé áit go dtabharfad mh’aghaidh, ar feadh tamaill. Ní hamhlaidh ná go bhfillfead arís oraibh,’ a dúirt se, ‘ ach triallfad maireachtaint éigint a dhéanamh dom féin sara dtiocfad.’ D’fhág sé slán acu, agus bhí buairt go leor ina dhiaidh.

D’imigh sé air ag siúl riamh is choíche ag lorg máistir a thógfadh é chun oibre. Bhí teipithe air, agus i ndeireadh báire do casadh ag triall ar fheirmeoir é go raibh stoc mór ag teacht sa chlós chuige um thráthnóna. Do thug sé fé ndeara an stoc breá, agus dúirt leis an bhfeirmeoir:
‘Is breá an stoc iad so agat.’
‘Táid siad go maith,’ a dúirt an feirmeoir, ‘dá mbeadh duine agam a dhéanfadh iad d’aoireacht, ach níl.’
‘Canathaobh san?’ a dúirt an garsún – nó Seán is cóir dúinn a thabhairt air mar b’ea thugaithí air.
‘Airiú, a leithéid seo,’ ar seisean. ‘Tá coill anso im’ aice. Athaig atá chun cónaigh inti, agus ní fhanfadh éinne ag aoireacht stoic agam-sa le heagla go raghadh aon bhó acu san isteach i gcoill na n-uthách, mar dá raghadh ceann acu ann níor bheag san,’ a dúirt sé – ‘ do mharóidís an t-aoire.’
‘Agus an dabharfá tuarastal maith?’ a dúirt Seán.
‘Pé tuarastal ba mhaith leat,’ a dúirt sé, ‘dá bhfantá i bhfeighilt agus gan iad a leogaint sa choill.’
‘Fanfad,’ a dúirt sé.

Shocraíodar ar thuarastal mhaith le chéile, agus ar maidin lárnamháireach do scaoileadh amach na ba chuige nuair a bhíodar crúite. ‘Imigh ort anois leo,’ a dúirt an feirmeoir, agus thaispeáin dó cá gcomáinfeadh sé na ba. ‘Féadfair gach aon áit eile bheith agat dóibh,’ a dúirt se,’ ach seachain an choill. Ná leog isteach iad.’

Chomáin sé leis na ba agus b’é an chéad rud a dhein sé iad a dhruidiúint fé dhéin na coille. Ní raghadh na ba isteach mar bhí ana-dhaingean ar an gcoill, ach má bhí ba ghairid an mhoill ar Sheán bearna a réabadh isteach inti. Tháinig sé ar an dtaobh amuigh dhíobh is chomáin an uile bhó acu isteach inti! Bhíodar istigh: fuíollach féir agus fothana acu: Seán ina shuí ar an gclaí ag féachaint orthu.

Airiú! Ba ghairid gur airigh se chuige an siot, an fuaim is an fothram ag an uthach mór go raibh ceann mór air agus aon tsúil amháin i gclár a éadain.

‘Airiú,’ ar seisean, ‘a rud anacraigh! Cad a bheir duit na ba san a leogaint isteach im’ choill? – agus díolfair as anois!’ Do thosnaigh sé féin is Seán ar a chéile agus níorbh fhada in aon chor gur bhain Seán an ceann de. Do tharraig sé gad sceiche gan scotha trína chluais agus do cheangail in áirde ar chrann é. Nuair a tháinig an tráthnóna do chomáin sé leis abhaile na ba, agus nuair a chuaigh na mná ag crú na mbó do bhí ionadh orthu canathaobh go raibh oiread bainne acu, níos mó ná mar a bhíodh aon lá eile. D’inseadar d’fhear an tí é agus d’fhiafraigh sé do Sheán:

‘A Sheáin, ní hé go mbeadh na ba leogaithe i gcoill na n-uthach agat?’
‘Ó’ , ní rabhadar,’ a dúirt Seán, ‘ná ní leogfadh eagla dhom é!’
‘Ó’ , is maith an buachaill,’ a dúirt sé.
B’é an cleas céanna é ar maidin amárach.

D’imigh Seán arís i ndiaidh na mbó agus ní raibh air an bhearna oscailt in aon chor. Chomáin sé roimis isteach iad, agus má chomáin ní raibh sé i bhfad istigh nuair airigh sé an choill á réabadh ag teacht féna dhéin: an t-uthach mór na dtrí gceann, na dtrí mbeann, na dtri muineál fada ramhra díreach.

‘Airiú, a anacróir!’ ar seisean. ‘Cár ghabhais lem’ dheartháir, nó an bhfeacaís anso in aon bhall inné é, nó canathaobh go bhfuil do chuid stoic agat ar fud mo choille? – ag léimt chuige. Ach ní raibh a chlaíomh ar fán ó Sheán. Do bhí sé ullamh dó, agus do luigh an bheirt ar a chéile. Amach san aimsir do fuair Seán an ceannsmách air. Do bhíodh ceann aige á bhuint de i ndiaidh a chéile i gcónaí chun go raibh na trí cinn bainte dhe agus é ina sheana-chorpalach ansúd aige i lár na coille. Bhí an tráthnóna ag teacht, agus arís do tharraig sé gad sceiche gan scotha trísna cluasa ar na cinn seo agus do chroch in áirde ar chrann iad. Chomáin leis abhaile na ba, agus iad go bolg lán agus deabhramh bainne orthu. Nuair a chuadar sa chlós do thug an feirmeoir fé ndeara iad, agus nuair a suíodh chun iad a chrú b’fhearr ná san a tugadh fé ndeara iad, mar do bhí an bainne go léir acu.

‘Is tú an buachaill,’ a dúirt sé, ‘ab fhearr a bhí agam riamh. Tá dhá oiread bainne acu ó thánais ag triall orm. Ach ní hé go mbeifeá á leogaint sa choill?’
‘Ó, ni leogfadh eagla dhom é!’ arsa Seán.

Sea. Fuair sé a shuipéar, agus bhíothas ana-bhaoch de. Níor glaodh ró-mhoch ar maidin air, chun go raibh na ba crúite. Glaodh air.
‘A Sheáin, is dócha go raghaidh tú i ndiaidh na mbó arís inniu?’
‘Ó, raghad,’ a dúirt sé, ‘go hálainn.’ Chomáin leis iad, agus isteach sa choill. Bhíodar istigh aige tamall maith nuair a airigh sé an straca míorúiltheach, agus crainn á lúbadh agus géagracha á mbriseadh ag teacht féna dhéin – an t-athach ba chuíthí a tháinig riamh: uthach mór na gcúig mbeann, na gcúig gceann, agus na muineáil fada ramhra
díreach.
‘Ó, gráin ort!’ ar seisean, nuair a chonaic sé é, ‘a anacróir!’ a dúirt sé, ‘nó canathaobh go bhfuil na ba sa choill agat? An bhfeacaís mo bheirt dearthár?’ a dúirt sé. ‘Bhíodar amuigh uaim inné, agus urú inné, agus níor fhilleadar.’
‘Ní fhillfirse ach chomh beag leo!’ arsa Seán.

Do dhein an t-athach air, ach má dhein do thug Seán iarracht fé lena chlaíomh agus do bhain ceann de don chéad iarracht. Do leanadar ar a chéile chun go raibh na cinn go léir bainte aige dhe; agus nuair a tháinig an tráthnóna, dáltha na coda eile, do thairrig sé an seana-ghad sceiche gan scotha tríothu arís agus do chroch in áirde iad in aonacht leis an gcuid eile. Chomáin leis abhaile na ba, agus ní raibh aon mhíorúilt ach an bainne a bhí acu. Do bhí eagla ar an bhfeirmeoir go raibh na ba ag dul sa choill, ach do dheimhnigh Seán dó ná rabhadar, agus ná leogfadh eagla dhó dul in aice na coille in aon chor!

Sea. Lárnamháireach chomáin sé leis arís iad, agus isteach sa choill. Ní raibh sé ró-fhada istigh nuair a airigh sé chuige mar a bheadh sí gaoithe nó rud éigint a bheadh ag réabadh na coille ar fad, á stracadh as a préamhacha. Cad a bheadh ná máthair na n-uthach ag teacht – í gleasta chun comhraic: gathaí iarainn curtha aici uirthi féin, agus do dhein sí ar Sheán.

‘Airiú,’ ar sise, ‘ is dócha gur tú a mhairbh mo thriúr mac! Ar maidin inniu isea fuaireas a gcinn ansan in áirde ar chrann.’
‘Gheobhaidh tú,’ a dúirt sé, – ‘agus do cheann féin ann ar maidin
amárach!’

Do thug sí iarracht fé chun crúca a chur ann. Do léim sé ar scáth crainn uaithi agus do chuir sí na crúcaí iarainn a bhí socair uirthi amach tríd an gcrann chuige! Agus ba mhaith an mhaise sin ag Seán – do dhein sé iad a bharra lena chlaíomh ar an dtaobh eile den chrann agus do léim chuici nuair a bhí sí i ngreim agus do bhain an ceann di. Sea. Do bhuail sé in áirde ar chrann arís í – thug sé nós na coda eile don tseana-phlaosc, agus chomáin leis abhaile na ba. B’é an cleas céanna é nuair a chuaigh sé abhaile – an ionadh mhór go léir conas a bhí an bainne agus an deabhramh bainne tagaithe orthu.

Níor cuireadh as an leabaigh ró-mhoch é, ach gur glaodh air chun na mbó a chomáint amach arís. Chomáin sé leis iad, agus isteach sa choill. Má dhein, ní raibh éinne ag teacht ag triall air: ní raibh athach ná máthair athach ag teacht.

‘Ní stadfad anois,’ a dúirt sé, ‘chun go bhfeicfead cad é an saghas áite bhí acu.’ D’imigh sé air tríd an gcoill chun go bhfuair sé cúirt na n-uthach. Shiúlaigh sé gach aon bhlúire dhe: an chúirt bhreá go léir, agus gach aon ní dá bhreáthacht, – na capaill bhreátha; agus bhíodh ba ann – fiáin níos fearr ná bhí ba an fheirmeora, dá mhéid dúthracht a bhí ag Seán á dhéanamh dóibh. Níor dhearmad sé fileadh um thráthnóna chun na mbó a chomáint abhaile. Do chomáin, agus b’é an scéal céanna é. Bheifí ag feitheamh chun go dtagaidís chun go bhficfí an deabhramh bainne bhí orthu, agus an bainne mór a bhí á chrú uathu.

Ar maidin lárnamháireach:
‘Anois, a Sheáin,’ arsa an feirmeoir, ‘beimíd-ne as baile inniu, agus ar do bhás, pé rud a dheinis go dté so, dein aoireacht mhaith inniu ar na buaibh. Ná leog isteach i gcoill na n-uthach iad ar do bhás.’
‘Cá mbeidh sibh?’ a dúirt Seán.
‘Ó mhuise,’ a dúirt sé, ‘áit nách maith linn bheith, dá mbeadh leigheas air, ach caithfear dul ann. A leithéid seo: Tá loch anso, tamall uainn, agus tá piast sa loich sin. Tagann sí amach uair sa mbliain. Caithfear bean óg éigint, pé bean is breátha san áit, a chur amuigh ar an gcarraig san áit ina dtagann sí amach as an bhfarraige, nó as an loich; agus mara gcuirfí an bhean ansan gheobhadh sí amach ar fud na tíre agus do stracfadh sí agus d’íosfadh sí a mbeadh de dhaoine ann, idir mná agus fir. Tá deireadh na mban breátha beirthe aici léi, agus inniu caithfear iníon an Rí a chur amuigh ar an gcarraig ina cóir, agus béarfaidh sí léi í. Ní foláir dúinn go léir bheith láithreach, nó mara mbeimís do mharódh an Rí sinn, nó do chuirfeadh sé amach as an ndúthaigh sinn ar fad.’

B’shin mar a bhí. Do chomáin Seán leis na ba agus níor stad cos de chun gur chuir sé isteach sa choill iad. Ní raibh aon ghá le hiad d’aoireacht sa choill: bhí deireadh leis na hathaigh agus gan éinne chun teacht fé dhéin na mbo. D’imigh Seán agus níor stad sé chun gur chuaigh go cúirt na n-uthach. Ghaibh sé tríd an gcúirt agus do fuair sé an chluith éadaigh ba dheise a bhí ann – mar a shíl sé, ar aon tslí. Do chuir uime í. Amach leis sa stábla agus do fuair ceann dos na capaill. Chuir iallait ar an gcapall, tháinig in áirde air, thóg leis a chlaíomh, agus as go brách leis. D’fhág se an choill agus na ba ansan ina dhiaidh.

Níor stad sé riamh ná choíche chun gur tháinig sé san áit go raibh an loch. Do bhí na sluaite timpeall na loiche agus iníon an Rí ceangailthe amuigh in áirde ar charraig ar imeall na loiche. Ba ghairid gur airigh sé an gol – d’ardaíodar go léir liú ghoil nuair a chonaiceadar an phiast ag teacht. Bhí sí ag teacht tríd an loich agus gach éinne ag druidiúint uaithi, ón áit go raibh an bhean ceangailthe ar an gcarraig, le heagla go mbéarfadh sí iad féin léi. An diabhal blúire do Sheán ná gur dhein féna déin ar muin capaill, agus a claíomh aige. Tháinig sé idir í agus an charraig. Níor leog sé don phéist teacht amach a’ d’iarraidh na mná. Bhí an phiast a’ d’iarraidh é dh’ithe agus gach aon bhuille do chlaíomh ag Seán ar an bpéist, agus i ndeireadh báire do bhí an ceannsmách aige á fháil uirthi agus d’iarr an phiast sosa cómhraic go dtí amáreach.

B’shin mar a bhí. Chuir Seán de tríd an slua agus ní fheadar éinne cérbh é ná cé hé an gaiscíoch a bhí tar éis iníon an Rí a shábháil. D’imigh sé air, agus do tógamh iníon an Rí don charraig agus chuaigh sí abhaile i gcóir na hoíche sin. Nuair a chuaigh Seán chomh fada le cúirt na n-athach d’athraigh sé a éadach. Chuir sé uime a sheana bhalcaisí féin, tháinig i ndiaidh na mbó agus chomáin leis abhaile iad.

I gcionn tamaill do tháinig an feirmeoir agus an bhean.
‘Sea airiú,’ a dúirt Seán, ‘cad é an scéal athá agaibh? Is dócha go bhfuil droch-scéal buartha – iníon an Rí imithe ag an bpéist?’
‘Ta scéal diail greannmhar,’ a dúirt an feirmeoir. ‘A liethéid seo: Do bhí an phiast ag teacht nuair a tháinig gaiscíoch ar muin capaill. Do léim sé isteach sa loich idir an bpéist agus an bhean; thosnaigh ar an bpéist a léasadh lena chlaíomh, agus b’é deireadh tháinig air gur iarr sí sosa cómhraic go dtí amáireach. D’imigh an gaiscíoch agus ní fheadair éinne cérbh é ná cad as dó.’
‘Scéal diail greannmhar!’ arsa Seán.
‘Agus caithfeam go léir dul ann arís amáireach,’ a dúirt an feirmeoir, ‘mar caithfear í chur ansúd ar an gcarraig: tiocfaidh an phiast arís.’

B’shin mar a bhí, agus do tugadh an oíche ag caint ar an ngaiscíoch a chosain iníon an Rí.

Ar maidin lárnamháireach do chomáin Seán leis na ba isteach sa choill, agus d’imigh an feirmeoir agus an bhean fé dhéin na loiche. Chuaigh Seán fé dhéin chúirt na n-athach agus chuardaigh arís, agus fuair sé cluith eadaigh fiain níba dheise ná an ceann a bhí inné roimis sin air. Amach leis sa stábla agus fuair sé capall ar dhath eile agus níos deabhraithí ná an capall a bhí aige inné. As go brách leis agus níor stad sé chun gur tháinig sé in aice na loiche. Do bhí na sluaite bailithe ann, níos mó ná mar a bhí inné roimis sin, agus níorbh fhada gur tháinig an phiast. Siúd amach í tríd an loich, agus ba mhaith an mhaise sin ag Seán – isteach leis ina coinnibh agus do luigh an cómhrac acu le chéile. Bhíodh gach aon tséideóg ag an bpéist a’ d’iarraidh é shéide anuas don chapall agus gach aon bhuille don chlaíomh ag Seán ar an bpéist, agus geall leis dath dearg ag iompáil ar an loich le fuil na péiste. D’iarr sí sosa cómhraic arís go dtí amáireach.
‘Gheobhair,’ a dúirt Seán.
Do scaoileadh iníon an Rí don charraig, agus d’imigh Seán abhaile agus ní fheadair éinne cérbh é Chuir sé an capall agus an t-éadach uaidh i dtigh na n-uthach agus d’fhill abhaile leis na ba ina sheana éadach féin arís.

Bhí an feirmeoir agus an bhean tagaithe.
‘Sea,’ arsa Seán. ‘Is dócha nách gá dhíbh imeacht a thuilleadh, go bhfuil an bhean óg aici inniu – nó an bhfuil?’
‘Airiú, éist, a dhiail!’ arsa an feirmeoir. ‘Scéal diail greannmhar eile athá againn. Tháinig gaiscíoch eile inniu,’ ar seisean – ‘ní hé an fear inné a bhí in aon chor againn inniu, ná an capall céanna, agus thug sé an cor don phéist ba mheasa fuair aon rud riamh. D’iarr sí sosa cómhraic air go dtí amáireach. Tá iníon an Rí dultha abhaile i gcóir na hoíche agus caithfear í thabhairt ann arís amáireach, agus caithfeamna go l léir dul ann, agus ar do bhás,’ a dúirt sé, ‘táim á fholáireamh ort – i dtaobh is gur deocair dom cuimhneamh ar gach aon ní – gan na ba a leogaint i gcoill na n-uthach.’
‘Ó, níl baol orthu,’ arsa Seán; ‘ná deinidís aon bhuairt duit.’

Sea. Nuair a tháinig an mhaidean do bhí ba crúite. Chomáin Seán leis iad isteach sa choill agus chuaigh muintir an tí fé dhéin na loiche.
‘Sea. Tá sé chomh maith agam,’ arsa Seán, ‘is dócha, dul féna ndéin arís.’ Chuaigh sé go tigh na n-uthach ar dtúis agus do dhein sé tuilleadh piardála ar fud an tí chun go bhfuair sé an chulaith ná feacathas curtha ar éinne riamh, ná aon ní mar í, le breáthacht. Chuir sé uime í; agus fear ana-chúmtha, ana-dheas ab ea é. Do bheadh gach aon éadach oiriúnach dó: thagaidís go maith dhó. Amach leis sa stábla agus do phioc sé amach an gillín capaill ab fhearr a bhí ann, tháinig in áirde air, agus do dhein fé dhéin na loiche. Níor thóg sé i bhfad in aon chor air dul ann. Ní claíomh a rug sé leis in aon chor ach seana-bharra mór iarainn a bhíodh ages na hathaig, i bhfoirm a chaitheamh, nó i bhfoirm chun saghas éigint cleas nó clis a dhéanamh leis. Thóg sé leis an barra mór iarainn, agus níorbh fhada dhó ag feithamh in aon chor – an slua mór daoine ann – nuair a chonaiceathas an phiast ag teacht. Isteach leis ina coinnibh, agus do chuaigh sé níos sia isteach ná mar a théadh na laethanta eile. Níor leog sé dhi teacht ana-fhada amach in aon chor nuair a thosnaigh sé uirthi leis an mbarra iarainn, agus níorbh fhada a bhí an cómhrac acu le chéile nuair a bhris sé a ceann, agus d’imigh sí ansúd ar bharra an uisce ina corpalach mharbh.

Airiú! Do bhí na gáirí ar mhuintir na tíre go léir nuair a chonaiceadar cad a bhí imithe ar an bpéist, agus do scaoileadh iníon an Rí don charraig, agus do cuireadh in áirde ar stáitse nó ar árdán eile í ag gabháil baochais leis na daoine, agus chun baochas a ghabháil leis an ngaiscíoch a shaor í – dá bhfaigheadh sí aon chae air. Do bhí gach éinne ag gabháil an treo, agus do bhí ana-shúil ag iníon an Rí ar an ngaiscíoch, ach do ghaibh sé amach chomh deithineasach san ná fuair sí uain ar fhéachaint air i gceart. Bhí siosúr beag aici agus do thug sí gearradh don tsiosúr ar a chuid gruaige. Do rug sí léi loca don ghruaig idir a méireanta. Ach d’imigh Seán.

Chuaigh sé abhaile – más baile a thabharfaidh mé ar chúirt na n-athach dó – agus d’atharaigh éadach arís, agus chuir treo ar a chapall. Nuair a bhí san déanta aige chomáin sé abhaile na ba, agus do bhí muintir an tí tagaithe roimis. Do bhí foláireamh tabhartha ag iníon an Rí do nách aon duine acu – don tslua – sarar fhágadar an áit, go gcathfadh gach aon fhear a bhí san áit teacht amáireach féachaint cé hé an fear go mbeadh an ghruaig oiriúnach dó, nó go raibh an loca gruaige gearrtha aici as a cheann.

Sea. Do bhíodar ag caint ar obair an lae agus an chuma gur mhairbh an gaiscíoch í leis an mbarra mór iarainn, agus an saol le breáthacht anois a bheadh as so amach ag muintir na tíre nuair ná déanfadh an phiast a thuilleadh trioblóide dhóibh.

‘Agus, a Sheáin,’ a dúirt an feirmeoir, ‘pé críoch a bhéarfaidh na ba amáireach – is dócha go gcaithfear iad d’fhágaint istigh nuair ná fuil éinne chun iad d’aoireacht – caithfirse dul linn amáireach.’
‘Cad é an gnó athá agam-sa libh?’ arsa Seán.
‘A leithéid seo,’ a dúirt sé. ‘An fear a mhairbh an phiast do bhain sí loca gruaige le siosúr a bhí aici amach as a ghruaig, agus tá an ghruaig sin aici. Tá pé fear go mbeidh an ghruaig sin oiriúnach dó aici le pósadh: ní phósfadh sí éinne eile.’
‘An dial gnó agam-sa ag dul ann,’ arsa Seán – ‘níl aon bhaol gur mise a phósfaidh sí.’
‘Ní dhéanfadh sé an gnó, más ea – caithfir dul ann, mar chuirfí as an áit sinn mara mbéarfaí gach aon fhear sa dúthaigh ann.’

B’shin mar a bhí, agus do bhí fhios ag fir na dútha go léir cad é an gnó a bhí ag dul ann an lá san, agus ní raibh aon duine acu, geall leis, ag dul ann ná go raibh sceamh éigint do shiosúr tabhartha aige ar a ghruaig féin féachaint an mbeadh sé oiriúnach don ghruaig a bhí beirthe léi ag iníon an Rí. Níor dhein Seán pioc, agus b’éigint dó gluaiseacht ar maidin in aonacht leis an bhfeirmeoir.

Do bhí sí in áirde ar stáitse arís agus gach aon fhear ag gabháil féna bráid, agus an ghruaig aici á shocrú san áit a bhíodh gearrtha don ghruaig acu. Ní raibh sí oiriúnach d’aon duine acu: bhíodh atharach dath nó atharach gearra nó rud éigint in easnamh chun gur ghaibh Seán an treo. Do chuir sí an ghruaig san áit ina raibh sí gearrtha ar Sheán – bhí sí oiriúnach. Do chas sí a lámha timpeall ar Sheain: ní leogfadh uaithi é. Do bhí ionadh an domhain ar na daoine go léir cérbh é féin agus ní raibh ionadh ceart ar éinne ach ar an bhfeirmeoir go raibh sé in aimsir aige nuair a chonaic sé gurb é a bhé tofa ag iníon an Rí chun é phósadh. Níor leogadh abhaile in aon chor é in aonacht leis an bhfeirmeoir. B’éigint dó fanúint i dtigh an Rí an oíche sin, agus tar éis tamaill do pósadh é le hiníon an Rí.

Do thug sé cúrsa ag triall ar an bhfeirmeoir agus d’inis sé dhó mar gheall ar na hathaig. ‘Agus tá an ríocht agamsa le fáil,’ a dúirt sé, ‘ón Ri, agus táim ag tabhairt na coille dhuit-se agus cúirt na n-uthach, agus féatair na capaill bhreátha athá ann a bheith agat. Ní gá dhuit aon eagla bheith ort as so amach go mbeidh uthach ná púca chun do chuid stoic a chur amach as an gcoill.’

B’shin mar a bhí, agus tar éis tamaill, nuair a bhíodar pósta, do chuaigh Seán agus a bhean abhaile chun go bhfeiceadh sé a athair agus a mháthair. Níor fhág sé ina dhiaidh sa bhaile iad ach do thug leis iad ag triall ar thigh an Rí, agus ansan isea mhaireadar go léir in aonacht as san amach: an ríocht go léir ag Seán, agus an saibhreas; agus b’shin é an chríoch a rug é ó bhí sé ina rud bheag in áirde i gcluais an chapaill!

Aa-Th. 300.
Son born to childless couple is so small that he can fit in a horse’s ear. His

father yields to stranger’s request to give him the boy in fosterage. After two
years the lad returns to his father, completely changed, a tall, strong young
man. He takes service with a farmer as a cow-herd, and is warned not to let
the cattle graze in a wood belonging to giants. He disobeys his orders, kills
the three giants and their mother and, finally, rescues a king’s daughter from
a water monster (piast). Recognition of the hero through a lock of hair cut
from his head by the princess, and her marniage to her rescuer, bring this
well-known tale to a close.
The introduction from Aa-Th. 700 (‘ Tom Thumb ‘) is a loan from a
printed version of Grimm No. 37, and is followed by a motif from Aa-Th. 325.

Advertisements
Ranganna: Scéalta. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s