Séamas Ó Céileachair: Feabhra 1916 – Meán Fómhair 1988

le Gabriel Rosenstock (Comhar, Samhain ’88)

I nDoirín Álainn i bParóiste Bhaile Mhúirne is ea a thuirling Séamas ón nGrianbhrugh. Tá an Riadach agus an Ríordánach mar chomhluadar anois aige, i Reilig Ghobnatan, agus iad in éad leis, seans, as an tsiúráil a bhí aige leis an ngrásta.

Níor thréig samhlaíocht an linbh riamh é. Tá tearmann do sheandaoine i gcathair Yokkaichi na Seapáine. Tugann muintir na háite “Nido-Warash:” ar na hothair chríonna atá san áit – leanaí athshaolaithe! Ba leanbh athshaolaithe é Séamas ó Céileachair, duine den “Nido-Warashi”, agus sin an fáth a raibh cion agam air.

Más dóigh leat, áfach, gur ar dhánta do dhaoine óga, ar nós An Bheach sa Scoil, atá a cháil ag brath, tá breall ort. Is beag file atá suas lenár linn a scríobhfadh dán fada chomh cumasach críochnúil le Cúltroid Uí Shúilleabháin Béarra:

“Gluaisimisne céim ar chéim
Trí réidh, trí bhán,
Trí riasc ag gríoscadh,
Trís an mbearna, thar an gclaí
Faoi réaltaí – an fhilíocht sa
spéir – in aghaidh an airde…”

Sáraistritheoir a bhí ann freisin. Tá na hamhráin ó dhrámaí Shakespeare aige thar barr. (Ba chumasc suimiúil a stíl fhilíochta de thraidisiúin a cheantair féin agus mórfhilíocht an Bhéarla … chun na fírinne a rá níor bhuaileas riamh le héinne a bhí in ann tagairt do Ó Brudair, Ó Rathaile, Keats agus Shelley faoi mar b’aon bhaicle amháin iad – agus ina aigne siúd b’ea, ní foláir).

Sa réamhrá le Drúcht an Ghleanna, Rogha Dánta agus Dánta Nua, An Gúm, 1986 (1987), deis a chara Tomás Ó Floinn: “… tá a shaol is a shaothar tiomnaithe aige do shaothrú na filíochta, ach an bhfuil an ceart déanta aige, cad é cuspóir agus críoch na hiarrachta ar fad?” Is olc mar a chaithimid le filí nach sílimid a bheith den chéad ghrád!

I gceann de na dánta is déanaí a tháinig óna pheann bhí cur síos aige ar sheangharraíodóir ‘a bharrthuislíonn isteach sa chré’. Arsa mise: “Tá sé sin saghas gruama, a Shéamais, nach bhfuil?” Leath na súile air. “Tá an ceart agat,” ar sé agus leasaigh sé os mo chomhair é gur bharrthuisligh sé isteach i nGáirdín Dé! Is saibhdide anois filíocht na spéire.

Freagra