Bailíodh leaganacha den chaoineadh seo mórthimpeall na tíre ar fad, i Múscraí san áireamh ach thug Seosamh Ó hÉanaí cáil dó sa chéad áit. Seo mar a chanann cóir Múscraí é seo ag searmanaisí na Cásca (go háirithe ar Aoine an Chéasta). Tá sé taifeadta ag Iarla Ó Lionáird ar a cheirnín The Seven Steps to Mercy agus ag Cór Cúil Aodha mar chuid den dara aifreann le Eoin, Páidí Ó Lionáird agus buachaillí eile an chóir ag an am ag canadh cuid amháin den amhrán agus Eoiní Maidhcí ag canadh an dar chuid de gach véarsa.
Foinse: le caoinchead ó Pheadar Ó Riada (Ceol an Aifrinn & Aifreann II)
A Pheadair a aspail an bhfaca tu mo ghrá gheal
Ochón is ochón ó
Chonaic me ar ball é dhá chéasadh ag an nGarda
ochón is ochón ó
Cé hé an fear breá sin ar Chrann Na Páise
An é ná haithníonn tú do mhac a mháithrín
An é sin an maicín a d’iompair mé trí ráithe
Nó an é sin an maicín a rugadh ins an stábla
An é sin an maicín a hoileadh in ucht mhaire
A mhicín mhúirneach tá do bhéal is do shróinín gearrtha
Ó buailigí mé féin ach na bainíg le mo mháithrín
Ó maróimid tú féin agus buailfimid do mháithrín
Cuireadh táirní maola trína chosa ‘s trína lámha
Cuireadh an tsleá trína bhrollach álainn
Éist a mháthair is ná bí cráite
Tá mná mo chaointe le breith fós a mháithrín
Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise
Beidh na céadta inniu i ngáirdín Phárrthais