Níl ‘na Lá

Amhrán isea é seo go bhfuil leaganacha timpeall na tíre go léir agus in Albain leis. Leagan Dhiarmuidín Maidhcí atá anseo a thaifead Jimmy Crowley i 1985. Bhailigh A.M. Freeman leagan de ó Chonny Coughlan siar ag tús an 20ú céad atá le fáil anseo.

Tá na caoirigh ag ithe an gheamhair
Tá na gamhna ag ól an bhainne
Prátaí síos gan díolachán
‘S a dhuine gan mheabhair ná raghfá abhaile?

Níl ‘na lá, tá ‘na lá
Níl ‘na lá, ná ‘na mhaidin
Níl ‘na lá, tá ‘na lá
Bean dá rá ‘gus í mar mhagadh

Is deas an bhean í Siobhán óg
Gúna nua uirthi aníos ón siopa
Is breathnaím ar mo ghiní óir
‘S í ag rince ar bord leis an bpoc ar buile

Curfá

Don’t send me out into the dark
The night is cold and I’ll be perished
Come to bed with me awhile
We’ll have a roll around the blankets

Curfá

Buailim suas, buailim síos
Buailim cleamhan ar bhean a’ leanna
Cuirim giní buí ar bord
Is bím ag ól as seo go maidin

Curfá

Tá mo bhróa i dtigh an óil
Tá mo stocaí i dtigh a’ leanna
Tá na coiligh go léir ag glaoch
‘S b’éigean domhsa dul abhaile

Curfá

 

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s