Moladh go Mór

le Séamas Mór Ó Muimhneacháin

Moladh go mór leis an té dheonaigh neamh is tíortha
An fharraige mhór ‘s na slóite ag taisteal tríthi,
An ghealach ar neóin is cló an pheacaigh inti,
Is nárbh fhusa san dó ná an tóirse tharrac timpeall.

Moladh go mór leis an té dheonaigh neamh an aoibhnis,
Peacaigh i gcló is gach sórt a h-ainmnítear,
Mar a cheapais an chóip seo i gcómhair na bhflaitheas a líonadh,
Beannaigh ár mbórd ar nós na n-aspal roimhe seo.

Moladh le cómhachtaibh móra maithe Íosa,
Do mhachtaigh ‘na ghlóire slóite ar fad i ndaoirse,
Gan baiste ná pósadh óg ná sean ar dhaoinibh,
Is d’athraigh cló á dtóbhairt á peaca an tsinsir.

Ina leanbh as a óige i gcró na gcapall shílthuigh,
Gan fairis ach Iosaef – bó agus asal taoibh leis,
A bhanaltra i mbrón tar éis bóithre thaisteal roimhe sin,
Is ná glacfadh tigh ósta a dhót i dtosach oíche.

Is mó tarcuisne mhór ón gcró ag teacht in aois dó,,
Do tairgeadh dóibh ‘na mbóithre, masladh is míghreann,
Teanga gan teóra, is tóir ag greadadh an chroí acu,
Is bagartha beoil á seoladh trasna tíorach.

Is é cheannaigh ár ngnótha i mbrón i measc a naimhde,
Gan casadh ar cord, coir go daingean díoghaltach,
Fairis an mhór-chrois a thabhairt ar fad go fíoradh,
Nuair a leagadh de a chló is a ghlóire cheangal inti.

Freagra