An Sulán

Aiste a scrígh Seán Ó Cróinín agus é ina ghearra-gharsún timpeall na bliana 1930. (Irisleabhar ‘Béaloideas’ 1964)

An Sullán

An Sullán
An Sullán

An Sullán an abha is sia agus is leithne i mBaile Mhúirne, agus ag dul i leithead atá sí, ó fhágann sí Baile Mhúirne chun go dtéann sí isteach insan Laoi ar an dtaobh theas den t-Sléibhín. Ní h-aon ionadh go bhfuil sí chomh leathan san mar is mó abha bheag eile ag dul isteach inti.

Tá ar dtúis ag dul isteach inti, Abha na h-Ínse Móire agus Bhárd Ínse; arís an Abha Bhuidhe; ansan an Abha Gharbh; Abha na Biuchalann; An Dubhghlais; An Sulán Beag; ansan Fothrais; agus an Láine.

Tá a droichid ansan iomarcúil. Tá Droichead Bhéaluighthe Fionáin, agus an droichead Cláir a bhí in aice na Millíní, ach tá anois ‘na dhroichead cloiche. Droichead na h-Áth Leacaidh a tugathar air.

Droichead Máchromtha
Droichead Máchromtha

Tá ansan droichead an Mhuillinn Bhaile Mhúirne. Ansan an Seana-Dhroichead mar a n-iompaítear suas chun na Reilige. Ansan Droichead Charraig-an-Adhmuid. Ansan Droichead Phuill-na-Bró, i dtaobh is nach ar an bpoll atá an droichead san, ach is ón bpoll a h-ainmnítear é.

Droichead Chonchubhair Uí Loingsigh; Droichead Ráth-Luighdheach; Sean-Dhroichead Maghchromdha; agus Droichead Nua Maghchromdha. Sid-iad na droichid atá uirthi.

Tá páirt den abhainn sin go dtugaimíd ‘An Loch’ uirthi, timpeall ceathrú míle ar faid, agus tá teipithe ar éinne a dhoimhneas a fháil amach. Níl sí leathan. Tá mórán de phollaibh doimhne san abhainn. Tá ar dtúis Poll an Átháin; tá ansan Poll a’ Ghabhair; ansan Poll a’ Phiscín; Poll a’ t-Séipéil; Poll Maighréide Bhuidhe, agus Poll na bhFiacla nDubha. An Poll Gorm; Poll Átha na Laidhre; Poll na Bró; Poll na Seán; Poll a’ Chré; Poll Sórnuighe Charruig Cnúchail; Poll na Túrtóige; Poll scairibh Pheig Cartí; Poll na h-Ínse Riabhaiche; Poll a’ Droichid agus Poll Linn-na-Mullach. etc.

‘Sé an áit go dtugann an Sullán a h-aghaidh nuair a fhágann sí Coill Chúm na n-Éag, tríd an nDoire Leathan, agus tríd an Lománaigh, soir chun bun Dhoire an Chuillinn, agus Cúil Aodha ar an dtaobh theas di. Gort na Tiobratan agus an t-Seana-Chluain ar a dtaobh theas di; Cathair Ceárna agus an Rathúnach ar an dtaobh theas di. Cúil a’ Bhuacaig ar an dtaobh thuaidh di, agus Ceann Droma ar an dtaobh theas di, chun go sroicheann sí Droichead Chonchubhair Uí Loingsigh.

Lios a’ Chraosaig, agus Carraig a’ Phúca ar an dtaobh thuaidh di. Tá Pruthas, Drom a’ Gharrdha, agus Dromónaig ar an dtaobh theas di chun go dtéann sí go dtí an Fothrais. Ráth Laoi agus Ínseacha an Chaisleáin ar an dtaobh theas di. Tá Gleann na nDearg agus Códram agus Goirtín Ruadh ar an dtaobh [thuaidh] di chun go sroicheann sí Sráid Maghchromdha.

Droichead an tSuláin i mBaile Mhúirne
Droichead an tSuláin i mBaile Mhúirne

Tá sí ag imeacht suas fan bhóthair Mheasaidhe, agus Cúil Liatháin ar an dtaobh thuaidh di; an t-Sléibhín agus Cúil Cabhair ar an dtaobh theas. Iomaire agus Magh Seana Glais ar an dtaobh thuaidh chun go sroicheann sí an Laoi.

‘Siad na Puill is eol dom gur bádh daoine iontu: Poll a’ Phiscín; Poll Ínse Dhroichead Charraig an Adhmuid; Poll scairibh Pheig Cartí; Poll Ínse na n-Annraidhe agus Linn Chódraim.

D’airínn ráiteachas seandaoine mura mbádhfaoi duine sa t-Sullán ar feadh seacht mblian, go gcuirfeadh sí trí bhúir aisti do h-aireofaí ar fuaid na ngleannta timpeall uirthi.

Freagra