An Ruathaire Mic

Uair éigint do bhí feirmeóir ann. Do ráinig go raibh ruathaire mic aige chomh mí-ámharach is a bhí sé sa dúthaigh. Do bhí sé óltach, imeartach, díomhaoin. Níorbh fhonn leis aon rud a bhainfeadh le gnó a dhéanamh, agus do bhí an t-athair cortha dhe. Níor thaitin leis an saghas slí go raibh a shaol aige á chaitheamh in aon chor. Ar aon tslí, bhí sé chomh cortha dhe is go nduairt sé leis lá éigint:

“Tá sé chomh maith agat”, a dúirt sé, “bheith ag imeacht, pé rud a dhéanfaidh mé i t’éaghmais, mar ní fheicim go bhfuil aon fhonn ort so ná súd a dhéanamh, ach gach aon ní níos mí-ámharaí ná a chéile”.

“Bíodh sé mar sin”, arsa an mac. “Imeód, agus ní fhillfead!”

“Mura bhfillir féin”, a dúirt an t-athair, “ní haon díobháil é, ar an bhfuadar atá fút!”

D’imigh sé agus do thriail sé an saol. Bhíodh tamall anso agus tamall ansúd aige, agus bhíodh sé ar aonach agus ar mhargadh agus is gach aon áit dá mhí-ámharaí. Lá éigint do bhí sé ag cur de agus do casadh air bacach. Chuaigh sé fein agus an bacach chun cainte le chéile, agus bhí sé ag fiafraí don bhacach conas a bhí sé ag déanamh ar an gcéird, nó arbh fhiú do dhuine tosnú uirthi.

“Á, mhuise, uaireanta”, a dúirt an bacach, “dhéanfá go maith, agus uaireanta eile bheadh an scéal ar do dhícheall agat agus gan puinn le fáil agat”.

Bhíodar ag cur díobh an bóthar agus ag caint. Chonaiceadar tigh ana-bhreá ann, agus de réir dheallraimh an tí ní raibh éinne chun cónaigh ann. Leis sin do casadh orthu fear eile. Bhíodar stopaithe, ag féachaint ar an dtigh, agus d’fhiafraigh sé dhíobh:

“Cad í an fhéachaint atá agaibh ar an dtigh seo?”

“A leithéid seo”, a dúirt mac an fheirmeóra. “Tigh ana-bhreá is ea é, agus deallraím ná fuil éinne chun cónaigh ann. Sin é atá ag cur ionadh orainn”.

“Níl”, a dúirt sé, “aon duine chun cónaigh sa tigh sin agus b’fhéidir nárbh fhearra dhóibh a bheith, agus an fear gur leis an tigh sin b’éigint dó bualadh amach as le neart púcaí, agus ’sé an áit ina bhfuil sé chun cónaigh anois, sa tigh úd thall”, —ag taispeáint tí eile dhóibh ná raibh rófhada in aon chor uathu.

“Ó mhuise”, arsa an ruathaire mic feirmeóra so, “dá bhfágadh sé sinn-ne istigh ansan is beag an speic a chuirfeadh púcaí orainn”.

“Airiú, is amhlaidh a bheadh áthas air”, a dúirt an fear so, “dá n-iarradh sibh air é, agus gheallfainn díbh go bhfágfadh sé istigh sibh go tugtha”.

Do chuaigh sé féin agus an bacach fé dhéin an tí seo agus chuadar chun cainte leis an bhfear a bhí ann. Ar ndóin, mac duine uasail ab ea é.

“’Sea”, a dúirt sé. “Do thabharfainnse lóistín na hoíche sa tigh díbh ach ní maith liom a leithéid a dhéanamh oraibh. Níl éinne a théann sa tigh sin ná go gcaitheann rith amach as le neart púcaí i gcaitheamh na hoíche”.

“Airiú, díth céille!” a dúirt an ruathaire seo; “ní chuirfidís aon speic orainn. Agus má fhágann tú ann sinn i gcómhair na hoíche is sinn a bheidh go baoch díot”.

“Ó ’se, go deimhin fágfad”, a dúirt sé, “agus ní fhágfaidh mé aon easnamh oraibh ann, agus ina theannta san, má bhíonn sibh rómham in bhúr mbeathaidh ar maidin ann tabharfaidh mé síntiús maith airgid díbh. Fanaídh anso”, a dúirt sé, “chun go dtiocfaidh titim oíche”.

D’fhan an bheirt, agus fuaradar fuíollach le n-ithe agus le n-ól uaidh. Le titim oiche:

“’Sea anois”, a dúirt sé, “téanaídh oraibh agus osclódsa an tigh díbh. Tá leabaidh istigh ann, agus is féidir libh dul chun codlata pé uair is maith libh”.

D’imíodar orthu fé dhéin an tí. D’oscail sé an doras dóibh, agus do scaoil isteach uaidh an bheirt. Do bhí leisce ar an mbacach dul isteach mar do bhíodh eagla púcaí air, ach dúirt an ruathaire eile seo leis:

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar seisean, “ar ndóin, ní dhéanfá a leithéid anois tar éis a bhfuil ite agus ólta againn? Táa fhios agat go gcaithfeam dul isteach”.

’Sea. Nuair a bhíodar istigh shiúlaíodar an tigh go léir ag féachaint ar gach éinne a bhí ann, agus tar éis tamaill don oíche: “Is dócha”, a dúirt sé leis an mbacach, “go mbeadh sé chomh maith againn dul a chodladh. Tá leabaidh bhreá anso againn, agus b’fhéidir nách i gcónaí a gheobhaimís í. Ragham araon a chodladh”, a dúirt sé, “agus níl aon bhaol go gcuirfidh púca ná sprid aon speic orainn”.

Do chuadar araon a chodladh, agus ní rabhadar rófhada in aon chor sa leabaidh nuair a thit an bacach ina chodladh agus níor thit aon chodladh ar an bhfear eile. Amach timpeall lár na hoíche amach, d’airigh sé an fothram ar fud an tí, agus níorbh fhada in aon chor chun gur hoscladh isteach an doras sa tseomra ina rabhadar chun codlata. Do bhailigh isteach chuige an slua mór daoine, idir fhear agus bean, agus nuair a bhíodar bailithe isteach—radharc breá aige orthu agus ana-sholas acu – do bhí veidhleadóir ina measc: veidhlín aige. Thosnaigh sé ar cheol a sheinnt agus thosnaigh an chuid eile go léir ar bheith ag rínce ar fud an tseomra.

Airiú, do bhuail an ruathaire seo poc dá uillinn ar an mbacach a bhí ina chodladh agus do dhúisigh é.

“Airiú, a dhiail”, a dúirt sé, “conas a fhéadann tú fanúint id chodladh agus an ceol chomh breá! Cad ina thaobh ná dúisíonn tú agus bheith ag éisteach leis?”

Chuir an bacach a cheann amach ón éadach agus nuair a chonaic sé cad a bhí ar siúl amuigh chuir sé a cheann fén éadach arís go deitheansach, agus dúirt go ciúin leis an bhfear eile: “Eist réidh, is ná hairídís tú!”

Do lean an rince ar aon tslí, agus do thosnaigh an ruathaire seo ar bheith á iarraidh ar an mbacach éirí amach agus go ndéanfaidís rince ina measc.

“Ó, leog dom!” a deireadh sé; “leog dom! Má leogann siad dúinn tá an scéal go maith againn, agus táim á fholáramh ort leogaint dóibh”.

“An dial mhuise”, a dúirt sé, amach san aimsir, “ní leogfad dóibh, agus nuair is go bhfuil a leithéid de phléisiúr agus do shult acu á fháil san oíche beidh mo chion de agamsa chomh maith leó, mar raghaidh me ag rince”. Amach leis as an leabaidh, agus d’fhág mo pháinteach bacaigh istigh ina dhiaidh – a cheann fén éadach aige.

Thosnaigh an rince amuigh aige in aonacht leo, agus ní raibh puinn don rince déanta aige in aon chor nuair a thugadar fé ndeara é a bheith ina measc. Do stop an rince agus d’imigh an uile dhuine acu. Bhí sé féin agus an bacach ansan arís gan éinne acu. Chuaigh sé sa leabaidh, agus é féin agus an bacach ag caint mar gheall ar a raibh feicithe acu. Do bhí an bacach ag crith ina chraiceann le heagla go dtiocfadh aon tóir eile orthu, agus más ea ní raibh aon eagla ar an bhfear eile.

Tar éis tamaill, ba ghairid gur airíodar an fothram ag teacht arís, agus ní raibh an bacach ina chodladh nuair a airigh sé an fothram ag teacht. Thosnaigh sé ar chrith le heagla. “Airiú”, a dúirt an fear eile, “cad é an dial san ort, nó cé roimis go bhfuil an t-eagla agat?” Ar ndóin, ní dhéanfaid siad pioc leat”.

Níorbh fhada in aon chor gur bhuail chucu isteach ceathrar fear agus comhra ar a nguaille acu. Do bhí an bacach i gcónaí – ní fhéadadh sé féachaint amach ar aon ní a bheadh ar siúl, ach i bhfoirm an t-éadach casta air féin le heagla go bhfeiceadh sé iad. Do bhuail sé poc ar an mbacach arís:

“Airiú, anois atá an rud greannmhar tagaithe”, a dúirt sé. “Dúisigh aniar ansan, agus éirigh aniar ar do chabhail chugam chun go bhfeicfidh tú an rud go léir. Tá ceathrar fear tagaithe isteach le comhra, an chomhra is breátha a chonac riamh”.

“Éist!” a deireadh an bacach, agus é geall leis ag gol, le heagla go bhfeiceadh éinne é féin. Ba chuma leis i ndeireadh báire, is dóigh liom, dá mbéarfaidís leó an ruathaire eile! Ar aon tslí, bhí sé ag tathant ar an mbacach dúiseacht chun go bhfeiceadh sé an chomhra, nó a cheann a thógaint ón éadach. Níorbh aon chabhair é, agus i ndeireadh báire do léim sé féin amach as an leabaidh. Thosnaigh sé ar fhéachaint ar an gcomhrainn, agus á moladh.

“An deamhan”, ar seisean, “ní fheadar an bhfuil aon ní istigh inti?” Do bhí an ceathrar fear imithe agus an chomhra fágtha ina ndiaidh acu. I gcionn tamaill thosnaigh sé agus do bhain sé an clúdach di. Cad a bheadh ná fear istigh inti – marbh, mar a shíl sé.

“Tá fear marbh istigh inti”, a dúirt sé leis an mbacach, “agus nách mór ag trua ná féadaimid rud éigint a dhéanamh dó. Éirigh amach as san chun go dtógam as an gcomhrainn é; agus b’fhéidir nách marbh ar fad atá sé. Cuirfeam sa leabaidh é ar feadh tamaill. Ca bhfios ná gurb amhlaidh a raghadh feabhas air?”

“Ó, éist!” a deireadh an bacach, agus an t-eagla go léir air. Ní thiocfadh sé amach, ach druidiúint isteach sa leabaidh. Leis sin do thóg an fear eile amach as an gcómhrainn an té a bhí inti agus do rug leis é fé dhéin na leapa. ‘Druid isteach’, a dúirt sé, leis an mbacach, ‘chun go gcuirfidh mé é seo ansan eadrainn”.

“Tá fuadar greannmhar fút”, a dúirt an bacach, “agus ba mhór an mí-ádh a bhí orm nuair a casadh orm tú inniu!”

“Á, is cuma dhuit”, a dúirt sé. Do chuir sé istigh i lár na leapa é, agus do luigh sé féin ar an dtaobh amuigh dhe, agus an bacach go heaglach ar an dtaobh istigh de. Tar éis tamaill do tháinig an ceathrar fear arís. Chuireadar an chomhra ar a nguaillibh, agus as go brách leo. Níor fhéachadar peoca a bhí duine istigh inti nó ná raibh.

Amach i ndeireadh na hoíche amach, is amhlaidh a bhí an fear so a bhí sa chomhrainn ag dul i bhfeabhas agus á chorraí féin, mar a bheadh éinne; agus le teacht an lae do bhí sé ina fhear bheo láidir acu arís, chomh maith is a bhí éinne acu féin!

Airiú, do thosnaigh sé ar insint dóibh:

“Ní rabhas-sa marbh in aon chor”, a dúirt sé, “ach do chuireadar draíocht orm, tamall mór ó shin, agus táim sa chomhrainn sin acu ag teacht agus ag imeacht anso gach aon oíche riamh ó shin”, a dúirt sé. “Agus níorbh fhéidir an draíocht san a thógaint díomsa, nó ní rabhadar chun é a thógaint díom, chun go bhfaighfí fear nó daoine éigint a fhanfadh anso sa tigh agus a fhéadfadh mise a thógaint amach as an gcomhrainn nuair a thabharfí ann me. Agus is mac domhsa”, a dúirt sé, “an fear a thug lóistín sa tigh seo dhíbhse anocht”.

Nuair a tháinig an mhaidean d’fhág an triúr acu in aonacht – mac an fheirmeóra agus an fear so a thógadar as an gcómhrainn agus an bacach – cé go raibh an bacach ana-chortha don oíche: níor mhaith leis na nithe a bhí feicithe aige in aon chor. D’imíodar orthu fé dhéin mac an duine uasail. Is air a bhí an ionadh nuair a chonaic sé cé a bhí in aonacht leis an bhfear eile agus leis an mbacach, nuair a chonaic sé gurbh é a athair féin é, agus é curtha aige le fada roimis sin. Ach d’inis an t-athair dó ná raibh sé curtha ná aon ní dhá shaghas, ach curtha fé dhraíocht, a dúirt sé – agus gurb é a bhíodh gach aon oíche ag teacht ag an ndream so a rug leo é, istigh i gcomhrainn, agus é fén ndraíocht; agus ná féadfadh sé teacht ón ndraíocht chun go bhfaighfí fear éigint a fhanfadh sa tigh, a osclódh an chomhra agus do thógfadh amach é, agus ní raibh an fear san le fáil, ach iad go léir ag rith, nó ag titim i bhfanntais nó rud éigint, nuair a chídís na nithe a bhíodh ar siúl acu – chun gur tháinig an fear so. “Sin fear”, a dúirt sé, “go bhfuil misneach aige; agus ní dhéanfad an iomarca moladh ar an mbacach”, a dúirt sé, “i dtaobh is gur chabhraigh sé leis chun mé a théamh sa leabaidh nuair a tógadh as an gcomhrainn me! Anois, is ceart duit”, a dúirt sé, “fuíollach airgid a thabhairt don bheirt, agus deallraím nách aon bhacach duine acu; agus an té atá ina bhacach, tabhair oiread dó is a chuirfidh bun os cionn le bacachas é, pé faid a mhairfidh sé”.

I gcionn lae nó dhó bhíodar ag imeacht, agus do thug mac an duine uasail cáirne airgid don bheirt. Thug sé níos mó don ruathaire seo ná don bhacach. Thugadar a n-aghaidh ar an mbaile, nó thug so aghaidh ar an mbaile, agus is dócha ná feadar cá raibh baile ag an mbacach; agus nuair a tháinig sé ag triall ar an athair mar a chéile a bhí sé: níor fhéach aon fheabhas air, ach go raibh a chuid éadaigh b’fhéidir rud éigint níos measa ná mar a bhíodar nuair a fhág sé é. Agus ba mhó ná riamh an drochmheas a bhí ag an athair air nuair a chonaic sé é.

“Sea anois”, a dúirt sé leis an athair, “ní gá dhuit an drochmheas go léir ormsa in aon chor. Táim chomh maith le héinne clainne a bhí agat”, a dúirt sé, “agus nílimse ag brath in aon chor ort. Dá ghiorracht atáimse amuigh tá mo mhaireachtaint déanta agam. Tá fuíollach airgid agam”. Do thaispeáin sé dhó an cnuba óir a bhí fáltha aige.

D’athraigh so an t-athair, agus ní raibh duine don chlainn ba mheasa leis ná é as san amach nuair a chonaic sé go raibh an t-airgead aige. Do luigh sé chun oibre agus chun críche, agus do bhí ciall aige chomh maith is a bhí ag aon fhear nó buachaill ar an mbaile. Agus is é a fuair an áit ón athair, agus thug sé leis isteach rábaire mná ná raibh eagla aici roime phúca ná sprid. Agus níl aon bhaol go raibh aon eagla aige seo rómpu, mar do bhí a chuid airgid déanta aige go breá dána dáiríribh.

Aa-Th. 326
A farmer’s son, regarded as a drunken wastrel, is sent away by his parents and takes to the road. Together with a beggar whom he meets on his travels, he spends the night in a haunted house. Their rest is disturbed by a band of dancers who are joined by the ne’er-do-well, whereupon they disappear, the beggar being overcome with terror at the sight. Soon afterwards four men enter carrying a coffin which they leave behind them. The courageous lad opens the coffin, takes out the occupant, apparently dead, and puts him into the bed between himself and the beggar. The ‘dead’ man revives, and tells the lad that he is the father of the young man who had given them lodging, that he had been enchanted and brought each night over a long period to the haunted house, waiting in vain for a courageous man to rescue him. Next day, he and his son reward the lad for his bravery, and he returns a rich man to his home where he is welcomed by his parents and earns their respect on mending his former ways.

Add to versions listed in FFC 188, Béaloideas, Vol. 29, p. 7 (137) and see Christiansen: Studies, p. 187 ff.

Freagra