Cúltroid Uí Shúilleabháin Béara

le Séamas Ó Céileachair

AG CUR CHUN BEALAIGH
(ó Ghleann Garbh go Bréifne)

Aonmhic Dé inár bhfarradh ag taisteal,
Muire lenár láimh,
Ní tráth an chaointe é tráth an uafáis,
Siúlam soir ó thuaidh ár gcosán áir;
Brón ár laincis leis an talamh,
An chloch ‘nár gcliabh,
An creathán inár mbaill bheatha,
Drithlín fuar lag inár gcuisle
Ag cuisniú teas na marthana go lán:
An chré ina carraig faoinár mbonn;
In aghaidh na gaoithe feanta,
-Teachtaire an tsneachta
Ár dtriall:
Sciath inár gceann ár bhfear cinn riain,
Is lena sháil
Ceithre chéad de Ghallóglaigh,
Sé chéad dá mhuintir,
Súilleabhánaigh – Diarmuid, Don,
Ó hUallacháin, Conchúr Ciarraí,
Baintreach agus bard:
Clóca oíche tharainn,
Ar chonair línigh Don ar mhaps,
Gluaisimis ‘nár mbealach
Roimh an lá:
Ní díon dúinn feasta an Gleann Garbh,
Briseadh spéartha deireadh réime,
Ár mbá, ár gcaoirigh, ár gcapaill,
Táinte uainn ag Wilmot
Oíche amháin;
Gan réim, gan rath, gan chara,
Ach claíomh ar tarraingt,
Gráin is mallacht
Romhainn gach aird:
Dún Baoi
Caoin, a bhaintreach, caoin Dún Baoi,
An daingean seo ag lonradh id chuimhní,
Bíoma an airgid, tolg an óir,
An mhaighdean ag fí i gculaith den sról,
Na baird ag rannaíocht, na cruitirí ag ceol,
Gaibhní, siúinéirí ag gnó,
Éide á ruaimniú,
Lanna á loinniriú,
Aclaíocht capall amuigh ins an gcló,
Luachair ghlas go caolaibh cos,
Grianán cois toinne,
I do mharbhna an díon
Faoi eití na n-éan mar ornáidí.

TOSÚ AN CHRUATAIN

In ainm Dé caolaímis linn
Trí dhris na coille, anfa an tslé’,
Ag séanadh an bhóthair
(Bréifne romhainn).
Faoi Dhónal Cam,
Faghairt ‘na chroí i ndiaidh an tsaoil
Trí thí chathchreachta,
Saighdiúirí a fir,
Namhaid leo sinne, ruagairí, creachairí,
Is adhnann siad
Na bladhmanna den achrann inár raon,
Gan bhia, gan deoch, gan neart againn,
Ach sroicheann siúd an spuaic um nóin,
A throideann fan na slí
I rith an lae.

AN TIARNA BRISTE

Ó bharr na binne ag Céim an Fhia,
Dearcann Ó Críodáin:
An té ar dhual dó teacht
(A aralt roimhe amach),
Le gréin i nglór,
Faoi shians na n-each,
An smúit ag caochadh spéire theas,
Is fir na faire ar chrainn
– Tiarna Bhéara is Bheanntraí
Ar chas a rath ar roth an áidh;
A ríocht an ród,
A ríchathaoir an t-each,
Na réiní a ríshlat,
Na péarlaí ar an mbrat an reo;
Is tagann siad faoi shúil Chríodáin
Sa chosán caorach, mám an tslé’,
Idir aillte maorga,
An triath is plaincéad ar a bharr,
‘S a fhine i gcóisir thrua,
A ngiobail leis an ngaoth,
Na capaill lúbtha leis an ualach,
An lag ag caoi an leonta ag éamh:
Preabeitleann an creabhar,
Is seasann fia ar charraig,
Siocáin ar foluain ina ndiaidh,
An eala ar loch na fothana,
Na géanna dingthe aduaidh ón duartan,
An luaidhe thoir:
Bhí Dúndromán ag tuar na spéirlinge
Aréir;
Ní cinniúint taoisigh luann an file linn
Ach turnamh Gael.

EACHROS

Gluaisimisne céim ar chéim
Trí réidh, trí bhán,
Trí riasc ag gíoscadh,
Tríd an mbearna, thar an gclaí,
Faoi réalta – an fhilíocht sa spéir,
In aghaidh an aird,
Chun suan na hoíche ar sceird an chnoic
In Eachros:
Ná hadhnaimis aon tine anocht,
Tá claíomh ár naimhde lenár sáil.

AN CHEARC

Anseo Lá Coille
Gabh aboir le Sasanaigh;
Ógmhaidin na súl liath,
Le lanna tine,
Ag coimhlint leis an oíche chloíte
Ar bheanna an oirthir,
Ritheann chun na coille aniar:
Teichimisne freisin
Atá caite i dtraipisí,
Than na bogaigh, thar na portaigh.
Fan! An Chearc in abar
I bpoll móna (each Uí Shúilleabháin);
Beidh ainm Pholl na Circe,
I mbéal an tseanchaí,
Á mhíniú dóibh go brách.

GORT NA TIOBRATAN

Seo linn suas ar shrathar Mhaoilinn,
Seo linn suas i scáil na mbeann,
Ar leacain Log an Aitinn,
Cnoc an Naoscaigh,
An Fear Bréige, Bearna Gaoithe,
Réidh na gCreabhar, is an Failleán –
Is dual díthreabh do gach éinne:
Seo fásach fraoigh Uí Shúilleabháin –
Tríd an Mám ag Gort na Binne,
Soir an Bóna Bán
Go Gort na Tiobratan.
An té thriallann ar na sléibhte,
Dó ní baol na bruíonta ar mhá.
San ionad seo mar a bhfuair an naomh
Mar nod ó neamh
Na fianna bána ina luí,
Ár méireanna
Ar thuras ár bpaidríní,
I dturas na n-oilithreach,
Máguaird na Cille
Ardaímis ár nguí chun Dé,
Trí impí Ghobnatan:
“A Rí na gCumhacht,
I do thrócaire
Ná hairigh ár bpeacaí,
Ach tóg sciathmhúrtha dúinn
Ar thuras ár dturais;
Líon sinn le fíoch an dragain;
Maolaigh faobhar na Sasanach,
Dár ghean ár gcnámha a theilgean
Chun ocras na reilige.”

AN tSOCHRAID BHEO

Páid Léan ins na hUlláin,
Ardaíonn sé a cheann sa draein
(An t-uisce modartha
Ag gliogaíl leis isteach
I bpoll an ghró,
Is thar a bhróga ag fuar-rith,
Gaoth ón gCaol ‘na mhuinchillí),
Ag amharc ar an tsochraid bheo
‘Teacht thar Sullán,
Ag céimniú na Má Réidhe,
Ag líonadh Cumar Dubh isteach,
Amach Barr Mór
Ag an Mullach
Mar a gcuireann Maidhc Dhiarmáin
An cogadh ar an gcnoc,
Le piocóid, rámhainn, grafán is gró
Tiarna briste Bhéara is Bheanntraí,
In achrann na cinniúna,
Ag caolú leis in íor na spéire,
Isteach go hInse an Draighin.

AN CÁRTHACH

Torann na n-each ar lúth inár dtreo
Ó Charraig a’ Phúca an chaisleáin
An Cárthach chugainn le faghairt;
Ach eagraíonn Dónall Cam na fir,
Na claimhte treascartha againn in ord,
In eagar na dtonnta,
In ord na réaltaí,
Ar dhaingne an talaimh
Ag díbirt na bhfoghlaithe chun fáin;
Is leanaimid linn i raon ár róid,
I gconair fia trí dhubh na gcrann,
I réim na naoscaigh thar cnocán,
Ó thuaidh,
Ó thuaidh,
Cois Sráid a’ Mhuilinn,
Áit a gcaoineann Móire a ré ríonaí,
Ar chruit na cora
Gabhaimid trasna,
Ag gearradh slí trí bhaic ár riain,
Ag séanadh crobh Áth Trasna,
Giall Cheann Toirc,
Gur dhearc Sliabh Luachra sinn,
Go sciúrsaithe lasctha ó shlat an tsaoil;
Ach samhail a Bhodaigh chinniúna,
A dúirt,
A shaor an Fhiann,
Is gheall a thearmann dúinn
Go héirí an lae;
Ní thagann suan i ngar
Do shúile an fhir i mbaol.

NA BARRAIGH

Ach lúbaimis ó mhá na mart
Roimh lá,
An lon sa tor
An fia sa choill,
Is sinn chun garraí an ghiorria;
Colúr ag preabadh ón dair dhuilleach
– Duilleoga an eidhneáin
Os críne a fréamhacha,
Os méirscrí a tamhain;
Tá fáslaigh ghlasa ag rathú anois
I ndúiche Uí Shúilleabháin:
Cnoic Bhealach Abhra romhainn amach,
An chlais ‘dir sinn is é,
An namhaid san áth;
Barraigh, Béaraigh tul i dtul
Ag malartú a mbéimeanna,
Gur rith an Alla léi go scanraithe
I measc na gcrithghiolach,
Is í i bhfolach sa slogphort,
Smeartha ófhuil na gcomhraiceoirí,
Gur theich na Barraigh leo
Chun na luachra amach,
Trí chogal na mban sí,
Chun gleannta an fhéir,
Is caolaíonn Dónall is a mhuintir
Ar a n-aistear céim ar chéim.

ARD PHÁDRAIG

Trí fhraoch trí aiteann gluaisimis,
Ar shrathar slé’,
Clocha is darta na cinniúna
Inár dtreo,
An troid, an t-ocras, an fuacht,
An lagachar;
Na leonta ar fhormnaí na bhfear
Ar chróchair fhola ag olagón,
A gcnead
Mar ghárthaíl mhandráic stoite ón gcré,
A dhéanfadh d’fhear a cloiste gealt:
Ard Phádraig ár leaba anocht;
Corrach é ár suan;
Mac tíre ag faire uair na faille
Ag sceamhaíl:
Ó Súilleabháin is Ó Conchúir,
Nárbh iontaoibh leo an garda cortha,
Lán na hoíche á tabhairt acu
Gan tionnúr ar súil.

SULCHÓID

Na mná is na giollaí amach
Sa mhochóireacht,
Chun biolair i gcomhair lón an lae:
Sliabh Fheidhlime in íor na spéire thoir,
Méith-Mhachaire na Mumhan
Le siúl againn
Sar shroichimidne é,
Ach Clann Ghiobúin ó Luimneach
I sulchóid romhainn,
Ag adhnadh spéirlinge;
Ach d’fhreagraíomar béim ar bhéim
Ocht n-uaire lán,
Bonn go teann ar thalamh,
Sciath le claíomh,
Gur ríomh an file gníomhartha Bhriain
Anseo anallód,
Is ar an mbás beag beann,
Le lanna gearrtha geala an ghleo
Bhearnaíomar
Ár mbealach fiuchta tríd an namhaid,
Cé fhágamar
Na mairbh sínte os cionn cré,
Is ár leonta ag ligean a n-ochalán
Chomh pras
Le rothaí muilte ag casadh.

TINE

Gach réalta ina seasamh ins an spéir
An ghaoth anoir,
An tír ag reo;
Beidh orainn béilteach thine ‘adhaint anocht
Cibé an dochar dúinn dá ceann,
Is íosfaimid ár mbéile caol
– Plandaí, fréamhacha is duilliúr crann.

DÚN EOCHAILLE

An ghile thoir arís sa spéir;
Dán an lae a theacht
I ndiaidh na hoíche
Do na Gaeil,
An Carghas is an Cháisc.
Chun róid ár dtriall,
Ár namhaide lenár sála arís:
Dún Eochaille le stóras bia
Sa bhealach romhainn,
Is ghabhamar é le neart ár lámh,
An gorta ár ngéarú isteach,
Gur alp an dream ar tosach
An bia cóirithe,
Is sinne ina ndiaidh
Ár stalcadh féin amhail eallaigh
Le min, le heorna is pónairí:
Ár ndínit d’imigh lenár maoin.

CEAPACH AN FHAOITIGH

Lán an ghleanna d’airm
Cnuasta ag Ormond romhainn
I gCeapach an Fhaoitigh
Sarar fhágamar an cnoc:
Níor samhlaíodh linn
Ach néal i ndeilbh dragain,
Gal i bhfoirm leoin nó béir,
Carraig chrochta, gormrinn
Faoi chrainn ag míogarnach ‘nár dtreo,
– Aer-thóstal an éadóchais;
Gur sheol ár dtriath
Ar ród an mhisnigh sinn,
Bóthar áir;
Duibhirigh, Rianaigh uainn ag rith,
Mar theicheann uisce mara ó shoc an bháid;
Is chun na gcnoc,
Sféir na réalta ag soilsiú slí.
Ag Béal na Coille anocht ár scíth.

TEAMPALL DOIRE

Teampall Doire, ocras, íota,
Na buannachta le sleá ag soláthar;
De Búrca gafa Ó Máille marbh,
An scéal againn sinn ar a sála;
De Búrca saor tréigint tóra,
Ord is eagar bualadh bóthair

LEITREACH ODHRÁIN

Do shéipéilín an fháil máguaird
Sa réileán thuas
I Leitreach Odhráin,
Chun ar seoladh anallód an naomh
Le Ciarán Saighir
Is coinnle ar lasadh
Ainneoin na gaoithe aige
Mar chomhartha ó neamh,
Sea thagaimid ag guí
I ngála an domhain
Ná múchfaí laom ár sinsear inár gcroí:
Daingean ag an namhaid ‘nár ngar,
Ag gairm orainn méirligh,
Feallairí,
Le hairm uabhair
Ag lascadh an ainm uafair asainn
Feadh na hoíche.

BAILE ACHADH CHAOIN

Ár mbeannacht maidine arís cith piléar
Is priocadh géar an ghátair;
Ár Muir Rua romhainn an tSionainn,
Ag Átha Chróca an dtrasnóimid,
Mar threoraigh Don ar mhapa?
Ní féidir sin,
Fuair Dónall rabhadh – fanacht ar shrathar slé’,
Ár namhaid ag deargadh ár dtreo arís,
Le fraoch na farraige,
Neart an talaimh,
Le hord na toirní, lann tintrí,
Go n-eagraímid ár bhfir in ord,
Is teicheann na Gaill chun gleannta leo:
Ar fhág an bóthar brónach thú,
A bhaintreach?
Táimse breoite im ábhar buartha,
Namhaid dom chéasadh fáth mo bhuartha,
Baintreach tar éis mo chéile buartha,
Bean ón nádúr chun mo bhuartha:
Tá sprid ár namhad sa chloch shneachta,
Ach dearg ar Chnoc Sí Eabhra romhainn,
Sióga ag damhsa
Ar dhonn an fhraoigh,
A chloig ag ceol.
Ar theampall Bhaile Achadh Chaoin ár dtriall anocht
Ag impí
Amhail na buíne ó fhir na bóirmhe
Ag teicheadh anallód,
Chun Moling is na manaigh
A chan a ndán chun Dé,
Dar dheireadh Muire, an tosach Bríd,
I nGaeilge,
Gur thuirling néal geal
As an spéir,
Á gcumhdach.

AN FILE

Is fógraíonn an coileach an lá.
Ghlan an leoithne an ceo den chnoc,
Nocht an ghrian a gnúis:
San ár-rian linn arís,
I gcoimhlint leis na dúile óthuaidh;
Ar shrathar slé’,
An bheatha ar an mbealach caol;
In achrann leis an mbíobha a choích’:
‘Go gcuire Dia…’
‘Le Dia an díoltas,’ dúirt
An file (an fáidh, an fealsúnaí),
Ag múchadh mallacht na baintrí
‘Na béal,
‘Ach machnamh liom
Gan slat na bhflaitheas ar a dtí,
Ó leag siad fuaimint ins an bhfuil,
Ó bhunaigh beatha ar an mbás;
Ár mbánta acu á mbradaíl uainn,
Na barbaraigh;
Ach chucu an phian, an t-óthras, an feo;
Imeoidh siad le tuile shlé;
Tá Dia is na haingil ar ár dtaobh.’

BRADAÍODH BÁDA

Dónall Cam ag iarraigh átha,
Suas don tSionainn fir chun feasa,
Scéala ag filleadh bradaíodh báda;
Sinn le baois chun díon an Droma,
Triaith ag gairm smacht is eagar;
Géaga á ngearradh bonn á chlárú,
Fál á thógáil dún á ardú.

AG DÉANAMH BÁD

Agus Diarmaid Ó Súilleabháin
Ag gabháil den phuball
Bhuail an smaoineamh é,
Chuir sé Diarmaid Ó hUallacháin
Ar na báid ag obair,
In áit na cinn a bradaíodh uathu
Le Donncha Mac Aogáin:
Baineadh, cóiríodh, slata sailí,
Maraíodh dosaen éigin each;
Dhá líne sailí
Ina seasamh ar an talamh,
Ceann caol gach slaite casta isteach;
Ceanglaíodh iad le cnáib,
Cheangail siad na cláir amuigh;
Trasbhíomaí istigh agus suíocháin;
Cíle chothrom, gob chun tosaigh,
Chóirigh na Connachtaigh (Máilligh)
Bád beag cruinn dóibh féin,
An fheoil mar bhia;
Gearradh, róstadh,
Is chaith gach duine acu, ach triúr, a sciar.

TRASNÚ

Na báid ag Áth na Coille Rua
San uisce,
Fiche fear gona bpící,
Is a muscaeid ag fiche fear
I ngarda cúil Thomáis Uí Mháille:
Dónall Cam i mbun an iompair,
Tríocha fear sa bhád gach turas;
An t-eachtra inár ndiaidh ag snámh,
Gur rug an racht ar Mháilligh;
Seo leo deichniúr ‘na gcuraichín
De léim,
Ach scuabadh iad le sruth na Sionainne
Ar chiumhais a gcúige féin.

DONNCHA MAC AOGÁIN

Ag seo an lá bocht gan a ghrian,
An phúic ar spéir,
Níl ionad saor, ní díon aon áit;
Oscailt chneá arí ‘nár gcolainn,
Rinn na deilgne arís le cneas,
Carnadh buairt na buartha
Donncha Mac Aogáin orainn
(Bunáite ár ngárda i gConnachtaibh),
Ag gabháil ár mbagáiste,
Ar marú ár ngiollaí,
Ag brú ár mban san abhainn isteach:
D’adhain an Búrcach gleo,
Is maraíodh Mac Aogáin,
Is bhrostaigh sinn chun trasnaithe
I mbád rólán,
Gur imigh faoi, ar ámharaí, cois poirt,
Is cuireadh í arí ar bharr;
Shnámh giollaí eile trasna,
Ghread cuid eile leo
Isteach i gcoill na Brosna ar seachrán.

GO DTÍ COILLEADH MÓR

An mhuinín ‘nár gcroí i gConnachtaibh,
Sánas na síne,
Atal an áir,
Ligean faoin chun babhta araile,
Gluais leat i do shlí ‘Uí Shúilleabháin:
Preabadh na tintrí,
Sceimhle marthana
Mar a fromhadh Clann Iosrael léi sna haird,
Na Maidínigh, na Gaill ar do mhullach.
Ainneoin na n-arm is na ndúl
Trí Mhachaire an Iarla leat ar stáir,
Ar d’ábhairín cruithneachta,
Is eorna, is pónairí, is beorach
Ón sráidín,
I do Aeinéas, i do Mhileadh, i do Mhaois,
I do Kubla Khan
Ag ceann do mhuintire chun ríochta:
Lóchrainn na spéire ar lasadh anocht
– Na réalta,
I do threorú go dtí Coilleadh Mór.

EACHROIM

An oíche chortha ag brostú léi
An lá lubhógach chugainn anoir;
Gluais in ord agus in eagar,
Ní cara duit aon áitritheoir:
Aire duit, d’fhág tú na cnoic;
Dearc romhat ar chnocán maol
Faoi ghrian na maidine breoite, an t-arm,
In eagar is in ord,
Na meirgí le gaoth,
Adharca á séideadh,
Drumaí troma á ngreadadh,
Fiar-ghathanna an Gheimhridh ag glinniúint
Ar shleánna,
Ar éidí catha;
Captaen Malby le thú cheapadh
In Eachroiml
Critheann an t-urgharda ina gcroí,
Teicheann a gceithre scór aniar,
Go n-aitheascann Fear Béarra leo
– Bás sa ghleo dá nDia, dá dtír,
Seach marú teite an ainmhí.

AN CATH

I gcaor an chatha
Chonaic ár bhfear cinn riain
Lastall den riasc, ar phlásóg féir,
Faoi sciath na muscaedóirí
(Mar chúlgharda)
Deir sé leo dul faoina déin.
Sheas siad so phlásóg,
‘S na gathanna ag teacht
Mar chloch shneachta;
Ansin treoraíonn Ó Súilleabháin
Don Bhúrcach dul ar aghaidh mar dhíon,
Ach filleann sé is a dhá scór fear
‘Na ruathar don phlásóg;
Go n-ordaíonn Dónall do gach n-aon
Ruthag buile ón bplásóg
Ar namhaid na hÉireann,
‘Ritheann uathu ina ruaig,
Ó rugadh orthu as a n-ord;
Na Gaeil ‘na raon ag céimniú leo.

FULAINGT

Na gabhair ar teicheadh chun na gcnoc,
Cibeal ag ceathra ag rith ar bhán,
Madra rua ina lasair dhearg
‘Na ruaig chun pluais na carraige
A bhradaigh sé ón mbroc;
An nóin ag tarraingt a liathfhabhair
Ar shúil na gréine,
Na tithe ón mbunsop ag caoi,
Na héin ag brón,
Na crainn ag fulaingt;
Ár leonta chun allaire an tsaoil
Ag casadh a n-éimh ar chróchair,
Aisteoirí an lein go huile,
I dtragóid trua na beatha.

NA RÉALTAÍ

Buail leat gan suan, gan scíth anocht,
‘Uí Shúilleabháin, gan sciath an tslé’,
Faoi sholas spéir stellae triall,
An Réaltann Thuaidh do threoir,
Orion gona Canis Major,
Gona Canis Minor,
Gona chleith ar tarraingt
I gcoinne Taurus ina dhóid,
Na Gemini
‘Ardaíodh faoina ndílseacht chun na bhflaitheas,
Leon cróga an chorráin,
Perseus, Andromeda, Pegasus reatha,
Capella –
Ríon na hoíche – ag an mbarr,
Cassiopeia, Ursa Minor,
Is an Camchéacht ar do chlé,
Ach gan Lyra anocht aon áir.

CNOC fUIRE

Scaileanna tintrí,
Rachtanna toirní,
Cársán, cnead na gaoithe, na báistí
Ná facamar a samhail fós;
An scoiltfidh stua na bhflaitheas?
Na fánaithe,
Le fíoch na stoirme gan trua,
Ionraithe go craiceann:
Cá bhfuil an mhaidin uainn.
Dar dhual na spéartha a ionradh thoir
Tá uair a’ chloig ó shin?
Ach fan!
Ag seo a héadan thar an mbeann,
An oíche ag bacadaíl léi siar
Go tuirsiúil ina claidhre oilc
Go nochtann grian
An sneachta ar Chnoc Fuire:
An fia á fhiach,
An choncairt ina dhiaidh,
A bheanna buacacha san aer,
Ar chosa canta
Ar seol na gaoithe amach chun coill na fothana –
Na meirgí Gallda againn
Á gcrochadh suas,
Drumaí á ngreadadh
Ag súil le bia ó Mhac Dáibhíd
Le cleas,
Ach bhí ár scéala romhainn aige
Gur theicheamar ar stáir,
Is eisean inár sála
Leis anár.

SLIABH UÍ FHLOINN

Sliabh Uí Fhloinn,
Gan béile bia,
Ár gcréachta reoite,
Ár n-éadaí ina ngiobail;
Ná rith a ghiorria ón ngnáthóg,
Súilscanraithe an maol amach,
Tá an fiach orainn chun barr an tslé’:
Dá olcas ní
Sáraíonn a chéile é,
Báisteach, coscairt sneachta,
Maothas pluda fúinn an talamh,
Leathóga reoite ár mbalcaisí,
Sliob sleab ár mbróg,
An lag á scoitheadh dínn,
Ár leonta ag éamh,
An t-éag ‘na sheasamh ina radharc;
An ngéillfimid faoin gcruatan?
Ach mhol an bard dár gceannródaí
A bheith ina fhile,
Eití ealaíne ar iasacht ‘fháil
Chun triall ar aird na mbeann,
Ó mheathann maoin,
Ó bhíonn an réimeas guagach,
‘S nuair ghlacann seisean lena dhán,
Imíonn ár dtrioblóidí dár gcionn,
Ó dhearcaimid ár gcéile i mbrón,
Bráthair linn i mbuaireamh.

MAC DÁIBHÍD

Lúb ár lag ‘na mbuíon chun fásra
Shliabh Uí Fhloinn,
Is d’adhain siad tine ann,
Is luigh siad thart uirthi,
A gcodladh ag coimhlint lena gcumha;
Gur mhúscail cara duine díobh,
Is dhúisigh seisean iad go léir
Gur bhaol dóibh Mac Dáibhíd:
Chuir siad tinte á ndó
Is d’imigh leo ar thóir an cheannródaí,
Is faigheann siad é
Tar éis imeacht dóibh faoi dhó ar strae –
Mac Dáibhíd tagtha áit na gcrann,
Tógann fáinne fear
Thart timpeall ar na tinte ann.

DIONGBHÁILTEACHT

Lámhacán na maidine tinne anoir,
An lon misniúil ag beannú di
I measc na ndeilgne;
Ár ndóchas as an té
A bheathaíonn an fiach dubh,
A thugann cothú don ghealbhan,
Cé tá na geataí iochta iata romhainn
Ó slogadh síos
Ár gcodhnach uile i gcrith talún,
Ár gcairde i dteilgean Dhún an Óir.
Laige ár dtíre ag cur fola,
Saoradh nua á ghearradh
Ina créachta in aghaidh an lae –
Ach ní allaíre fíoch na farraige,
Ní lánmhuiníne an leon,
Ní cinnte an bás ‘na fhearg mharfach
Ná sinn chun leanacht in ár slí.
Rinn dearg tóra inár ndiaidh
Ag Mac Dáibhíd ná háiríonn sinn –
An gorta inár ngrua,
An gátar i nglinniúint ár súl,
Le cruatan caite go dtí an chnámh,
An táir, an t-ualach ar ár ndroim.
Ní cara dúinn an saol
San saothar síor ‘nár n-oilithreacht:
Ar shrathar slé’,
Na balbh-dhealbha cloiche
Ina seasamh i nDún Gar
Ag dearcadh a chéile i riocht an bháis,
Gur mhoilligh ruathar namhad,
Gur stad, Gur iompaigh uathu ina rás.

Diamhrach

An cosán cóngair trínár namhaid
Seach cruatan na coisíochta thart
I ndúiche chairde
(Ainneoin léarscáil Don Pilip);
Seachnaíonn tú an béar
Ach dá mbeadh fraoch na farraige
I do shlí
Thabharfá d’aghaidh ar bhéal an bhéir.
Doirne na báistí ár mbéim,
Toireasc na gaoith’ ag gearradh –
‘Bhfuil trócaire ar bith ‘na suí
Ar scamaill ins an spéir,
‘Bhfuil iocht ag siúl ar thalamh?
Leis an leatrom glacfaimid
Go gcaithfidh sé é féin ag caoi,
Is éagfaimid gach uair a’ chloig,
Seach bás fháil tráth amháin,
Ag súil gur angar Ióib é ár ndoilíos
Ní fhaca Diamhrach an donas riamh
Gur chaith an tucaiste
Sinn tnáite sáráithe ‘na coill,
Is cuireann Dónall Cam dosaen amach
Ag déanamh eolas slí is spiaireacta.
Filleann sé is dhearc
A champa tréigthe ag Connachtaigh,
An t-iarmhar in ainriocht.
Adhnann sé na tinte ar bheanna
Á mealladh ar ais –
Casann roinnt –
Feoil na m-each acu (ach triúr) arís mar bhia,
Chun bróga na seithí,
Is bailíonn lucht an iarthair thart
Le cabhair is furtacht don trua-bhuíon.

NA COSA

‘Tuige an teidhe oraibh, a chosa,’
Dúirt Ó Conchúr Ciarraí,
‘Tar éis a bhfuair sibh den anró
Le trí lá déag;
Cuimhnigí ar an gcolainn álainn,
An ceann uasal
‘Tá á n-iompar agaibh –
Meatacháin de chosa!
Sea! deireadh leis an leisce anois.’
Is ghread na cosa atá nimhneacha,
Gur bhris na boilg is na cloig,
Gur rith an fhuil ‘s an anacal
Idir na máranna.
Faigheann a airm,
Éidíonn é féin go trom
I gculaith an chatha.

DÓCHAS

Scáileanna cróntrátha ar leathadh,
Ar chrá na gaoithe, ar chiapadh spéire ár n-aghaidh,
I gcuibhreann an mhic thíre, an ulchabháin,
Ár líon i laghad,
Ár muintir tnáite,
Ár leonta ag casadh a lagcnead deiridh:
Crábheathaithe trí reo na hoíche
I nGeimhreadh ár gcruatain
Chun na sprice thuaidh,
le solas na réaltaí
Ar shrathar slé’,
Ar chéimeanna an mhisnigh linn.
Caoineadh na baintrí
Foin ngleann gan sneachta:
An file ag geallúint ceanna gréine.

FEAR CAOL ARD

Fear caol ard na hoíche
Ag tarraingt orainn trís an gceo,
Solas greíne ina ghnúis,
Ball línéadaigh fada uime,
Ar bháine an tsneachta ar dhrom an fhéich,
Bláthfhleasc ar a cheann,
Bachall aoire gona biana iarainn ina láimh
Gan bhróg ar bhonn:
‘D’bhur mbéin a broid mar cheannródaí
A tháinig mé,’ ar sé,
Ag sléachtadh síos d’Ó Súilleabháin,
‘Sula n-éagfadh sibh i ngorta an tslé’;
Is eol dom sibhse, Caitlicigh
Faoi sciúirse Gall nár thuill sibh riamh,
Ar bhur gcoimeád ó leatrom eiriceach,
Gur rug sibh bua in Eachdroim,
Is chun Caisleán Uí Ruairc ó thuaidh
Go bhfuil bhur gcuairt anois,
Cúig cinn déag de mhílte uaibh.’

AG LEANÚINT AN FHIR

Trí chathair ghríobháin na gcosán,
Seo linn i ndiaidh an té
Ar ghlac dúinn trua,
Is a ghialla ocracha
Ar leathadh ag an ár,
Ag dúiseacht naoscaigh ar an móin,
Ag buaireamh codladh an tsionnaigh
Sínte i bpluais a bhradaigh sé ón mbroc;
Ar charnán binne ag caitheamh cloch,
Faoina mbuanaíonn cnámha ár sean go sámh.

AG IOMPAR UÍ CHONCHÚIR

Sroicheann sráidín lorg lóin ann,
Bailiú brosna tosú tinte;
I ngéaga reoite brí is beatha,
Ó Conchúir Ciarraí a chosa i gcuisne.
Ní fhéadfadh imeacht is iad chun bóthair,
Críoch le capaill chun an iompair;
Leaba chrochta na fir fúithi;
Ráinig ránach Ó Conchúir air,
Gan chuing, gan cheangal raonaíodh romhainne.

I mBREIFNE

‘Do chnámh droma righnigh
Don Chorrsliabh suas, a Dhónaill,’
A deir an ceannródaí,
‘Le coimhlint cine, crógacht Gael,
Is sliocht Gall i ngach aird,
I dtráth dhul ar gcúl na gealaí,
Áille agus ealaín
Do thíre basctha chun na cré;
Is tar éis fuineadh ré
Leanaigí mo lorgsa, a theifeacha;
Trí sceimhle báis na doircheachta
Go lasfaidh anoir trína scamaill
Tine an lae.’

An mhaidin ag lámhacán arís
Ón mbeann
A laindéar ar Loch Cé,
Ó! nach ciúin ‘na chaor;
Is caithfimidne dul
Ar thóir an uaráin úir,
Ó uiscí corraithe an tsaoil.

‘Buachaill dathúil aibí,
Ach é ‘fháil oiliúint cheart,
‘S is maith an dalta dhéanfadh dár ríocht,’
Arsa Perrot,
Tráth a sheol Brian Óg ó Ruairc
Anonn mar ghiall go dtí Éilís,
Ní fhéadfadh impireacht na mara
An ghrianchloch seo
Dár dhual an sliabh seach sráid
Ar thrá a chreimeadh,
Is d’imigh sí ar ais don bheann ó’r fhág;
Grian gan dul ar gcúl ag taitneamh
Thart a daingean,
Na srutháin chriostail ag ceol,
An glanghráinne cáite
Chun na beatha
I dtaisce aici ina sciobóil.

Cnagadh ar gheata an dúna
I dtrátha an mheánlae,
Glór fear faire ag argóint
Le fir an fháin;
Is dearcann Brian Ó Ruairc amach
Ó bharr an staighre,
Ag doras an chaisleáin.
hOsclaíodh go doicheallach,
Is shiúl isteach an scata gioblachán,
Go barrathuisleach,
Rian an bhealaigh orthu,
Rian uafáis,
Seachtar fear is fiche is bean amháin:
Iarracht eagair ag deichniúr
– I láthair uasail dóibh
Na balbhdhealbha cloiche
Ag glinniúint ar a chéile,
Ar lí an bháis.
Duine den deichniúr chun tosaigh
‘Mise,’ ar sé, ‘Ó Súilleabháin
Ó Bhéara
A tháinig chugatsa, a Uí Ruairc.
Arm na Mumhan iad seo,’

Is shín faoi dhéin an naonúir eile a lámh.
I nDaingean na Saoirse tógann sé a áit,
In éineacht le Mag Uidhir Fhear Manach,
Mac Liam Ó Chonnachta,
Na fir den tréaneacstais aosta,
Den tseanchantain chróga fhiáin,
Draíocht na gaoithe is na coille is na díleann,
Is an ardintinn ársa chling mar chlaíomh:
A bhuí le Dia!

Freagra