Amhrán an Steampaí

Béile isea an Steampaí a deintear as siúcra agus prátaí sceite; ‘Boxty’ mar a deirtear sa Bhéarla. Chanadh Seán Ó Liatháin agus Diarmuidín Maidhcí an t-amhrán so le Ceoltóirí Laighean

Foinse: Cnuas, Ceoltóirí Laighean

Is anall o Shasana a tháinig an steampaí
Is thíos i gCorcaigh a cuireadh an slacht air
Do bhí siúcire a dhothain ann is bolmacaí brandaí
‘S an té a bheadh á ithe sin, ba mhire ná an stail é

Cúrfá
Is raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach, a bhean bheag, is deinimís an chíste
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach, a bhean bheag is deinimis arís é

Ar mo ghabháil ó thuaidh dom tri Bharra na h-Ínse
Cé ‘chasfaí orm ach an triúr bhan chríonna
Bhi duine acu dá fhuineadh, agus duine acu dá scríoba
Agus duine acu dá scagadh trí thóin an t-seana bhríste

Is raithineach a bhean bheag…

Scilling so ló bhí do chócaire an steampaí
Do bheadh agus coróin, dá ndeinidís i gceart é
Ach do dheinidís a múin air, ‘s do chimilidís a más dó
‘S ina thaobh an slí ‘na dheintí é, do bhris sé amach ionam

Is raithineach a bhean bheag…

‘Sé an t-athair Donnacadh an dochtúr díochta
An sagart is fearr a tháinig sa tír seo
Do chuirfeadh sé a mhallacht ar lucht steampaí scríobadh
Le h-eagla fiacla na seana bhan chríona

Is raithineach a bhean bheag…

Do chuireas-sa mo chailín-se isteach so shteamer
Ag lorg graiteara chun an steampaí a scríobadh
Ach bhí an nglas ar an ndoras is an eochair age Síle
Seachanaigh an steampaí le heagla na síoltha

Is raithineach a bhean bheag….

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s