Slán le Baile Mhúirne

le Tórna
Mo shlán cé dubhach liom a labhairt in aon chor
‘S nách maith ná léir chuirim laoithe i gcóir,
Le Baile Mhúirne na ndragan ngléinneach
‘Sé an saighead go hae ionam mo scarúint leo.
Ba dham ba shuagach gach maidean séa-mhoch
Um meán an lae ghil nó seal ar neóin
Gan cheas gan chúinnse bheith i measc na dtréan-fhear
Ag spreagadh Gaeilge go seascair sóghail

Is i mBaile Mhúirne do gheobhthá an Ghaoluinn
Gan chealg gan éislinn ag aosta is óg;
‘S go dtagaid údair is ainnir bhéithe ann
Chun feabhas is léireacht d’fháil ann ‘na gcóir.
‘S ba dheacair liomsa cur síos lem chaol pheann
Ar na fáilthibh féile do gheibhid go deóidh,
Ó lucht na Cúlach ‘s an Mhuilinn aoldha
‘Gus Charraig ‘n Adhmaid bhí riamh gan smál.

I mBaile Mhúirne do chífeá na réidh-chnoic
Is mullaigh na sléibhte fá bhrataibh ceóidh
Na scamaill ag úr-rith thar tír ar séide
Mar chataibh na Féinne fé fhuadar ghleóidh,
An cuilleann, an t-iúr, is gach crann dá mb’fhéidir
A ríomh in aon bhall in Éirinn mhóir;
Na héin ag súgradh go fairsing aerach
‘S na bradáin ag léimridh i bPoll na Bró.

I mBaile Mhúirne do gheobhthá an fhéileacht
Is fíor chroí Gaelach is gnáthach romhat,
Mná tí múinte agus leanbhaí léannta,
Mar ba dhual do Ghaeil bheith de réir sean-nós.
An cinnteach cúng-chroích má chaitheann tréimhse ann
ní baol ná gur Gaelach do bheidh fé dheoidh;
Is an Seóinín súidh bhíonn ag spreagadh an Bhéarla
Cuirtear ruaigh go héasgaidh ar gach éinne ‘á dhórd.

Má theangmhaíonn dúinne tré ghrásta an Aon-Mhic
Do bheith ar an saol go ceann bliana beo,
Go dtabharam cúrsa go cneasta céim-ghlan
I lár an Bhéarla go Corcaigh Mhóir;
Go Baile Mhúirne go gheobham gan aon mhoill,
Mar bhfuil an Ghaeltacht go greanta cóir;
Is guím tré chúnamh an té do céasadh
Go mairidh ár nGaeilge ann slán go deoidh.

Freagra