Gúgán Barra

le Seán Ó Muimhneacháin

Tráthnóna Domhnaigh is mé liom féin
Is mé brúite, claoite ag cúrsaí an tsaoil,
M’aigne lán de bhrón is bhuairt
Is mo chroí bhí dubhach, dólásach duairc,
Scamall im’ cheann agus deor im’ shúil.
Leanas mo thriall, ba chiúin é an gleann –
Gur shroicheas gan bhárthainn bruach na habhann.
Uisce ar sileadh go ceolmhar binn
Thar carraig, thar cloch ins gach poll is linn.
Gach caise ag rith is ag síorchrónán,
Ag preabadh le háthas ón nGúgán.

Leath an loch os mo chomhair go ciúin
Agus scáil na sléibhte le feiscint fúm.
Ba ghorm í an spéir is an loch ina chlár
Is oileán beag diamhar ansúd ina lár;
Ealaí go gleoite gléineach aolta
Ag gluaiseacht go grástúil mómhar maorga;
Lon is smólach ag ceol go binn,
Spideog, glasóg is gan dabht dreoilín;
Creabhair is naoscach is an circín fraoigh
Is a nead fé cheilt go dlúth sa díog;
Nádúr go líonmhar bríomhar beo.
Ní hionadh gur tháinig ann fadó
Fionnbarra naofa ag cúrdach Dé
Is i ngleann an uaignis go bhfuair sé é.

Ghluaiseas le gairdeas siar sa ghleann
Gur scaras lem’ bhrón i measc na gcrann;
Duilliúr na gcraobh go tiubh os mo chionn
‘Gus brat bog caonaigh mar shíoda fúm.
Leanas go ciúin cosáinín sléibhe,
Ag dreapadh le hais srutháinín glé;
Monabhar an uisce ag rith le fánaidh,
Mar cheol im’ chluas, im’ chroí mar bhalsam.

Nuair a shroicheas an barr do shéid an ghaoth
‘Gus bhraitheas im’ aghaidh anál bhog Dé.
Leath an radharc romham go híor na spéire
Is d’fhanas im’ shuí go luí na gréine.
Na sléibhte timpeall is an loch mar sheod;
Mo chroí ag at im’ chliabh le bród.
Scaip an duairceas mar a scaipeann ceo;
A Dhia, nárbh aoibhinn dom a bheith beo.
Nárbh aoibhinn an radharc é pár na spéire,
Daite le hór ag luí na gréine.
Síocháin im’ thimpeall i ndeireadh an lae
Is mé liom féin i gcomhluadar Dé.

Bhogas is bhíogas is shíneas mo chnámha,
‘Gus ghluaiseas comh héadrom le cleite ar snámh.
Ba luaimneach, ba luafar is ba luath í mo chéim,
Bhí carraig is cnoc ina mhachaire réidh.
Bhí grásta im’ anam is meidhir im’ chroí,
Ní raibh orm duairceas, dúbhrón ná imní.
Bhí loinnir im’ shúile ‘gus ceol im’ cheann
Gur bhraitheas chomh súgach le smólach ar chrann.
Céad moladh ‘gus glóir don aon Dia amháin
A thug dúinn mar íocshláinte an Gúgán

Freagra