An Stáidbhean Cheannais

Éileamh ar íocaíocht a gheall bean uasal áirithe, a fall a chur ar reilig Bhaile Mhúirne. ‘Deir Proinnséas Ó Ceallaigh (múinteoir taistil agus bailitheoir béaloidis) gur bhean de na Colthursts an stáidbhean ceannais agus gurbh é an tAthair Dónal Ó Ríordáin an sagart paróiste um an dtaca sin’.

A stáidbhean cheannais, ó b’annamh liom scríobh chugatsa,
Mo chás duit canaim agus braithim do shaithiúlacht,
Más gearán le caraid mo bheasna do mhíniú duit,
Mo phá le fada ar an sagart gan díol liomsa.

Tar éis ráithe fada do chaitheamh im príosúnach,
Ar garda ag faire na marbh a bhí spiúnta
Ar bharr an talaimh ar an ngasra mí-iompair –
Cránta is bainbh á dtarrac aníos chucu.

Do dhéanfainn falla do mhairfeadh feadh trí glúine
Páil an gheata agus strapa ar an gcill rompu,
Tráth do stadas, agus mheasas gan í a dhúnadh,
Ach i bpáirt an tsagairt do gheallais-se díol liomsa.

Freagra