An Fhuiseog & a hÁl

i095_th_lark_youngBhí fuiseog agus nead aici i ngort. D’imíodh sí amach gach lá ag soláthar don ál beag a bhí sa nead aici. Lá dá raibh sí amuigh tháinig fear an ghoirt agus a mhac agus d’airigh na héin bheaga ag caint iad.

“An airíonn tú, a mhic ó,” arsa an fear, “tá an gort seo aibí. Ní foláir é a bhaint. Imigh agus bailigh na comharsana agus bídís anseo agat ar maidin amárach go mbainimid é.”

Nuair a tháinig an fhuiseog abhaile, d’inis na héin bheaga di cad a dúirt an fear.

“Agus cad a dhéanfaimid!” arsa siad. “Marófar sinn.”

“Ní baol daoibh” ar sise. D’imigh sí lá arna mhárach ag soláthar mar an gcéanna.

Tháinig an fear agus a mhac chun an t-arbhar a bhaint ach níor tháinig aon chomharsa agus nuair nár tháinig aon chúnamh ní dhearna siad aon obair. D’fhan siad go headhra ag feitheamh. Ansin dúirt an t-athair:

“Is beag an tairbh bheith ag feitheamh leo seo,” ar seisean. “Imigh ag triall ar ár ndaoine muinteartha agus bídís anseo agat ar maidin go mbainimid an gort seo.”

Tháinig an fhuiseog abhaile agus d’inis na héin bheaga an chaint sin di, agus scéin iontu. “Glacaigí bhur suaimhneas,” ar sise, “ní baol orainn.”

D’imigh sí arís ar maidin ag soláthar. Tháinig an fear agus a mhac, ach níor tháinig aon duine muinteartha. D’fhan an bheirt ag feitheamh go headhra agus ina dhiaidh. Ansin labhair an t-athair:

“Is amhlaidh mar atá an scéal, a mhic ó,” ar seisean, “caithfimid féin an obair a dhéanamh. Dá dtósaímis ar maidin inné bheadh a formhór déanta againn um an dtaca seo. Ach is fearr déanach ná ródhéanach. Téimis abhaile anois go rachaimid a chodladh in am, agus beimid anseo ar éirí lae ar maidin agus bainfimid féin an gort.”

Tháinig an fhuiseog abhaile. “Cad a dúradh inniu?” ar sise.

“Dúirt an fear,” ar siad, “go mbeadh sé féin agus a mhac anseo ar éirí lae ar maidin agus go mbainfidís féin an gort.”

“Ambasa! a chlann ó,” ar sise, “ní foláir dúinn bheith ag gluaiseacht. Bainfear an gort amárach.”

An Múineadh

An té a bheidh ag brath ar an bhfear thall chun a ghnótha a dhéanamh, beidh an gnó gan déanamh aige.

Freagra