Naomh Gobnait – Aingeal Coimhdeachta Múscraí

Naomh Gobnait, Harry Clarke

le Dónal Ó hÉalaithe

Ní féidir a rá le cruinneas, cathain a tháinig Naomh Gobnait go Baile Mhúirne, ach is é an tuairim is treise, gur i meán na seachtú haoise é, breis agus 1,300 bliain ó shin. Na húdair a thráchtann uirthi, tá malairt tuairmí ag cuid acu fúithi, ach, is é an tuairim is coitianta, gur de Chonnachtaibh í, agus de shíol Chonaire Mhóir, agus réitíonn mór-chuid de bhéalaithris na sean leis an dtuairim seo. Is é seo tuairim ana-chuid sean-scoláirí agus scríbhneoirí, údair mar na Ceithre Máistirí, an Colgánach, Dáibhéad Ó Bruadair, Don Philip Ó Súilleabháin agus Seathrún Céitinn agus ainmníonn beirt acu Gobnait mar cheann de Naoimh mhóra na hÉireann.

Teampaillín Ghobnait, Inis Oírr

Tá fothrach ‘san oileán is sia siar de na hAirge, i mBá na Gaillimhe, Inis Thiar, ar a nglaotar Teampaillín Ghobnatan agus dealraíonn an scéal gur chaith Naomh Gobnait tréimhse éigin de thosach a saoil ann agus gur ann a bhí sí nuair a chuir Dia aingeal chuici chun a insint di, nach ann a bheadh a haiséirí ach in áit ina bhfaigheadh sí naoi gcinn d’fhiannaibh bána ina luí i dteannta a chéile. Do bhuail Gobnait bóthar gan mhoill agus tar éis di Inis Thiar a fhágaint do lean sí traidisiún taistil na nGael agus d’iompaigh deiseal agus is mó áit i ndeisceart na hÉireann atá tionnuiche fé’n a coimirce.

I mBéal Átha Grean i gContae Luimní, sé mhíle lastuaidh de Ráth Luirc, tá tobair bheannaithe Ghobnatan agus dáltha Bhaile Mhúirne tugtar turasanna ann ar an aonú lá déag d’Fheabhra. Le hais an tobair seo tá ardán talún ar a dtugtar Cnocán na mBuachaillí, agus deir béaloideas an cheantair linn, aon fhear óg a sheasódh ar an gcnocán san lá le Gobnatan go mbeadh sé pósta laistigh de bhliain. Ghluais Gobnait léi soir ó dheas gur shroich sé an áit ar a dtugtar Cill Gobnait, lámh le Dún Garbháin, i gContae Phortláirge agus bíodh is go dtugtar turasanna fós ann ina honóir, níl mórán eolais ag muintir an cheantair ar Ghobnait ach go dtáinig sí ar chapall bán agus gur bheannaigh sí a bparóiste in aghaidh tóirneacha agus tintreacha. D’iompaigh Gobnait siar ó Dhún Garbháin agus tá tobar Ghobnatan eile i gCill Seannaigh, lámh le Magh Ealla, agus reilig ar a dtugtar Reilig Ghobnatan, Tá Gobnait mar bhan phatrún ar an ndúthaigh seo agus tugtar turasanna ag a tobar, ar an aonú lá déag d’Fheabhra agus úsáidtear uisce an tobair mar leigheas, do mhórán aicídí agus tinnis.

Cill Ghobnait, Dún Caoin

Cill Ghobnait, Dún Caoin

I gCeathrú an Fheirtéirigh i gCiarraí tá Cill agus Tobar Ghobnatan agus arís an lá féile céanna, léitear aifreann lá a féile, agus tugtar turasanna ann i gCill Ghobnatan. Tá paróiste dá hainm ar an dtaobh thoir de Chill Orglain agus tobar eile fós i gCathair Saidhbhín. I bparóiste Chluain Droichead tá baile fearainn ar a dtugtar Cill Ghobnatan agus de réir an tseanchais, ní fhaca Gobnait ina siúltaibh go léir go dtí seo fia bán go dtí gur shroich sí an áit seo. Bhí trí cinn acu ann roimpi agus chuir an méid sin ana-áthas uirthi. Tá sean-reilig ann agus tugtaí turasanna ann Lá le Gobnatan agus Domhnach Cincíse. Sa reilig seo bhí cloch go nglaotaí cloch Ghobnatan uirthi. Sa bhliain 1844 tógadh an chloch seo soir go reilig Chluain Droichead agus cuireadh ina seasamh í, taobh amuigh de gheata na reilige. Tá sé mar nós ó shin, nuair a thagann sochraid chun na reilige seo go dtógtar an corp mór-thimpeall na cloiche sin.

Cloch Ghobnatan, Cluain Droichead

Cloch Ghobnatan, Cluain Droichead (ar dheis, os comhair an tí. Tá Reilig Chluain Droichead ar chlé)

Tar éis tamall a chaitheamh i gCill Ghobnatan, do ghluais Gobnait léi siar i dtreo Bhaile Mhúire agus nach uirthi a bhí an gliondar croí nuair a chonaic sí sé cinn d’fhiannaibh bána i mbaile fearainn ar a dtugtar Cillín na bhFiadhan ó shin air. Tá an baile fearainn seo, tuairim agus ceathrú míle ar an dtaobh thuaidh de shráid Bhaile Mhic Íre. I gCillín na bhFiadhan, tá cloch ana-mhór, b’fhéidir ceithre throigh ar aoirde agus cúpla céad meáchain nó trí inti. Tá sí caite agus mínithe ag báisteach na gcéadta bliain ó thosach na seachtú haoise ach in ainneoin doineann na gcéadta fada mbliain seo tá dhá chros Ghréigeach i gciorcal dhúbalta le feiscint go soiléar gearrtha ar dhá thaobh na cloiche seo. Ós cionn ceann des na ciorcail, ar thaobh amháin tá deallramh de dhuine gléasta ar nós Easpaig, i gclóca ornáideach gearrtha sa chloich. Sí seo Cloch Ghobnatan Bhaile Mhúirne. Tá clocha mar í fachta i gContae Mhaigh Eó agus in Albain agus tá an dáta céanna curtha orthu uile, idir lár na séú haoise agus deireadh na seachtú haoise.

Cloch Ghobnatan

Cloch Ghobnatan

Sceitse de Chloch Ghobnatan

Sceitse de Chloch Ghobnatan

I bpáirc ar an dtaobh theas den bhóthar, timpeall céad slat ón áit ina bhfuil sí anois, bhí an chloch sa t-sean aimsir agus bhí tobar ar a dtugtaí tobar Ghobnatan in aice na cloiche. Timpeall na bliana 1880 bhí maor Albanach ag saothrú na páirce seo don tiarna talún. Dhraenáil sé an tobar agus bhain an chloch. Bhí feirmeoir de mhuintir na háite ina chónaí ar an dtaobh thuaidh den bhóthar. Thóg sé leis an chloch ársa, ogham lonnaithe i gclaí na páirce céanna.

Thiomáin Gobnait léi arís siar ó dheas, trasna abha an t-Suláin, agus do shroich sí ceann a riain, i mbaile Ghort na Tiobratan san áit ina bhfuil tiobrait agus teampall agus Tobar Ghobnatan inniu. Bhí naoi gcinn d’fhiannaibh bána ina luí ansúd roimpi. Ghaibh sí buíochas le Dia go raibh deireadh lena siúlaibh agus d’fhan i bhfochair na bhfianna. Deir an seanchas go rabhadar súd ag damhsa agus ag léimt timpeall le háthas. Níl sé ró-dheacair ar fad an pictiúr aoibhinn stairiúil seo a shamhlú. An óigbhean Gobnait go bhfuil a hainm agus a comhlacht agus a naomhacht tar éis beagnach míle go leith bliain a thrasnú i mBaile Mhúirne ina seasamh ansúd go háthasach, maidean samhraibh, b’fhéidir, leis na hainmhithe cneasta seo, ainmhithe na hoíche agus na luath mhaidne, ar shleasa Ghort na Tiobratan, ag gabháil buíochas le Dia go raibh deireadh lena haistear agus an ghrian ag éirí, i gciúineas álainn na maidine os cionn barra na Seana-Chluanach.

De réir an tseanchais bhí na fianna fluairseach go maith i mBaile Mhúirne san am úd fadó. “Ois”, a tugtaí ar na fianna óga an uair sin agus leanann an t-ainm sinn fós sa cheantar seo do bhailte, do chnoic agus d’aibhneacha. Tá abha sa pharóiste, An Fhoitir “Ois” (an sean-ainm ársa, do Bhaile Mhúirne, “Ois”neach) agus gan dabht, tá Mullach an Ois.

Cill Abáin

Cill Abáin

Thóg Gobnait clochar agus chuir cuallacht ban rialta ar bun agus mhúin sí ailt an chreidimh do mhuintit Bhaile Mhúirne. Tár éis tamaill éigin, thug Naomh Abán cuairt ar an áit. Easpog ab ea Naomh Abán a bhíodh ag taisteal ó áit go háit ag féachaint in aghaidh cúrsaí eaglasta. Thug sé údarás do Naomh Gobnait a bheith ina ban ab ar an gcuallacht. D’fhan Naomh Abán tamall i mBaile Mhúirne mar tá Cill Abán agus tobar Abáin. Deir Mervyn Archall, a mhair san ochtú aois déag, gur mhair Naomh Abán ana aosta go bhfuair sé bás sa bhliain 650 A.D. Le himeacht aimsire chuaigh Naomh Gobnait in aois agus fuair sí bás an an aonú lá déag de mhí na Feabhra agus de réir an tseanchais adhlacadh í ag an Ulaidh láir, taobh istigh de gheata na reilige. Coimeádann muintir Bhaile Mhúirne an lá san ina lá saoire riamh ó shin. Ní deintear aon obair sa pharóiste ach an taifreann d’éisteacht agus an turas a thabhairt ag Tearmann Ghobnatan. Le cúpla bliain anuas tá an tríú aifreann á cheiliúradh Lá ‘le Gobnait agus bíonn an séipéal lán dóibh go léir. Bíonn lá féile eile ina honóir chomh maith, Domhnach Cincíse, agus tagann na sluaite ó chian agus ó chóngar chun turasanna a thabhairt. Sa tsean aimsir thagadh ana-chuid bacaigh go Baile Mhúirne lá ‘le Gobnait agus Domhnach Cincíse agus ‘sé an t-ainm a thutaí orthu ná Cliar Ghobnatan. Tá an tuairim ann gur timpeall tús na seachtú haoise déag, nuair a bhronn an Róimh logha speisialta ar thuras Ghobnatan a thosnaigh deabhóidí agus ceiliúradh na Ciníse bíodh is ná fuil aon tuairisc scríte againn ar Dhomhnach Cincíse i mBaile Mhúirne go dtí an bhliain 1727.

Séipéal Ghobnatan sa Reilig

Séipéal Ghobnatan sa Reilig

Nuair a fuair Naomh Gobnait bás lean an chuallacht ina diaidh go dtí aimsir na Lochlannach. Ansin scaipeadh iad le fuacht agus le fán agus leis an aimsir do thit an clochar. Chuir Brian Ború deireadh le réim na Lochlannach i gCluain Tarbh sa bhliain 1014 agus ina dhiaidh sin tosnaíodh ar na teampaill paróiste agus na mainistreacha a thógaint arís. Thóg muintir Bhaile Mhúirne teampall paróiste ar an suíomh chéanna ina raibh clochar Ghobnatan. Is é fothrach an teampaill seo atá le feiscint inniu i Reilig Ghobnatan, agus bhíodh aifreann á léamh ann go dtí aimsir Chomaill. Ach, fiú roimh aimsir Chomaill ní raibh an saol ar a dtoil ag muintir Bhaile Mhúirne. Le teacht na Normánach, tugadh tailte an pharóiste do Richard de Cogan, sa bhliain 1207 A.D. Tháinig deireadh le réim na gCogans sa bhliain 1439 A.D. agus ina dhiadh san dob é James, Earl of Desmond a bhí mar thiarna talún ar thailte Mhúscraí fé réim Annraoi VIII. Bhí fíneál tuilte ag éinne go mbéarfaí air nó uirthi ag déanamh turais ag Teampall Ghobnatan. Ach timpeall an ama seo leis, bhí na Cárthaigh ag dul i dtreise i Múscraí agus tar éis tamall de bhliantaibh bhíodar láidir agus cumachtach go maith agus níl aon dabhat ná gur chabhraigh san go mór le muintir Bhaile Mhúirne. Bhíodar ciallmhar agus glic agus d’fhanadar cáirdiúil i gcónaí le hionadaithe na corónach in aimsir Annraoi VIII agus in aimsir Eibhlíse ina dhiaidh. Dá thoradh san, níor chuir na ghéarleanúint creidimh, a bhí coitianta go maith in áiteanna eile, isteach ró-mhór ar Theampall Ghobnatan ins na bliainta úd.

Sa bhliain 1600 A.D. bhí muintir Iarfhlaithe láidir i mBaile Mhúirne. Sa bhliain 1637 A.D. fuair sagart de mhuintir Iarfhlaithe, an tAthair Dónal, bás agus cuireadh é i dtuama a shinsear ag cúinne thoir theas an tsean theampaill san áit ina dtugtar Tuama an tSagairt ó shin air. Sa bhliain 1641 A.D. bhíodar in ard a réime. Bhí 20,000 acra de thailte Bhaile Mhúirne agus Mhúscraí ina seilbh, ach, le teacht Chromaill, tháinig an t-athrú agus tháinig sé go tapaigh. D’ainmnigh Cromaill John Colthurst mar thairna talún ar thailte uile mhuintir Iarfhlaithe agus dá thoradh san chaill na Caitlicigh a dteideal, ní hamháin do Theampall Ghobnatan, ach do shuíomh an teampaill chomh maith. De réir an dlí ba le Colthurst agus na Sasanaigh agus na Protastúnaigh Teampall Ghobnatan feasta. Ina dhiaidh san d’fhulaing muintir Iarfhlaithe scaipeadh agus fán. I dtús na hochtú haoise déag, b’éigean dóibh Baile Mhúirne a fhágaint agus airímid, Pádraig Mac Dáth Uí Iarfhlaithe ag caoineadh an fhágaint bhrónaigh san mar leanas:

“Is cás liom Cill Bhláfar, na dtriartha suilt,
Gan fáilte roimh tháintibh, dá dtrialladh ann,
ó tiomáineadh ár n-ardfhlath, fá iarthar cnoc,
‘Sé Dáith geal ‘Phádraig, Uí Iarfhlaith.”

Timpeall na bliana 1700 A.D. d’éirigh géarleanúint an chreidimh níos measa agus níos déine. Bhí an ghéarleanúint seo dírithe go speisialta ar ionaid láidre creidimh ar nós Teampall Gobnatan. B’éigin dos na sagairt dul ar a dteitheadh, rud a dhein an t-aon sagart amháin a bhí i mBaile Mhúirne ag an am, an t-Athair Ó Cróinín. B’éigin dó siúd an t-aifreann a rá in áiteanna iargúlta ar fuaid an pharóiste, carraig an aifrinn anseo agus ansiúd. Ach d’ainneoin na géarleanúna agus an cos ar bolg seo go léir ar Chaitlicigh, bhí na húdaráis fós ana-bhuartha fén deabhóid láidir a bhí ag muintir an pharóiste do Ghobnait Naofa agus fé na sluaite móra a dheineadh an turas ina honóir. Dheineadar a míle dícheall ag an am chun an deabhóid seo a stop ach bhí a n-iarrachtaí go léir gan toradh.

Dónal Cam Ó Súilleabháin

Dónal Cam Ó Súilleabháin

Siar linn arís, beagánín, ar bhóthar na staire. D’fhan Dónal Cam Ó Súilleabháin Beara agus a bhuíon oíche i dTeampall Ghobnatan tar éis briseadh Chionn tSáile ar a slí ó thuaidh go Breifní. D’fhan Nuncio an Pápa, an Cairdinéal Rinucinni ann sa bhliain 1645 A.D. ar a shlí go Máchromtha agus Cill Chainnigh agus léigh sé aifreann ann. Deir an seanchas go raibh adhmad ana-luachmhar mar cheann ar theampall Ghobnatan agus i dtreo is ná beadh sé de shásamh  ag Cromaill agus a shaighdiúirí é a dhó, bhain muintir Bhaile Mhúirne anuas é agus chuireadar i bhfolach é in aice na háite ina bhfuil Carraig an Adhmaid inniu. Sin an fáth gur ghlaodh an t-ainm sin ar an mbaile. De réir an tseanchais cuireadh an dian luachmhar seo i bhfolach i bpluais charraige istigh i gcoill bheag a bhí ag fás an uair úd ar an dtaobh thiar thuaidh de iarthar shráid Bhaile Mhúirne, fé mar atá an tsráid inniu. Bhí súil acu go n-athródh arís agus go bhféadfaidís an ceann a chur thar n-ais ar an dteampall ach mo léan, níor athraigh. ‘Sé an rud a tharla ná gur tógadh teampall Gallda in aice leis agus tá fothrach an tsean-theampaill gan díon fós. Bhí an teampall Gallda in úsáid ó shin anuas ach tá sé dúnta anois le tamall de bhlianta. Sa naoú aois déag, agus go deimhin fiú i dtosach na haoise seo caite, b’é an t-ainm a tugtaí ar an mbóthar suas go Teampall Ghobnatan ná Céim a’ Mhinistir. I dtús na bliana 1980, chuir an Church Body in iúl do Choiste Scrín Ghobnatan ná Céim a’ Mhinistir. I dtús na bliana céanna a aistriú go dlíthiúil óna gcúram féin agus é a thabhairt don gCoiste thar ceann mhuintir Bhaile Mhúirne. Deineadh an t-athrú stairiúil sin i lár na bliana 1981.

“Meileann Muilte Dé go mall”.

Tá seanchas saibhir tagtha chugainn ó ghlúin go glúin fé Ghobnait. Deir an seanchas céanna go raibh Gobnait ard chenúil ar na beacha agus go mbíodh a lán lán cruiceóg beacha aici. thug foghlaí agus a lucht leanúna sciúird isteach sa pharóiste lá chun creach a thógaint leo. Bhíodar ró-láidir do mhuintir Bhaile Mhúirne. Bhailíodar a raibh de bhuaibh agus de bheithígh sa pharóiste i dteannta a chéile agus bhíodar á dtiomáint leo siar fan na h-abhann le scata fearagus gadhar. Bhí Gobnait ag féachaint anuas orthu óna cathaoir ar bharr Ghort na Tiobratan agus tháinig an-thrua aici do fheirmeoirí an pharóiste nuair a chonaic sí an léirscrios a bhí á dhéanamh orthu. Rug sí ar an gcruiceog beach agus scaoil na beacha amach aisti. Chuir na beacha an ruaig ar na gadhair le cealga géara fada. Ritheadar agus d’fhágadar an chreach ina ndiaidh ag feirmeoirí na háite. Nuair a bhí an méid sin déanta acu, tháinig na beacha thar n-ais go Gobnait agus isteach sa chruiceog arís. Ínse na gCéadta a thugann an seanchas ar shuíomh an chatha san, agus deirtí, chomh maith gur idir an Muileann agus Cúil Aodha atá an Ínse seo. Tá an chruiceog beach le feiscint fós inniu ar bhonn Íomhá Ghobnatan.

In aimsir Ghobnatan ghluais Pláig nó breoiteacht neamh-choitianta ar fud na hÉireann agus bhí na daoine ag fáil bháis ina sluaite. Bhí an Phláig seo ag teacht fé dhéin an pharóiste ón dtaobh thoir. Tháinig scannradh ar na daoine. D’impíodar ar Ghobnait iad a chosaint. Soir léi chomh fada leis an áit ar a dtugtar Goirtín na Pláighe ó shin air, agus chuir cosc leis a an bpláig ann. Tá an áit seo tuairim agus míle slí soir ó Bhaile Mhúirne ar bhóthar Mháchromtha.

Bhíodh Gobnait imníoch i gcónaí fé dhaoine breoite. Nuair a fuair Naomh Abán bás, bhí droch fhiabhras ar a dheirfiúir agus i dtreo is ná h-aireodh an bhean bhreoite an caoineadh do Abán, d’iarr Gobnait ar Dhiar ciorcail ciúinis a tharrach ina timpeall. ‘Sé ainm na háite sin óshin ná an Cumar Bodhar. Tá scéal an Ghadaí Dhuibh ar eolas ag gach dalta scoile sa pharóiste. Conas mar a ghoid sé capall glas Ghobnatan agus seo leis ón áit ar cos-a-n-áirde. Ach nuair a d’éirigh Gobnait ar maidin bhí sé fós ar cos-a-n-áirde mór-thimpeall an teampaill agus gan dabhat, rugadh air gan mhoill. Gearradh a dhealbh ar chloich mar phíonós i dtreo is go gcuimhneofaí go brách ar a choir. Tá an dealbh seo le feiscint go soiléir fós i dTeampall Ghobnatan.

Bulla Ghobnatan

Bulla Ghobnatan

Istigh i bpoll i bpinniúr thiar an tsean-theampaill atá bulla Ghobnatan. ‘Sé’n mianach atá ann ná Agate agus níl a leithéid le fáil in Éirinn ach aon cheann amháin, deirtear, i nDún na nGall. “Cloch leighis iontach Bhaile Mhúirne” a thugann an Seoigheach P.W. Joyce ar an mbulla. Nuair a bhíonn duine ag déanamh Turas Ghobnatan, cuimlíonn sé brat nó haincisiúir trí huair dhe, déanann sé fíor na croise ar féin leis an mbrat agus ar pé ball dá corp go mbíonn an gearán. Deir an seanchas arí go raibh ropaire éigin ar tí caisleán a thógaint ar charraig atá lámh leis an áit ina bhfuil Coláiste Íosagáin anois. Gach aon oíche agus í ina suí ar Cathaoir Ghobnatan, chaitheadh an naomh an bulla leis an gcaisleán agus leagadh pé méid a bhíodh tógtha i gcaitheamh an lae. I ndeireadh na dála, d’imigh an ropaire stróséartha as an áit gan an caisleán a thógaint. Tugtar Carraig an Chaisleáin fós ar shuíomh an chaisleáin úd. Le himeacht aimsire, bhí sé mar nós ag daoine an bulla seo a thógaint abhaile leo chun ainmhithe breoite a leigheas agus i ndeireadh na dála, b’é an toradh a bhí ar seo ná gur cailleadh an bulla. Níorbh fhéidir é a fháil. Deirtear go bhfuarthas an bulla arís sa bhliain 1705 agus gur ansan a daingníodh é i bpinniúr an tsean-theampaill. Níor fhág sé an áit ó shin.

Tomhas Gobnatan

Tomhas Gobnatan

Cuirtear Íomhá Ghobnatan os comhair an phobail dhá uair sa bhliain – Lá Gobnatan agus Domhnach Cincíse. Tá an íomhá seo, atá seacht fichid orlach ar aoirde, gearrtha as dair agus íomhá sár-luachmhar í seo atá á h-úsáid leis na céadta bliain chun breoiteacht a leigheas. Deirtear go bhfuil sí ann ón tríú aois déag agus is ar an íomhá seo a tógtar Tomhas Ghobnatan. Cuimlítear ribín nó snáth den íomhá agus tógtar abhaile an tomhas ansan le húsáid in am an ghátair chun tinnis agus breoiteacht a leigheas. Tá an-mhuinín ag muintir an pharóiste as an dtómhas seo agus tá sé mar nós acu é a sheoladh thar lear go dtí na cáirde agus go dtí na gaolta ar fud na cruinne. Is ar mhuintir Iarfhlaithe, airchinnigh traidisiúnta Ghobnatan, a bhí cúram agus coimeád na h-íomhá seo ach tuairim na bliana 1843 thug ionadaí ban na treimhe seo, Bean Uí Bhriain as Dúnmhanbhuí cúram na híomhá do shagart paróiste Bhaile Mhúirne. Dhein sí é seo de bharr a heagla ná beadh ar a cumas aire cheart a thabhairt di. Deir an seanchas go raibh íomhá eile de Ghobnait, íomhá óir agus gur cuireadh i bhfolach i dtalamhí uair éigin go raibh Teampall Ghobnatan fé ionsaí. Clais na hÍomhá a tugtaí ar an áit inar cuireadh í agus deirtear gur crúb capaill a nochtaigh athuair é. Deir an seanchas agus an béaloideas go ritheann Clais na hÍomhá ón Sean-Dhroichead go dtí an Charraig Mhór i mbarr an ghleann, an charraig ar a dtugtar Faill na gCordraios. Tá an gleann seo cóngrach go leor do Reilig Ghobnatan.

Sa bhliain 1601 A.D., thug an Róimh agus an Eaglais Chaitliceach aithin stairiúil do Ghobnait Bhaile Mhúirne nuair a dhein Pápa na linne san Clement VIII logha speisialta deich mbliain a bhronnadh ar an té a dhéanfadh faoistin, a ghlacfadh comaoine, agus a ghuífeadh ag Tearman Ghobnatan ar son síochána agus ar son intinní an Phápa. Tar éis don Phápa an logha seo a bhronnadh, tháinig athnuachaint ghlórmhar ar dheabhóid an phobail do Ghobnait, ach mó léir, ní fada lean an ghlóir. Nuair a buadh ar na Gaeil i gCionn tSáile tháinig dorchadas agus ciúineas arís ar Thearmann Ghobnatan. Ach má tháinig féin, níor theip ar dheabhóid mhuintir Bhaile Mhúirne do Naomh Gobnait, an deabhóid traidisiúnta a bhí gan briseadh an uair úd le míle bliain.

An Cardinéal Rinuccini

An Cardinéal Rinuccini

Fé mar a luaigh mé níos túisce, léigh Nuncio an Phápa, an Cairdinéal Rinucinni aifreann ag Tearmann Ghobnatan sa bhliain 1645 A.D., trí chéad agus daichead a haon de bhlianta óshin. Sa tréimhse fada ama san, ní heol dom go raibh Cairdinéal ná Easpag eile ag Scrín Ghobnatan ó shin anuas. Ní raibh go dtí 1986. I mí Iúil na bliana seo, thug an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich cuairt ar Thearmann Ghobnatan agsu thug seanmóin uaidh ann agus an rud is annamh is iontach, ar an tarna lá déag de Dheireadh Fómhar 1986, léigh Easpag Chluana, an Dr. Ahern aifreann comhcheiliúradh ag Scrín Ghobnatan, an chéad aifreann dá leithéad ag Easpag san áit ón mbliain 1645 A.D.

An tAthair Niall Ó Briain

An tAthair Niall Ó Briain

Nuair a bhí an tAthair Niall Ó Briain ina phríosúnach, ins na Filipiní, cúpla bliain ó shin, chuir daltaí Scoil Náisiúnta Ré na nDoirí cóip de phaidir Ghobnatan chuige, an phaidir lena dtosnaítear an turas. Chroch an tAthair Ó Briain an phaidir seo ina chillín os cionn na leapan agus go ghuígh agus d’impigh ar Ghobnait Naofa go sárófaí é. Saoradh agus nuair a d’fhill sé abhaile go hÉireann, thug sé turas baochais go Gort na Tiobratan i Samhradh na bliana 1984 agus do léigh sé aifreann ag Scrín Ghobnatan.

Sa bhliain 1950 bunaíodh coiste de mhuinti an pharóiste chun ord agus eagar a chur ar thimpeallacht an turais, agus b’é an chéad cinneadh a dhen an coiste seo ná teagmháil a dhéanamh leis an ndealbhadóir Séamus Murphy, chun íomhá den Naomh a ghearradh le seasamh ag an Ulaidh Uachtair, lámh le Cistin Ghobnatan. Cuireadh fógraí amach ag lorg síntiúisí. Fuarthas iad go fial, ní hamháin ó mhuintir Bhaile Mhúirne ach ó dhaoine i ngach aird d’Éireann agus ó thíorthaibh thar lear chomh maith. D’aol chloch a dhein Séamus an íomhá. Sé throigh ar aoirde atá inti agus tá colún sé throigh ar aoirde fúithi. Tá paidir Ghobnatan agus an chruiceog ar an gcolún. Fé mar a dúirt Séamus faoin íomhá: “tá aghaidh agus clóca iarthar Chorcaí uirthi agus mar sin tá sí bunaithe go daingean mar dhuine de mhuintir na háite.” Bhí an ceart ag Séamus, thuig sé muintir Bhaile Mhúirne agus thuig sé gur theastaigh uathu cuimhneamh ar Ghobnait mar dhuine díobh féin. Bhí an íomhá so réidh agus ina seasamh do Dhomhnach Cincíse 1951. Nuair a bhí suíomh na híomhá á hullmhú ag an gCoiste, nochtadh fallaí cloiche poill chiorcallacha go raibh snapóga móra de mhianach iarainn istigh iontu, saghas leath bháisíní den mhianach céanna mar aon le sean scian ársa, paidrín gloige, tairingí srl. Nochtadh chomh maith tobar atá le feiscint inniu, idir Cistin Ghobnatan agus íomhá Ghobnatan. I mí an Mheithimh 1951 do thosnaigh an Roinn Seandálaíochta in Ollscoil Chorcaí, fé stiúir an Ollaimh, Mícheál J. O’Kelly ag tochailt na háite. Tá toradh uile na tochailte seo, maraon le pictiúirí de na nithe a fuarthas le fáil sa leabhar ‘Gobnait Naofa ó Bhaile Mhúirne‘. I measc na daoine a bhí ina baill den gCoiste úd a chuir tús leis an obair thábhachtach seo sa bhliain 1950 tá Dan Cronin, Stiana Ó hÉigeartaigh agus an tAthair Pádraig Ó Tuathaigh. Táid ar fad anois sínte i gcré bheannaithe na cille úd, Reilig Ghobnatan. Beidh an obair a dheineadar ag an Ulaidh Uachtarach mar

Dealbh Gobnatan Naofa

Dealbh Gobnatan Naofa

leacht cuimhneacháin dóibh go brách. Ach tá coiste scrín Ghobnatan gníomhach go fóill. Tá an-chuid oibre déanta ag an gcoiste seo i gcaitheamh na mbliain agus go mór mhór le seacht nó ocht de bhlianta agus chun an áit agus an timpeallacht a fheabhsú. De thoradh a n-iarrachtaí tá aifreann bliantúil á léamh anois ag an scrín i mí Iúil gach bliain. Tógadh ionad páirceála do cheithre fhichid gluaisteáin agus cabhraíonn san go mór le cúrsaí tráchta ag na haifrinntí, ag sochraidí agus do dhaoine a thagann chun turasanna a thabhairt. Tugtar aire speisialta don íomhá agus tá sí soilsithe istoíche le roinnt blianta. Cuirtear bláthanna ina timpeall go rialta, gearrtar an féar agus cuirtear gaineamh ar na cosáin. Tá ráilleacha curtha le déanaí ar dhá thaobh an chosáin isteach go dtí an Tobar Beannaithe agus tá an cosán féin maisithe chomh maith. Tá an turas, an íomhá agus an tobar soilsithe anois istoíche agus b’fhéidir gurb é seo an buntáiste is mó do dhaoine a thagann chun turasanna a thabhairt, agus go mór mhór do dhaoine nách féidir leo teacht i gcaitheamh an lae, tagann siad anois istoíche agus déanann siad a dturas gan dua, gan doircheacht.

Tógann sé uair an chloig iomláin Turas Ghobnatan a dhéanamh. Tosnaíonn sé le dhá stad, ag an Ulaidh Uachtarach os comhair Íomhá Ghobnatan leis an bpaidir traidisiúnta:

“Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa,
Go mbeannaí Muire dhuit, is beannaím féin duit.
Is chugat-sa a thánag ag gearán mo scéil leat,
‘S a d’iarraidh mo leighis ar son Dé ort.”

Uaidh Ghobnatan - An Ulaidh Láir

Uaidh Ghobnatan – An Ulaidh Láir

Tá dhá stad arís don tarna stáisiún, ag an Ulaidh Láir, taobh istigh de gheata na reilige agus ag uaigh an t-sean theampaill. Dhá staid eile anso. Tá an ceathrú stáisiún istigh sa tsean-theampaill, dhá stop arís agus an stop deireanach, ina thrí chuid, ag Tuama an tSagairt, an bulla agus an tobar beannaithe. Ag na stáisiúin go léir, siúlann an té atá ag déanamh an turais ar deiseal. Iad súd a dhéanann Turas Ghobnatan, is féidir leo a rogha paidreacha a rá, ach is gnáthach go ndeirtear na paidreacha traidisiúnta fé mar a diertí iad i gcónaí de réir nós an cheantair. Chun turas ‘iomlán’ a dhéanamh, fé mar a thugadh na sean daoine air, abair seacht Ár n-Athair, seacht Go mBeannaítear Duit, a Mhuire agus seacht nGlóire ag siúl mór-thimpeall an t-sean-theampaill, déantar an siúl seo trí huaire. Abair an ceathú istigh sa teampall agus an cúigiú deichniúr ag siúl síos an bóthar ón sean-theampall go Tobar Ghobnatan. Ach, cúig Ár n-Athair, cúig Go mBeannaítear Duit, a Mhuire agus cúig Ghlóire ag gach staid isea na paidreacha is gnáthaí a deirtear sa lá atá inniu ann nuair a bhíonn turas á thabhairt. Ach níl sé ró-thábhachtach ar fad, an méid uair a deirtear paidreacha áirithe ag aon stad. Is é an rud atá tábhachtach ná go mbeadh an té atá ag déanamh an turais i ndáiríre agus go leanfadh an dáiríreacht san ón uair a thosnaítear go gcríóchnaítear. Nuair a bhíonn achainí speisialta le lorg ar Ghobnait níl sé neamh-ghnáthach in aon chor slua a fheiscint ag déanamh turais i dteannta a chéile nó “An Turas is fiche” a dhéanamh gach maidin ar céalacan ar feadh trí seachtaine roimh éirí gréine agus an tobar a fholamhú an mhaidean deireanach, ansan mar chríoch an taifreann d’éisteacht agus comaoine a ghlacadh.

Tá Turas Ghobnatan, greamaithe agus daingnithe i gcreideamh, i gcultúr agus i dtraidisiún mhuintir Bhaile Mhúirne agus muintir Mhúscraí leis na céadta bliain. Ní féidir a rá le cruinneas cathain a thosnaigh na nós paidreoireachta seo ach deallraíonn an scéal gur thosnaigh an turas go luath tar éis bháis Ghobnatan. Tá an turas luaite ag an stair, ag lucht eaglasta, ag scríbhneoirí agus filí thar na céadta bliain. Luaitear go raibh an deabhóid seo, Turas Ghobnatan, an-láidir, rialta agus dáiríre. Fógraítear an dáiríreacht agus an deabhóid seo fós go poiblí Lá Gobnatan, Domhnach Cincíse agus le déanaí ag aifreann bliantúil Gobnatan fén aer ag a scrín i mí Iúil. Mar a dúirt an file de mhuintir Bhaile Mhúirne fé fhéilte Ghobnatan:
Gach féile nuair ‘thagann, cnuasaíonn na céadta,
Sa teampaillín naofa os cionn an tSuláin.
Ag guí chun na bhFlaitheas, is chun Gobnait Naofa,
Is faighead sos agus faoiseamh ó thinneas na gcnámh.

Tobar Ghobnatan

Tobar Ghobnatan

‘Sé an cruthú is fearr ar an ndeabhóid agus ar an ngrá leanúnach seo, ag muintir Mhúscraí do Ghobnait ná tagann lá riamh gan duine éigin ag déanamh turais ag scrín Ghobnatan agus ag guí chun Aingeal Coimhdeachta Mhúscraí mar a thug Seathrún Céitinn uirthi tráth. Tá draíocht san áit do mhuintir Mhúscraí fé mar a dúirt an ban-fhile Máirtín Amhlaoibh:

Tháinig Gobnait Naofa ó iarthar Éireann,
agus thoigh, thar áit sa tír é,
d’fhág leigheas na gcéadta, go deireadh’n tsaoil ann,
is beannacht na naomh mar dhraíocht ann.
Bíonn ceol ag éin anngach maidin gréine,
‘s an chuach a’ pléireacht go haoibhinn,
‘s na daoine a théann ann, gan siúl a ngéaga,
tugann Gobnait naofa, faoiseamh.

Fuair Baile Mhúirne an bua d’íseal ‘s d’uasal,
bíonn taisteal mór-chuid daoine ann,
go dtí ‘n tearmann uaibhreach mar a dtagann sluaite,
ag scaipeadh buairt ded’ chroí ‘stigh.
Níor bhaol duit fuacht, ná gaoth aduaidh
dá mbeifeá suas istoíche ann.
Tá duilliúr na gcraobh, thar bráid a chéile,
Is ní leagfaidís braon den tsíon ort.

Tá ciúineas álainn neamh-choitianta le mothú mór-thimpeall na reilige agus Teampaill agus Tobar Ghobnatan. A híomhá ag féachaint amach ar an bparóiste ar na gleannta, na haibhneacha agus na sléibhte go raibh aithne chomh maith san aici orthu agus grá chomh mór san aici so na daoine a mhair iontu. Ní hionadh go smaoineodh daoine go minic ina bpaidreaca chuici, ar cén saghas duine ab ea Gobnait na Tiobratan 1,300 bliain ó shin. Coimeádann an stair a heolas fén bhean Gobnait chuici féin is baolach ach taispeánann cogarnach an tseancais thar na gcéadta bliain gur carachtar láidir a bhí inti, bean a chosain a muintir ar shlad agus cos ar bolg, ar ocras agus ar bhreoiteacht. Bean fhial, chneasta, ach bean daingean, tréan ná seasódh d’aon éagóir ar a muintir. Bean chróga, neamh-eaglach a bhí láidir fós tar éis bháis di. Ní hionadh muintir Bhaile Mhúirne ag guí chuici leis na céadta bliain agus iad a rá. “A Ghobnait mhúinte ó Bhaile Mhúirne, tar-se chugam-sa led’ chabhair agus led’ chúnamh”. Le breis agus míle bliain is mó duine mór le rá a dhein a seacht ndícheall chun teagasc Ghobnatan a chur ar neamhní agus chun deabhóid mhuintir Bhaile Mhúirne chuici a stop. D’imíodar go léir i ndiaidh a chéile, ar nós drúcht na maidine, gan trácht ná tuairisc ach buíochas le Dia, níor imigh Gobnait. Tá sí chomh láidir sa pharóiste inniu agus a bhí sí riamh. Tá na daoine ag teacht go Tiobrait Ghobnatan inniu fé mar a thánadar sa naoú agus sa deichiú aois, fé mar a thánadar in aimsir na Lochlannach agus Cath Chluain Tarbh, fé mar a thánadar in aimsir na gCárthach agus Annraoi VIII, fé mar a thánadar in aimsir Chromaill agus na bPéindlithe, in aimsir an Ghorta Mhóir agus Cogadh na Talún agus fé mar a leanfaidh siad ag teacht an fhaid agus a bheidh uisce ag rith agus féar ag fás i mBaile Mhúirne.

Cé fhéadfadh tuairim nó garbh-chóireamh a thabhairt ar na mílte agus na mílte mílte atá tar éis a bpaidreacha agus a n-achanaithe a dhíriú ar Ghobnait Naofa sa tréimhse fada ama san? Dia an ndeabhóid chéanna chuici, san am atá romhainn agus iad ag guí,

“A Ghobnait mhúinte ó Bhaile Mhúirne, tar-se chugam-sa led’ chabhair agus led’ chúnamh”.15882891913_a91f814a1d_b

Advertisements
Ranganna: Ailt. Clibeanna: . Buan-nasc.

Aon Fhreagra Amháin ar Naomh Gobnait – Aingeal Coimhdeachta Múscraí

  1. Arsa gleannghaibhle:

    Is breá alt le Dónal a dh’fheiscint, tá gach dán a scríobh sé in Irisleabhar Mágh Nuad léite agam agus is deacair a stíl a shárú.

    Molta ag 1 person

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s