Casam Araon na Géanna Romhainn

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Tráthnóinín déanach ar bhuíochtaint na gréine
Do dhearcas an spéirbhean bhéasach óg
Ag taisteal im’ choinnibh tré imeall na sléibhte-
Bhí lasadh na gcaor ‘na gné ‘s ‘na snódh.
Ba camarsach, triopallach, fionna-chas, néata,
Ag casadh ‘s a’ filleadh le hiomradh a chéile.
A bearta ‘na ndualaibh ag titim go féar léi,
‘S í ag casadh na ngéanna ón ngaorthadh ar neóin.

Do dhruideas ‘na coinnibh go hinnealta éasca,
‘S do bheannaíos go séimh don réilthin óig,
D’fhiosraíos-sa di-se an ngeóbhadh liom mar chéile,
‘Nó bhfuil ceangal na cléire ort le haon fhear beo?
Má thigeann tú liomsa gheobhair fairsinge ‘s féile,
Cion agus urraim thar a maireann de mhéithibh;
Mise agus tusa ag súgradh le chéile,
Agus casfam araon na géanna romhainn’.

‘S é dúirt sí am’fhreagra: ‘Ní oireann do scéal dom –
Imigh, a réice agus deinse do ghnó;
Níl eolas agam-sa ar do shaibhreas saoltha
Is ní chreidfinnse bréithre baotha ód’shórd.
Dá n-imínn go dealbh gan talamh ná tréada
Bheadh mo mháthair ‘gus m’athair ag caismirt ‘s ag plé liom;
Triallse ort abhaile chomh tapaidh is fhéadair
Agus casfaidh mé féin na géanna rómham’.

‘Béarfad eolas duit feasta ar mo shaibhreas saoltha –
Suidh anso taobh liom féin go fóill!
Beidh do bhólacht go fairsing is do bha bhoga ag géimridh,
Tithe deas aoltha déanta id’ chomhair;
Beidh do sheisreach capall ag branar ‘s ag réabadh,
Gasra d’fhearaibh ag grafadh na sléibhte,
Muse ‘gus tusa ag bhálcaeracht le chéile,
Agus casfam araon na géanna romhainn’.

Ní slí dhuit chun mhartha bheith ag racaireacht éithigh
‘S mé fhágaint id’ dhiaidh i léan ‘s i mbrón,
‘S gur bhaol duit na flaithis de dheascaibh mé thréigint,
Dá ndéanthása bhréag ar scéal dá shórt
Do bheadh mallacht na n-aspal ‘s na h-aingeal go léir ort
Mo mháthair is m’athair is na hEaglaise naomhtha
Dhom chlaonú le cleasaibh chun peacaidh
Ag casadh araon na ngéanna romhainn

Ní slí dhom chun martha bheith ag racaireacht éithigh
‘S go bhféadfainn tú féinig réachaint romhat
Go ragham go dtí an sagart chun margadh dhéanamh
‘S ceangal ón gcléir bheith orainn go deo;
Ní le súil go bhfaighinn rachmus ná an-chuid spré leat,
Acht taitneann do phearsa, do mhaise ‘s do mhéinn liom,
Is ró-ghearr a mhairfead, mo cheansa mara réidhfir –
Agus casfam araon na géanna romhainn.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s