Im Long Mé Measaim

le Dónal Ó Liatháin

Im long mé measaim,
fé last fé sheol
Is gan caladhfort romham

Im leabhar mé scríofa
i dteanga ón spéir
Is níl aon ní a thuigfeadh é

Im lampa lásta istigh i gcupúrd
Is gach dóras dúnta
fé ghlas go dlúth

An bhfanfadsa lásta
mar long i mbuidéal
Go n-éalóidh mar chogar
an chuid eile dem shaol?

Suaimhneas Siorraí

le Dónal Ó Liatháin

Suaimhneas siorraí tabhair dó a Thiarna
Fé sholas shuthain na Glóire
Trimíg bhúr súile sibh-se atá fé bhrón
Níl sa bhás ach malairt beatha
Is mise an fhírinne
Is mise Críost an aiséirí

Tá clog na marbh ag bualadh
Trombhuillí dubha an bhróin
An comhra ar luascadh ar ghuailne
Ar an aistear chun na huagha.
Suaimhneas siorraí tabhair dó, a Thiarna
Fé sholas shuthain na Glóire.

Ar an gcrois sinn-ne led íobairt
D’fhuascail tú ó nasc an bháis
Cheannaigh tú dúinn an bheatha
Bith-bhuan le neart do ghrá
Suaimhneas siorraí tabhair dó, a Thiarna
Fé sholas shuthain na Glóire.

Do ghoilis ar uaigh Lazarus
Súile an daill d’osclaís
Ó’n lobhar do ghlan an aicíd
Glan de smál na bpeacaí
Suaimhneas siorraí tabhair dó, a Thiarna
Fé sholas shuthain na Glóire.

Sibh-se atá anois go huaigneach
Is na deora ag fliuchadh bhúr súl
Níl sa bhás ach múchadh an choinnil
Roimh gile na gréine ag éirí
Tabhair áit dó i bhFlaitheas na Glóire
Sa tsiorraíocht fén solas neamhaí.

Tar éis na Stoirme (1916)

Dónal Ó Liatháin

Feamainn dhearg ar thrá bhán
Tar éis na stoirme;
Raic an anfa
Thiar ar bhruach na farraige
Leata
Curacha mar chónaí
Uaigneacha ar garda

Ar pháirceanna ocracha na n-oileán
Fásfaidh féar úr-ghlas,
Borb, brocach
Faoi leasú glan na mara
Arís san earrach.
Bán an t-aol; dearg an chré
Dubh an poll ar leathadh,
Na cónraí ina gcuracha
Le coirp mar fheamainn lán
Tar éis na stoirme

Raic an éirligh
Gan anam sínte,
Síol foighneach
Ag tnúth le heascar earraigh
I bhfad ón trá.

Claochló

le Dónal Ó Liatháin
I linn dhiamharach
Oíche Choille
Chodail iasc
Fuil sholasmhar phéarlach
I slisne éalaithe gréine
Ach mar shlabhra ioldathach
Go dubhdhoimhneas
Shleamhnaigh sé ón imeall

I raon an tsolais ar pharáid
Iasc buí do sheol
Is stad ar foluain creathach
Aireach neirbhíseach
Ar mhóriniúchadh
D’imigh mar shaighead
D’éirigh deannach donn ‘na cheo
Chorraigh áitreabhaigh san íochtar
Ghaibh an salachar dealramh éisc
Is ghluais an dís breoite stadach
Anchruthach ar a n-aistir
Sin iad iad dúirt Peadar
Bhíodh na cosa sin orthu i gcónaí fadó.
Seirfean
Faram
Mo shúile acu i nglas,
Easpa,
Easnamh,
Is bhuail mo chroí
Balbh-bhuille bróin.

Naomh Pádraig

le Dónal Ó Liatháin

A Phádraig Aspal, Príomháidh Gael
Thug an creideamh chúgainn thar muir
Grásta Dé mar thabharthas dúinn
Aiséirí fé Ghlóir mar oidhreacht

An tine a lasais cois na Bóinne
Ar cnoc an ndruadh
Lonnriagh solas ar fuaid Éireann
Solas Chríost le teacht na Cásca.

Mar an fhearthainn bhog thar thriúchaibh
Nó an drúcht fén ngréin ar maidin
No an fharraig-cháith ar dhúirling
Dáileadh grástaí ós na falithis

Thugais slán sinn-ne led naofacht
Treasna duibheagán na staire
Aisce, a Phádraig Príomháidh Éireann
Treóraigh sinn tré ré an rachmais

Tusa a bheannaigh ár ngleannta mine
Gach tobar, abhainn, sruthán is caise,
Ár sléibhte maorga na mbeann mbán
Múrtha fáilte i lár an Earraigh.

Bímís ag Ól

Dónal Ó Liatháin

Bhailigh A Martin Freeman an chéad véarsa agus an curfá den amhrán meidhreach seo nuair a tháinig sé go Baile Mhúirne timpeall 100 bliain ó shin ach níor mhó duine a chan é ó shin. Saghas rabhcán a bhí i gceist ach nuair a thosnaigh daoine ag déanamh staidéir ar an mbailiúcháin níos déanaí, tháinig Dónal Ó Liatháin ar na véarsaí agus chum sé an cuid eile acu ionas go gcanfaí arís é. Chuir sé in oiriúint do Chór nó Claisceadal Chúil Aodha é agus tá sé á chanadh acu agus mórán eile riamh ó shin.
Bhuaigh Dónal an chomórtas d’amhráin nua-chumtha ag an Oireachtas leis nuair a chan Seán Ó Liatháin é.

Foinse: Amhránaíocht Cór Chúil Aodha

 

Trathnóinín Fómhair ar leataoibh an ród
Sea dhearcas an óig-bhean mhomharach dheas
Is blasta ‘s is comhair do labhair a beol
Ó téanaim ag ól agus díolfadsa as

cúrfá
Agus bímis ag ól ‘s ag ól is ag ól
bímis ag ól is ag pógadh na mban
bímis ag ól is ag rince le ceol
is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart

Bhí tabhairne san áit is gan mhoill sinn dul sall
I gcomhluadar galánta a’ diúgadh gan stad
Puins dúinn ar bórd is ea d’ordaigh mo stór
Agus bímís go ceolmhar go nglaoigh an coilleach

Bhí an spéirbhean lem ais a haghaidh glisneathach geal
A beola caor dearg braon branda ‘na glaic
Do phógas a beol is ba fonnamhar a póg
Tóg bog é a Dhónaill nó díolfaidh tú as

Bhuail fear liom inné is é ag ól cupán tae
Do bhí sé go tréith is é breoite go maith
Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Chúil Aodha
Níorbh fhada é ag léimt is é ag tóiríocht na mban

Is sinn sínte go soghach tar éis iomad den ól
Ach ar buile a dó ar an ndoras bhuail cnag
An sairsint ar tóir barantas ‘na dhóid
Ach d’éalaigh gach geocach thar clathach amach

Imeacht

3056a

Is féidir a rá le deimhnitheacht go raibh Dónal Ó Liatháin ar dhuine des na filí deirneacha dá shórt. Níl mórán daoine ann a thuilleadh go raibh an méid sin eolais aige ar a cheantar dúchais féin. Bhí sé ar dhuine des na cainteoirí fileata, líofa deireanacha go raibh deisbhéileacht thar na beartaibh aige chomh maith leis an iliomad línte filíochta ina cheann aige.
An dán seo, Imeacht, cuireann sé síos ar an gcailliúint a bhraith Dónal nuair a chonaic sé daoine leis an eolas céanna seo agus an fios seo ag fáil bháis. Déanann sé pearsanú ar an mbás ag sciobadh daoine ón gceantar agus ag tógaint leis gach aon rud a bhí acu ina gcinn idir fhilíocht agus eolas ginearálta faoin ndúthaigh.

Cíorann an bás an gleann gach bliain
Is tógann creach
Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann
Fán Sulán soir
Díríonn méar is buaileann buille
Is tógann leis óg is sean.

Ceol is spórt is clisteacht céirde
Gaois is croi maith, cion is féile
Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

Tá coiscéim na giúise mar thóirneach ar mhaol chnoic
San Ínse Mhór is alpach a theacht
Is Ré na bPobal ag eascar glas
Fíon ’a ól de dhroim bó seasc
Is caoire bána an sliabh amach.
Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh
Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.

I gcliabhán na haigne
A’taithneamh fe ghrian na hóige
Tá imeachtaí, eachtraí
A bhí, is ná beidh arís níos mó.

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin
Grian Aibreán ag árdú,
Meitheal fear ’na leinte geal
Bainc á nglanadh
Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas
Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh
Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn
Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas
Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;
Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,
Is gréasán airgid ar ghormloch.

Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí
Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’
Staisiún le hól, amhráin go maidean
Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

Sin í an chreach a thógann an bás leis
An cnagaire sanntach ó dhoras is doras
Ní h-eisceacht éinne, níl tigh nár réabadh
Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.