Nóta: níor chuireas puinn oibre isteach ins na hamhráin seo ach is minic ná bíonn an bunfhoinse (http://seanchas.ie/AoM.html) ar líne agus is iontach an suíomh é. Níl anseo ach ‘backup’ dos na huaireanta nách mbíonn sé ar líne.
Amhráin ó Mhúscraí
Eagarthóir: Diarmuid Ó hAirt
Amhráin a bhailigh Pádraig Ó Buachalla, 32 Bóthar Charleston, Raghnallach, Baile Átha Cliath óna mháthair, ó Nóra Ní Mhuirithe, An Inse Mhór, Baile Bhúirne. c.1926.
Curtha in eagar ag Diarmaid Ó hAirt agus cóirithe de réir córais litrithe an lae inniu ach caomhnú déanta ar shaintréithe canúna a léirítear sa bhun-lámhscríbhinn.
Go minic i bhfilíocht na Mumhan tá an fhuaim v bhfocail mar geanamhail, labhair etc. Sa chnuasach seo, san áit a thugtar leid gur mar sin atá, scríobhaim -v- in áit -bh-, -mh-, mar atá “geanavuil“, “lavair” etc. Mar a chéile sa mbriathar saor, aimsir chaite, e.g. “cailleav” in áit “cailleadh”, má luaitear an fhuaim sin leis an bhfocal, agus i bhfocail mar “go divinn” [= go deimhin], “ravar-” [=ramhar], seavac [=seabhac], faovrach [= faobhrach], savail [ = samhail] nuair is eisceacht sa chanúint iad. Léirítear guta cúnta nuair atá dhá shiolla ar a laghad sa ghnáth-litriú agus má tá léiriú cinnte faoin bhfoghraíocht tugtha sa lss. e.g. cealgach > cealagach, meamram > meamaram. Ní chuirtear isteach é mura bhfuil ach siolla amháin sa ghnáth-litriú e.g. dear[a]g, m[u]náibh, g[u]naoi, etc. ì nó è = défhoghar /ei/ más focal neamhghnách nó eisceacht foghraíochta sa chanúint é. e.g. “coìllte“, “saì(bh)reas”. à, ò, ù = défhoghar /au/ más eisceacht sa chanúint é. Gnás an chaighdeáin go iondúil e.g. sgéal > scéal; aorach > aerach; as > is; do > de [de shíor etc.]; ‘s > is; eile > uile [nuair is léir gurb í sin a bhrí]; sionóir > seanóir; (…) malairtí, nótaí ón mbailitheoir, siollaí nó litreacha nach bhfoghraítear e.g. “ceà(nn)rach”, “aigem (mh)áithrín”, “saì(bh)reas”, etc.
Má tá leagan nó focal anaithnid nach léir dom go cruinn a bhrí nó a bhunús, nó focal gur fiú aird a thabhairt air, nó ar a bhrí sa chomhtéacs, fágaim é mar a bhí sa lss agus fágaim faoin léitheoir tuairim a chaitheamhfaoi. Marcálaim a leithéid le réiltín (*) agus bíonn fáilte le tuairimí ó léitheoirí chuig eolas@seanchas.ie
- Dailc Mhac Treoin
Ón dTearmainn do bhíos-sa is me a tíocht go déanach,
Aréir liom héinig is me a trácht a róid,
A machtnamh ‘sa smaoineamh im intinn tréimhse,
Ar ghníortha an tsaoil do chráig mo shórd.
Sea dhearcas-sa soíllse ó Rí geal Phébus,
Go fairsing im thímpeall go aoibhinn aerach,
Is le haiteas gur síneadh sínte im shlaod me,
Le bínnghuth éan i mbarr gach gróbh.
As m’ainm arís gan moill gur glaodh mé,
I misleacht saor is i ráite beoil,
Is a freagairt do bhíos-sa im shuí go héasca,
Is taobh liom d’fhéach an stáidbhean óg.
Ba thaitneamhach soíllseach frínseach néamhrach,
Bachallach buí cas a dlaoithe céibhe,
Go slamarach snaímthe fíllte néamhrach,
A tíocht na shlaod léi a fás go feor.
Ar a h-atha* gan teimheal do bhí go néata,
A braoithe caola táite meon,
Mar a tharraíngeann íntleacht chínn a chléirigh,
De scríbheann méar le h-áthas sceoil.
Ba thaitneamhach ioghar * a rínnroisc mhaorga,
Do scamallaigh sí dá aírde péarla,
Do bhí lasair is lítis ‘na soíllsibh tréana,
Trí-na-chéile de ghnáth na cló.
Dob eagantha* líofa a laoithe saora,
I bhfíre agus in éifeacht ráite i gcóir,
Ba chailcithe a déad gan teimheal ‘na béal tais,
Is is binn do léifeadh stáid gach sceol.
Mar eala ar linn a píb is a scéimh ghlain,
Is a mama dheas cruinn ar a clí ghil léigthe
A seanga-chorp chaoin, is a mínchrobh aoltha,
Do scríbheann gach téacs ar cháil na sló.
An tu Pallas nó Clíona, Beanbhí nó Déala,
Nó an ríbhean Déirdre dob áille cló,
Go raibh lasair ghlan aoibhinn ‘na gnaoi, nó Vénus,
Gur maíomh a chraobh léi nó Blánait módhail?
An tu an ainnir a bhí ag mac Phriaim nó Hélean,
Gur cailleadh dá droím sa Traoi na tréinfhir,
Nó an mhascalach ghroí lenar cloíodh na tréinfhir,
I gcoímheascar tréan le Dailc Mhac Treoin.
Ní haithnid duit sínn is ní díobh me in ao chor,
Den bhuín sin a dhéinis a áireamh fós,
Is gur ón mbaile do bhíos a tíocht le scéal chughat,
Is gur mhoill mé séimhfhear cáidh an Chóig*
Pearsa dhen dlí go maíonn na h-éigse,
Do thean[mh]aigh aréir sa tslí orm déanach,
Ba thaitneamhach bríomhar bínnbhlas bréithriúil,
A mhísleacht saor ‘s a ráite beoil.
Nuair a raideas-sa díogras croí dhon réithinn
Chaointais mhaorga dob áille snó,
Ina h-aice do shuíos a tíocht i gcaomhacht* léi,
A mhaoin mo chléibhe ná fág me i mbrón,
T’ainm go cruinn led phríomhthoil féin dom,
Aithris gan phoímp dom sítheach a Gaelainn,
Nó is gairid gan moill ded’ dhroím go n-éagfad,
I gcill fé chré me támhach gan treoir.
A thaisce mo chroí ar sí nó ar bhaol dom,
Dá n-ínsinn éifeacht fáth mo ghnó,
Gur thaistealas críocha tíortha is tréanmhuir,
A tíocht fád dhéin thar cách lem sceol,
Chun aithris go cruinn gach ní dhon éigse,
Gurbh í mh’ainm arís le maíomh dom Éire,
Is go mbeidh graithin an fhill gan chíos na hÉilge,
Is ár rí ceart Séarlas sásta i gcoróin.
[Curfá]
Ar a gCathair beidh ríl de dhroím an scéil seo,
Galla go sítheach a rínce ar féasta,
Gasra an ghrinn lucht dlí agus éigse,
Bacaigh is daill gan bhrí ar na daorthaibh.
[Is dóigh liom gur píosa d’amhrán eile ar fad is ea an Curfá seo.]
- An Crúiscín Lán.
I dtaisteal na gcríoch dom ó Laoi go hÉirne,
Is me ag amharc gach sí-bhrogh ríoga in Éirinn,
Ní fheaca-sa im thímpeall scaoileadh ar thréantart,
Gur casag aréir fá dhraíocht me ar Chlaedaig,
Is do gheobham arís an crúiscín lán lán lán,
Is do gheobham arís an crúiscín lán lán lán,
Is do gheobham arís an crúiscín,
Sláinte fear go ndiúgfí air,
Rábaire an úrchroígh Seán Seán Seán!
Ní cnagairín cruinn mar a bhíonn ag Téid Dheas,
Beidh feasta ag an mbuín seo a mhaím in ao chor,
Ach barraillí líonta i ndísc nach baol dul
Gan eagla dlí roime dícheall éinfhir.
Is do gheobham arís an crúiscín lán lán lán,
Is do gheobham arís an crúiscín lán lán lán,
Is do gheobham arís an crúiscín,
Sláinte fear go ndiúgfí air,
Rábaire an úrchroígh Seán Seán Seán!
Níor mealladh é puinn mar do bhí sé i ngaol le,
Bacchus do bhí go críonna méithphoirt,
Le Mercury síos do scríobhadh chun Phébus,
Is beaistibil groí gur dlíodh dhon Agent.
Is do gheobham arís an crúiscín lán lán lán,
Is do gheobham arís an crúiscín lán lán lán,
Is do gheobham arís an crúiscín,
Sláinte fear go ndiúgfí air,
Rábaire an úrchroígh Seán Seán Seán!
- Bulla Bulla Báisín.
Is i lúib na dtriopall dtreìllseach fada fiar go fáinneach,
Is a dtabharfá-sa do shaì(bh)reas do dhuine dian mar atháimse?
A rioth i ndiaidh na ngadhar is is minic do fuair áthas,
Is ní minicí san ná mar d’imigh an smál air.
Is an bulla bulla báisín Hà(n)raí Cáisín,
Bulla bulla báisín Hà(n)raí Cáisín,
Bulla bulla báisín lastar tine chnámh linn,
Is againn atá sí an tseangbhean chúlbhuí!
A stáidbhean mhúinte dob áille déanamh,
Go dtugas-sa rún dod’ pháirt gan séanadh,
Ní raghfí chughat* dá mb’áil leat gan iarraidh,
Is ní bhfaghann dorn dúnta ach amháin lámh iata!
Is an bulla bulla báisín Hà(n)raí Cáisín,
Bulla bulla báisín Hà(n)raí Cáisín,
Bulla bulla báisín lastar tine chnámh linn,
Is againn atá sí an tseangbhean chúilbhuí!
[‘Ní ragfí chughat… – chuirfeadh sí ‘anoir’ isteach
in ionad ‘chugat’… tá barbaracht sa ‘chugat’. PÓB]
- Bunfhuíollaig Barrfhuíollaig.
Bunfhuíollaig barrfhuíollaigh gaisín is gaosadán,
Bunfhuíollaig barrfhuíollaigh gaisín is gaosadán,
Bunfhuíollaig barrfhuíollaigh gaisín is gaosadán,
Cúna(mh) tí is garraí do Chathaoir Ó Caogadáin!
Fallaing ar bhfallaing isí an fhallaingín Mhuimhneach í,
Fallaing ar bhfallaing isí an fhallaingín Mhuimhneach í,
Fallaing ar bhfallaing isí an fhallaingín Mhuimhneach í,
Fallaing chrua chasta is ní chailleann sí coíche a cruth!
Fallaing do cóiríodh i gcóirthíní an aonaigh í,
Fallaing do cóiríodh i gcóirthíní an aonaigh í,
Fallaing do cóiríodh i gcóirthíní an aonaigh í,
Is dá fheabhas a cóiríodh í is ró-scaoilte an t-éadach í!
Dá mba liom an fhallaing ní thabharfainn don Ùlthach í,
Dá mba liom an fhallaing ní thabharfainn don Ùlthach í,
Dá mba liom an fhallaing ní thabharfainn don Ùlthach í,
Is dá thúisce a leathfinn mar (e)asair fí’m ghadhraibh í!
Dá mba liom an fhallaing ní thabharfainn don Laighneach í,
Dá mba liom an fhallaing ní thabharfainn don Laighneach í,
Dá mba liom an fhallaing ní thabharfainn don Laighneach í,
Is dá thúisce a leathfainn mar (e)asair* fí’m chaoiribh í!
[(e)asair, (e)ala, (e)ach etc. in iarthar Mumhan]
- An Cailín Deas Rua.
Deineadh aisling aréir tríom néal is me ar mo leabaidh chun suain,
Go rabhas-sa leat pósta a stóirín is mo bhean ins an uaigh,
Aoibhneas is ceol go leor á spreagadh lem chluais,
Is céad giní óir bhí im chomhair ag an gcailín deas rua.
Dá dtéadh mh’aisling chun chinn is fíor go rabhas-sa go suairc,
Is grá geal mo chroí a bheith sínte ar leabaidh liom suas,
Bairillí dí againn dá dhiúgadh idir Chaiseal is Cluain,
Is bleaist as a bpíb óm chroí don chailín deas rua!
Tuath Thobarad Ára sea fhágas ar maidin Dia Luain,
Is níor stadas den stáir sin go dtánag go Caiseal de ruaig,
Cé gheobhainn ar ceann cláir ach amháin Máire is í ag imirt ar scuaib,
Is nuair a thug sí an cíoná do bhí an lá leis a gcailín deas rua!
Nuair a bhuaigh sí cúig chúig do bhí dúbailt cluiche ar a mbórd,
Cupa dhen liúnn is fliúit acu á sheinm ar seol,
Buidéal fíon fiúnn do bhí aigem rúnach is agamsa dá ól,
Is nuair a chailleas mo thriús sea dúirt sí – sin cluiche ort nó dhó!
[Tarna leagan = amhrán eile, ní h-ionann fonn dóibh dar lePÓB,
cé go bhfuil cosúlachtaí agus leanúnachas éigin sa téama:]
Is é mo chreach is mo chás a Mháirín gan sinne ‘nár suan,
Ar bhinse nó ar chlár agus an cháiteach a bheith orainn anuas,
An choite insa tsnámh, agus an bád a bheith suite sa chuan,
Is do rachainnse ‘on Spáinn le grá dom chailín deas rua!
Nuair a lagaigh mo phóca is dócha is gur chorraigh mo chroí,
Do tharraing mo stóirín léi ‘un seomra me a blaiseadh na dí,
Do chorraigh chugham pól ar seol ina sheasamh go cruinn,
Is nuair a fuair go raibh beo bhí cóir ghlan orainn gan moíll!
- Seoithín Seó
Seoithín seó úil leo leo,
Seoithín seó adeir mo leanbh,
Seoithín seó úil leo leo,
It fhochair ab fhearr liom bheith go maidean.
Siúd mar a chuirinn mo leanbh a chodladh,
Le seoithín seo hó, le seoithín seo hó,
I gcliabhán óir ar úrlár shocair,
Le seoithín seo hó, le seoithín seo hó,
Nó i mbarr na gcraobh is an ghaoth á bhogadh,
Le seoithín seo hó, le seoithín seo hó,
Nó i mbarr an chrainn tseoil is airde i gCorcaig,
Le seoithín seo hó, le seoithín seo hó.
- Ar maidin go moch.
Donnchadh Bán O Loingse cct.
Ar maidin go moch is me amuigh le fáinnín a lae,
Cois avann na rioth i n-imeall chiúmhaisibh a tslé,
Cé casfaí orm ach an ainnir chiúin tsocair shéimh,
Is í a seoladh a stoic is á bpriocadh ar drúcht léi chun féir.
Bhí a ciabhfholt tiubh go cluthar fáinneach deas léi,
Síos go troigh a baint a drúchta dhen féar,
A flíos gur dhuibh dar linn mar scáilibh na sméar,
Tar toínn go dtug an curadh Jáson ón nGréig.
.An fíor gur thu do thug an t-úll leat is a chraobh,
Ní an fíor gur thu do thug Mac Phriaim leat ón nGréig,
Nó an fíor gur thu do rith trí ghaoilthibh na nGael,
Nó Aoibhe do chuir Clann Lir ar míntsruth fí léan?
Do fhreagair sí me go gliste búigbhlasta an bhé,
Dena leavarthaibh suilt, do ghoin im chroí me go h-éag,
– Ní h-aithnid dhuit sinn, ‘gus gur mise siúirín na nGael,
Do cartadh thar muir gan chuid i dtriúchaibh i gcéin.
Nuair a ghoineas í ansan shil óm shúilibh sruth déar,
Le haithreachas nuair a thuigeas cúntas ón mbé,
-Más teachtaire thu do chuireadh chughainn lé scéal,
Aithiris dom nó a dtiocfa an priúnsa go h-éag.
A fharaire ghlic is gliste ar údair a lé(amh),
Ná fuil a fhios agat nár thug an Colúr geal Mac Dé,
Dá aspalaibh fios na nithe do thiúscailt* roim ré,
Déin machtnamh is fí is gheobhair fios na gcúrsaí go léir.
- Maidin Aoibhinnn Gréine.
(Donncha Bán Ó Loingsigh cct)
Maidin aoibhinn gréine is me ar thaobh Chnoc na Buailte,
Sea do chonnac chugham an spéirbhean is a bréide fliuch ón luachair,
Do bhí gile is finne in éineacht go gléineach ina gruanaibh,
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
.
D’fhiosraíos go béasach den spéirbhruinneall stuama,
Cá bhfuil do ghaolta nó godé an taobh as gur gluaisís,
Nó an bean le haer a tsaoil tu, gan chéile dhom thuairim,
Nó an fíor gur tusa Cearnait, do chuir na tréanmhuilthe ar fuaimeant?
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
A sháirfhir ghliste léannta ní haoinne me dhá ndúraís,
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
Is bean de mhaithibh Gael me tá léanaithe aige cruatan,
Sí mh’ainm cheart díbh Éire,is Mac Séarlas ‘om ruagairt,
Is mo bhailthe poirt ag béaraibh an éithig is an fhuadaigh,
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
Do thugas crothadh lámh di is céad fáilte roim an stuaire,
Do thugas stad go lá dhi, go sásta chun suaimhnis,
Go ndéanfainn tinte cnámh di, le h-áthas i mbua-chnoc,
Mar shúil is go mbeadh an lá ‘gainn is cead ráis ar na h-uaislibh.
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
.
Níl neart dom stad go lá cé gur gá dhom a suaimhneas,
Caithfead triall go Clár Luirc, cé go dtánag chughaibh le tuairisc,
Go bhfuil Sasanaigh is a n-áltha as an áit seo le ruagairt,
Is Clanna Gael ina n-áitreabh is is áthas é rómhór liom.
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
.
Stadfad feasta ’em dántaibh, táim cráite óna ndúraís,
A bailiú chíos is cáine is gan fáil ar aon dualgas,
A feitheamh ar an lá úd, ná tánaig aon fhuascailt,
Is is mór an galar báis liom an t-ál so fí chruatan.
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
Ná stadse feasta ‘ed dhántaibh, ní ghá dhuit bheith buartha,
Is gairid uainn an lá is tá an an cháirde linn buailthe,
Is cúilfhionn mhaiseach mhná me, do tháinig chughaibh le tuairisc,
Go bhfuil Conaill ó Uíbh Ráthach is an lá aige do réir a thuairim.
Is do gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!
- Uairín Rí roim Lá.
Crochubhar na Maoilinne cct.
Do leanas í ar a Maoilinn ar íntinn bhéith réidh léi, uairín rí roim lá,
Is do thairgeas-sa díol di ach go bhfilleadh sí in ao chor, uairín rí roim lá,
Do bhéarfainn airgead mar dhíol duit, a mhaoinigh mo chléibhse,
Ach go mbearrfadsa na caoire, béarfad píosa dhen bhréid duit,
Pé baile anois go suífidh tú béarfadh díol as do bhéile, uairín rí roim lá.
Dod lavartha ní stríocfainn, níl brí bheith a plé liom, uairín rí roim lá,
Do mheallais le laoithe, le fíor is le bréig me, uairín rí roim lá,
Do mheallathá fán gcoill me, is tu ag insint gach scéil dom,
Is do mheallathá ar scoil rìnce me, bhíodh ríl leath an lae aghainn,
Is geallaim i dtaobh gur luíos leat gur shíleas nár bhaol dom, uairín rí roim lá.
- Sealad Aréir.
Donnchadh Bán Ua Loingse cct.
Sealad aréir is me ar mo leabaidh traochta in aisling shuain,
Is teachtaire claon mar Phébus agam do dhéanfadh scaipeadh ar bhuairt,
Is gairid gur ghlaoigh an fhaoileann shuairc,
Do phreabas, do léimeas go h-éasca suas,
I lavarthaibh Gaelainne is é is é dúirt sí – Dúisigh liom go fóill!
Ba chamarsach, dréimreach craobhach casta léi go fada ghluais,
Ó bhaitheas go féar a téacht mar scaball do dhéanfadh fascadh ón bhfuacht,
Bhí lasadh na gcaor ina gné gan ghruaim,
Is a mala ba chaol is néata fuadh,
A ramhar-roisc mhaorga ar fhéachaint uait
Mar dhrúcht do thit ar neoin.
A fharaire shéimh dem ghaol
Go gairid sin bréithre do chloisim uait,
A taisteal fíd dhéin dá bhféadfainn
Freagairt de réir mar a chanaid na suaig,
Eachtra chlaon an tsaogail chruaidh,
Is is fada liom féin an téarma fuair,
An ghraithin seo an Bhéarla saor gan bhuairt,
Gach brúid acu d’itheann feoil.
Tá pearsa dhen chléir go naofa ina aingeal
A déanamh maitheas mhór,
Nár sheachaint go léir ar chlaonta an pheaca
Is craos go nglanaid uainn,
Tá fearta ag an Naomhsprid, réim is lua,
Ná blaisid aon bhraon go dtéid in uaigh,
Do Bhacchas go mb’éigean éisteacht suas,
Níl braon dá dhigh le n-ól.
Tá athrú éigin saeil is beatha
A téacht le fearta an Uain,
Do cheannaigh sinn ar dhaorchrois trasna
Dá chéasadh maidean fhuar,
Le tairngí géara ‘na phlaosc anuas,
Á ghearradh feadh an chléibh le caolfhuip chruaidh,
Sparra is gach géig leis do réir mar adúirt
Na h-údair linn ba mhó.
- Rincíg a Bunach.
(Rann do leanbh.)
Ríncíg a bunach go seadach a bhuachaillí!
Ríncíg a bunach go seadach a bhuachaillí!
Ríncíg a bunach go seadach a bhuachaillí!
Bunach is líon do ríncid na buachaillí!
Bunach is bunach is bunach ar fuaid a tí!
Bunach is bunach is bunach ar fuaid a tí!
Bunach is bunach is bunach ar fuaid a tí!
Bunach is líon do rincid na buachaillí!
- Máirseáil Alastraim.
Máirseáil Alastraim, Máirseáil Alasdraim,
Sidí an tslí dhíreach chun dorais tí an tseanabhaile!
Sidí an tslí dhíreach chun dorais tí an tseanabhaile!
A sheanóir a sheanóir, fág slán aiged mhuintir ná fíllfir go deó orthu!
A sheanóir a sheanóir, fág slán aiged mhuintir ná fíllfir go deó orthu!
- Ríncfidh mo Leanbhsa.
Ríncfidh mo leanbhsa is ríncfidh go néata,
Ríncfidh mo leanbhsa Peaidí O Néill díbh!
Ríncfidh mo leanbhsa is ríncfidh go néata,
Ríncfidh mo leanbhsa Peaidí O Néill díbh!
Ríncfidh is ríncfidh is ríncfidh go néata,
Rincfidh mo leanbhsa Peaidí O Néill díbh!
Ríncfidh is ríncfidh is ríncfidh go néata,
Rincfidh mo leanbhsa Peaidí O Néill díbh!
Raghaidh is raghaidh is raghaidh gan amhras,
Raghaidh mo leanbhsa ar aonach na Samhna!
Raghaidh is raghaidh is raghaidh gan amhras,
Raghaidh mo leanbhsa ar aonach na Samhna!
Raghaidh is raghaidh is raghaidh go díreach,
Raghaidh mo leanbh ar aonach a Gheimhridh!
Raghaidh is raghaidh is raghaidh go díreach,
Raghaidh mo leanbh ar aonach a Gheimhridh!
- Tá dhá Ghabhairín Buí agam.
Tá dhá ghabhairín buí agam,
Agus mínsín bhainne mínsín bhainne,
Brisid siad an croí ionnam,
Á dtabhairt abhaile á dtabhairt abhaile!
Tá dhá chirc ar shreangán agam,
Tá dhá chirc ar shreangán agam,
Tá dhá chirc ar shreangán agam,
Agus cearc le leogaint síos!
Tá dhá bhó ar a gCarraig agam,
Tá dhá bhó ar a gCarraig agam,
Tá dhá bhó ar a gCarraig agam,
Is tarbh i dTrá Lí!
- Anonn is anall.
(Rann do leanbh.)
Anonn is anall agus tríd an abhainn
A chailleach (d)o mharaís mé,
A chailleach (d)o mharaís mé,
Is do bhainis mo bhaitín díom!
Soir is siar is tríd a sliabh,
A chailleach (d)o mharaís mé,
A chailleach (d)o mharaís mé,
Is do bhainis mo bhaitín díom!
Tríd a gceoig is tríd a móin,
A chailleach (d)o mharaís mé,
A chailleach (d)o mharaís mé,
Is do bhainis mo bhaitín díom!
Tríd a saol is tríd a bhfraoch,
A chailleach (d)o mharaís mé,
A chailleach (d)o mharaís mé,
Is do bhainis mo bhaitín díom!
- An Gamhain Geal Bán.
Is ar maidin Dia Luain is me a machtnamh,
Is me ag imeacht ar mh’ávar héin,
Ar bhruach toinne móire sea dhearcas,
An ainnir ba bhreátha scéimh.
Anuas díom gur fhuadaíos mo hata,
Is d’umhlaíos go tláth dhon bhé,
Is ea dúirt sí a fhir mhóir ná bí id sheasamh,
Suig farainn go dtráfa an saol!
A Sheáinín a ghrá ghil is a chumann
Taoi ar silleadh, suig síos go lá,
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh,
Is tuile is na haibhní lán,
Níor chás díbh a lán acu dh’fheiscint,
Ba dheise ná í de mhnáibh,
D’fhonn éalaithe ó bhearnaithe cumann,
Le hainnir na mbuí-chocán.
Is dóigh leo gurb óige agus mire,
Do chuir mise fé riail mar atáim,
D’fhúig Éire is Clár Fódlach im choinnibh
Is tuilleadh is ná h-iarr(f)aí ’gnáth.
Dá shíor-rá go n-ólfainn a dtuillfinn,
I gcuileachta an Ghamhain Ghil Bháin,
Ach nách aoibhinn do réicíbh na cruinne,
Nuair a imirid an chúig thar láimh!
D’imreoinn cúig as gach cluiche
Dá bhfaighinn cuireata i gcúl mo lá(imhe),
Is dá n-iontaíodh aon aon acu im choinnibh,
Do chuirfeadh buinisciúnn mé lem ghrá,
Do raghainn is do shnámhfinn a tSionainn,
Is ní fheithfinn le lúng ná le bád
Is ní fhillfinn go brách ar aon duine
Mara bhfillfinn im chubhar cois trá.
Dá mbeinnse i mBeanntraí an bhiolair
Mar a riothann na fia roimh Shamhain,
Mar a bhfásann an bláth ar gach bile,
Mar a dhairtear gach bliain an ghamhain
Mar a mbíonn ceol bínn ag bróintibh i muiltibh,
Is binneas breá ag éin ar crann,
Céir bheach ina slaodaibh a titim
Is iomarca éisc ar abhainn.
Dá mbeinnse ag ínsín a mhuilinn
I gCill Chainne nó thall sa Spáinn
Is gan éinne beo in Éirinn im ghaire,
Ach an bhruinneal sa bhfraoch gach lá
A cúimín ba néata is ba dheise
Dá dtugas-sa d’aon bhean grá
Liúmsa is léi-se nár mhiste
Dá mbeadh tuilleadh agus bliain sa lá.
Do ghluaisíos ar thuairisc na bruinnil’,
Do fhinne is dob aeraí cáil,
Ó Thuatha go bruach Locha Finne
Agus as san go Dún na mBárc
Im chuairdibh cé gur mór é do ritheas
Níor thuigeas go raibh aon breá
Ach an stuaire do bhuail saíghead im choinnibh
Ar a dtugaid an Gamhain Geal Bán.
Éistig a dhaoine
Éistíg a dhaoine go ínseodsa scéal díbh,
Gur ar Dhiarmaid na Buailthe do deineadh an léirscrios,
An chearc bhreá chalma dob fhearr a bhí i nÉirinn,
Gur sciob an madra i lár a lae í,
San raidhcs fea liúra léi ralal,
Raigh didlí é ralal
San raidhcs fea liúra léi ralal,
Deigh didlí om!
Is é Crochúr Ó Luana fé ndear an méid sin,
D’fhan istig an lá go léir ann,
Agus ínsint eachtra ar chúrsaí an tsaogail,
Gur sciob an madra an chearc ó Mhéaras,
San raidhcs fea liúra léi ralal,
Raigh didlí é ralal
San raidhcs fea liúra léi ralal,
Deigh didlí om!
Ar maidin amáireach do thógadar chun fiaig é,
Do ghluais sé chun reatha leo chun barr an tSlé Riaig soir,
Chun Coimín a Bhroic is chun Faill Uí Iarlaithe,
Is i mBéal na Bearnan stáir do thriail sé,
San raidhcs fea liúra léi ralal,
Raigh didlí é ralal
San raidhcs fea liúra léi ralal,
Deigh didlí om!
- Cáitín Breatnach
Aréir is mé im shuan
Is ea do bhíogas suas,
Go híntinniúil mear luath éatrom,
Nuair a cheapas-sa gur shín
Go cneasta liom síos,
An ainnir ba mhíne aolchnis.
Do chosúlas í ‘na pearsain is a gnaoi,
Le bean des na trí béithe,
Gurb é a h-ainm Cáitín
De Bhreatnachaibh a Mhíl,
Do chealg mé im chroí is mé i ndaorbhroid.
Tá tinneas mór im cheann
Ó chailleas-sa mo mheabhair,
Is is duine me gur mheall an saol mé,
Nuair a smaoiním ar do thoil,
Do ghníortha bhí gan locht,
Gur fhúigis me ar díth céille!
Do shúil mar a sruth,
Ach gan í bheith a rioth,
Do ghrua mar an (e)ala ghléigil,
Do leaca mar a rós,
Do bhéal tanaitheach* na bpóg,
Do chealg lem ló saeil me!
Do gheallfainnse dhem stór
‘á dtabharfadh sí dhom póg
An ansacht ba mhó ab fhéidir,
Go snámhfainn an sruth
IIs go dtaoscfainn an mhuir
Is go gcuirfinn na cnoic de léim díom,
Do thómhaisfinn an ghrian
Chómh díreach le riail,
Do chomhraiceoinn Fiann Éireann,
Do thabharfainn an míol buí
De lom-reatha liom ón gcoill,
Is do threabhfinn na críocha im aonar!
Dé bheatha fá thrí
Gan chealg óm chroí,
Cois abhann go mbíonn péarla,
I dtithibh nár ghann,
Is sa mbaile ag á gceann,
Mar a chastuíthar na chúig céanna
Mar a mbíonn an broc liath,
An poc ‘s an an míol buí
Dá leagadh ag an gcoin éasca
Trí Failltheacha na Sleá
Is i gcoillthibh nár chas,
Mar a gcnósaíonn na beacha a gcréithre.
An té chífeadh í siúd
ar maidin ar a ndrúcht,
Níorbh aistear é a tnúth léi-se,
Nuair a thagann sí chughainn
Is casann sí tiúin,
Ar Aistirín an Chúil Chraobhaigh.
A dá chruinne-chích dhlúth
Ar a gile-chlí siúd,
Mar bheadh maide droíghin úrchraorag,
Is a bearta buí dlúth
Ó bhaitheas a cinn siúd,
Go barra troighe a siúl léithi.
Is aithnide dhom héin
Eala gheal a tséin,
Is í an fhinne-bhean bhéasach mhnáúil,
Caitilín Trae, is ainm don bhé,
Siúr na laoch láidir.
Ba chamarsach claon, a carnfhoilt léi,
De bharraibh a méar fáinneach,
Is í dhoirchig an spéir is chuir solus insa ghréin,
Go follas don tsaol [ …]*
[as amhrán eile an véarsa seo?]
Is í an leanbh í is fearr dá bhfeaca-sa le fáil,
Ó chonnacsa lá a chéaduair,
Sliocht aithnide Mhóir, do sheasaimh insa ghleo,
Gur cailleadh ar fuaid na hÉireann.
Is cneasta caoin is is cóir,
Do lavarann lem shórd,
Go maiseach mín modhúil maorga,
Le blastacht binn a beoil,
Is a dearca a sileadh deor
Is ní chailleann sí a cló in ao chor.
An té chífeadh Cáit
Ina suí ar ceann cláir,
Sí an fhinne-bhean bhreá mhaorga í,
A crobh geal leabhair,
Gan éislinn ann,
Mar a léitear i leabhar Vénuis.
Ba dhearg a grua
Is a mama gan ghruaim,
A pearsa is a snua ar aon dath,
Mar a scaipithear a rós
Ar bhainne na mbó,
Sin teisteas ar a cló dhíbh déanta!
Ní fheiceann sí ní,
Ná go gcuireann sí síos,
Ar bhrataibh ‘na luí leo féinig,
Lachain agus laoíg agus madraí cruinn,
San t-asal ‘na chruth daonna.
Na dhéidh sin bíonn ann
Fia mór na mbeann,
Éisc ón Leamhain is róinte,
Fiolair agus cáig a piocadh na gclár,
Le gliceas de láimh óigmhnaoi.
Dá mbeinn-se is mo mhaoin,
I gcarraigín a ghrinn
Nó in uachtar a chrainn ghléigil,
Níorbh fhada liom lá fada bog breá,
A thabhairt ag amharc ar chlár a h-éadan.
Ba sheang a corp, ba leabhair a cos,
Ba mhodhúil ar rosc, ba mhaorga,
Ba bhreá í a crobh, ba phlanda bog,
Sé mh’amhngar ná fuilim réidh léi!
- Bun an Úrchnoic.
(Fonn: Cáitín Breatnach)
Cois Láine bhreá ghil, ina dtáinte acu a rioth,
Bíonn éisc ann ón muir a brúchtaig,
Lán macha de stoic ar dhá thaobh a phoirt,
Agus láireacha do ritheann cúrsa.
Bíonn mná ann is fir ná cáintear ‘na dtig,
Is béithe na bhfriotal múinte,
Arán acu is mil agus féile na bhun,
Sa ghleann san ag Bun an Úrchnoic.
Ar ínse cois na h-abhann is neamhchas do bhíonn ann,
Báire na bhfear go lúfar,
Rínce go pras is ceol bínn lena n-ais,
Is is aoibhinn mar a chastar tiúin dóibh.
Bíonn laoíg ann is ba, is ón síon acu fasc,
Is béithe ar slacht dhá gcrú ann,
Gach Uird Mhuire ar sraith, is umhal iad fín mbrat,
Sa ghleann san ag Bun an Úrchnoic.
- Deineadh Aisling aréir dom.
Deineadh aisling aréir ‘om do chloíg go léir me,
Do phreabas de thaoisc is mé tríom néalaibh,
Sea dhearcas-sa sa soillse is lasradh lúbmhanna*,
Ar chantain ba chaoine ar théadaibh,
Dá spreagadh chomh binn le h-ao’ bheand,
De na starthaibh ba líofa léannta,
Gur bheartaigh mo chroí gurb aingil a bhí,
Ó d’athraig dom saoirse is saorghuth.
Dom ionadh shaoil dom brí na scéaltha,
Is is gairid gan moill gur ní ba léir ‘om,
An ainnir a bhí mar (e)ala ar a linn,
Chuir scamaill ar shoillsibh gréine,
Is ar shneachta do shíl ’chuir éicliops,
Go raibh lasadh a gnaoi mar chaorthaibh,
Is a carnfhoilt bhuí ina mbeartaibh léi a tíocht,
O bhaitheas a cinn go féar glas.
Dá deascaibh go dtíodh ón linn na h-éisc,
Ó phortaibh na Laoi go taoibh a Ghaorthaidh,
Na h-alla-bheithígh ó Chorra na Líog,
A taisteal do dhroím na sléite,
Seannaig agus mí-phoic* mhéithe,
A davas* ar thaoibh bán Éireann,
Is gach bile insa choill go nglasadh le scímh,
Is do leagadh gan bhrí na héanlaith.
[A davas… ag damhas]*
Na haice do bhí (e)alta mílltheach caochghlic,
Do chaitheadh a saíghead go fíochmhar claon liom,
I ndaingean mo chlí gur mheasas dá droím,
Nárbh fhada é mo thréimhse saogail
Le taitneamh dá braoithe péarla,
Is dá pearsain do bhí gan claochladh,
Gur bheartaigh mo chroí ar fheiscint a gnaoi,
Ó, gur bile de phréimh na ndéithe í.
Mo hata dhom (mh)aoil is fíor gur léigeas,
Is do dhruideas go caoin chun coímhirse léi-se,
Is d’fhiosaras dí cá talamh cá tír
Cá cathair cá ríocht cá réim di,
Nó an tusa bean Rí na Féinne,
Nó Pallas fuair brí is barr céille,
Nó an ainnir sa Traoi thoir d’aithris gach ní
Ó dá dtiocfadh dá dhroím na nGréagach.
An tusa an bhean díobh nár chuimhin léi a céile,
Do chaitheadh a saíol is gach coíll go haerach,
Nó an ainnir gur mhaímh Alex Mac Phriaim,
Ceannas is coímhirse is cao(mha)cht di
Is gur gealleadh dá droím do Héilean,
Nó Penil do chaith suím gan chéile,
Nó an fhinnebhean tí gur cailleadh léi Naois,
Nó an (e)ala gur claíodh mac Téitis.
Cé fada d’áirís me trísna déithe,
Sí mh’ainm le ínsint go cruinn ceart Éire,
Sí an mhaitheas dá mhaíomh gan tairbhe dhíbh,
Cé gur fada me ag caoi go déarach,
Le holcas an ghnímh a dhéineas,
Ó scaras le Claínn Mhiléisius,
Is taisteal thar toinn le graithin an fhíll,
A ba mheasa ná buíon Toirgéisius.
O theangmhais línn a chinn na héigse,
Ná tigeadh do chroí ar sinn a thréigint,
Déin aithris gan moill dom taisteas nó díol,
Nó an fada ón ár gcríochaibh saogail
Go mbeidh Galla fá chíos ag Gaeil bhoicht,
Is an graithin seo an díoblaíocht traochta
Is sinne in ár dtíos go socair ’n ár suí,
Ó gan taxanna dlí ná daorbhroid.
Geallaim gach ní don phríomhfhuil Ghaelaigh,
Tá a taisteal thar toínn
Crann bagar* na Ríochta,
Is an faraire fíochmhar Séarlas,
Is in aice sin Laoiseach éachtach,
Pilib agus flít á haoireacht,
An Turcach is an tImpire, Flemings agus Fílinn,
Do bhrisfidh a gcroí i lucht Béarla.
- An Rós Geal Dubh.
Go dtí an t-aonach má théann tú a díol do stoic,
Do theanga ná bíodh ar mearathall is bíodh do chómhrá glic,
Bíodh gluis ar do dhóirse agus bolltái cip,
Sara dtéadh an cléireach seal a pléireacht led Rós Geal Dubh.
Tá mo Róisín-se ag ól fíona thall sa Spáin,
Is ar gcómharthaíbh* a thógann sí a ceann go hard,
Tá cónaí uirthi i ngóilín i ngleann cois trá,
Is go bpóga sí an deoraí le hansacht grá.
[*lss górthaibh]
Do ligeas-sa mo ghunna is mo chlaíomh ar a dtráig,
Is do thug sise a borlach ar thonn do shnámh,
Ní raibh coite agam do leanfadh í lúng ná bád,
Tá an fharraige ina tulcaíbh dearga is ní h-eol dom snámh.
Tá an fharraige ina tulcaíbh dearga is an spéir ina fuil,
Na sléibhte ina dtuillthí craorac is ceo ar na cnoic,
Me féin a luí im aonar ar bruach Locha Lin,
Is gan aoinne beo am chéasadh ach mo Rós Geal Dubh.
An t-é chífeadh Dia Domhnaigh ag an Aifreann í,
Is ribín deas uaithne ar a ceann gan teimheal,
A cuacha léi a scuabadh na ngleannta síos,
Is lomadh an Luain ar pé cluainfhear do mheall uaim í.
- Cois Abhann na Séad.
Cois Abhann na Séad le h-uair an lae,
Is me ag dul fí dhéin mo shláinte,
Mar mbídís caortha is cnó buí ar ghéagaibh,
Is mil bheach ina slaod ar bhántaibh,
Do labhradar na héin, do lasadar na spéartha,
Tá an fharraige ina tréanluisne lán suas,
Do mhúscail an ghrian a bhí le sealad mór fí chiach,
Is d’éirigh an t-iasc in sháinrith.
Ansúd ar dtúis in imeall ciumhaise coille cúmhra do thárlaig,
Mar a raibh an fhinnebhean fhionn, gur bhínne í ar a tiúin ,
Ná fidil fliúit agus cláirseach,
Ba bhreá glas a súil is a mala caol cúmtha,
Is a leaca bhí mar chúr na trá amuigh,
Ba ghile í a píb ná an (e)ala ar an línn,
Is do líon mo chroí le grá dhi.
Nuair a dhearcas í gan snáth mar a bhí,
An ainnir ba chaoine breátha,
Go raibh scaíl na gcaor ina leacain réidh,
Agus fáth a bhí ina gáire,
Meán a coím do lagaig me im chroí,
Le taitneamh dá cích is dá gáire,
Ó bhaitheas go bonn a téacht léi go trom,
Bhí a cúl buí casta fáinneach.
Mo chreach agus mo chiach is mh’atuirse go dian,
Fés na dúthaí siar go brónach,
Ar measc na gcliar bhíodh go fairsing is go fial,
Mh’atuirse is me ad nóchair.
A rúnaigh is a chiallaigh a chogarnaigh is a ghrianaigh,
Is gliste mar a riarfá-sa an brón díom,
Is go bhfuilim féin id dhiaidh, le tuilleadh is dhá bhliain,
Is ná coinnibh anois i bpian níos mó me!
Mo chreach agus mo chás ná fuilimse is mo ghrá,
Ar leabaidh go lá in ár n-aonar,
Go ciúin agus go tláth roimh Aifreann á rá,
Is gan cead ag ár námhaid teacht taobh linn.
A shuaircbhean bhreá na leavairchrobh mbán,
A d’fhúigís-se mh’intinn buartha,
Is nach mór go mbfearr lem chroidh istigh tu dh’fháil,
Ná ríocht is í fháil mar dhualgas.
Máirt a bhíos-sa is me a trácht na slí,
Sea dhearcas aníos mo ghrá chugham,
Is go mb’fhearr liom í a theacht slán mar a bhí,
Ná na táinte is na mílthe ar thaobh cnoic.
A shiúir na saíghead, a bhláth Chluain Míleac,
Do fhúigis-se m’íntinn buartha,
Tabhair chugham scríofa de bharr do mhínchrobh,
A bhfágfad an tír nó na baol dom?
- Aréir is mé go hUaigneach.
Aréir is me go huaigneach im luí ar mo leabaidh shuain dom,
Is me a smaoineamh ar gach chruacheist do thuairimíos im chomhair,
Sea tháinig chugham go buacach an ríbhean álainn uasal,
Gur bhinne liom a duanta nár ar chuala riamh de cheol.
Ba í coisín deas i mbróig í, ba í cúimín cúmtha cóir í,
Is a píb chómh geal ba dhóigh liom le heala ar loch a snámh,
A guth chomh bínn le smólaig is a leaca mar na rósaíos,
A cúilín crothach ómarach ag titim léi go sáil.
Do fhiosras den ríbhean cad é an (fh)áig* as gur díobh í,
Cad é an baile beag ina mbíonn sí nó an bean í thit i mbrón,
Mar is go dtáinig sí inar dtímpeall chomh déanach ins an oíche,
Gan aoinne beo á coínleacht ach í a sileadh deor.
An tu Peailis nó an tú Héilean a bhí pósta ag Miltí an Bhéil Dhuibh,
Orá nó Deidhiá nó Deidhtil gan cheol,
Júnó náo Pol Véanus do rug bar is clú ón nGréig léi,
T’ainm anois más méin leat nó cá bhfuil do ghnó?
M’ainm anois más méin leat i dteangain bhlasta Gaeilge,
Gur bean le h-aer a tsaoil me tá ag géarghol fí bhrón,
Go bhfuil mo chlann go fann i ndaorbhroid,
Ag coistí crua dá dtraochadh,
Ag Clanna Gall le chéile is gan aoinne acu ‘na gcomhair.
Ansúd a bhíd ar thaobh cnoic is an drum acu dhá phléacadh,
Ag cuir na bhfear le chéile is a námhaid acu os a gcomhair,
Beidh Cornwallis traochta gan suím gan bhínn gan éifeacht,
Is bodaigh an fhill dá léirscrios in éineacht fí’n bhfód.
Tá ns Sasanaigh seo i dteannta is an Presbitéiríon fann lag,
An Quaker milis mealltha ann is gan amhras tig ina gcómhair,
An Swadléaraí i mbrà[n]ra ann ina shuí cois crainn go cranda,
An t-Orangeman is a cheann de is é fann lag go leor.
Tá coire mór is geall air in Ifreann ‘dir namhdaibh,
Na ministrí a damhas ann is a ramharchoirp á ndó,
Sin rabhadh roim ré ag an ndream san, sliocht Liútair bhréin an chlampair,
Is insim féin in am dóibh go bhfuil scà(mh)radh is eile ‘na gcomhair.
Tá fórsaí mór ó Lúndain insa long ag déanamh cúncais,
Is do réir mar adeirthear liúmsa níor éirigh san leo,
Go raibh scata d’fhearaibh múinte ón Fhrainnc sa tseilbh rompu
Do bhí mear tapaidh lúfar is nár chúthail iad i ngleo!
Bhí faobhar ina gclaíomh le dúthracht chun bheith á scaoileadh fúthu,
Gach n-aon a bhíodh a tnúth leo is ag súgradh ina dtreo,
Diúicí York is a thrúp ann go tréith tuirseach túirseach,
Beatigan* ghá múscailt agus búir acu fí bhrón.
- An Madra Rua.
Is a fhiagaí na h-adhairce cosain* do ghadhair orm,
Lilí agus Padhpar is Rí Raindí meidhreach,
Is an chuid eile dhos na gadharaibh,
Nó cá bhfuil an charraig nó an talamh ina bhfaghainn dul?
(*cosc cf. DD sv cosnaíonn)
Nuair a chuala-sa an liú is an adharc acu ar siúl,
Níor stadas dom shiúlthaibh go ndeigheas go ruig mo chúirt
Mar a raibh póirsí ró-chúng is seomraí ró-dhlúth,
Mo scuaine beag féin ag fuarghol is ag éamh,
Nuair a fuaradar mo thuairisc go ruaigeadh me i gcéin.
Ní bheirim sa chuaird liom ach circín bheag scuabach,
An gé mar a ghluaiseann trí shléibhtibh na luachra,
An lacha ar an línn chun praisce do bhíonn,
Mar chónamh dom chloínn,
Is gad é an mhaitheas dom aon rud, is an saol ar mo thí.
- Réice an Ghrinn.
Lá dá rabhas im aonar cois abhann na nglaoid siad Laoi,
Is ann do chonnac an spéirbhean ba bhreátha scéimh agus gnaoi,
Bhí ciabh a cinn go féar léi go búclach dréimreach buí,
Is a mala dheas ba néata ná ciumhais na ré gan aois.
Is do leogas-sa mo lámh go héatrom ar a borlach gléigeal síos,
Ar a dhá cích chruinne néata do chealg go léir me im chroí,
An bán a bhí insa chraorac ina leacain mhaorga an ghrinn,
Gur sciob sí an barr ó Vénus a thug Páras tréan thar toínn.
Is do thairgeas-sa giní óir di mar chostas i gcomhair na slí,
Do chuas go ti an óil léi is do chnagas-sa bórd gan moill,
Níor tháinig ach jug nó dhó chughainn, nuair a thit an óigbhean síos,
Do scaoileas spruing fí’m cheolthaibh is ba bhínn léi an rón dá fhí.
Nuair a thaitn san leis an óigbhean mar a bhí a cuid róin* dá fhí,
Do thug sí giní is fiche óir dom a bhí lag go leor mar dhíol,
Sea dúirt sí fill a stróire is caith do spól* go cruinn,
Is gur bhinne liúm do ghlórtha ná ráite an stróire daill.
Sea dúirt sí fill is pós me is gheobhad tú ór mar dhíol,
Ba, capaill, caoire is bólacht, is talamh go léir gan cíos.
(Í féin [M.NíMh] a chum an dá line seo thar cheann an dá cheann rompu PÓB)
Ná creidse a spéirbhean stuama gur ag tnúth led dhuais a bhíos,
Ná go ndéanfainnse bréag a lua leat a síorchur duanta i laoi,
Dá mbeinnse is tusa in uaigneas nó theas ar bruach na Laoi,
Go sínfinn sealad suas leat le taitneamh rómhór dod ghnaoi
Dá bhfaghainn-se i gcamp-bed déil tu nó i gclúmh na n-éan id luí
Do shínfinn síos mo thaobh deas, led chúimín gléigeal mín,
Do thabharfainn póg óm béal is fáilthe shaor óm chroí,
Is ní scarfaimís le chéile go brách go n-éagfaimís.
Is annamh fear ’em chéirdse dá chloí go h-éag le mnaoi,
Go síltheach shuarach éatrom ag imeacht le h-aer a tsaoil,
Ní h-eol dom romhar a dhéanamh, is an deamhas gnó aige céile dhíom,
Sin cúntas ar mo thréithe, siúd scartha le réice an ghrinn.
- Fiagaí an Chúil Bháin.
Fáilthí agus céad roime cheann-burradh* na Féinne,
Fuair bua choscairt is a namhaíd uile ar lár,
Is ar thearmainn Dé do leanbh a tséin,
Is don ghasra nár thréig riam a gcumann do pháirt.
Fáilthí gan traochadh roime uaisle fear Éireann,
Cé gur fada dhóibh ‘na n-éamais ag aeraíocht ar fán,
Is fáilthí gan bhéim roime churadh na laoch,
Do riug barr is gach céim leis i machaire an áir.
*[ls. burradh… -churadh, -urra?]
Do fuair mo chroí faeseamh ón liúnn dubh so ‘thraoch me,
Ó chuala do scéal-sa a rioth is gach áit,
Is mo ghaisgíoch mear éadrom dob fhearr lúth agus laochas,
Gur glacadh i réim* glan é in Albain áig.
Táid siúd eile ar saothar neamhmeán* des gach laoch acu,
Ag ruagairt na claonchlainne is á riamhchuir ar fáin,
Is ní díon dóibh siúd sléibhte dúchoillte ná caoltha,
Is nach breá luaitear béithe le Fiagaí an Chúil Bháin.
Tá chúig chúige in Éirinn de bharúntacht Séarleas,
Is tuilleadh dhe bhéaraibh le fada go sámh,
Is gealchlú na saorfhear dá gcartadh anonn thar tréanmhuir,
Is is dubhach a bheidh an méid sin do a mhaireas ‘na ndeáidh.
Is dearfa an scéal gan cheileatram bréag,
Gur ghaibh a fíor-aon an ceannas ina láimh,
Beidh sonas Mhic Dé ina shruthaibh leo a téacht,
Is an bhuín seo bhí tréithlag i ngradam go hard.
Ta scéalúireacht na naomh ar choimirc mo chléibh,
Ó thosach mo shaoil go dtugas riamh grá,
Is gur me píobaire an aon phoirt mar a chantar gach laoi acu,
Dá ghuí chun Mhic Dé é thabhairt dúinn slán.
Má fhuascail a réilthean go mbuafadh mo lao-sa,
Is le comhachtaibh an ÉinMhic go n-ionntódh a má,
Go mbeadh ceol claíomh agus éirleach ar chóib na gcúm gcraosach,
Dá ruagairt a hÉirinn ag Fiagaí an Chúil Bháin.
Sé mo chruatan nach féidir liom gluaiseacht im léan-rioth,
As uaisle fear Éireann a bheidh sealad go sámh,
A triall ar an laoch mear do ghearrfadh lucht Béarla,
Agus Sasanaigh mhéithe atá i ngradam go hard.
Níl aon ardrí acu ‘á thréin ná go bhfágfadh a chéile,
Le háthas mo scéilse a treascairt a námhad,
Sin cúntas gan bhréag go lúfar mear éadrom,
Ar a gcúil atá i ngéarchluiche ag Fiagaí an Chúil Bháin.
- Mo Chreach is mo Chás.
Mo chreach is mo chás ná cháitheann sé sneachta agus sioc,
Is mise is mo ghrá bheith ar lár na farraige soir,
Gan coite gan bád gan áirithe againn ar bith,
Ach mise sa tsnámh is mo dhá láimh casta ina crios.
Mo chreach is mo dhíth mar is cloíte an galar a grá,
Is is mairg go mbíonn sé air mí ná seachtain ná lá,
Do dhuibh sé mo chroí is do líon sé an osna so im lár,
Codladh ní bhfaghaim ach a taibhreamh ar mo dhianghrá.
Mo chreach is mo scíth gan mí ar faid is gach lá,
Aiteann is draíghean san tslí ina mbeimís-ne a gabháil,
Mise insa díg is mílthe tor ar ár scáth,
Is grá geal mo chroí is í sínte idir mo dhá láimh.
Cheithre lá dhéag gan bhréag do chaitheas ar sliabh,
Is me a deimhniú gach scéal dá béilín soineanta fial,
Mo thaobh lena taobh is an éide bheith orainn aniar,
Mo bhéal lena béal chun gur dh’éalaigh orainn a ghrian.
Do casadh slua sí orm síos chun Lios Bhaile an Chláir,
Is do fhiafríos-sa díobh cad é an ní do leigheasfadh a grá,
Do fhreagair bean sí me go caoin go cneasta is go tláth,
Nuair a théann sé ‘sa chroí ní bhíonn fáil as air go bráth.
- Cois Leasa is me go hUaigneach.
Cois leas is me go h-uaigneach is me ar uair na mainne* im aonar,
Le h-ais na Sionna i mbruach chnoc ba shnua-ghlaise scáil,
Sea do dhearcas ainnir uaim ann ba shuanmhar, ba shéanmhar,
Ba réiltheanach maorga is í a téargaint* im dháil.
Do bhí a dlaoi-fholt daite feactha fiar,
Go snaídhmthe snoite raite* a tíocht ina shlaodaibh léi go feor,
A claondearc ‘na réidhghlaic is a héadan gan snas (tais) gan teimheal
Is í ag géarchaitheamh na saoghad liom trí cléithibh na dtreon.
(mainne, maidne; téargaint, téarnamh; raite, rite)
Ba gheanavail a héadan is gan d’éislinn* ach a hóige,
A mala gearra-chaol do bhí go séimh ‘na ceart chóir,
A leaca leavair aolda bhí craoireac mar na rósies,
A beol tanaí beo-bhlasta córach gan cháim.
Is í mhíll me ar fad le dartaibh clé’
Go rabhas-sa seal im spreas go faon,
Go ndeaghas mar (e)ala ar chaisíbh géar fé* dearcadh a cló,
Do shíleas-sa gur síbhean í do chaith saighead liúm t[h]ar lear i gcian,
Nó Aoibhill ón mín-Ghréig do bhí a teacht im dháil.
A Dhia nó an feas ar Éirinn cad í an ghaoth chughainn do sheol tu,
Ar bruach na Laoi im aonar mar ar thárlaig an Fómhar,
Nó an fíor gur tusa an spéirbhean do fhúig na séimhfhir fí cheo i mbroid,
Nó Déirdre lenar traochav na tréinfhir gan treoir.
An tú an bhean do leonaig Fianna Fínn
Nó an bhean le leag Mac Airt le draíocht?
Nó an bhean leanar traochav Aoin-Chonall[?] faon seal i ngleo,
An tu Ceárnait ab áille nó an Bheárnait ba ghile gnaoi,
Nó an ghrianbhruinneal do fhág Inis Fáilbhe fí bhrón?
Do fhreagair blasta me an ghéillbhean do phréimhshliocht na hóige,
Ní bean de’n aicme in ao’ chor is is léir í mo shórdsa,
Is bean tar lear i gcian me, gan chéile ‘om chúnlacht*,
Do dú-chreimeadh ag búrthaibh dom shú is dom dheol,
Mise Éire a teacht fí Pheaton* groí, le scéaltaibh ceart do chanaim díbh,
Gur éalaigh flaith den arm Ghaoil gan bhaol i gcoróin,
Is é rí-chairt na Míleag* do shíolthaigh do fhuil Chaisil Choínn,
Agus scaoil a gloine tímpeall sin crích ar mo sceol.
*(cúmhdacht, thionlacht?)
- Seán Aerach
Ar chualabhair riamh eachtra ar aisling Sheáin Aeraig,
Is cailíní deasa dhá mhealladh óna chéile,
Bíonn bean acu á aire is bean acu á aodhaireacht,
Is bean eile á tharrac ar maidin chun aonaig.
Ach a bhean i gCill Áirne is is áille acu gnaoi,
Is thiar in Uíbh Ráthach tá grá geal mo chroí
Cad dob áil liom á n-áireamh is gur im ghárdáil do bhíd siad,
Bíonn bean agus fiche acu im choinnibh lá an aonaig,
Is c’róinn ag gach duine acu i gan fhios dá chéile.
Tá bean agam i nGeataíbh Uí Néill thiar,
Bean i gCnoc Loinge is bean i gCnoc Gréine,
Bean acu i gCuilinn is bean acu i Réilthean,
Bean i nDúich’ Ealla is bean i Ráth Caoltha;
Ach bean in Ard Sceítinn is í déarfainn go deimhin,
Go dtugad de taitneamh i dtosach mo shaoíl,
Go brách an fhaid a mhairfead ní bhainfeal le mnaoi,
Is nach sámh suaimhneasach socair do chodlann gan ao’ bhean,
Me héin is mo leanbh i bhfoithin a chéile.
Tá bean agam i nDaingean Uí Chúise,
Bean acu i gCarraig is bean acu i Dúrlas,
Bean acu i mblathaibh is bean acu i nDúghlais,
Is bean cois na Fleisce nár chleacht riamh ach súgradh.
Bean acu i gCaiseal is bean acu ag Féard*,
Is bean eile insa bhaile ná chanann ao’ bhréag,
An dá dheabhas bean agam ná go mbíonn sealad ag éad liom,
Is anois ó luig Filib i bhfoithin a ghaoltha,
Níl ao’ bhean agam do ghealfadh mo léine.
*Fiodh Ard?
Sealad dá rabhas-sa sul ar ionntaig a má orm,
Do gheobhainn bean den cheantar is gan dabht sí an bhean álainn,
Bean chneasta cheannsa bean bhanamhail thais náireach,
Bean a raghadh ann anonn is go Lúndain ‘á mba ghá dhom.
Ní aon ógbhruinneal mhómharach do thógfadh me ‘e reabha (rogha),
Ná do shiúlódh a bóthar go córach im dheabhaig*,
A córaidh go deo ‘rís ní seolfithear* i ngabhann,
Is an báille má thíonn sé is suarach mo bheann air,
Mara dtógfaidh sé an leanbh ní leagfad ao’ gheall leis.
*dheabhaig = dhiaidh; seolfithear etc, cf véarsa deireanach thíos.
Dá olcas é m’áras dob fhearr liom bheith oíche ann,
Ná dá fheabhas tig i gClár Luirc cé gur tláth lag a bhím-se,
Bíonn a t-aos óg is a páiste is a gárlach im thímpeall,
An tseana-bhean chráite is ní fheárr don fhear chríonna é,
Bíonn bean a tí is cluib aici ‘om dhíbirt chun siúil,
An cailín is a maide aici ‘om leadhbadh sa chúl,
Do choimeádas an tseilbh go maidean ba dhócha,
Is mo chnámha a bhí tinn brúite ó shop tuí a bhí dreoite.
Ní aon tsórt eallaig agam in ao’chor,
Turcaithe, lachain, cearca ná géanna,
Cuíora, bó bhainne ná capall chun saothair,
Fiú an choilig ar maidin ní dhúisíonn a ghlao me,
A luí ar fhalainn* níl agam gan dabht,
Cráin, asail, ná aon rud sa domhan,
Níl aon sórd acharaim* fí chleathacha an tí agam,
Ach mo phíb is mo leanbh is stól bacach na dtrí gcos.
An phíb seo mar mheasaim dá seinninn í ar fónamh,
Is dócha ná stadfainn go rachainn as Bólas,
Siúd ní do thaithíos i dtosach is i dtúis m’óige,
Rínnce agus ragairne ar allaoibh* na mórfhear.
Mo scilling go gcaithfinn i dtig an leanna gan ghruaim,
Is dá gcastaí orm ainnir níorbh aistear a cuaird,
Ach a diúgadh na ngloiní is a síorsheinm dhánta,
Is a pógadh na mbruinneal ba mhinic me im áireamh.
*hallaíbh is dócha
Is mó fear airgid a mheallann a saol so,
Nár ól riamh a scilling ná pingin le féile,
Go mbíonn a sparáinín ceangailthe in íochtar a léine,
Is seacht córdaí tacair air,’farradh a chéile.
Nuair a bhíonn sé a fáil bháis is de dheineann sé Dia*,
Is gurbh eol dómhsa é scaipeadh i dti’ an leanna ‘na dhiaidh,
Paidir lena anam ní déarfar le dúthracht,
Le linn dul a chodladh ná ar mhaidin a múiscilt.
Is sámh a duine me is an deabhas pingin cíosa orm,
Airgead sreatha lochta ná íoca,
An báille má thigeann sé is suarach mo bhinn air,
Mara dtógfadih sé an leanbh níl eagla an tí orm.
Mo chóraid thar teorainn ní seolfíthear* i ngabhann,
Ais mo dheachmhadh ní ní mheasfar chun aon phingin go domhan,
Nách sámh suaimhneasach socair do chodlaim an oíche,
Ag amhrán ar maidin is a seinnm mo phíbe.
*Tá an píosa seo thuas an-mheasctha, Eag.
- Táimse im Chodladh.
Tráthnóinín déanach i gcéin cois abhann dom,
Táim im chodladh is ná dúistear mé,
Sea dhearcas lem thaobh an spéirbhean mhaiseamhail,
Táim im chodladh in ná dúistear mé.
Ba chamarsach péarlach dréimireach daite tiubh,
A carnfhoilt claon a céibh léi ar baillichrith,
Is í a caitheamh na saoghad tíom thaobh gur chealg me,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ina haice ba mhéinn liom téacht chun caradais,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ach le heagla nach aon bhean saolta í do theangaig liom,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
A chumann mo chléibh an tu an spéirbhean mhaiseamhail,
Gur (lenar) cailleadh i gcéin na tréinfhir chalma,
Nó an ainnir ón nGréig d’fhúig Trae ina lasrach,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Do lavair an bhé is is séim a thug freagara,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ní haoinne me in ao’chor den mhéid sin ar chanais liom,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ach ainnir chiúin shéim atá i ngéibhinn is in anabhroid,
Gan rachmas gan réim gan féasta bhlasta agam,
Ó neartaig an tréad so an Bhéarla ó Shasana.
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Nuair a airíos an méid sin do mhéadaig mo thaitneamh di,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Is me ar aigne léi go ndéanfaimís margadh,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
A chumann is a rún ná diúltaigh feasta me,
Tair liom im riúm chun búird agus leabtha isteach,
Do gheobhair blaiseadh gach súird is dúthracht thairis duit,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ba dheacair liom diúltadh a thabhairt dod shavail-se,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ach le heagla do dtabharfá mo chlú chun tarcaisne,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Dá dtéinn id riúm chun búird is leabtha ‘steach,
Dob aistear mo shiúl is gan tú bheith dhá bharra ‘gam,
Ach imigh bí ar siúl, ní liúm-sa do leanbh-sa.
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
A spéirbhean chiúin is múinte dá bhfeaca-sa,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ní heagal duit diúltadh do thabhairt dom dheasgaibh* duit,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
An fhaid a mhairfidh a siúl ná lúth im bhallaibhse,
Geallaim a riúin mo chúl ní thabharfad* leat
Gur blasta ar mo ghlúin do chuirfinn chugham do leanbh-sa,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
*Fuaim: ‘thavad’
Ar a mhalairt do chúinse ní thabharfainn ao’ gheallúint duit,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Ach le sagart dea-chlúvail ár dtabhairt chun caradais,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Burb é léid na húdair do scrúdaig lavartha,
Go bhfuil peaca na drúise fiontrach damanta,
Is go dtiocfaidh lá an chúntais chughainn-ne chun freagairt ann,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
An fíor gur tu Heilean gur pléadh an t-avall léi,
Táim im chodladh is ná dúistear mé
Nó Ceasandra shéim na mbréithre b’eaganta,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
Nó Diana do thraoch Aictéin go seachmalltha,
Nó Bleainit na gclaon do thug laoch ó Alabain,
Nó iníon Rí Séamas d’fhúig Éire in anabhroid,
Táim im chodladh is ná dúistear mé.
- An Seanduine.
Nach atuirseach brónach an pósadh so gealladh dom,
Me do cheangal go h-óg le seàn-donán,
Gur cuireadh le fórsa ‘na chomhair go ti a tsagairt me,
Is mo chroí bhionn atuirseach d’fhonn a rá.
Ní thaitneann a shiúl a lúth ná a thapa liom,
A mhala throm chlúmhach ná a shúile dearga,
Dob fhearra liomsa óigfhear do phógfadh an leaca ‘gam,
Is mo chroí do cheangal san óg-bhuinneán.
Beirím a bainne is cuirim a t-im air,
Is dorn d’uí(bhibh) geala le groí-chuid aráin,
Nuair a dh’itheann an bhrúid go súch an bheatha sin,
Luím ‘na chlúid is is dúr an mhaise aige é,
Bím á shúncadh go ndear liúm ná bí im aice anso,
Is dob fhearr bheith marbh ná i bpéin mar atáim.
A shiúirín chailce mo theagasg má ndéan tú,
Do gheobhair aer ar maidin ar dorm ghearráin,
Seál breá dathannach síos go glúin ort,
Bróg chaol chanta is téip ina bhráid,
Conigíll* ár bpósta a stóir má gheallann tu,
Gabhail iom gach ló is gan gleo bheith eadrainn,
Nó abhfágfair go deo a siúl bhóithre fada me,
Is mo dhrom fí ainnise im chríonchranán*.
*Cf. crandán FGB
Is dá gcuirtheá-sa i gcóiste a siúl bhóithre fada me,
Agus ór in cheathaibh do thabhairt im láimh,
Ní ghealfadh mo chroí aon oíche sa tseachtain leat,
Is is dóchas ná gealfaidh go bhfaghaidh me bás.
Imtheod go deimhin im b[h]adhb ar mearathal,
Amach idir na gcoìllthe mara bhfaghfar scartha sinn,
Ní fhéadfainn-se foighneamh lem chladhaire seanduine,
Ist oíche a chneadaig is a síorghluaireán.
Is mó ceann súird* a riúin do bheidh eadarainn,
Rósta ‘e bhearaibh ar éadan cláir,
Citeal nó dhó a dó ar scalladh aghainn,
Is feoil mhin eallthaig le tabhairt dom ghrá.
Gach n-oíche insa mbliain a triall chun leabtha leat,
Is mar bharr ar gach ní go mbeidh babhla puins eadrainn,
Tuilleadh óm chroí agus ní ná habaraim,
A stóir má gheallfair go bhfaighead síocháin.
A chailíní óga mo chomhairle anois glacaíg-se,
Cé gur brónach atuirseach dúch atáim.
Im luí le seanduine gan tapa gan luail an’
Is gan dá bharra ‘gham ach uail* bheag chnámh.
Amach ins an oíche bhím á mhachtnamh,
Ar a seanduine críonna leis an aois go gcrapann sé,
Marab ionann ‘s an fear óg úd do luífeadh ar leabaidh liom,
Is go mb’fhiú é ar maidin an phóg úd d’fháil.
*cual FGB
Is me a luí dhom ar mo leabaidh is me a machtnamh tríom néalaibh,
Sea do chuala gur cailleav an seàndonán,
D’éiríos im sheasamh is do ghabhas míle baochas,
Leis an té úd do threascair sa díg é ar lár.
Do bhídís á shuathadh is dá luachtaint eatorthu,
Gurbh í an láir rua do bhuail is do mhairbh é,
Beir scéal go mear uam do riuig na buachaillí mearganta,
Gur chuireas mo sheanduine i gCill Chorcáin.
- Is Ard is is díreach...
Is ard is is díreach d’fhás an ríogan,
Ó sháil go píb le chéile,
Is gur bhreátha linn a scáil ‘nár ngaor*,
Ná lár an laoi ghil gréine,
Ná an áireann (áireamh?) faoileann do shnamhann ar linn
Is a dá chnoc cruinn mar aoldath,
Is a t-árthach cruinn i nár ráinig teimheal,
Gur gnáthach líonta ‘e dhaonacht.
Bhí a braoithe mionna caol gan cháim,
Is a béal is binne ná tiúin chrutáin [ls. chrotáin],
Ar thaobh na toinne taobh le tuile
Ar théadaibh a seinm le fonn tra-rác* [?],
Do chuir na céadta go divinn i dtromsuan sámh,
Leis na tréithe nárbh fhéidir liom trácht,
Gur mílse a blas ná sú na mbeach,
Do chuaidh thar lear fí dhéin gach bláth.
*Ls ‘guidhear’.
- Bun Ros an Cille.
Ar bun Ros na Cille ar thitim an drúcht aréir,
Is ann do chonnac an fhinnebhean álainn shéimh,
Do cheapas nár mhiste dhom druideamaint chun prás seal* léi,
Sea dúirt sí a dhuine taoi ar buile ní dóigh dhuit mé.
D’fhiosaras i dtapa de’n ainnir cad do sheol í i gcéin,
An amhla a chaillis do dhuine nó ar mhiste leat gabháil liúm héin?
Do fhreagair sí mise go gliste de chómhrá shéimh,
Go gcaithfinn é imirt ar chluiche chúig gcárta léi.
Do luíomair ar imirt is ní dhininn an t-áireamh géar,
An t-aon mar a thugainn an cuireata bhuaileadh mé,
Do bhuaidh sins an cluiche is milis adúrt-sa léi,
An deabhas gnó ‘ghat dom shavail* ó chailleas-sa lúth mo ghéag.
*shamhail
Má bhuas ort an cluiche lem ghliocas ná bíodh ort brón,
Ach tair liúm abhaile is geobhair beathuisce is fíon ar bórd,
Ór buí le scaipeadh is capaillín cruinn mear óg,
Is léas ar trí fearanna tailimh gan chíos go deo.
A spéirbhruinneall mharthannach bhanabail mhodhuil tais óg,
Gur méinn liom sealad nó tamall do thabhairt id chómhair,
Mara mbeadh mh’ealtha beag leanbh is a mbanarthla dúch im dheoidh,
Me críona lag caite dom shavail * chun claoi led shórd.
Is binn is is blasta is is cneasta do ráite béil,
A óigfhir cheannasaigh a chealg me ar lár mo chléibh,
Ach tair liom abhaile is gheobhair beathuisce is fíon ar bórd,
Éire bheidh againn is geallaim arís beir óg.
Do bhíog is do phreab me is do chorraig mo chroí is do léim,
Nuair a cheapas go gcaithfeadh an ainnir úd saíghead trém thaobh,
Do luíos ar í mhealladh is do chanfainn léi fíor is bréag,
Is ar an dtarna glaoch coileach mo bheannacht do scaoileas léi.
- An Clár Bog Déil.
Cois na Bríde gile bhímse go súgach sámh,
Ag amharc grinn ar eala bhínn an úrla bháin,
Ba ghile a píb ná sneacht ar craoibh is ná drúcht ar bán,
Is ní coigcríoch me acht buachaill groí mear a dhiúgfadh cáirt.
Tá úrphíp aigem búirnín is a bráid mar aol,
A cúilín crathach búcalaíoch a fás léi go féar,
Sé mo chumha thríom nach san úir thíos do fágadh mé.
Sárar shiúlaíos na cúigí is mo ghrá thar mh’éis.
A shearc is a riúin is fada liúm an Domhnach uaim,
Mar shúil is go bhfeicfinnse tusa arís ar cuaird,
Do bhéilín meala do chúimín cailce is do chroí nár chruaidh,
Is bíodh ar mh’fhalaingse gur mheallais-se an tsláinte uaim.
Do ghlacfainn tú gan ba gan púint gan áireamh spré,
Do chasfainn chugham tu maidean drúchta ar bhán mhín réidh,
‘Se mo ghalar dúch ná fuilim is tu a ghrá mo chléibh,
I gCaiseal Mumhan is gan de leabaidh fúinn ach a clár bog déil.
Is bean doracha ní mholfainnse ‘gus ní cháinfinn í,
Bean sholasmhar ní thoghfainn í go brách mar mhnaoi,
Ná iníon bodaig do ghrá coda ní phósfainn í,
‘Gus gheobhad-sa lem stóirín tá ceolmhar bínn.
Ní h-ar chlár bhog dob fhearr liom bheith sínte leat,
Ach ar ardleabaidh álainn dé shíodaíbh brat,
Mo lámh dheas ad fháscadh lem chroí-se isteach,
Is gur gearr go bhfaghainn spás beag ón saíghead so am shlad.
Searc mo chléibh do thugas féin duit is grá trí rún,
Is dá dtigeadh sé mar chor sa tsaol go mbeimis lá mar siúd,
Ceangal cléire bheith eadrainn araon agus fáinne dlúth,
Is dá bhfeicfinn héin tu ag fear sa tsaol do gheobhainn bás ded chumha.
Searc mo chléibh níor thugas féinig d’ao’ mhnaoi fós riamh
Mara suínn ‘na haice chun go meallainnse a croí as a cliabh,
Ba ná capaill níor chuireas-sa i suim fós riamh,
Ach mná seasca go dtarraingfinn chun síolraidh iad.
- Lá dá raibh Fionn i bhFlaith.
Lá dá raibh Fionn i bhflaith,
Ar fhaiche an Almhúin Fhionn,
Go bhfeaca sé ins a ród,
An eilit óg ar a léan lúth.
Haigh bí am bú,
Haigh bí am búm bú,
Haigh bí am búm bú.
Do ghlaoig sé ar Sceolan is ar Bran,
Is do leog sé fead orthu araon,
I gan fhios do chách i dteach an óil,
Do lean sé tóir an eilit mhaol.
Haigh bí am bú, etc.
Ní raibh ag Fionn ach a dhá chon,
Mac a Luin agus é féin,
A lorg na h-eilthe go dian,
Trí Sliabh Gailionn na rian réidh.
Haigh bí am bú, etc.
…..
Is ann a bhí an machaoimh mná,
Ba bhreátha scáil dá bhfeach sé.
Haigh bí am bú, etc.
Druideann Fionn ad iarraidh sceoil,
Ar ghnúis tséimh na gcuacha óir,
Is d’fhiosaruig sé don ghnúis ghlain,
Nó a bhfeaca tú mo choin sa tóir.
Haigh bí am bú, etc.
Go deimhin id sheilg níl mo spéis,
Is ní fheaca féin do dhá choin,
A Rí na Féinne gan tuláth*,
Is measa liom fáth mo ghoil.
Haigh bí am bú, etc.
An é do chéile fuair bás,
‘Inigean tláth nó do mhac,
Nó godé neach go bhfuil do chaoi,
A ainnir chaoin is míne dreach.
Haigh bí am bú, etc.
Fail óir do bhí ar mo mhéir,
Do ráig inigean na mbas réidh,
Do thitim uaim sa tsreabh,
Is as san me bheith i bpéin.
Haigh bí am bú, etc.
Deasa* do chuirim fíd cheann,
A Rí na Féinne gan tláth,
Mh’fháinn caoin d’fháil arís tar n-ais,
Do thit fí dheas na sreabh i gcian.
Haigh bí am bú, etc.
*geasa
Níor fhuilig an laoch ar chur na ndeas
Nuair a leog orthu dá chneas tséimh,
Is fé bhruach an locha do shnámh,
Ar lorg an fháinn do scar léi.
Haigh bí am bú, etc.
Do shnáimh sé an loch fí chúig,
Is níor fhág sé cúil ná ceáf*
Go bhfuair sé an fáinne arís thar n-ais,
Do scar le ríogbhean na ngrua ndearga.
Haigh bí am bú, etc.
Nuair a fuair Fionn féin an fáinne,
Sár a ráinig leis teacht go bruach,
Do dhein sí sionóir (sion-) críonna liath
Do Rí na bhFiann cé gur mhór a trua.
Haigh bí am bú, etc.
Do bhíomairne uile Fianna Finn,
In Almhúin dhoimhinn na sleá sean,
Ag imirt fichille is ag ól,
Ag éisteacht sceol is a bronnadh séad.
Haigh bí am bú, etc.
Lavarann Caoilthe go h-ard,
I nglór ard gacha fear,
Cár ghaibh Fionn féin mac Chumhail fhéil,
Ó bhuín Chéin* na sleá sean?
Haigh bí am bú, etc.
Fionn Féin má theasdaíonn uait,
A Chaoilthe chruaidh na gcos gcaol,
Gabhaim-se ar mo láim
Bheith im rí os cionn cách ar a bhFéinn.
Haigh bí am bú, etc.
Éiríonn Oscar in aigne mhir,
Is riotheann Conán ar measc chách,
Cuireann sé a choimirc ar a bhFéinn,
A anam a thabhairt saor ó phéin a bháis.
Haigh bí am bú, etc.
Mara mbeadh an cruth ina bhfuil Fionn,
Is gur práinn línn é bheith mar tá,
A Chonáin Mhaoil atá gan chéill,
Do bhrisfinn do bhéal go cnámh.
Haigh bí am bú, etc.
Do ritheas is Caoilthe ar dtúis,
Is an Fhiann uile go dlúth ‘nár ndeáidh
Is trí Shliabh Gaillion ó thuaidh,
Do rugamairne an bua ó chách.
Haigh bí am bú, etc.
Siolladh dhá dtugamair uainn,
Ba dhian a ruaig do thug an Fhiann,
Go bhfeacamair-ne fí bbhruach an locha fí bhrón,
Sionóir mór agus é liath.
Haigh bí am bú, etc.
So shíleamairne gurb ‘reasa bídh,
Do thug an laoch a bheith gan chruth,
Ní gur ina iascaire a bhí sé,
Go dtáinig sé i gcéin sa tsruth.
Haigh bí am bú, etc.
Ní fheadramairne uile Fianna Finn,
Gurb é Fionn féin do bhí ann,
Gur leog sé a rún le Caoilthe,
An fear ar lúth agus do bhí teann.
Haigh bí am bú, etc.
Nuair a fuaireamairne dearbh na scéal,
Gurbh é Fionn féin do bhí ann,
Do leigeamairne trí gártha goil,
Do bhainfadh broic as gach gleann.
Haigh bí am bú, etc.
Do chnósaíomairne anoir is aniar,
Is do chuireamair ár sciath fé go deas,
Is trí Shliabh Gaillion ó thuaidh,
Do rugaimair Fion ar ghuailibh fear.
Haigh bí am bú, etc.
- Stáca an Mhargaidh.
(Eoghan Rua Ó Súilleabháin nó Diarmaid ‘ac Séamais cct.)
Sealad aréir i gcéin cois leasa,
Is me a déana leanna go faon ar easba nirt,
Óró fí scamallibh bróin,
Sea dhearcas lem thaobh cé caoch gan avarc mé,
An spéirbhean mhaiseamhail mhaordha leanaba,
Dob óg* snó is ba chaithiseach cló.
Ba chealagach faobharach gaethe a ravar-roisc,
Is í a caitheam na saoghad tríom thaobh gan acharann,
A déid ba chailce ‘na béal tais meala,
Gan éislinn geallaim ach saor a cantain liom.
Óró is í shlad me as mo shnó.
Bhí lasadh na gcaor trí a gné mar eala ar shruth,
Scéimh a tsneachtaig go tréan ag aragóint,
Óró ‘na leacain mar rós.
Is a mala ba chaol ar a héadan leanaba(ch),
Gléirghlan gheanavail maorga mhaiseavail,
Dob óg snó is ba chaithiseach cló.
Ba bhachallach péarlach dréimireach camarsach,
Ó bhaitheas go féar léi a céabh ar bailli-chrith,
A craobhfholt casta gan chéim ‘na carnfhoilt,
Léi ‘na mbeartaibh a téacht ar bailli-chrith,
Óró go talamh ‘na deoidh.
Is innealtha réidh glan séimh gan poirithis*,
Saor ó atuirse ar théadaibh spreagann poirt,
Óró lena lavarthaibh beoil,
Nó le scíbhinn le caolpheann néata ar mheamaram,
I mbréithre blasta le dréachthaibh seanachais,
Óró ar ghaisce na dtreon.
I ndlithibh na héigse do léadh gach startha suilt,
I nGaeilge* ar aithiris ar thréithibh Fearaguis*
Ní ar théacht na ndragan fí rím go Banaba,
Óró go barcaibh na sló.
A chumainn mo chléibh led tsaorthoil aircim ort,
Is féach gadé an fearann fá’n ngréin gur gabhadh leat,
Óró lenar casadh tu im threo,
Faoi* na fearachoin éachtach ana-mhear,
Óró lenar leagadh na treoin;
Nó an ainnir go nglaoid siad Déirdre mhaiseavail,
Gur cailleadh i gcéin na tréinfhir calama,
Véinius chailce nó Béaruit mheasarga,
Nó an té ‘nar ceapadh le céill ar geala-shruth,
Óró do chuir muileann ar seol.
Is m[b]anavail mánla caointais leanaba(ch),
I laoithe blasta gan moill a freagairt dom,
Óró lena lavarthaib beoil,
Is is dearfa ar sí nach díobh san d’eascaras,
Is is fíor mar mheasaim gur cruinn do sheanachas,
Óró ar ghaisce na dtreon.
Is feas gur me Clíona ó thaoibh na Carraige,
Do casadh id líonta ag insint startha suilt,
Líonaibh bairille agus díogaidh beathuisc’ as,
Píob le meanama bíodh in bur nglacaibh-se,
Óró dhá spreagadh gan cheó.
Is mustarach ard sliocht Mhártain Mhallaithe,
Á rá le fada gur fágadh Cearalus,
Óró fí leacaibh ag dreo.
Is gurb é chluinim ag dáimh is ag fáig cois leasa cnoic,
Tláth gur gairimeadh spás le sealad sinn,
Óró is gur chanadar gó.
Is cumasach cáidh an ráib d’fhuil Chaisil chirt,
A tarrac gach lá go clár geal Banaba,
Is tláth beidh galla-phoic ág an chealaguidh
Is is fearr mar mheasaim ná stáca an mharagaidh,
Óró dá gcartadh insa ghleo.
Beidh aifrinn arda ‘e ghnáth ag Eagalais
Cáidh na seana-cheacht ghrámhar ghreannavail,
Óró do Leanbh na hÓighe.
Is startha gan cháim ‘na dheáidh sin agaibhse,
Ar chlár an tavairne a tál a bhairille,
Óró le fairsinge cheoil.
Beimíd go sámh gan scáth gan eagala,
Aseinnim na ndánta cé gur tláth le fada sinn,
Is tá bhúr Beatan* le fáil in aisce aghaibh,
Is is fearr mar mheasaim ná Stáca an Mharagaidh.
– Óró sin deireadh lem sceoil.
- A Chailíní Cuiríg le Chéile.
A chailíní cuirdidh le chéile
Is deinidh a rínce gaelach,
Seachain barra mo m[h]éire,
Do gearradh sa chlochar aréir í;
Tá fonn rince ar chois liom
Rud ná fuil ar do chois-se,
A bhean a tí seinn suas port dom,
Go rinncfidh me an gliogaram cos duit!
- An Cailín Donn.
A déana smaointe sea bhíos liom héinig,
Araoir go déanach is mé cois abhann,
Gan spéis i laoithe ná suím i saolthacht
Ach me a luí dhom go tréith tuirseach creathach fann.
Go cathach caointeach a snoí mo scéimhe,
De shíor ag déaraibh a téacht go trom,
Gur shín liom taobh deas an ríogbhean mhaorga,
Dar linn go nglaoid siad An Cailín Donn.
Bhí a craobhfholt cíortha go frínseach néamhrach,
Buí-chas péarlach a téacht go bonn,
Go slaodmhar slím léi ‘na timpeall d’aon dul,
Is arís a géilleadh thar n-ais go cam.
Do chlaochlaigh cíor(dh)ubh an flíos thug Jaesan,
‘Na loing le laochas leis trasna tònn,
Is a gnaoi nuair a fhéacas is fíor gur ghéilleas,
Don mhnaoi go nglaoid siad An Cailín Donn.
Ar a h-éadan braoithe a bhí ba néata
Ná scríobhfadh cléireach i gceart le peann,
A claonrosc gnaoighlas grinn gan éislinn,
Mar a luífeadh braonacha ar barraí geamhair.
Bhí caor is lítis i gcoímheascar éachtach,
A tíocht chun réitig ‘na leacain leabhair;
Gníortha géaga agus laoithe léire,
Ag an mnaoi go nglaoid siad An Cailín Donn.
A béal is a binnghuth ba bhríomhar bréithre,
Gan bhaois gan bhréaga ná canfadh leamhas,
Ba ghléigeal gnaoighlan a píp le féachint
Mar a luífeadh géise nó eala ar abhainn.
Ba ghéar a cíche ar a clí g[h]il léigthe,
Agus síos a séimhchorp go seascair seang;
Is gach ní den réir sin a tíocht le chéile,
Ag an mnaoi go nglaoid siad An Cailín Donn.
Do ghéilleas díogras croí dhon réiltinn
Cheanntais mhaorga dá leovainn labhairt
Ach a géilleadh ‘om buín is do dhaoine baotha,
Do bhíodh ag éad leat ‘chionn teacht fí’n mball.
Dá dtiocfá línn-ne is go snaídhmfeadh cléir sinn,
Is cloí liom héinig gan cead ód namhaid,
Is baoch dod chlainn bheinn go crích mo shaogail,
Sin insint scéil ar a gCailín Donn.
- Móra dhuit a Éinín.
Móra dhuit-se a éinín a bhionn a léimirig go thúnn go túnn,
Is dá nínsinn fáth mo scéil dhuit ní héidir ná go ndéanfá rún,
Beir leitir uaim fí shéala go cúl craobhach na bhfolta fionn,
Go bhfuil mo chroí dhá thraochadh is nách féidir liom codladh ciúin.
Go deimhin Mhallaí Bheárnait sé mo lánchreach gan mé agus tú,
Sá rúimín úd in airde mar a dtáinig do dhaidí chughainn,
Do ínseas do gan spleáchas go raibh lánchead na sagart liúm
Is ní dhéanfhadh san é shásamh gan me shá isteach fí ghlas i dtúr.
Si é mo léan nach sagart uachta ort me a uanaig is a mhíle grá,
Chun go bhfaghainnse féinig uaitse gadé an sonuachar ba mhéin leat fháil,
Sáras chailleas-sa mo shiúl leat lúth agus neart mo chnámh,
Do shiúlóinn Cúige Mumhan leatsa, Lúndain, an Fhrainc ‘s a Spáinn.
Dá bhfaghainnse greim ar ghéig ort a spéirbhean i mbaile cuain,
Do phógfainnse do bhéilín gan bhaochas dá maireann suas,
Do luífainn leat im léine is cead cléire ní bheadh sé uaim,
Is an té chuir sínn ó chéile insa tsaol so ná rai’ sé buan.
- A Mháire Bháin a ghrá ghil.
A Mháire Bhán a ghrá gil is a chuisle ghil mo chroí,
Leog mo lámh ar do bhráid nó ní mhairfeadsa agat mí,
So shnamhfinn an tSiúir is an tSionainn geal it ‘iaidh,
Mar do riugais an barr leat ó mhnáibh deasa Bhaile Locha Riaig.
Ní cheadóinnse ar mo chapall is dá n-abarainn a srian,
Nár fáltas na páirce go gcluichtear ínti an fia,
Ná a dtáinig do bádaibh go dtí Ceárla le bliain,
Go dtráchtfainn thar mhnáimh deasa Bhaile Locha Riaig.
Dá mba liom-sa Cúige Chonnacht agus Cúntae Bhleá Cliath,
An baile beag ‘n bhfuilim-se is Baile Locha Riaig,
Iad go léir do bhéarfainn duit ‘na rioth agus ‘na rian,
D’fhonn dul i gcleamhnas leat lá fada agus bliain.
Beir mo bheannacht leat go Connacht is go Cúntae Bhleá Cliath,
Is go dtí an Valentine cé gur fada linn atá sí uainn,
An coinne úd a bhíodh eadrainn ar aon taoibh cuain,
Gurb í an tSionainn gheal do choinnibh mé do bhí lán go bruach.
- Ar Dhrúcht na Maidne.
Ar dhrúcht na mainge is me a taisteal to ró-mhoch,
In imeall na coille leath uair roim lá,
Ina suí cois scairte sea do dhearcas dís óigbhean,
Go gruafhliuch deilbh lag brónach tláth.
A ndeortha bhí leo síos go garbhchruit*,
Is rós a tiocht cois taoibh a leacain suilt,
Do bhí scáil na gcaìor ‘na ngnaoi bhog leanaba,
Is d’fhúig me air a n-avarcadh gan luail im chná[mh]aibh.
*ls. garbhchuruit
…..
“Beirím a bainne is cuirim a t-im air,
Is dorn d’uibhibh geala le groí-chuid aráin,
Nuair a dh’itheann an bhrúid go súch an bheatha sin,
Luím ‘na chlúid is is dúr an mhaise aige é,
Bím á shúncadh go ndear liúm ná bí im aice anso,
Is dob fhearr bheith marbh ná i bpéin mar atáim.
Godé an mhaitheas dom talamh bheith agam ná tiarnas,
Go brách an fhaid a mhairfidh an bhrúid seo a ráim,
Straoille meata nárbh annamh ina iarlais,
Is casachtach fhada dhá chloí gach lá.
Nuair a shíním síos go caoin ar leaba leis,
Brí ní bhíonn ina chroí ná tapa ar bith,
Nach cásmhar scíosmhar a bhím is is atuirseach,
Is dob fhearr bheith marbh ná i bpéin mar atáim.”
Do èiríos im sheasamh is do dhruideas-sa leo siúd,
Is is tapaidh do phreabadar uaim thar fál,
Stadaíg in ‘ur seasamh is déinig mo chomhairle,
Is béarfadsa teagasg mhaith dhíbh-se a mhná!
Éaluígí liúm fé chiumhais na coille amach,
Is réifead díbh gan moill bhur mbroideanna,
Tréigig an bhuín úd nár cloíodh riamh sa tsúgradh,
Is siúd mar ar chaitheas-sa féin an lá.
[tá píosa difriúla measctha anseo Eag.]
- Lá tríom Fhánaíocht.
Lá tríom fhánaíocht do thárlaíos i bhfilleadh cumair,
Fán gcoill gcluthair mar a bhfásann lus,
Mar a ngnátaíodh gáir bhínn sár-sítheach suilt ag lonaibh,
Rásaí ar chonaibh agus tomáint ghroí ar phoc…
Lá is me thuas ar stuaic na Giollaban,
Is ea chuala-sa an fhinnebhean go sítheach bhreá a labhairt,
Is í a cuir duanta uaithi i bhfriotalaibh,
Is a déanamh glinneavaint ar chríocha an domhain.
Éire bhuartha, is ea dúirt sí tigidh liom,
A chuallacht bhaineas liom is tighidh im chabhair
Is do gheobhaidh sibh dualgas uaim ina inead san,
A réiteach broideanna nó díol mar gheall.
Is taitneann do dhuain liom a shuaircbhean, druidfead leat,
Buafaimíd an cluiche orthu is brisfeam dlí Gall,
A ainnir gan smúit ar shiúlaíos iomad leat,
De dhúichíbh coille glaise is taoibh le Leamhain,
Cairbre, Músgraí, Dún Mhaí an Chuilleanaigh,
Dá thaobh Sionainne is siar go hEamhain..
Is is é freagra adúirt sí i gcúrsaíbh suilt orm:
Más í sin adeirithe], tá sí ann,
Más í, ó is í, más í sin adeirthe,
Más í sin adeiri’, tá sí ann,
Is má í stuaire na gruaige finne adeirti,*
**Más í sin adeirti, tá sí ann!
[< más í sin a deirir? …a deireadh?]
- Ar Bhruach na Laoi.
Ar bruach na Laoi ‘san oíche casadh mé,
Gan buaireamh aigne ‘ar shamhlaíos féin,
Go ndeághas as a slí le díth mo mhearathail,
I gcuantaibh dhaingeana nárbh fhearrde mé,
Ní fheicinn a spéir le haonchorp mearathail,
Is dá nochtadh an ré ní fhéadfainn avarcadh,
Godé ‘mhaitheas dom glaoch ná d’aoinne beo freagairt dom,
Ag fuaim gach caise is ag gárthaibh éan.
Do shuíos-sa síos go scíosmhar atuirseach,
Is gan súil go mairfinn le fáinne an lae,
Fí scáth tor doíghin a bhí go fíllte falcaithe*,
Is gan de chlúdach leapan le fáil ach é.
Bhí géanna ón linn an’ is míoltha is mearaphoic,
Is éisc a tíocht de dhroím gach caise a rioth,
Naoscaig, faoilinn, sceimheal de lachanaibh,
A tíocht gan eagala ar a dtráig ón spéir.
Is mó sórd éan ann cé ná feadar mé,
A déanamh neadacha i mbarr na gcraobh,
An fiolar is a chuach go buan ar chrannaibh ann,
Go suanmhar socair i meán a lae.
An druid is an creabhar ar a gcrann ‘na n-aice ansan,
An chéirseach shleamhain is a seabhac breá beathaithe,
Cáig is colúir ina dtrúpaibh a taisteal ann,
Smólaigh bhreaca ina n-áras féin.
- A Chúilionn Álainn dheas.
A Chúilionn álainn s na bhfáinní glas,
Is breá is is glas do shúile,
Thá mo chroí-se dhá shlad mar a shnífí gad,
Le bliain fhad agus tuilleadh a tnúth leat
Ach dá dtigeadh sé siúd maracht go bhfaghainn cead síneadh leat,
Is éadrom is is pras a shiúlóinn,
Is gob é mo smaointe silleadh seal éalú leat,
I gcoílltibh i bhfad ód dhúthaig.
A chumainn agus a shearc rachaimídne seal,
Fí choilltibh a spealadh an drúchta,
Ma a bhfaghmíd a beach is an lon ar a nead,
An fia agus an poc a búirthig.
Na h-éiníní binne ar ghéigíní a seinnim,
Is an chuaichín i mbarr an iúir ghlais,
Is go brách brách ní thiocfaidh an bás in ár ngoire,
I lár na coille cúmhartha.
Siúlaíg* pras, siúlaíg mear,
Go dtéimíd ar allaibh* cúirte,
Nó go dteimíd sealad fé’n gcoill mbig gcrannaig,
Mar a bhfásann cnó buí is úll ann.
Nó i gcoilltibh tiugha na slat mar a ndeineadh éin a nead,
is sluaite acu ar barraí géaga,
Mise agus mo iún gan tuirse gan smúit,
Ag imirt i gclúid in ár n-aonar.
*ls. siubhlaíghidh
Cad é ‘mhaitheas dómhsa a chiallaig gealach geal ná grian,
Ó chailleas-sa mo réilthean eolais,
Is gurb é rá gach nduine ‘en tsaol do labhrann as a bhéal,
Gur mhairbh sí na céadta romhamsa.
Ach dá mbeinnse is rún mo chléibh ar leabhaidh chlúmh na n-éan,
Sealad beag tar éis ár bpósta,
Go deimhin ba dhearfa an sceá l mbrothallán* a lae,
Gur ghairid óna béilín póg milis.
Mo chreach agus mo chiach a ainnir na gciabh
Mar a chonnac tu riamh in ao’ chor,
Gur chuiris-se mo chiall ar mo mhuin thiar,
Is is fear me [ná] h-iarrfadh spré leat.
A ainnir na gciabh mar a chonnac tu riamh,
Gur cailleadh dá dtrian fear Éireann,
Le hatuirse is le ciach is le h-anacair id dhiaidh,
Tá an t-anam atá im’ chliabh réidh liom.
- Ar maidin inné i gcéin cois leasa dhom.
Ar maidin inné is mé i gcéin cois leasa dhom
Is me a déanamh machtnamh ar saol na mbocht,
Sea dhearcas-sa lem thaobh an spéirbhean mhaiseavail,
Ba néata a pearsa is a scéimh gan locht.
Ba bhachallach a cúilín dlúth mín daithe tiubh,
Go búcalach barra-chas go féar léi a folt,
Ba mheanmnach a súil chruinn an (sh)iúir ghrinn gheanavail,
Mar dhrúcht ar ar seamair is ba néata a crobh.
Is ar avarcadh na béithe sea chlaochlaig mh’aigine,
Cé gurbh fhada liom a scéal gan chlos,
Ar eagala nárbh aon bhean saoltha do theangaig liom,
Gur bhaol dom a hainm is dá dtéinn thar a toil.
An tu Pallas nó Héilean do phléig go meanmnach,
An t-úll go léir is é fháil ina crobh,
Nú Dian’ do thraoch Aictéin san achrann,
Fé géagaibh dara-choille ré mar phoc?
Ní h-aoinne mé in ao’ chor den mhéid sin a chanais liom,
A shéimhfhir cheannasaig ach Éire bhocht,
Fí ndeara dhom féin is dom chéile bheith ar mearathal,
Ag sméirlíg mhallaithe in aghaidh an lae dhár lot.
Is beag a t-ionadh dhom búirnín bheith go dúchroíoch atuirseach,
Na búir seo dár gceangal is nár réid riamh a col*,
Ach beartaig* ort a rúnchroí na sciúirsí calama,
Is béarfam-ne tamall linn gan aon dár gclos.
Aisling aréir tríom néal gur deineadh dom,
Go raibh Éire againne ‘nois gan phingin den chíos,
Agus Sasanaig an tsaoil seo gan tae ná puins acu,
Gan p’léir ina ngunna ná loingeas dá ndíol.
Mar bharr ar a bpéin beidh gach méithmhart saíll’ acu,
Daor agus ní miste diom in Ifreann thíos,
Is Clanna ban na nGael i ngaorthaíbh cluithire,
A bréagadh bruinneala i ntithibh gan chíos.
Tiocfaidh an Francach le fogha na maingeartha*,
Cé gur toghail mar a mheasann siad gan géilleadh dho,
Is beidh dlithe na nGall as a mball so scaipithe,
A dteampaill bheannaithe agus a gcléir gan chol;
Beidh an Spáinneach go fíochmhar is na mílte seavac mear
A scaoileadh ghlaiseanna na nGael cé gur docht,
Is is mithed dár Stiobhart suí ina bhaile-phoirt,
I gcríochaibh Banaba cé gur daor é a dtoisc.
* < fogha na maidne orthu – ‘a dawn raid’ Eag.
- Eibhlín a Rúin.
(“Erin the tear and the smile in thine eye”).
Rúin béithe le cúirtéis is tú, a Eibhlín a riúin,
Dúrt bréag nó is liúm féinig tú, a Eibhlín a riúin,
Mo Héilean tú gan bhéim, mo lil, mo rós, mo chaor,
Mo stór dá bhfuil insa tsaol is tú,
Rún co chroí is mo chléibh is tú, a Eibhlín a riúin.
Le grá dhuit níl radharc im cheann, a Eibhlín a riúin,
Ach a trácht ort is saì(bh)reas liúm, a Eibhlín a riúin,
Mo mhóráil ró-ghreidhn is tú,
Sólás na soillse is tú,
Ar mo chroí istig níl leigheas gan tú, a Eibhlín a riúin.
Ar mo chroí istig níl leigheas gan tú, a Eibhlín a riúin.
A dtiocfair nó a bhfana tú, a Eibhlín a riúin?
Sá’ romham agus leanfad tú, a Eibhlín a riúin,
A dtiocfair nó a bhfana tú, a Eibhlín a riúin?
Sá’ romham agus leanfad tú, a Eibhlín a riúin,
Do thug mo chroí taitneamh duit, a Eibhlín a riúin.
Do thug mo chroí taitneamh duit, a Eibhlín a riúin.
Do ólfainnse bó le mnaoi, a Eibhlín a riúin,
Do ólfainnse bó le mnaoi, a Eibhlín a riúin,
Do ólfainnse bó le mnaoi, a Eibhlín a riúin,
Do ólfhainn dhá bhó nó trí,
Do ólfainn an domhan mór le mnaoi, a Eibhlín a riúin.
Do raghainn-se thar sáile leat, a Eibhlín a riúin,
Do raghainn-se thar sáile leat, a Eibhlín a riúin,
Do raghainn-se thar sáile leat, a Eibhlín a riúin,
I gcúntabhairt mo bháite leat, a Eibhlín a riúin,
D’fhonn go mbeinn páirteach leat, a Eibhlín a riúin.
Do shiúlóinn féin i gcónaí leat etc.
- An Stáicín Eornan.
Maidean aoibhinn Shamhraidh is me cois abhann na Lua* na n-ealtha bhreac,
Is me a féachaint cá bhfaghainn ainnir dheas do chlaonfadh me ar mo thoil,
Sea do casadh cailín óg orm is í go brónach atuirseach,
Bhí scáil na rós ina leacain is do bhí sí ag gol.
D’fhiosaras den bhé ghlain cad é fáth a cathaithe,
Is do fhreagair sí go séimh me ins na bréithribh do chealg me,
Gurb é a stáicín eornan a bhí i dtreo é fhliuchta aici,
Is ná faghadh duine ar bith do bhuailfeadh é ar a toil.
Cad do bhéarfá-sa dómhsa as a gcéad nó as a bhfichid de,
As é bhualadh go trom truipeallach i dtiúin ar do thoil?
Bhéarfainn c’róinn geal sa ló dhuit do dhóithin mór le n-ithe dhuit,
Leabaidh mhaith chun luite dhuit is níorbh é an sop,
Céile mhaith san oíche más méinn leat mise aghat,
Rince agus ceol ar a mbord dá imirt ann,
Na crúscaí beora[ch] dá ól mar dhig acu,
Is dá mb’fhiú a thuilleadh thu ní bheinnse leat docht.
Èir’ it shuí a bhuachaill agus scuab amach an iothala,
Déin togha an deithinis is luathaig ort,
Go dtéimídne in airde ag áireamh na bpunannach,
A fáil togha na tuisceana ar fhoghail na luch.
Ní raghainn-se in airde in ao’chor mar dobh fhéidir go dtitfinn de,
Tá an gnó so ró-iomarcach ar bhuachaill bhocht,
Èir’ it shuí amáireach is soláthair a thuilleadh fear,
Ó a bhean tá an donas ort nó is diachrach é do thoisc!
Mo mhallachtsa adúirt sí, coíche chun ao’ bhruinnil deis,
Go mbeadh a fomhar ar leathadh uirthi le h-easpa fir sa ngort,
Ná meallfadh is ná tabharfadh le liúnn nó le beathuisce é,
Ná leanfadh tríd a bhfarraige é ó chalaithe go port;
Do raghadh i dtig an óil leis lá aonaig agus maragaidh,
Is ná déarfadh cé h-é siúd leis dá ndiúgfadh sé a bairille,
Do raghadh ar leabaidh chlúimh leis go dlúth ó chead na hEaglaise,
Is nach mó go mb’fhearr de mharagadh é ná racaireacht cois tor!
Do mheallas-sa féin liúm í cois luibhghort is curraithe,
Mo ghéim do bhí g cuthaig is ná h-iarrfadh orm spor,
Le luíos ar í bhréagadh cois taobh na coille ‘muigh,
Gan aoinne beo ‘nár gcuileachtain ach éanlaithe tor.
Godé ‘mhaitheas dómhsa lé[igheadh] dhíbh ná scéith ar na bruinneallaibh,
Ach bainíg-se féin éifeacht as mo chómhrá suilt,
Nuair a leagas ar a bhféar í gurb í dúirt sise liom,
Srian do dhaid* nár bhrisidh ort a sháirfhir gan locht!
A bhuachaillí óga mo chomhairle anois deinig-se,
Comhairle dhaingean thairifeach cé gur trua é bhur dtoisc,
Lá maragaidh is aonaig bígídh séimh milis caradach,
Leadaranach tathantach is leanuíg* orthu an spor.
Meallaíg libh na béithe le féile i dtig a tavairne,
Ná téig* i gcostas tae leo ach daorphuins do theannadh leo,
Is beirim barraí mo dhá lámh dhuit gur gear go mbeidh ‘na mharagadh,
Is fágann san mo mhamanach* go hatuirseach ag gol.
- An Seanduine (2) .
Mo mhuintir gan ghastacht do cheangail go h-óg me,
Is do phós me le seanduine mar gheall ar a bhólacht,
I stád fí cholainn* agus curtha b’fhearr leo me,
Is ó thárlaig an bhroid orthu déanfad-sa fórsa.
Óró, a sheanduine leat-sa ní gheod-sa,
Is óró, a sheanduine bascadh agus breo ort,
Óró a sheanduine leagadh agus leonadh ort,
Is cúple duig ionnat a chuirfeadh fí’n bhfód tu!
*chomhrainn?
Nuair a chonnac-sa a dtúis tu ní raibh húda ort ná clóca,
Ach plainnín mar ghúna is é brúite ina stróiceacha,
I mbotháinín deataig is t’athair im dheoidh-se,
Is do shéid* sé siúd fúmsa an bhúnsach* a phósadh.
Teastaíonn sé uaithi anois gluaiseacht ‘na réice,
Is is stuaire rómhór í is tá fuath agam héin di,
Do imig sí siúd uaim gan a tuairisc ag aoinne,
Is níl aoinní ag á muintir mar chrích dheireadh saeil di.
Tu neartú bhí uaim-se is níor mhór liom do bhéile,
Thugainn posóidí* mísle i rúimín leat héin duit,
Na brioscaí da dhaoire is na fíonta dhen chéad ruith,
Féachaint a bhféadfainn mo sheanduine a chuir chun aon tsaothair.
Fágfad tu a sheanduine geallaim óm béal duit,
Is ó mhuise a sheanduine mo mhallacht go h-aeibh ort,
Níor mhó liom-sa raspar ná do shaibhreas saolta,
Is ní fear ar aon aicsean tu chun bruinngil* a bhréagadh.
An airíonn sibhse a dhaoine mar a mhaíonn sí go saothrach,
Na brioscaí is na fíonta a bhíodh aici féinig,
Ní h-amhlaidh a bhíodh is ní h-ea thíodh chughainn mar bhéile,
Ach bainne géar mídhg agus prátaí atéite.
Téastaíonn sé uaithi etc.
Cuir fios ar a sagart go scoiridh sé an pósadh:
…. [línte ar lár]
A gáirí a bhí an sagart nuair a airig sé an sceol so,
Is a mheidhrí bhí an seanduine an oíche do phós sé,
Bhí an oiread capers chun ban air le h-iomarca dóchais,
Mar a bhéadh ar choileach idir chearcaibh i ngarra na h-eornan.
Óró a sheanduine etc.
Ní hobair do shagart bheith a magadh fí’m shórdsa,
Is gur fáiltheach do ghlacadh an t-airgead pósta,
Má léis a leabhar Lainne is go blasta í do chomhairle,
Ní bhfuarais ins na h-aitheanta bheith a magadh fí’m shórt-sa.
Sa choláiste má chuais-se is go bhfuairis bua naofa,
Ós na haspalaibh móra is ó uachtar na cléire,
‘Bheith go ciúin stuama neamh-m[h]órga le h-aoinne,
Is is fear sainte thu im thuairim pé dua bheidh ‘na thaobh ort.
Ní h-obair do shagart bheith a magadh fét shórd-sa,
Is éistse anois feasta is ní dhéanfad níos mó dhe,
Scríobhfad ar maidin chun easbaig a deóiseas,
Is gheobhaidh sí cead pais* lena “cá bhfios san dómhsa”,
Beidh na bells le dhá mbualadh is gach mórbhaile in Éirinn,
Is mallachtaí crua uirthi gan fuarthan gan faoiseamh,
Beidh a chléir léi go buartha á ruagairt gan traochadh,
Is ní bhfaghaidh ‘si téadh* a cluaise do réir a tuairim in ao’ bhall.
- Do chuas go Droichead Bandan.
Do chuas go Droichead Bandan ar aonach cheart na Samhna,
Mise bhí san am san gan amhngar gan ghá;
Do cheannaíos blúire ghamhnaig ó fhear aneas den cheantar,
*Is ní bhfuaireas riamh ar cheann ar cheà(n)raig ná ar bhráid*.
D’ardaíos liom anall í go dtánamair thar Bandain,
Do chuireas-sa mo ghamhnach i gcabhlaichín* gan scáth,
Bhí rince ceol is damhas an’ is do shuíomair síos ‘na dteannta,
Is is ghairid dúinn go rabhamair gan mheabhair seal mar chách.
Nuair a oir dómhsa gluaiseacht ní raibh sí agam ná a tuairisc,
Dúrtsa héin lem’buachaill an ghamhaichín a dh’fháil,
Bleageardaí na tuaithe dá rá gurb shiúd í suas í,
Gurb é dhinidís de thrua dhom – “A bhfuarais í a ‘Sheáin?”
Níor fhágas cóngar cnoc ná sléibhte ná póirsí cúnga caola,
I bhfad amach dom ghaolthaibh gan aon tuairisc d’fháil,
Gurb é deiridís le chéile ná h-aithnídís é in ao’chor,
Cia acu duine chuaig ar strae é nó réice bocht fáin.
D’inseas páirt dem scéal dóibh is an chuid ba mhó den éitheach,
Gur duine chuaidh le céird me im’ shaor ghlan gan cháim,
Go rabhas a dul go Béaraibh mar dob ann a bhí mo stéisean*,
Sára ngearraidís na Géinig* an t-éadach dem chná’ibh.
*Guineys – PÓB
Níor crádh riamh an croí agam chun gur ghabhas trí Ínse Geimhleach,
Na cailíní insan oíche dom chíoradh agus dom chrá,
Do stracadar mo bhríste is an rud nár mhaith liom ínsint,
An bachallach* a bhí cíortha is mo chuing* a bhí acu ar lár. [?]
Do leagas bean, do shíneas, is bean eile a bhí taoibh léi,
Chun gur ghaibh a chluiche tímpeall is dob aoibhinn é ár gcás,
Ach an bhean do strac mo bhríste is mo ghealasaí do scaoil sí,
Mar bhfuair sí siúd an sceímhleadh ní fíor é pioc ó Sheán!
Do chuireas lámh im’ phóca ní bhfuaireas ann ach feoirling,
Thugas do bhean an óil é chun díol as cáirtín dí,
Do sháig sí síos ‘na póca í, do shíl gur giní óir é,
Chuireas díom a bóthar is nách mómharach a bhíos!
- Ceo Draíochta.
(Pádraig Ó hIarfhlaithe, Pádraig Mac Gearóid, “The Valley lay smiling before
me” – i ngeall leis).
Ceo draíochta so sheol oíche ar fán me,
Is ar míntsavair thárrlag* chun suain,
Dom shíorchasadh i gcoillte gan áitreabh,
Is go buí-loch na Blárnan do chuas.
Do shíneas cois crainn go raibh bláth air,
Is taoibh liom do ráinig sí suas,
An ríogmhaiseach mhíonla ba bhreátha,
Dár shíolraig ó Ádam anuas.
Do bhíogas im chroí istig le grá dhi,
Is dá gnaoi thugas lán taitneamh buan,
Dá dlaoi-fholt a bhí casta fáinneach,
Is dá caoin leacain álainn gan ghruaim.
Dá braoithe, dá cích, is dá gáire
Is dá caoinleacain álainn gan ghruaim,
Is dá shíorfhaid í an oíche níor chás liom,
Bheith ar míntsavair thárrlag na snua. [?]
Nuair a réamairne le chéile i’s gach poínte,
Is ár n-aontoil ná scaoilfeadh go deo,
Do bhí faoiseamh an lae ‘teacht ‘nár dtímpeall,
Is éin bheaga a síorchantain cheoil.
Do thug sí féachaint rófhaovrach ó chroí orm,
Do chéas me le saígheadaibh thar meon,
Is mar shaoradh mo scéil díbh lena ínsint,
Gur dá béal tanaí bínn bhaineas póg.
A shéimhfhir ná déan feasta an ní sin,
Agus téanam liom síos go Tír Eoghain,
Mar a bhfagham céad bhruinneal mhaorga fí dhraíocht an’,
Fí dhaorbhrataibh síoda agus sróil.
Mil Ghréigeach le béilí gach bídh ‘uit
Taenna agus fíonta go leor,
Is céile más méinn leat san oíche,
Is i ndéidh tu bheith críonna beir óg.
A spéirbhean mhómhail mhaorga na rinnrosc,
Tabhair tréimhse ar feadh mí dhom nó dhó,
Go dtéad seal ag éileamh mo mhuíntre,
Is mo chéadbheannacht choíche ‘chur leo.
Do scéaltha dod ghaolthaibh dá n-ínsteá,
Is do chéadbheannacht choíche ‘chur leo,
Is baolach a shéimhfhir a chroí istigh,
Ná déanfá orm smaoineamh níos mó!
…..
Go bhfágtar me go faon lag fí líogaibh,
Má thréigim tu a mbhrídeach im dheoidh.
- Nuair a théimse ar an aonach.
Nuair a théimse ar an aonach beirim éainist* bó bhainne liom,
Is ceannaím tarbh maol a bhíonn a léimrig thar clathachaibh,
Is a mhaol, mhaol do mheillais me is a saol go léir a magadh fúm,
In éiric mo mharagaidh nó a mbeidh tú baineann choíche?
Nuair a théimse ar a mbuaile beirim buarach agus canna liom,
Is nuair a sháim suas mo lámh ní bhuaileann umam ach leatharach*,
Is a mhaol, a mhaol do mheallais me is a saol go léir a magadh fúm,
In éiric mo mharagaidh nó a mbei’ tú baineann choíche?
Ní chreidfinnse ón bPápa ná ó ráiteachas na heaglaise,
Dá gcuirfinn poll sa mhála ná go dtálfadh an bullaí bainne orm,
Is a mhaol, a mhaol do mheallais me is a saol go léir a magadh fúm,
In éiric mo mharagaidh nó a mbei’ tú baineann choíche?
- Ar Éirinn ní neosfainn cérbh í.
Aréir ‘om go déanach ar neoin,
Cois taoibh Fleasg na teorann so thíos,
Sea ráinig an spéirbhean im threo,
D’fhúig taomanach breoite lag sínn;
Do thugas saorghean dá méin is dá cló,
Is dá béal tanaí beomhilis bínn,
Do léimeas fá dhéin dul ‘na treo,
Is ar Éirinn ní neosfainn céibh í.
Tá spéirbhean chiúin bhéasach dheas óg,
Ar a dtaobh eile ‘theorainn ‘na mbím,
Go bhfuil féachaint le féile ina cló,
Is méin cheart ar ndóin ag an mnaoi.
A folt trom léi a titim go feor,
Go cocánach ómarach buí,
Bhí lasadh ina leacain mar rós,
Is ar Éirinn ní neosfainn cérbh í.
Nuair a fhéachaim ‘na déidh insa ród,
Léimeann is óigeann mo chroí,
Is nach iontach san d’aon fhear ‘om shórd,
Bheith a géilleadh dá feorfholt cas buí.
Ná fuil aon fhear in ao’ chor i gc’róinn,
Ná ‘na sheasamh i bpóist* ag an Rí,
Ná go dtréigfeadh a chéile go deo,
Le haon tsearc dom stórach pé h-í.
Dá ngéilleadh an spéirbhean ‘om ghlór,
Cé gurb éaganta an gnó dhom é mhaíomh,
Do dhéanfainnse féin di gach gnó,
Do léirchuir i gcóir is i gcrích.
Do léifinn gach aon stair dom stór,
Is í bhréagadh ba mhian liom óm chroí,
Do bhéarfainn an chraobh di ina dóid,
Is ar Éirinn ní neosfinn cérbh í.
A sháirfhir mhómhail mhúinte gan cháim,
Cárbh ionadh liom stráille gan chrích,
Nó scráille ‘bheadh túrnaithe* ag mnáibh,
Gurbh fhonn leis a cháil do rith síos;
Ach údar tu a shiúlaig a lán,
Den Fhrainc is den Spáinn is cois Laoi,
‘Bheith ‘om thabhairtse chun cúntas sa bháb,
Is ar mh’iompar ná tráchtfainn cérbh í.
A sháirfhir bí páirteach liom héin,
Is gurb áirithe dá bhféadfainnse scrí’
Go bhfuil grá ‘gat do bhánchnis na gcraobh,
Dá bhfaghfá áirithe* ó aoinne cé h-í.
Ní c[h]áinte is ní h-ábhar ‘uit mé,
Is gur le dánaíocht a théim ort a mhaíomh,
Ní foláir nó tá cáim ar do scéal,
Mar is go bhfuil náire ort a lé’* dhúinn cé h-í.
Tá úrghaisín iontas dheas réidh
Sa tir seo go nglaonn siad Cíll Mhí,
Go bhfuil súchas le múineadh ‘na gné,
Agus dúchas le féile ag an mnaoi;
Is túirseach* is is dúch liom mar scéal,
Tu bheith ‘od túrnadh* ag an spéirbhean pé h-í,
Tabhair ‘cúntas go h-umhal uair don chléir,
Is ná diúltaig a lé’ dhúinn cé h-í.
Sí an chéadbhean í réilthean na n-óg,
Júnó nó Peailis gan teimheal,
Nó Déirdre na dtréan-each sa chóig*,
Lenar traochadh na hóigfhir dá droím;
Nó an spéirbhean chiúin bhéasach dheas óg,
Tá ar a dtaobh eile ‘theorainn go mbím,
Gur léi-se do pléadh an t-úll óir,
Is ar Éirinn ní neosfainn cérbh í.
- An Súisín Bán.
Do casadh orm fear is bean in uaigneas i dtráth,
I lúib na coille glaise leath-uair bheag roim lá,
Sé freagra adúrt sí liom go ciúin agus tláth,
Tá’n saol ina gcodladh is bogfaimín an Súisín bán.
D’aithníos ar bhaint na luachara aréir,
Go dtug bean searc is gean rómhór dom héin,
Do chuireas-sa mo thoil lena toil is do ghluaisíomair araon,
Is is minic a bhain bean slat a bhuailfeadh í féin.
Do imireas cleas i mBaile Uí Dhónaill aréir,
Is an tarna cleas go pras le fáinnín a lae,
An tríú cleas níl neart dom áireamh ar mo scéal,
Ach go meallfí bean dá leantaí dúthrachtín* léi.
Do bhíos-sa seal im b[]uachaill éadrom mear groí,
Do bhíos-sa seal is d’imireoinn cárta le mnaoi,
Do bhíos-sa seal is d’imireoinn cúig léi nó trí,
Chun gur dhin bhean so leangó liúnn* dem chroí.
Má bhíonn tú liom bí liom a stóir ghil mo chroí,
Má bhíonn tú liom bí liom os cómhair fhir a tí,
Má bhíonn tú liom bí liom is gur liom gach órlach dod’ chroí,
Is é mo léan mo chnoc nach liom Dia Domhnaig thu mar mhnaoi.
Ba mhaith liom bean d’fhanfadh bliain lena grá,
Ba mhaith liom bean d’fhanfadh bliain agus lá,
Níor mhaith liom bean a bheadh leat-sa agus liom-sa gach lá,
Mo ghrá-sa an bhean do lean ar an aon staid amháin.
Do threabhfainn is d’fhuirsinn, do chuirfinn síoltha insa chré,
Do dhéanfainn obair shocair mhín bhlasta réidh,
Do chuirfinn crú fí’n each is mire ar shiúlaig riamh an féar,
Is do éalódh bean le fear ná déanfadh san féin.
A Fhir úd soir a dul ad iarra na mná,
Fill thar n-ais is fan bliain eile mar atáir,
Mar bhfuileann tú éadrom tapaidh lúfar id chná’ibh,
Go mbuafaí ort i gcor de’n tSúisín Bhán.
Do chuas isteach mar a raibh searc is dianghrá mo chléibh,
Is do chuir an tseana-bhean amach me a casadh an tsúgáinín fhéir.
– Dhá amhrán measctha anseo ní foláir. Eag.
- Bean Dubh a Ghleanna.
Tá bó agam ar a sliabh
Is gan aoinne beo ‘na diaidh,
Ó chailleas-sa mo chiall le nóchar,
Dá seoladh soir is siar,
Is gach ball go ngabhann a ghrian,
Ó mhaidean go dubhadh an tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin ansúd
Sa bhall go mbíodh mo riún,
Titeann óm shúil sruth deortha,
Is a Rí úd thuas na nDúl,
Nach mór an damaint dúinn
Is gur bean dubh d’fhúig fí bhrón sinn.
Bean dubh a Ghleanna,
An bhean dubh dobh fhearra,
An bhean dubh ba dheise gáire,
Go bhfuil a grua mar an eala,
Is a píp mar a sneachta,
Is a cúm seang singil álainn.
Is mó ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh,
Is as san go Tuaim Uí Mheára,
Go bhfuil a dtriall is a dtarrac,
Ar eachaibh donna deasa,
A tnúth leis a mnaoi nduibh álainn.
Do gheobhainn bean sa Mhumhain,
Triúr ban i Laighin,
Is bean ó Rí geal Seoirse,
Bean na lúbaí mbuí,
D’fháiscfeadh me lena croí,
Bean is dá mhíle bó léi,
Iníon óg an iarla,
Atá go tinn dúch diachrach,
Ad iarraidh mise d’fháil le pósadh,
Ach dá bhfaghainnse féin mo reogha,
De mhná dú’ deasa an domhain,
Is í bean dubh ón nGleann dob fhearr liom.
A té chífeadh mo theach
Is gan de dhíon air ach seasc,
Is é ‘na shuí amuigh cois taoibh a bhóthair,
Mar a èiríonn an bheach
Is an lon as a nead,
Le grian is le teas a tSamhraidh;
Ach nuair a èiríonn suas an tslat,
Ní fhanann uirthi aon mheas,
Ach a tnúth leis an mbraínse is óige,
Mo chailín plúrach deas,
D’éalaig uaim le spreas,
Mo chúig céad slán go deo léi.
- Dónall Óg.
A Dhónaill óig dob fhearra dhuit mise aghat,
Ná bean uasal uaibhreach iomarcach,
Do chrúfainn bó is do dhéanfainn cuigeann duit,
Is dá mba chruaidh ‘uit do bhuailfinn buille leat.
Is déanach aréir do labhair a gadhar ort,
Do labhair a naoscach sa churraichín doimhinn ort,
Is tu id chaonaí aonair ar fuaid na gcoìllte,
Is go rabhair gan chéile go brách go bhfaghair me.
Do gheallais dómhsa ní gur dheacair duit,
Loingeas óir fé chrainn seol airigid,
Dá bhaile dhéag de bhailthí maragaidh,
Is baile cuain ar bruach na farraige.
(+Is cúirt bhreá aoldha cois taobh na farraige).
Do gheallais dómhsa ní nárbh fhéidir,
Go gcuirfá bróga de chroiceann éisc orm,
Lá’ainní míne de chlúmh na ngéanna,
Is culaith ‘en tsíoda ba dhaoire in Éirinn.
Do gheallais dómhsa is do dheinis bréag liom,
Go mbeifá romham ag cró na gcaerach,
Do leigeas fead agus cúig céad glao ort,
Ní bhfuaireas romham an an t-uan a méilig.
Do bhainis thoir is do bhainis thiar díom,
Do bhainis a ghealach is do bhainis a ghrian díom,
Do bhainis radharc na mban sa tsliabh díom,
Is is rómhór mh’eagla gur bhain tú Dia dhíom.
Och ochón is ní le h-ocaras,
Uireasa bí, dí ná codlata,
Fé ndeara dhómhsa bheith go tanaí trochailthe*,
Ach grá fir óir a bhreoig go follas me.
Dá mbeadh fhios agamsa gur ghabhais an t-áth so,
Do bhainfainn díom is do raghainn a snámh ann,
Do ólfainn deoch le h-ais* do shláinte,
Is do bheinn á ól chun go ndéanfadh tráig di.
Is moch ar maidin do chonnac an t-óigfhear,
Ar muin chapaill is anam go leor ann,
Do ritheas ‘na choinnibh is níor chuir sé stró orm,
Is ar bhfilleadh abhaile dhom do ghoileas mo dhóithin.
Tá mo chroí-se chómh dubh le h-áirne,
Nó le gual do bhuailfí i gceártain,
Nó le bonn bróige ar hallaíbh bána,
Lena fhaid nár chuala fuaim do gháire.
A ógánaig óig más ar lorg taoi,
Go stiúraí Dia thu i gcuan í a fháilthe*,
Úrlár lom is mórán gárlach,
A n-athair dall is iad gan mháthair.
( – Dúirt Máire é mar a bheadh an nimh ar an
aithinne – a rá go mbeadh rud amhaidh
is e a theacht chun chinn)
- A Mháire a Mhúirnín.
Tráthnóinín saoire ar buíochtaint na gréine,
Sea chuala do dhianghrá is í ag amhrán ‘na haonar,
Do shúios-sa cois cnocáin is d’éisteas léi tréimhse,
Is gur bhinn liom bheith á póga ná ag ól fíon na Gréige.
A Mháire is a mhúirnín is a lúibín na gcraobhfholt,
An cuimhin leat mar a shiúlaimís drúchtíní an fhéir ghlais?
Ar theacht na n-úll gcumhartha na gcnó buí is na caortha,
Sa bhall úd go ngabhaimís is dúch a bhím im aonar.
Dá dtiocfá-sa liúm-sa is é do chomhrá bheadh déanta,
Do bhéarfainn gan dabht duit fíon branda agus daorphuins,
Cíor mhín agus scáthan agus ribín de gach aon dath,
Is ó leó dul a chodladh ar leabaidh chlúimh éin leat.
A Mháire mar mh’anam do ghreadais me im íntinn,
Is d’fhágais me dealbh thar a m[]aireann de dhaoinibh,
Nuair a luím ar mo leabaidh is ort a bhím a cuíneamh,
Nuair a mhúisclim ar maidin – mh’osna tré’m chroí thu.
Is sé mo léan gan me sínte leat síos go dtí amáireach,
I mballín* beag uaigneach is gan a thuairisg aiged mháithrín,
Do shínfinn-se síos leat le dian díogras grá dhuit,
Agus mara mbeadh an éide ní thréigfinn go brách tu.
Nuair a théimse sa Róimh mar a ndéantar na sagairt dínn,
Fiafraíthear* díomsa ambíonn Sweetheart ag baile ‘gham,
Dúrtsa is ba bhréag dom riamh in ao’chor nár bhacas iad,
Is gurb í brídeach na gclaonrosc bhí dh’éis mo chroí ‘chealgadh.
Ar maidin Dia Domhnaig is deabhadh orm chun Aifrinn,
Cuirim orm mo léine is m’éide bhreá bheannaithe,
Nuair a chím chugham mo chúilionn tugaim súil uirthi ‘gan fhios di
Is gurb é do ghrá-sa a mhaighdean a bhain radharc geal na bhflaitheas díom
A shagairt a chroí istig tréigfead an fhaid mhairfead thu,
Is gur thoghais-se mar chéile i dtúis do shaoil chughat Muire bheannaithe;
Do thugais na leabhair di ná déanfá-sa a hatharach,
Is cucól ban Éireann ní dhéanfainn de mhnaoi a h-ainme.
Tré coillthibh ná tré ghleanntaibh má ghabhann tusa déanach,
Beadsa ar do thuairisc go bhfaghad uain ort uair éigin,
Sár ar baineadh a ghruaig díom sea luadh sínn le chéile,
Is ní bhfaghaidh mo chroí suaimhneas go mbeidh ualach uaim féin ort.
- An Corrán.
Ba ghreannúr an taibhreamh do deineadh aréir ‘om,
Go rugas ar mo chorrán is gur ghearr sé sa mhéir orm,
Do èiríos-sa im sheasamh, is is é an codladh bhí ‘om thraochadh,
Is go ndeigheas-sa as a leabaidh seacht slata dhen léim sin.
San óil óil!
Bhí triúr acu ‘om chomáint is harrá acu a gluaiseacht,
Is gaoth ag á ndórnóin* a gabhail ar mo ghuailibh,
Allus ‘na shruthán ‘na lagán* anuas liom,
Is ní fheicinn mo chorrán bhí an tiomáint chomh mór san.
San óil óil!
B’fhearr liom dul sealad a crochadh na ndaoine,
Nó síos go Rinn Mheachan ag obair lá is oíche,
Nó imeacht ar maidin a gearradh na ride*,
Lem chorrán ar stealladh a cuir allais mo chroí dhíom.
San óil óil!
B’fhusa liom titim sa tine naoi n-uaire,
Nó i gcorcán an uisce a bheadh a friuchaidh gan fuaradh,
Nó é chuir a citeal * le fuinneamh im chluasaibh,
Ná dul i measc meithil lem chorrán gan trua dhom.
San óil óil!
Raghad go Port Láirge an chéad lá gheod cead ghluaiste,
Ceannóidh mé mála a bheidh lán dá chuid buainmhis*
Do chanafás bhreá álainn do bheadh láidir chun gluaiste,
Is dob fhusa liom bás d’fháil ná an corrán so a luadh liom.
San óil óil!
Beir leitir uaim siar go dtí iarla na hEireann,
Gurb é an corrán so a chéas me d’fhág iarsma lem’ shaol orm,
Do bhí sé chomh géar is a léithéid sin d’fhaor air,
Go ngearrfadh sé an diach ‘á bhfaghadh iarracht sa mhéir air.
San óil óil!
Tá gabha geal sa Spáin is ní thráchtaim in ao’ chor air,
Eascaine an Phápa is na bhfáigí go léir air,
Go gcaillidh sé a shláinte is go brách nár gheibhid faeseamh,
I ndéanamh a chorráin seo nár fág cuíosach maol é!
San óil óil!
- Veast agus Carabhat.
Is fada tá fuaim a gluaiseacht eadarainn,
Is tuar chun sparainne i gClár Uí Néill,
Ó bhaile na tuatha go bruach na farraige,
Uabhar agus eagla is ár ar Ghaeil.
Tá siosma rómhór sa chuan so in aice linn,
An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn,
A silleadh na súl a tabhairt comhairle bhur leasa dhíbh,
Táimse im chodladh nó is fíor mo scéal.
Is a bhuachaillí an chroí ná bígse* in earraid liom,
Mar is díbh do chanaim mo ráite béil,
Tigeann osna óm chroí nuair a chím ná leanann sibh,
Dlí na hEagailse is áille méin,
Ach ag imeacht le baois a déana aimhlis ‘úr n-anamann,
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearathal,
Geallaimse díbh go bhfuil bhúr namhaid a magadh fúibh,
Táimse im chodladh nó is fíor mo scéal.
Ar thaisce ná ar stór ar ór ná ar airigead,
Mo bhrón ní d’aire acu ach bruíon is plé,
I leavair is i móide, ag ól is ag acharann,
Is mórchuid bhreacaid den bhánpháipéar.
Ar thíocht a tseisiúin bíonn crónphoic bailithe,
Is eachtra mór acu ar a Roman Catholic,
Ag ithe is ag ól is bhúr bpócaí a teannadh leo,
Táimse im chodladh nó is fíor mo scéal.
Nach ionadh liúm ná múineann dada sibh,
Comhairle sagairt ná cúrsaí an tsaeil.
Cá bhfuil bhur gcaraid sa chúirt,
Lá an phlé nó an acharainn,
Chun bhúr gcúis do thagairt nó bhúr gcás do phlé?
Ná feiceann sibh rómhaibh bhur gcomharsain ceangailthe,
Fí ghlasaibh go dlúth is gan súil le casadh acu,
A díol airigid le búir a tnúth lena gcaradas,
Táimse im chodladh nó is fíor mo scéal.
…….
Is iad a dá bhall a thug bhúr gceann fí tharcaisne,
Is do thairrig dlí na nGall i gceann gach baile agaibh,
Geallaimse dhíbh gur fann sibh eatorthu,
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal.
Sé teagasc na cléire is réir na h-Eagailse,
An tslí mar a mheasaim ab fhearr chun Dé,
Is ní h-a’ dul go dtí an t-aonach le faor go fearagach,
Tréan fé arm chun lá’ch na bp’léar.
Nach dealbh a scéal á lé’ ag Gallachoin,
Gurb iad Clanna Gael atá a déana an acharainn,
A fealladh ar a chéile ar gach taobh den tseana-cheairt,
Veast agus Carabhat bán do thréig.
- An Fia Buí.
Maidin Dia Luain dom
Is me ar fíorbharr na stuaice,
Is me a féachaint siar ó thuaidh
Ar thalamh Sheáin Uí Choill,
Sead chonnacsa an fia seo a gluaiseacht
Go hard de dhroím na gcuanta,
A adharca bhí go buacach
A fás trí bharr a chinn.
Siúd isteach me féinig
A triall ar Mhr. Healy,
Féachaint a raibh an raidhfil taobh leis
Nó a lá’chfadh sé an fia buí,
Ní raibh a raidhfil taobh leis
Ná an púdar ann in ao’ chor,
Is do scaoileamair chun slé’ é
Amach chun a Choimín.
Níor chuireamair suím ‘na dhuanta
Is do leanamairne suas é,
Donncha Ó Loíngse bhí lastuas de
Agus Seumas lena thaoibh,
Do chasamairne anuas é
Is do mharaíomair go suairc é,
Is nach calama an tuairisc sin
Ar bhuachaillí ár mbaill.
Do rugamair an barr linn
Ó bhuachaillí Chill Átha,
Gleann Fleisce do bhí lán díobh
Is a lán acu sa choill,
Do chonnaic Fiús agus Seán Óg é
Is go deimhin díbh Daineo Dhónaill,
San deabhas fear riamh a chuaidh ‘na scórnainn*
Ach bráthair Chrochúir Chaím.
Sé dúirt Ainí Dhónaill
Nár roinneadh é ar fónamh,
Ná fuair lé leath a dóithin
De leatóin* an fhia bhuí,
Gheo’ sibh go léir é,
Geobhaidh is Beití Céaraí,
Sweetheart a tsiúinéara,
Is ní hé dearmhad Mheaig Chroimín.
Ar maidin Dia Máirt dom,
Is me im chodladh go ró-álainn,
Níor mhothuíos uaim mo chomarádaí,
Go raibh sé i sráid Neidín,
An tseithe bhí sa mhála,
Is a láir dhonn a bhí ‘ge ón máistir,
Púnt a bhí ‘á bhárr againn
Is nárbh álainn é ár spraoi.
- Réidhchnoc Mná Duibhe.
Is fada dhom ar buaireamh a cur tuairisc mo ghrá,
I gcoilltibh dú’ uaigneach’ im ruagairt chun fáin,
A savail ní bhfuaras cé gur chuardaíos a lán,
Ó Gheataíbh na Tuatha go bruach geal na trá.
Dá gcastaí de ruaig me i gCnoc uasal Mná Duí’
Mar a ghnáthaíodh mo stuaire go h-uasal ‘na suí,
Ba chas cíortha dualach a cuacha léi síos,
Ar gach taoibh ‘á guaillibh a luascadh le gaoith.
Dá gcastaí mo ghrá orm ba nár liom gan suí,
Chun go leogfainn mo lámh ar a bráid nó ar a cín,
Sé dúirt sí fóill fág me, ní h-ávar ‘uit sínn,
Is gur bean dúch ar fán me cé gur thárla it shlí.
Ní bean dubh in ao’ chor me féin adúirt sí,
Ach cailín ciúin tréitheach ón dtaobh thall de Laoi,
Nár shín síos a taobh deas le h-aon fhear sa ríocht,
Ach bog suas do ghéaga, táim déanach óm bhuín*.
*buíon, muintir
Tá cailín donn deas ar a mbaile go mbím,
Is is gile í ná an sneachta is ná an eala ar a línn,
Dá mbeadh an oíche a cuir sheaca níorbh fhada liom í,
D’fhonn éaló thar caise le grá geal mo chroí.
Sí cara gheal mo chroí istig mo chaoinchailín mná,
Mo dhá láimh ‘na tímpeall is dob aoibhinn dár gcás,
Ba bhreá deas a braoighe is a clí ghlan gan cháim,
Le h-áilneacht a gníortha is gan í ‘gam dá bharr.
Níl scrí’ is níl lé’ agam chun mo scéal a chur síos,
Le heagla na bréige do dhéanamh in aon tslí,
Gurb iad slua sí na gréine tháinig taobh liom sa tslí,
Is do fhuadaig me óm ghaolthaibh go Réidhchnoc Mná Duí’.
Nach aoibhinn do na h-éiníní d’èiríonn go h-ard,
Is do luíonn lena chéile ar aon chraoibh amháin,
Ní mar sin dom féin ná dom chéad míle grá,
Mar is fada óna chéile orainn do èiríonn an lá.
###
- Trí’m thaisteal siúil.
Tré’m thaisteal siúil do casadh chugainn san oíche aréir,
Cois na srúille* gile cumhartha agus Laoi na gcraobh,
Sea theangaig liúm an ainnir fhionn dob áille scéimh,
Is a deilbh siúd, dob fhada an cúrsa dá dtráchtainn é.
Bhí a ciabhfholt fionn go casta búclach go fáinneach léi,
A braoithe cúmtha is a pearsain úirdheis is a bráid mar aol,
Do bhí gile is lú[n]radh an tsneachtaidh phlúraig agus scáil na gcaor,
Is gur ghlaise a súil ná an criostal* drúchta ar barr an fhéir.
Do dhruid sí liúm go cneasta ciúin go grámhar séimh,
Is do chorraig bún* cé gur caite brúite do tharla sé,
Do bhíos ar lúth dá dtigeadh liúm is mo thácla* im’ shaol,
Is go mb’aite liúm ná ba na Mumhan go mbeinn páirteach léi.
*bonn, fúm?
Dé bheatha chughainn a bhláth na n-úll is áille scéimh,
Godé an baile púirt gur ghavais chughainn nó aird ’en tsaol,
Fios t’ainm tabhair sára scarair liúm ded ráitibh béil,
Go dtugad cúntas, do fhearaibh Mumhan chun fáscadh id dhéidh.
An aoinne dhen triúr thu bhí i ngleic an úill ag Páras maol,
Do tháinig chughainn-ne le cleasaibh ciúine i lár a lae,
De dheascaibh iontaig cogadh dúch agus ár na Trae,
Is go n-èiríodh smúit gach maidin chiúin go hard den Ghréig.
Fios mo rúinse le leogaint chúghat ba nár liom é,
Go gcaithfeadh súd cé gur deocair liúm, é rá óm bhéal,
Gur me craobh* na clú thar mnáibh na Mumhan a lán dem shaol,
Cé táim to túirseach a gol i gcúncas, sí Gráinne Mhaol.
Lagar* chughat cé gur deocair liúm é rá as mo bhéal,
Mara ‘mó cúrsa agat á thabhairt liom go gránna claon,
Leis a mbrúidig leathanchútaig* bhálthaig mhéith
Go seasc id chlúid is mac a phriúnsa ar fán id dhéidh.
*thick-necked cf cúta FGB
Bead ar siúl is ní thiocfad chughaibh go brách lem shaol,
Mara dtigidh liúm mo chéile riúin an ghárda thréan,
Go gcrithid búir ar bharr na dtúnn le cáitheadh p’léar,
Is go mbidh a gclaite cúil* ‘na nglacaibh siúd do ghearras féar.
- Do thugas grá cléibh dhuit.
Do thugas grá cléibh ‘uit a spéirbhean ar dtúis,
Nuair a léigeas mo shiúl ar do bhánchnis,
Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór atá im thrúnc,
Go mbeifeá sa chúinne aigem (mh)áithrín,
Do bheadh do leabaidh ghlanchóirithe ó ló dhuit sa rúm,
Is do mhachaí breá bó bheidís romhat chun a gcrú,
Chuirfinn búcalái id’ bhrógaibh luach chróinneach is púnt,
Is a stóirín na tabharfá do lámh dhom.
Ní thabharfainn mo lámh ‘uit go brách le haon fhonn,
Is beir scéal uaim anonn go dtí do mháithrín,
Go bhfuaras do thuairisc go suarach ar dtúis,
Go n-ólfá do thriús i dti’ an táirne,
Gur minic ‘sa scór* ort ó ch’róinn go dtí púnt,
A cailliúint do stóir* le mná ósta gan chlú,
Is tar éis díol le fear ceoil ná beadh feoirling id’ phúits*,
Is an dóigh leat cé thabharfadh bean bhreá dhuit?
Ná creidse na bréaga go léir athá ar siúl,
Is gurb annamh mo shiúl i dti’ an táirne,
Is go bhfuil airgead im phócaí is mórchuid de im thrúnc,
Is nár ólas riamh púnt ar aon láthair.
Tá a mhalairt de ghnó agam sa bhFómhar athá chughainn,
A baint gharraithe prátái is a cur stácaí ar a mbúnn,
Mo mhachaí atá lán de bhuaibh bána agus dú’
Is gan aoinne ghá gcrú ach mo mháithrín.
(Véarsaí breise ó “Cornaí C” 🙂
(Tá fear siopa in Eochaill do gheobhainnse go h-umhal,
Is is dócha gurb é siúd ab fhearr liom,
Tá a díol as mo mháistir an ráithe athá chughainn,
Is gan dabht is ansúd bhead im scoláire,
Do thógas ar láimh í go lána beag cúng,
Ba ghairid ‘na dhéidh sin go raibh daorphuins á tál,
Do b’fhearr í chun glaoite ná aoinne sa rúm,
Is dhíol sí go h-umhal as a dtáinig.
Ar maidin amáireach nuair èirig a drúcht,
Do liúig sí is do bhéic ar a máithrín,
Do fhliuch sí a cuid éadaig le braonach a súl,
Is do lé’* sí go dtabharfainn chun fáin í.
Dúrt-sa lé éisteacht is déanamh go ciúin,
Go raghainn a díol eorna go hEochaill na lúng,
Chuirfainn scata breá caerach ar an aonach so chughainn,
Is go bpósfainn im rúm í gan spleáchas.)
Do ritheas a bóthar is a cóngar anonn,
Is ní fheaca in aon chúinne den tsráid é,
Do dhruideas go suarach fí thuairim a tí,
Is do bhí ionadh ar na daoine cá dtánag,
Dá fhaid a bhí an bóthar ní dúirt sí liom suí,
Ná bain díot do chlóca go n-ólam braon dí,
Gurb é deireadh na comharsain nárbh fhónta é mo shlí,
Ná raibh ao’ bhall go luífinn go lá ‘ge.
Bhí seanabhean túirseach sa chúinne ‘na luí,
Is cé bheadh ansúd ach a mháithrín,
Bairlín bheag fhuar anuas uirthi ón síon,
Is gan ao’ phioc de dhíon uirthi ón mbáistig,
Dá mhéid a bhí a cruatan ní bhfuair sí braon dí,
Ach caitín is uaill* aige a cuardach a tí,
Seanduine stuacach ar fhuarma ‘na shuí,
Is gan ao’ phioc ‘na phíopa ach é a cnáireach*.
Cá bhfuil na stácaí do bhí tímpeall do thí,
Is cá bhfuil do chaoire le n-áireamh,
Cá bhfuil an eorna a bhí in Eochaill á díol,
Is cá bhfuil do bha cíordubh is bána?
Má bhíos-sa chomh bocht is gur ghéilleas dod shlí,
Imeoidh an méid sin sa spéir leis a ngaoith,
Ní phósfainn lem shaol tu dá dtéinn ar a bhflít,
Is mairfidh me’choíche ar mo shnáthaid.
1. Is fada is is gairid a shiúlaíos.
Is fada is is gairid a shiúlaíos
Ó tógadh ar dtúis me go h-óg,
Ó Chaiseal go Daingean Uí Chúise
Is ó Oileán na Long go dtí an Cóbh,
Chun go ndeigheas do ruig an chaillig ba mheasa insa dúthaig,
Go raibh allait* i gcrúsca aici im’ chómhair,
Bláthach gur fhás mothall* clúimh uirthi,
Is do bhearrfadh gan blúire den tsóp*.
Nuair ba mhithid liom mo mharagadh d’éileamh,
Is gasta a dúirt léirbhean* a tí,
An duine thu ar mearathal céille,
Nó an mar sin do dhéanfainn-se cíos,
Tá bille anso agam as do bhéile,
Is tuille as do léine do ní,
Is do réir mar a thuigim don réir sin,
Is uiriste an t-éileamh do dhíol.
Nár chuire Dia rachmas sa tsaol chughat,
Dá léire athá tú dhe mhnaoi,
Ná scilling in ionadh a chéile,
Do dhéanfadh an t-éileamh a dhíol.
Lámh leat ar mála na déirce,
Lán an ghátair is éilithe an chíos,
Chuaigh ad iarraidh fáltais mo phá beag
Ag baint réil as mo léine do ní!,
1. Trí’m reathaibh siúil.
Tré’m reathaibh siúil cois leasa ar drúcht,
Maidin chiúin is me im aonar,
Sea do dhearcas an chúilionn chneasta mhúinte,
Is ba bhreátha a gnúis ná Héilean,
Bhi a ciabhfholt fionn cas léi go h-úr,
Go scáineach* fonsach néamhrach,
Go péarlach búclach dréimireach lúbach,
A téacht go drúcht ‘na shlaod léi.
Nuair a dhearcas í gan snas mar bhí,
Ina haice suí ba mhéin liom,
Chun go n-aithrinn* dí, cad as, cérbh í,
Ciacu Peailis í nó Héilean.
Nó an diabhean do chlaoigh Aictéin sa choill,
Lena chonairt choímhthig féinig,
Nó an spéirbhean tí lenar éalaig Naois,
Is gan bhréag dá droím gur traochadh.
*cf. aitim FGB
Is cneasta caoin is is blasta bínn,
Do fhreagair sí me a Gaeilge,
A shéimhfhir ghroí ní h-aoinne sínn,
Den méid sin mhaís ded’ bhréithre.
Ach spéirbhean sínn atá céasta claoite,
Ag tréantreibh fhíll an éithig,
Is mo chéile chaoin gan séanadh* buín,
Is do bhéaras díol gan bhaol dóibh.
Tá lámh Rí an Domhnaig leis a bhFrancach,
Is gach ball go nglaonn cath,
Níl rí ná pabhar dá airde ann,
Ná go bhfágfadh fann lag traochta iad.
An rí fuair scanradh is a t-ímpire i dteannta,
Is a bhuín seo fann lag traochta,
Sceimhle agus feall le díolthas ceann,
Gan moill chun dream a Bhéarla!
Is gairid gan mhoill go dtiocfaidh an fhlít,
Do chuaigh uainn síos, go Clár Luirc,
Is le ceol a gclaíomh go dtógfaidís
An ceo atá ar chroí gach sárfhir.
Fuasclóidh cinn atá ar easpa fíona,
Is gheobhaidh flaith Gaelaigh uainn fáilthe,
Is líontar sitheach an gloine timpeall,
Agus ólaimís a sláinte!
Deirín dualach, deirín dualach,
Beidh ba ag Mairín ar ‘ mbuaile,
Deirín díream, deirín díream,
Beidh mná a cárdáil is asníom líon duit,
Deirín díream, deirín díream,
Beidh fir abrácáil is a cuir síl duit,
Deirín díream, deirín díream,
Ó Luan go Satharann seachtain gan saoire.
2. Tuireamh Mhuintir Choill.
Ar luí ar mo leabaidh dom le taitneamh ó Phébus,
Is gan smaointe ar chleasaibh ná ar bheartaibh an tsaoil seo,
Sea chuala an fhuaim agus an t-éirleach,
Ag gol ban sí agus ní ina h-aonar.
Bhú luisne* na mainne le taitneamh ó Phébus,
Is do dhruideas le h-ainnir ga gheanavail scéimhchruth,
Thugas mo hata chun tailimh go réidh liom,
Is do umhlaíos dom (mh)úirnín go béasach.
Cad tá uait, adúirt a ghéillbhean*
Shoineanta s[h]uairc ba stuama bréithre,
Tuairisc bhúr mbuartha agus bhur ngéarghoil,
A thabhairt i dtráth dhom, fáth dhá m’bé toil.*
*fhéilbhean?
Neosfad duit cé gur docht mar scéal é,
Cad as duit, nár chlois tú féin é,
Gurb iad muintir Choill na caoinfhir mhaorga,
Ó Dhrom a Chláraig do bádh sa Déarlinn?
Inis a n-ainm dom a ainnir na gcraobhfholt,
Cé gur gairid ó bhaile mo gaol leo,
Is cruinn a thug freagra thapaidh nár thaodach,
Gurb iad Séamas agus Diarmaid na séimhfhir.
Do stopas, do thochtas*, do ghoileas in aonacht,
Is do rith óm roscaibh sruthanna déara,
Do tháinig chumha, smúit agus éicliops*,
Os mo chionn ar ghnúis na spéarach.
Do tháinig a doiricheacht obann is écó*,
Cnoic a scolthadh is ag oscailt ó chéile,
Ó Ghúgán Barra go h-avann na gClaedach,
Is ó Chum na n-Éag go Béal a Chéama.
Is oth liom a máithrín go cráite céasta,
A leinbh is a mná go brathach ‘na n-éamais,
A ndriotháir óg is é is mó léan liom,
A siúl a bhóthair ar seol* go Béarra.
Ón lá a treascaradh flatha na Féinne,
I gcathaibh Gavra i dteannta a chéile,
Nó triúr cloinne Uisnig in Uladh le Déirdre,
Aon trua ní chuala go dtí an scéal so.
Lá cruinnithe an chatha ‘na seasamh ar aonach,
I gcoinnibh a navad níorbh eagal go staonfadh,
Bhí fuinneamn is tapa thar beartaibh ‘na ngéagaibh,
Cé gur deineadh a leabaidh sa bhfarraige bhréidig*.
*bréideach = bréitseach FGB
Greadadh ar a nimh sin do dhin a t-éirleach,
Nár leog ‘óibh casadh ar fairsinge Théitis,
Dúirt Diaiólus* gur cóir a dhéanamh,
A súncáil is a n-iompáil gan saoradh.
Dá bhféadfainn freagaint in eagnaíocht bréithre,
Fraincis, Laidean sa teanga ‘mhúin Hérbart,
Nuair a chruinnig an trúp san Úir Mhic Phéinics,
Am thitim an túir i gclúid a chéile. [?]
Do gheobhain gnó ‘n fhaid mhairfinn dá mb’fhada é mo shaogal,
Stopfad is aircfead* ar Athair na naomh ngeal,Eochair na bhFlaitheas do chasadh go h-éasca,
Agus oscailt dá n-anam go Cathair an ÉinMhic.
*cf. aitim FGB
3. Seán an Bhríste Leathair.
Nuair a bhíos i dtúis mo shaoil
Ag èirí suas im’ leanbh,
Bhí orm greann gach aoinne
Mar is me peata an cheana,
Do bhíos-sa a suirí le léidí
Go raibh uirthi véil* il banait,
Is do shíleas go bhfaghainn gach ao’ bhean,
Ó bhí orm bríste leathair.
(Curfá:)
Sé do dé ro léi, sé do dé ro leaidí,
Sé do dé ro léi, Seán ‘sa bhríste leathair.
Nuair a bhíos-sa bliain is fiche d’aois,
Sin é nuair a dhnéinnse an gaisge,
Ní iarrfainn ach naoi gciscéim,
Chun dul de léim thar geata,
Do thógainn naoi leathchéad
Le lúth mo ghéag ón dtalamh,
Sé dúirt an spéirbhean óg,
Dia led’ bhríste leathair!
Sé do dé ro léi etc.
Bhíos-sa lá ar an aonach,
Suas ar fad go steainding*,
Ché chífinn ach a chúilionn,
Is í a ceannach úlla is craicears,
Nuair a chonnaic sí chúici mé,
Do bhain sí an véil dá banait,
Is is cruinn a thug fé ndeara,
Shape mo bhríste leathair!
Bhí orm culaith dheas néata,
Dóthain rí na marcais,
Casóg den ghlasbhréide*,
Is veistín gléigeal bheargain*,
Stoicín den ghlaschaerach*,
Bróigín Gaelach smeartha,
Haitín íseal Quaker,
Is smeig* den bhríste leathair.
Tráthnóinín beag déanach,
Is mise a teacht abhaile,
Cé chífinn ag iompó an chúinne,
Ach an chúilionn is í im’ fhaire,
Do dhruid sí liom go dlúth,
Is do labhair sí liom go cneasta,
Is do chuir sí nimh* a súl
I dtóin mo bhríste leathair.
Do thugas crothadh lámh di,
Nuair a fuaireas féin an t-offer,
Do chuamar go tig a tábhairne,
Is bhíomair ag ól go maidean,
Sé dúirt sí lá ‘r na mháireach,
Gur measa me ná a h-athair,
Is ná scarfadh sí go brách,
Le Seán a bhríste leathair.
Do ghluais a hathair is a máthair,
Á cuardach ar fuaid a bhaile,
Fuaradar mise is Máire,
I dtig a tábhairne ar leabhaidh,
Nuair a fhágamair an áit sin,
Chuamair go tig a tsagairt,
Is do fuaireas baile is stáit*,
De bharr mo bhríste leathair.
Ar buille a chlog san oíche,
Sea chuamair go dtí’n cottage,
Ní rug ao’ phioc ‘en lá orainn,
Go ndeigheamair isteach thar geata,
Ba bhinne leat ceol préachán,
I neadacha i mbarr na gcranna,
Freestone ar a wác,
Isteach ar fad go halla.
Bhí an pórtaeir* ann ar gárda,
Is an lodge ar scáth* a gheata,
Bhí ann an buachaill stábla,
Is é máirseáil a chuid capall,
An cóisteoir ann fí lásaí,
Is a lámh aige in a* hata,
Is iad go léir a fáilthiú,
Roime Sheán a bhríste leathair.
Bhí an búistéir ann is a chléibhéir*,
Tar éis caerach is mairt a ghearradh,
Bhí ann an buitiléaraí,
Is é a cur faor ar sceanaibh.
Fios ar ím chun tae,
An déirí* is bean a bhainne,
Is gach aoinne ‘na oifig féin,
Roime Sheán a bhríste leathair.
Bhí an gárdnaeir* ann is a bhoscaed,
A thurnapaí is a mheacain,
Sugar-loaf is kales,
Kidney béans is salads,
An laundry maid is a cócaire,
A cuir a gcroí amach ag allas,
A cuir dínnéir i dtreo*,
Do Sheán a bhríste leathair.
Bhí an dínnéar ann ar áilleacht,
Dóthain rí no marcuis,
Do bhí ann mór-uaisle na h-áite,
Go leor isteach thar baile*.
Do bhí ann sagart na paróiste,
An bráthair is an t-easbog,
Is iad go léir ag ól sláinte,
Sheáin a bhríste leathair.
Nuair a dh’itheamair ár ndóthain,
Is do ólamair ár n-acfainn,
Do seinneadh suas trí cheol,
Do Sheán a bhríste leathair.
Do rincinn héin le Máire,
Is is róbhreá bhuailinn talamh,
Is do bhídís a sciúngadh* gáire,
Le fuaim mo bhríste leathair.
D’fhiafraig an duine uasal díom,
Cá bhfuaras an bríste leathair,
Dúrtsa féining leis
Gur smut de chroiceann roithe* é ,
Ba dheas ba néata a vásta,
A bhfórm is a phleapa*,
Is ní raibh aon locht sa tsaol air,
Ach a oscada ‘bheith a crapadh*.
*reithe
4. Éirigh id shuí a bhuachaill..
Èirig it’ shuí a bhuachaill agus gléas ort do ghearrán,
Is féach gad í an straire í siúd thuas ar a gcnocán,
Is bean a t-ionadh dhá guaille bheith suaite is dá slinneáin,
Ag troimíocht a gruaige is ag dualainn* a cocán*.
A ógánaig a chúilchraobhaig god é an taobh ar a mbíonn tú,
Nó a bhfuileann tú gan chéile nó an it aonar a luíonn tú?
Nílim gan chéile is ní him’ aonar a luím-se,
Is cé hé sin á fhiafraí nó an aoinne beo ‘en tír thú.
An amhal’ ná h-aithníonn tú féin me a lao liom is a mhaoinig,
Gur me cailín a chúilchraobhaig a bhiodh taobh leat san oíche,
Ní haithníonn tú me in ao’ chor mar níor fhan ao phioc dom ghnaoi* orm,
Do iontaig dath na cré* orm na gréine is na gaoithe.
Céad moladh le hÍosa nár shíneas mo lámh chughat,
Ná feicfead coíche arís tu, a uain dhílis na n-árann*,
Chífir go díreach is is cruinn* ‘uit gach lá me,
Is beidh me im shí gaoithe romhat sínte ar na bántaibh.
(<Peig nó Conaí:
Beir mo mhallacht chun mo mháthair is go brách brách chun mh’athar,
Nár leog dom tu phósadh nuair a bhíos beo im bheatha,
Nuair is dóigh lem (mh)uíntir go mbím-se ar mo leabaidh,
Ar do thuama sea bhím sínte ó oíche go maidin.)
An cuimhin leat-sa an oíche úd go rabhas-sa agus tusa,
Fí dhuilliúr na craoí(bhe) ‘muigh is an oíche a cuir chuisne,
Mo dhá láimh it thímpeall agus mh’íntinnse ‘gatsa,
Is go deo do shíleas ná scaoilfeadh ár gcumann.
An cuimhin leatsa an oíche úd do bhíos ag an bhfuinneoig,
Gur shíneas mo lámh chughat is gur fháisgis orm barróg,
Do shíneas-sa síos leat mar is im’ chroí ná raibh an urachóid,
Is bhíomair-ne i gcomhluadar gur chualamair an fhuiseog.
Bhíonn mo mhuintin a gabháil dom bráithre agus sagairt,
I dtaobh bheith i ngrá leat a Mháire is tú marbh,
Mo scáth ar a ngaoth thu, is mo dhíon tu ar a bhfearthainn,
Is mo ghrianán lae is oíche is tú sínte lag marbh.
Bíonn mo mhuintir a plé liom nuair ná pósfainnse Trìona,
Go mbeadh bruscáinín* bó aici is ór agá muíntir,
Dá ndéanfainnse an gnó san is dócha go mbeinn thíos leis,
Go mbeadh mo shochraid a g’oil a bhóthair mar nós aigem (mh)uíntir.
Nuair is dóigh lem’ (mh)uíntir gur im’ luí bhím ar mo leabaidh.
Ar do thuama sea bhímse ó oíche go maidean,
A cuir mo chás síos duit is a síorghol fhí mhairg,
I ndiaidh mo chailín chiúin stuama do luadh liom ina leanbh.
Beir mo mhallacht leat chun mo mháthar is go brách brách chun m’athar,
Is an chuid eile dem cháirde is a lán san go dtagaidh,
Nár leog dom tu phósadh an fhaid a bhíos-sa im bheatha,
Ná [tú] bheith im’ chaoineadh is me sínte lag marbh.
*Cúpla amhrán le chéile thuas is dóigh liom. Eag.
5. Maidin aoibhinn Shamhraidh.
(Fonn: Raca Breá mo Chinn – geall leis).
Maidin aoibhinn Shamhraidh i lár a tSamhraidh ghil,
Sea chuala an iníon is a mháthair a caismirt i dtaobh an fhir,
Sé dúirt an iníon go dána: A mháithrín ná bí liom*,
Pósfad fear ní foláir ‘om nó raghad dom bhá sa tsruth.
-Èist a thoice ghránna is leod dod’ ráite baois,
Más a cuimhneamh ar fhear atánn tú is a luíod a tháinig th’aois.
-Táim dhá bhliain is ráithe is a ceathair déag más fíor,
Is pósfad fear ní foláir ‘om nó raghad dom b[h]á sa linn.
A iníon dá dtabharfainn spré dhuit, cá bhfaghfá féinig fear?
-A mháithrín ní bheadh baol orm faid a mhairfidh Seán na gcleas,
A crú na mbó sa Ghaortha bhios, nuair adúirt sé “Is tú mo bhean,
Searc is rún mo chléibh tu, is éalód leat gan stad!”
Dá n-èireodh tiadh* do Sheáinín is a rá na gheodh sé leat?
Dá n-èiríodh féin a mháithrín, is gearr a bheinn gan fear,
Do gheoinn buachaill bó nó caerach gréasaí nó fear cleas,
Is imeoidh me le duine éigin, siúd is ná raghainn ach seal!
6. Raca Breá mo Chinn.
Maidear aoibhinn Fhómhair is me a gabháil a bóthair síos,
Sea do casadh cailín óg orm, a crú a bó sea bhí,
Ba ghile í ná sneachta ar mhórchnoc, bhí scáil na rós ‘na gnaoi,
Sé mo léan ná fuilimse pósta leat, a stóirín óig mo chroí.
Is maith an t-am chun pósta é, a bhuachaill óig dúirt sí,
Sár a dtigidh a thuilleadh dhen Fhómhar orainn
Is go gcuiream an mhóin i gcrích,
Ach tair go tig an óil liom is ar stól a bheam ‘nár suí,
Glaoig ar puins do dhóthain agus leigse dhómhsa an díol.
Is dúch an bhean go lá me, is is buartha cráite bhím,
Níl dúil i ngreim ná i ngáire ‘gham chun go bhfaghad im láimh é rís,
Tá mo ghruaig liom síos ‘na táthaibh* is gan náid do réifeadh í,
Is cad a dhéanfad féin, a mháithrín, gan reaca bhreá mo chínn.
A ‘níon ná goil cráite is ná bíodh mairg ort dá dhroím,
Geo’ sé an tslí anso amáireach is cuir céad fáilte roí(mhi)s,
Socaraig suíochán ard do in imeall nó ar lár a tí,
Tóg a hata id láimh leat, is gheoir do reaca arís.
Do stadas ar feadh neomait ag éisteacht leo sea bhíos,
Cois leataoibh claí na teorann is mo reaca im p[]óca thíos,
Do thugassa fia na feola* cé gur breoite bhíos im’ chroí,
Gur mhaith a saol fadó é sara dtáinig ár ngnó chun crích’.
Ba mhaith an fear sa bhFómhar me, an té go mbeadh gnó ‘ge dhíom,
Do dhéanfainn cruach nó stáca is do thógfainn bearna chlaí,
Do threabhfainn iomaire bháin duit is do chrothfainn gráinne dhen tsíol,
Do thógfainn súiste im láimh dheis dá bhfaghainn mo shásamh díol.
7. Raghadsa is mo Bhean..
Raghadsa is mo bhean ar a maragadh,
Raghadsa is mo bhean ar an aonach,
Raghadsa is mo bhean i dti’ an tavairne,
Raghadsa is mo bhean is gach ao’ bhall.
Toréalach a chím ar a maragadh,
Toréalach a chím ar an aonach,
Toréalach a chím i dti’ an tavairne,
Toréalach a chím is gach ao’ bhall.
Hurá cé bhuailfeadh mo mhadra,
Hurá cé stracfadh mo chába,
Hurá cé déarfadh gur gaige me,
Is gur bráthair ‘om Toréalach Láidir.
Mise an an té bhuailfeadh do mhadra,
Mise an té stracfadh do chába,
Mise an té déarfadh gur gaige thu,
Is is cuma liom cé h-é do bhráthair.
Seo chúghaibh é chúghaibhig* é, a chailíní,
Seo chughaibh é, a chailíní an réice,
Seo chughaibh é chúghaibhig é a chailíní,
Mise tá ann is ní baol díbh!
8. Do Phreabas anonn..
Do phreabas anonn go Carra na Siúire,
I mbaile bheag chúng ag aoireacht,
Mar a gcaithinn bheith umhal ar maidin le drúcht,
Is capaill a thabhairt ó shléitibh,
Bhí seanduine túirseach caite sa chúinne,
Ag ainnir dheis chiúin mar chéile,
Do mheallas í siúd go Luimneach liúm,
Is do leanadar trúp ‘na déidh me.
Ormsa do chuaigh an coiste* go cruaidh,
Ar maidin Dia Luain is me im aonar,
Ag iomarca an tsluaig ad iarraidh í bhreith uaim,
Is mise go buartha léanmhar.
Mo chreach fhada chruaidh gan a cailín deas suairc,
Go dtugas-sa greann* mo chléibh di,
Gan í agamsa thuaidh ag Corcaig na gCuan,
Mar a labhrann a chuach lá gréine.
Ar leabaidh nuair a luím is tuirseach a bhím,
Is ar maidin arís ní h-aos* dom,
Gach fear eile bhíonn is a bhean lena thaoibh,
Is beag a t-ionadh dhá chroí bheith aerach.
A chumainn mo chroí nach damanta an ní,
Mar a chodlaim an oíche im’ aonar,
Is grá geal mo chroí ar a mbaile go mbím,
Is ná leogfí chun sínte léi me.
Mo chreach is mo leir gan Neillí agus mé,
In imeall a tslé’ nó in uaigneas,
Gan foithin sa tsaol bhéith orainn araon,
Ach leabaidh mhaith fhéir nó luachra.
Do ghuífinn chun Dé is chughaibhse go léir,
Go ndúblóinn gaol* léi an uair sin,
Is go rachainn de léim idir a dá géig,
Dá gcaillfainn ó phréimh na cluasa.
Ambasa a Sheáin, a chumann is a ghrá,
Ní thabharfainn do pháirtse d’aonfhear,
Gur ghile liom do cáil* teacht insa tsráid,
Ná fir is na ná mná na hÉireann.
Ach gob é airím á rá acu,
Go bhfuilid do cháirde in earraid
Is a gabháil ‘na thaobh leat,
Malairt is fearr bíodh agatsa i dtráth,
Is beadsa aigem (mh)áithrín féinig.
*scáil, dáil?
(nilímid cruinn an leis an amhrán so an chéad rann ach is é an fonn
céanna atá orthu. PóB))
9. An Táilliúir Aerach.
Ar chualabhair is ar chualabhair is ar chualabhair an scéal úd,
Is ar chualabhair is ar chualabhair is ar chualabhair an scéal úd,
Is ar chualabhair is ar chualabhair is ar chualabhair an scéal úd,
Gur imigh mo bhean lis a dtáilliúir aerach?
(Curfá:)
San ding deaing deadró san ding ding deaing déaró,
San ding deaing deadró buail seo, séid seo,
San ding deaing deadró san ding ding deaing déaró,
Is cá bhfuil a buachaill do bhfuailfeadh is do shéadfadh?
Is gairid a chífead claí ná cladán*,
Is is gairid fóiríor, ná poll trí chorcán,
Ó mar tá mo chroí-se líonta dhe c(a)llán,
Is is mairg fear fíorbhocht go mbíonn bean bhreá ‘ge!
San ding deaing deadró etc.
Is d’imig mo dhúil i diúgadh an chainnín,
Is d’imig mo dhúil i súgradh an chailín,
Is d’imig mo chúl do bhí búcalach cas buí,
Do chailleas-sa mo shiúl mo lúth agus mh’ealaíon*.
San ding deaing deadró etc.
Is sin beirt bhan ná gabhann le chéile,
Bean ‘ táilliúra agus bean a tuíncéara,
Ó do ghaibh a bhean ar a seana-mhnaoi aosta,
Is do fhág san adharc* ar a dtáilliúir aerach.
San ding deaing deadró etc.
Do chaitheas seacht seachtaine i i mbarra Chnoic Bhréanainn,
Is gan de ghnó ‘gham ach bheith dhá haoireacht,
Do thit mo chodladh orm lá breá gréine,
Is d’iming sí uaim leis a dtáilliúir aerach.
San ding deaing deadró etc.
10. An Sparán Buí.
Lá breá Domhnaig is me ag gabháil tré Má Chromtha,
Bhí mo rogha agam fuinis* nó fíon,
Mná na gceannaithe is a gclócaí dearaga,
Is iad a tabhairt aire don bhramach bhuí.
(Curfá:)
Maragadh mondae,
maragadh mondae
maragadh mondae an sparán buí,
Maragadh mondae, do cailleadh go dona é,
Is is duine me ar thuairisc an sparáin bhuí!
Do chonnac inné é is do chonnac aréir é,
I mBaile an Mhistéalaig ag ól na dí,
Triúr peidléirí agus iad in aonacht,
A rince is a pléireacht an sparáin bhuí.
Maragadh mondae etc
Bhí sé ag Diarmaid, an lean nár liarne*,
Gur cailleadh sa bhfiach é i ndiaidh toirc ní(mhe),
Bhí Fionn ad iarraidh é leigheas ó phiantaibh,
Mara mbeadh spiaireacht an Chonáin Mhaoil.
Maragadh mondae etc
*<an laoch nár liairne? liairne DIL =leisciúil
Bhí sé ag Óivid ba chruinn sa chómhaireamh,
Agus sealad ag Hómar le h-ór do scrí’
Do thug Maol na mBó é de mhnaoi fhir pósta,
Is dá droím gur seoladh an tóir thar toínn.
Maragadh mondae etc
(Bhíodh “Maragadh mór é is mairg ná fuair é” ann).
11. An Goirtín Eornan.
Is buachaillín fíor-óg me is go bhfóire orm Rí na nGrást,
Thug searc do chailín óg i dtig an óil is í ‘na cóiriú gearr,
Ní raibh hata uirthi ná húda ná búcla bheadh déanta ‘e phrás,
Ach téip i gcluaid a bróige ‘sí mo stór í chun go bhfagha me bás.
Do cheannaíos buidéal réitig dom féinig is dom (mh)íle stór,
Chun slán a leogaint léi-se, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Braon ní raghadh ‘na béal de is do mhéadaig san dhá dtrian mo bhrón,
Is a chruithneacht plúr bhan Éireann id dhéigse ní mhairfead beo.
Dá mbeinn-se thall i Sasana is mo phas* agam ó láimh a rí,
Mo shiúirín ghaoil im aice agam is cneasta deas a phógfainn í,
Is síoraí déanamh leanna meis dá scaipeadh ar mo cháirde gaoil,
Is a Chríost nach mór an damaint sin, phearsa eagailse is é i ngrá le mnaoi.
Dá bhfaghainn-se féin cead labhartha do dhéanfainn babhta agus malairt mná,
Is ní phósfainn féin aon ramharthach* is ní thabharfainn di searc ná grá,
Do phósfainn cailín mómhail deas, do bhréagfadh mo leanbh bán,
Mo mhallachtsa gan dabht don té thoghfadh na seanamhná.
(Ní fheadar a mbaineann an rann deireannach leis an amhrán PÓB).
12. An Rámhann.
Éistígse a dhaoine go n-inseodsa scéal díbh,
Mo rámhann bhreá leathan ar mhaide gur ghléas,
Do imthíos Dia Satharainn in anaithe an tsaothair*,
Is bhíos i Rinn Mheachan a bhios chun Aifreann d’éisteacht,
Is a dtuigeann tú mo chás a bhean a tábhairne gan aon locht?
Do leogas-sa mo arm* cois falla a bhí taobh liom,
Mar a raibh cuid des an fearaibh a leanadh mo chéirdse,
Do tháinig lucht na ngarraithe ár stracadh óna chéile,
Is ar ch’róinn sa tseachtain is gairid gur réidheamair,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Do chuamairne abhaile le bodach is le méirleach,
Is ba mhoch ar maidin a leog sé glao orainn,
Do thugas seacht seachtaine fada as a chéile,
Is gur mhinic an t-allas dem leacain dá thaoscadh,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Nuair a chuímhníos ar a mbaile is do bhí caite ‘gham mo thréimhse,
Do chuireas mo chuid airigid go taiscithe im léine,
Dúrt ná scaipfinn aon leithphinge ‘en méid sin,
Go gceannaínn bó bhainne do leanfadh lem shaol díom,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Bhíos a cuíneamh is a machtnamh is ag faire ar gach ao’ bhean,
Do bhíos-sa mar sin go maidean lae an aonaig,
Nuair a bhíos i ngar don mharagadh a bheith déanta,
Tháinig stráille* im aice is a mhaide draíghin éille*,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Téanam liúmsa agus tarraig t’éirnist*,
Tá bó ar mh’aithne is fearr ná an bhléineann,
Is í is mó bainne ar an bailtibh le chéile,
Is má bhionn tú gearr in airigead is fada go nglaofar,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Do chuamair isteach go rúimín aolmhar,
Mar a raibh an chiúrach* á crú le féile,
Mar a mbíodh a galún lán ar a gclár gan traochadh,
Nuair a bhíodh sé óltha ba sheoltha a glaoch me,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Do bhíomair mar sin go h-avarc an lae anoir,
Dá ól is dá scaipeadh is dá chaitheamh le gach aoinne,
Chun ná raibh feoirling im spaga ná leithphinge im’ léine,
Is tar éis a raibh caite agam bhí a thuilleadh aici á éileamh,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
Ó mhuise a scrúille díol an méid sin,
Do ghlaoig sé ar chárt is dúirt go ndéanfadh,
D’imith sé go tapaidh cois falla a bhí taobh leis,
Is d’fhág sé mise is bean a leanna á tharrac óna chéile,
Is a dtuigeann tú mo chás etc.
13. Do chodlaíos féin i dtig aréir.
Do chodlaíos féin i dtig aréir,
Is is tuirseach tréith a bhí mo chuisle,
Sé an comhrá béil a bhí acu go léir,
Ná m’iníon féin is an poc ar buile,
(Curfá:)
Níl sé ‘na lá ná ‘na lá,
Níl sé ‘na lá ná ‘na mhaidin,
Níl sé ‘na lá ná ‘na lá,
Ach bean dá rá is í mar mhagadh.
Tá an caoire ag itheadh an gheamhair,
Is tá an gamhna ag ól an bhainne,
Tá na coilig a glaoch,
Is is córa dhómhsa triall abhaile!
Buailim síos is buailim suas,
Buailim cluain ar bhean a leanna,
Is amhla a bhíonn mo chroí dhá dhó,
Nuair a bhionn mo phócaí dealbh.
Èirig id shuí a fhir a tí,
Is cuir umat do bhríste agus do hata,
Chun go gcoimeádaidh tú cuileachta shuairc,
D’fhear a chroí mhóir go maidean,
Ná h-èirig id shuí a fhir a tí,
Is ná cuir umat do bhríste ná do hata,
An dá dheabhas* braon ded’ chuidse dí,
A raghaidh im chroí an fhaid a mhairfead.
(Rann:)
Tá liúnn ar a mbaile seo thiar,
Liúnn gan chiall gan chuimhne,
Tugann sé radharc do dhallaibh,
Is cuireann sé bacaig a rínce!
14. ###
77. Táim in Arréars.
Siúd ort* a mháthair mo chéile,
Ná feaca ar aonach riamh fós,
Diúg ort is caith suas a braon so,
Is beimíd araon go maith fós!
(Curfá:)
Táim in arriars in arriars,
Is táim in arriars ag mnaoi an óil,
Táim in arriars in arriars,
Is is baolach gan díol as go deo!
Is beag orm gaige gan éifeacht,
Do raghadh ar an aonach gan gnó,
Do mhaífeadh le máthair a chéile,
Go n-ólfadh sé spré cailín óig.
A chaille do thugais a t-éitheach,
Nior ólas do ghé ná do bhó,
Is go deimhin sár a bhfágfad a t-aonach,
Go n-ólfa mé an léine dhet thóin.
Ceannóidh mé carabhat suíleach*,
Is gan dearamad búcla im b[]róig,
Hata trí bhfeirceann’ is stiúir* air,
Is maig* air anonn chun ti’ an óil.
Tá banda dhen draoib ar mo hata,
Is mo charabhat scaoilthe fí’m sceoig*,
Mo peirivic a bhíonn ‘na sop r(e)atha,
Is is stracaithe a bhíonn mo chasóg.
Cómhaile do fuaras-sa féinig,
Ó sheanduine aerach go leor,
Go mb’fhearra dhom scilling chun éadaig,
Ná í fhágaint im’ dhéidh i dtí’ an óil.
Ólaimís sláinte an fhir cheannsa,
Is a maireann dá amhlachas* beo,
An sparán ní fhaiscfeam an tsreang* air,
Ach an fhaid a bheam ann beam ag ól.
15. A Mháire Ní Laoire ó Bhéal an Chéama..
(Donncha Bán:)
A Mhaire Ní Laoire ó Bhéal a Chéama,
Mara mbíodh os maol mhúscailt,
An amhla éagais, ná h-airím ao’ phioc,
De ghuth do bhéil á thiúscailt (thionnscailt),
Ní ar airís aoinne ‘gabháil moch ná déanach
Sa Ghleann so taobh le Diúchoill,
Do neosfadh scéal beag ar chúrsái an tsaogail,
Is Clanna Gael i gcúngrach.
(Máire Ní Laoire)
Do chuala scéal beag anois go déanach,
Ag fiodóg slé’ ó Dhiúchoill,
Go suífeadh téarma gan moíll in Éirinn,
Do chuirfeadh béir ar gcúlaibh,
Go mbeadh reipéilears i bhfórsaí tréana,
Is grásta Dé á stiúriú.
Is an bhuín seo an Bhéarla gan fíon gan féasta,
Is cáitheadh p’léar á múisgilt.
(Donncha Bán)
Go n-èirí an saol leis a bhfiodóig shlé’ sin,
Do thug an scéal sin chughatsa,
Le grá dod’ mhéin ghlain, thar mhnáibh na hÉirinn,
A bhláth is a chraobh na n-údar.
Ach má tánn tú éasca chun lámhach le béaraibh,
Is a bhfágaint tréith le púdar,
Tá an cháirde taobh linn le grásta an Éinmhic,
Do cheap an téarma ar dtúis dóibh.
(Máire Ní Laoire)
A mhic a deá-athar do chuala trácht ort,
Gur mhaith do cháil sa dúthaig,
Séan is áthas is sliocht fí bhláth ort,
Do chuirfidh c’rráiste is fonn ort.
Le toil an ArdMhic is nár théad fí’n mbán ghlas,
To bhfeicead rás ar bhúraibh,
A gcapaill fánach is a srianta gearrtha,
Is iad gan aird gan tiú(n)scal.
16. A Luí dhom ar mo Leabaidh..
A luí dhom ar mo leabaidh go h-atuirseach léanmhar,
Is me a machtnamh liom féin ar mo chéad mhíle stór,
Do bhí go mómhail soineanta truipeallach péarlach,
Ba gheanavail a h-éadan is ba mhaiseavail ‘cló;
Bhí a ciabh léi ar baillichrith is a leaca mar rós,
Is do théinnse dhá féachaint go minic insa ló,
Sé mo léan nach ar farraige ná i Sasana an Bhéarla,
Do cailleadh me féin sara ráinig sí im threo.
Ní n-í bean Thuath na Droman ná fós bean Má Chromtha,
Ná bean Áth a Teampaill thá dhéis mo chroí ‘chrá,
Bean Chill Mhuire ná Droichead na Bandan,
Ná mná an Bhaile Ghalldha cé gur mór iad le rá.
Bean Shráid a Mhuilinn ná bean Gleann na Láine,
Bean Béal a Mháma ná Muisire an cheoigh,
Bean Átha Bolg ná bean Barr a Chárthainn,
Ach bean athá in áit nár áiríos díbh fós.
Ar mo ghabháil tríd a mbaile,
Go nglaoid siad Gleann Cam air,
Sea dhearcas an ainnir gur chailleas mo mheabhair léi,
Go soineanta mómhail im choinnibh sa ród,
Do ritheas ‘na coinnibh is do chuireas* chun labhairt léi,
Is cheapas gan dabht suí ‘na fochair go fóill,
A riúnaig is a chogaraig druid anso anall liom,
Is tabhair ‘om gan clampar cúpla póg.
Do fhreagair an ainnir me go fearagach namhdach,
A dhuine nach toghail* mar a dhruideann tú im’ threo,
Ná tair im ghaire cé gur deacair gan labhairt leat,
Do dhuine dhot’ fhoghlaim a bhíonn a teagasc na n-óg.
Ná fuil fhios agatsa gur mór athá i dteannta,
In Ifreann fann lag de dheascaibh ban óg,
Ní áirím go deirid gur díomhaoin do dhromsa,
Is ná tabharfadh aon chabhair dom chun grafadh ná rómhair.
A riúnaig is a chogaraig ná creidse na dánta,
Is gur feasach do (a)lán go ndéanfainn duit gnó,
Do romharfainn do ghrafainn do dhéanfainn a stáca,
Is do léimfainn an pháile* dá ráineodh sí im threo.
Do ríncfinn do rithfinn do bhréagfainn bean mhánla,
Do scríobhfainn gan cháim dá bhfaghainn peann im dhóid,
Dá dtéadh sé air* dómhsa go meallódh* mo cheárd-sa,
Táim-se gan spléachas ábalta ar rómhar.
*[?meathfódh]
Do shiúlaíos-sa Corcaig is ceantar na Blárnan,
Is níor stadas den stáir sin go ndeigheas go dtí an Cóbh,
Síos chun Cluian Meala is chun Tiobrad Árann,
Is do shiúlaíos alán tímpeall Ráth Mhóir,
Síos chun Cill Choinnigh si chun Baile na Cáige,
Contae Phort Láirge agus síos chun Tír Eoghain,
A h-amhail ní fheacha gru fhilleas ar m’áitreabh,
Is líontar chughainn cárt is bímís ag ól!
17. Lá dá rabhas-sa.
Lá dá rabhas-sa i ngleann im aonar,
A fiach go haerach is mo choin lem thaoibh,
I espied a damsel with handsome faytures,
Who was dressed most nately in her mantel green.
Bhí scáil ‘na leacainar dhath na rósies,
Is ba bhinne a glórtha ná ceoltha sí,
Her love and friendship appeared through nature,
I wished her daily to live with me.
Do ritheas in coinnibh is mo chlaíomh im dhóid dheis,
Is d’fhiosras den óigbhean an linne tu mar mhnaoi,
She answered me kindly, Sir don’t tease me,
For I am intoxicated by Luther’s breed.
Tá mo chlannsa gach am á dtraochadh,
Le seal dá gcéasadh ag teaicsaisí [ag tax sayes she?],
But if you’ll join me we will release them,
And set Mileisius at liberty.
Do fhios a h-ainm ceart den ainnir mhaorga,
Go caoin tais béasach le córtaisí*,
Or was she Helen that handsome faymale,
Who dressed most nately beyond all queens?
Do fhreagair go tapaidh is go blasta i nGaelainn,
Is bean me traochadh le téarma dlí,
I’m a long time waiting for liberation,
And my name is Erin for verity.
Tá flít láidir a teacht fí ardbhrat,
Anall thar sáile do chabhródh línn,
Our Catholic boys will withour alarm,
Break the outlaw ban and tyranny.
Beam go dílis ‘nar suí i dti’ an tábhairne,
Ag ól fíon Spáinneach a glaoch is a díol,
We’ll sow our seeds and weed them after,
And grind the corn for Clanna Gaíol.
(Ó leabhar Freeman, bhí cuid acu so aici
leis sa tseanracht PÓB🙂
Is mar léimíd cúntas i leabhar na n-údar,
Beidh na búir seo go dúch fí bhrón,
And our Catholic true men will soon outdo them,
And the orange poorans* from them we’ll grown.
Beidh Ó Conaill clúvail a plé don chúilionn,
Agus déanfaidh cúntas don chailín óg.
Our blessed Jubilee form Rome we’ll soon have,
And our lands made free from wild bunch* once more.
Is tá prionsa Gaelach in iarthar Éireann,
I nDoire Fhionáin aolmhar ar bhruach na síon,
Where our great plándar[?] with might and damer[?],
And set our nation from bondage free.
Beidh an Ghaeilge go cróga gléasta,
Agus scaipfid daorsmacht gan bhroid sa tír,
Our sweat and labour we’ll have from Damer,
And to perjured traitors we’ll pay no fees.
Mo ghrá dár nAthair do cheap na grásta,
Béam rúnpháirteach go brách arís,
And led by our pastors who read in the altar,
And the full commandments we are bound to keep.
Beidh an ainnir úd do bheannaig Pádraig,
Á riar go sásta idir Clanna Gaeil,
We’ll sow our seeds an weed them after,
And grind our corn and plant more seeds.
18. Maidin Bhog Aoibhinn.
Maidin bhog aoibhinn cois taoibh an ghleanna,
Lem’ thaoibh gur thaisteal óigbhean,
Ba bhreátha a braoithe is a dlaoi-fholt daite,
Is bhí a píb mar shneachta ar mórchnoc.
Do phreab mo chroí le díogras taitneamh,
Is le h-éigean searc dá cló ghlain,
Sé an freagra línn: Suig síos a ghaige!
Nuair a shíleas-sa bheith á pógadh.
Ní gaige me in ao’ chor ná réice magaidh,
Ná straeire ar easba eolais,
Is na úd leavair inné go léidís na sagairt,
Níor chuireas riamh bean gan nóchar,
Mara bpógfainn féinig a béilín meala,
Agus luí lé seal ar stróireacht*,
A chogaraig mo chléibh tá an t-éag am’ ghlacadh,
Téanam abhaile agus pós me!
Fanfadsa gan pósadh is dócha anois,
Ó stróire dhonaí* dhet’ shórt-sa,
Do tharraig go h-óg chughat ól agus imirt,
Spórt agus clis is mórtais.
Do cheap mo chóngais cómhairle dhom,
Gan speois* a chuir id’ ghlórthaibh,
Ach imig ort a bóthar a reogaire dhuine,
Do shórd ní bheadh ar fónamh!
A ainnir na lúb ná diúlthaig me,
Is go dtabharfainn cion is cóir duit,
Is thar mnáibh na Mumhan is tú mo chuid*,
Is go siúlóinn leat an Eóraip.
Chuirfainn bróg chaol chumtha is búcla ínti ort,
Gúna silk is clóca,
Iach* mear lúfar fútsa a rioth,
Do gheoir siúd agus puins ar bórd uaim.
*each
A fharaire shúgaig an úrla bhoig,
Is a phlúr thar fhearaibh óga,
Gur glaise ar do shúil ná an drúcht ar muir,
Is gur binne ar do ghuth ná an smólach,
Tairse liúm fí fhonn anois,
Is tá súil agam ná neosfair,
Do hata go h-umhal fím’ chúlsa cuir,
Ar a ndrúcht sára bhfliuchadh feor sinn!
19. Teagasc bheirim díbh.
Teagasc bheirim díbh gan chealg óm’ chroí,
A ghasara an ghníomh-éachtaig,
Stopaidh* d’bhúr n-olc, is leogaidh d’bhúr bplot,
Is leanaidh den toil dhaonacht;
Go bhfuil tine gan stop in Ifreann docht,
Go gcuirfear gach aon[?] go ndaorfar,
Is an té dhruidfead an deoch ‘na gcoinnibh ón loch,
Gur scilling ina bpurse féin é.
Féachaidhidh* arís bearta agus baois,
Cleasa agus brí an tsaogail,
Is gach ar imig le mian cé cumasach iad,
Gach duine acu i ndiaidh a chéile,
Féachaidhidh cár thriall ar imig uainn riamh,
Laoch-churaí agus Fianna Éireann,
Gur thiteadar romhainn mar choiste* dhen cheo,
Is táid siad ar feo ag daolaibh.
Féachaidhidh arís bearta agus baois,
Lá chruinnithe an tsaoil bhraonaig,
Is go dtiocfaidh Mac Dé is a choiste lina thaoibh,
Chun sinne go léir d’éisteacht*.
Suífidh Sé amuigh ar mhaoilinn a chnoic,
Go fíochmhar insa Chrois Chéasta,
Beidh a leabhar aige in a láimh, is léifidh sé go h-ard,
A tabhairt cúntais ar ál Éabha.
Tiocfaidh aduaidh go danaideach* fuar,
Deamhain is a slua gléasta,
Is béarfaidh siad síos go hIfreann díobh,
Gach anam ar droím a daorfar;
Silfidh siad go bog deoir óna rosc,
is goilfidh siad go docht éigneach,
Screadfaidh siad ansúd ar Pheadar go dlúth,
Sealad do thabhairt dá saoradh.
Tiocfaidh aneas go beanaithe an bhean,
Is í Ainnir na dTreabh Naofa í,
Is gach anam a bheidh saor ó Bhreitheamh na Naomh,
Go Flaithis gan chéim béarfaidh;
Níl aoinne insa chúirt is mó aige dar liúm,
Ná a bhanarthla bhúig mhaorga,
Do gheobha sí ansúd a [?] aithne a súl,
Ón leanbh go dtug sú a cléibh do.
###
20. A Shárfhir Chaoin.
(Liam Ó Suibhne na Buile do chum é seo do shaor
ar a dTóchar a ghortaig a chos, is go ndúirt go
mb’fhearr leis bheith a bachachas ná bheith a
saoirseacht).
A sháirfhir chaoin agus a chomharsa, agus a bhráthair ghaoil, a Dhónaill,
An deargnimh seo d’ólas do scól mise im chroí,
Ach mar sin féin ní leor dom an faraire seo an Tóchair,
Do leogaint as a gcóngar ó ghnóthaibh an bhaíll.
Cé dhéanfaidh tithe móre idir fallaí is adhmad tógtha,
Ceartaithe go rómhaith agus cóir orthu ón síon,
Cupúrd deas is cómhairle?* chest agus drawers agus bórd deas,
Gach uile ní den tsórd san agus gnóthanna ná maím.
*’cómhainle’?
Agus más gluaiseacht feasta is fearr leat
Agus gur chaithis uait do cheárd ghlan,
Ón dtuaigh taoi caite cráite agus ó ard-óbair fhill,
Ceartaig chughat gach áise dá n-oirfeadh dhuit chun soláthair,
Cleith is adharc* is mála agus fém’ láimh gheoir brief.
Cuir ort clóca bréide, a bheidh a dul ar leith* na léithe,
Bíodh do mhaide croise a léimrig i ndoras gach aon tí,
Bíodh caipín tanaí gléigean is den anairt bhoig féd’ bhéabhar,
Agus smachtaig bacaig Éireann chughat féinig fá chíos.
Bí cúinneach cneasach ceáfrach fuadrach gliste dána,
A bualadh bob ar mhnáibh agus na gártha agat go bínn,
Fuaim do theangan ardaig le duan na mbréithre ghráfadh*
Is geoidh tú móchuid ollna agus praisce is gan áireamh ar uí(bhe).
Caithfir bheith id foreman ar bhacaig na Fódhla,
I gcaibideal agus i gcómhairse* agus i ndóirsíbh gach tí,
Beidh a gcáibíní ‘na nóiirnibh a beannachadh insa ród duit,
Agus i dtoibraibh órtha* ní leomhfaidh siad suí.
Nuair a thabharfaidh tú an scriob san cois Bónabán[?] mórthímpeall,
Tuig istig it’ íntinn díobh péacu an bhreis,
Má ghlacann tuirse ón slí thu, suigh i mbun do shaoirseacht,
Agus ar choimirc Muire agus Íosa sea guím dhuit bheith.
21. Mo Ghrá go léir tu.
(Fear is cailín a bhí geallta dá chéile. Chuaigh an fear go h-America is
gheall sé teacht thar n-ais i gcionn chúig mblian. Bhí sí pósta nuair a
tháinig sé abhaile..)
Bean: Mo ghrá go léir tu agus Dé do bheatha chugham,
Mo ghrá do shúile agus t’éadan leathan geal,
Mo ghrá do chroí nár smaoin gan ceangal liom,
Agus mo ghrá m’fhear óg agus mo bhrón bheith scartha leat.
Fear: Níl id ghrá-sa ach mar a bheadh mám den tsneachta amuigh,
Nó silleadh slé’ tar éis na fearthainne,
Nó cúr lae Márta ‘thiománfadh caise amach,
Nó puis* den ghaoith de dhroím na farraige.
Bean: Cá bfeacaís mo ghrá-sa ná mo pháirt led atharach,
Ná me a dul leo ag ól ar bórd go ceannasach,
I dtaobh is nár smaoineas im chroí ná im aigne,
Luí id’ chlúid is gan tú liom ceangailthe.
Fear: Ná cuímhnig choíche gur smaoineas masla dhuit,
Ná tú bhreith liúm gan chead ód banartlarg
I dtaobh is gan amhras go mb’fhearr liom agam tú
Ná an dá aspal déag ná saoradh mh’anama.
Bean: Glaoig-se ar Dhia anois go dian chun t’anama,
Agus ar an Mhaighdean naofa, sí an chéile is fearra dhuit,
Mar is í thabharfaidh saor tu lá dhaortha t’anama,
Agus scair lem’ ghrá agus lem’ pháirt an fhaid mhairfidh tú.
Fear: Ní scarfad led’ ghrá ná led’ pháirt an fhaid mhairfidh mé,
Ná go ceann seacht mbliana tar éis dul sa talamh dom,
Do chéile fós níor shín ar leabaidh leat,
Agus go deimhin nuair a shínfidh, sínfeadsa eadaraibh.
Bean: Is gránna an grá san tar éis lánchuid cheana dhom,
Bheith a cuir m’fhir phósta go deo deo in earraid liom,
A troid is a coímheascar, a bruíon is ag acharann,
Is gan tusa bheith beo agam chun mo bhrón duit d’aithris.
22. Cath Dhiarmaid na Bearnan.
Is atuirseach cásmhar lag amaideach cráite,
A thiteann gach lá liom le sealad,
Ó chuala an gearán so a bhí ar Dhiarmaid na Beárnan,
Is oth liom a chás díbh le n-aithris.
Do tháinig an ráib glan go Droichead a Chláir,
Is do chuaidh go tig a tábhairne mar chleachtaig,
Ag glaoch ar an cártaibh is dá riaradh ar na táintibh,
Ba chosúil é i ngabháil glain le Bacchus.
Mar do bhí sé fial fáilteach sa bhaile mar a ráitear,
Do fhan sé ar an áit sin ar feadh tamaill,
Tháinig slibire dána nó sceaivinjeir* sráide,
Is do thóg leis an mála thar falla.
A valait a bhí lán díbh ná féadfainn dhíbh áireamh,
Bhe cat ceanann breá ann mar mheasaim,
Ná fágfadh francach ar stáca ná luch in aon áras,
Is is easnamh thar barr é don bhaile.
Nuair a tháinig sé a gearán liom do mhóidíos don tsáirfhear,
Go gcaithfí é sholáthar abhaile,
Do ghlaoas-sa suas láithreach ar Stiana is ar dhriothair dom,
Is d’iming gan spás insna reathaibh.
Treasna na n-ard is chun cuan geal Cionn tSáile,
Is ar fhilleadh dó ghabháil trí Barrachon,
San Ablaig do crádh is do greadadh thar barr é,
Is ba dhóbair é bhá in Áth Ceatainn.